Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Nuair a bhí an tae ólta againn & sinn ag suidhe
thart cois na teineadh arís, lean Proinnsias dá
laoidh: —
Le sin rith an sgéala gan spás
Go críoch na nIndiach na n-airm tláith,
Go ndeachaidh bás an fhir go beacht
Go dtí Buadhaidhe Catha, a dhearbhráthair.
“Nach truaigh,” ar seisean, “bás an fhir
Is gan mé d'fhagháil a éiric?”
Nuair a chuala Ingilt Mhór
A mac féin gur éag sé leobhtha.
“Fan, a mhic eile, & bhí slán,
Nó is leor a cailleadh as tigh amháin.”
“Fuist, a mháthair, & ná habair liom,
Is gur bh'é mo ghaol-bhráthair, a tréan sonn.”
“Níor fhág sé Goll ariamh slán
Gan cleith urlaidhe & bothán.”
Annsin ghluais Buadhaidhe Catha tar sáile
Fá dhéin an fhathaigh mo sgéal cráidhte!
Níor bh'fhada do'n Fhiann go bfhaca siad chuca
Tréad mór de'n mhac Amhalghaidh;
Chuir an Fhiann a gcomhairle gluais
Go rachadh siad fá'n talamh dá bhféadfadh;
Nó go bhfuighbheadh siad Éire fá'n fhear
Sul ma marbhtaighe gach aon díobhtha.
Bhí Goll 'na luighe 'na hothrach dhá léigheas,
Is bhí a chorp uilig 'na mhór-chreachaibh.
Nuair chuala sé an Fhiann bheith fá throm-chás,
Tháinig sé chuca amach i ngearr spás;
“Nach olc do mhisneach, a Fhinn?” ar sé,
Ar bhfeicsint curaidh do theacht thar tuinn.
“Cá bhfuil na fir udaigh ba treise lámh? -
Anois airigh bhur n-éifeacht!
Cá bhfuil Oscar ar dtús,
Agus Oisín féin nach lag lúth?
“Cá bhfuil a' fear is file, do mhac?
Nó an mac úd na gcleas lúth?”
Annsin thug an Fhiann a bhfocal dó
Nach bhfuighbheadh fear díobh an cnoc beo.
Annsin tháinig Goll chuca amach,
Agus, má tháinig, ba hé an tréan-fhear;
Ar an chéad shaothar a bhuain dó
D'éirigh a chuid creachta in aon stróic.
Annsin bhí a chuid fola a' teacht,
Is bhí sé féin ar lag-neart;
D'iarr sé comairc ar an bhFiann,
Agus furtacht dó ar phéin bháis.
“Comairc,” arsa Fionn, “ní bhfuigh' aoinneach
Feasta a mbéidh dhá iarraidh;
Is tú féin a tharraing ort é;
Íoc olc, & is é gheobhair.”
“Ná déan sin orm, a Fhinn,
Agus mé faoi leath-trom ins an roinn;
A Righ! ná feall ar mo bhás,
Nó ba mhaith a cuideadh mé i gcruaidh chás.”
“Chá dearn tú maith dhúinn ariamh
I dtír na hÉireann thoir nó thiar
Nár mharbh' tú a luach uainn nó ba mhó
Dár muinntir féin fá Chonán.”
“Nach cuimhin leat,” arsa Goll,
Nuair a mharbhaigh mé Dearg,
Airicín na dtréan-shluaigh,
Agus Maghnus Bán ins an taoibh thuaidh?”
Nuair a chuala Diarmuid Donn
Goll tréan a bheith gan chuidiughadh,
D'éirigh sé suas imeasg an tsluaigh,
Sheasuigh sé suas le n-a uillinn.
Thóg Goll annsin a lann,
Bhuail sé an curadh go lán teann,
Bhuain sé a cheann dé d'aon bhéim,
Agus d'éirigh a aigne d'aon léim.
Stad Proinnsias nuair a bhí an laoidh críochnuighthe
aige. Luigh sé siar ar chúl na cathaoireach. Dhruid sé
a shúile, & d'fhan go socair annsin go cionn cúpla
bhomaite. Mhol mé féin an laoidh, & ba mhór an
t-iongantas a bhí ar an triúr go dtiocfadh liom í
sgríbhint síos chomh gasta is rinneas é. Ní shaoilim
gur chreid siad go raibh an laoidh thíos agam ar chor ar
bith go dtí gur léigh mé amach dóibh í. D'admhaigh
Proinnsias go raibh an uile fhocal síos agam, acht
amháin gur cheartuigh sé focal ann so & ann súd nár
mheas sé bheith go ceart agam, & dubhairt Anna nach
bhfaca sí duine ag sgríbhint Gaedhilge chomh gasta sin
riamh roimhe acht amháin Domhnall Ruaidh Mag Loinsigh
ar ar thráchtas cheana.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11