Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá fá'n dtuaith
Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ FÁ'N TUAITH Bhíos ag dul suas i n-aghaidh cnuic ó d'fhágas an sean-fhear. I ndeireadh na sgríbe shroicheas bárr an chnuic. Ag amharc tharm dam, chonnacas go rabhas i gcorp-lár na mbeann, iad 'na gceart-sheasamh ar gach taoibh dhíom, gach ceann aca níos áirde & níos uathbhásaighe ná a chéile. Bhí cnoc mór maol fada ar
thaoibh mo láimhe deise, & beann bhearnach go díreach mar chíor coiligh ar thaoibh mo láimhe clí. Tré gach bearnan d'fhéadas an fhairrge d'fheicsint & í ag lonn- radh fá thaithneamh na gréine. Sheasas ar feadh tamaill le lán mo shúl a bhaint as a raibh leagtha os mo chomhair. Dá mbéadh na mílte ag iarraidh cainnt a bhaint asam bhainfeadh an radharc sin an glór dhíom. An beal is binne dár labhair riamh, badh bhinne é 'na thost ná ag labhairt i bhfochair na mbeann úd. Bhuaileas ar m'aghaidh. Ar dhruim an chnuic mhaoil ar thaoibh mo láimhe deise chonnacas an teach bán. Teachain fíor-dheas do bhí ann, sráid os a chomhair & páircín dheas féarach ar a chúl. “Foighid leat anois, a dhreathairín mo chroidhe thú,” adeirim-se liom féin, “tá tú i ngar do theach an tsagairt fá dheóidh. Ní'l acht giota do'n bhóthar le siubhal agat go dtí an geata glas.” Giota do'n bhóthar, an eadh? Má's giota do bhí ann, níor mhaith liom an t-iomlán bheith romham mar sgríb' siubhail. Ba bheag an méad do bhí siubhalta cheana agam ó sgaras leis an sean-duine i gcoimh-mheas leis an ngiota úd. Acht tá deireadh le gach aon rud, bíodh gur bóthar nó sgéal atá ann, & b'é deireadh an sgéil seo gur shroicheas an geata glas fá dheireadh. Seo isteach ar shráid an tsagairt mé. Bhuaileas an doras. Tháinig bean shlachtmhar mheadhon-aosta amach. Bheannuigheas di, & bheannuigh sise dham-sa. “Bhfuil an tAthair Máirtín istigh?” adeirim-se. “Maiseadh, ní'l, a mhúirnín,” ar sise. “D'imthigh sé go dtí an Chlochán ar maidin.” Ba bheag nár thosuigheas ag luadh na mionn. Bhí dhá dtrian do'n lá caithte agam ag tóraidheacht an bhitheamh- naigh céadna do shagart, & gan é romham nuair shroicheas a theach i ndeireadh na dálach! Dubhairt an bhean liom nach raibh súil aici leis an Athair Máirtín go dtí maidin lá ar n-a bhárach. Thug sí cuireadh dham bhualadh isteach & cur fúm go maidin. Dubhras léithi nach mbéinn chomh dána sin, acht go bhfillfinn ar n-a bhárach leis an Athair Máirtin d'fheicsint. Amach liom ar fud na bhfud. Thugas m'aghaidh ar an mbóthar & mo chúl ar theach an tsagairt. Ní fada do thriallas go dtáinig tuirse orm. “Maiseadh, mo thruagh thú, a mhaicín,” adeirim-se liom féin, “nar bh' amaideach an mhaise dhuit an cuireadh úd d'eiteach.” B'fhíor dham. Ba gharbh an guth bhí ar an tráthnóna. Níor thuit an dorchadas go fóill, acht ba ghearr go dtuit- feadh. Bhí an ghaoth thoir a dtuaidh láidir, & í ag gabháil tríom mar shaighead. Bhí múr beag báisdighe ag tuitim. Ní raibh teach le feicsint acht an teach bán. “M'anam,” arsa mise, “go gcaithfidh mé dídean iarraidh ar mhuinntir an tighe bhán.” Ní túisge do ceapadh ná do rinneadh. Níor bh'fallsóir mé go dtí an geata, & isteach liom ar an tsráid. B'fhéidir go n-innseóchainn dhíbh sul má dtí bhfad caidé mar d'éirigh liom sa teach bán. Bhí sé curtha romham é 'innsint díbh an turas so, acht is faitcheach mé go bhfuil sibh-se chomh tuirseach do'n la so fán Tuaith is do bhíos féin ag bualadh isteach an gheata dham. Dúnfadh mo chlab i n-ainm Dé & Mhuire ar eagla go n-iarrfaidhe orm gan bheith ag bodharughadh na ndaoine. Nuair leigfeas mé mo sgíth, cuirfeadh críoch leis an eachtra so. Pádraig Mac Piarais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services