Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá fá'n dtuaith

Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LÁ FÁ'N TUAITH



Bhíos ag dul suas i n-aghaidh cnuic ó d'fhágas an
sean-fhear. I ndeireadh na sgríbe shroicheas bárr an
chnuic. Ag amharc tharm dam, chonnacas go rabhas
i gcorp-lár na mbeann, iad 'na gceart-sheasamh ar
gach taoibh dhíom, gach ceann aca níos áirde & níos
uathbhásaighe ná a chéile. Bhí cnoc mór maol fada ar


L. 104


thaoibh mo láimhe deise, & beann bhearnach go díreach mar
chíor coiligh ar thaoibh mo láimhe clí. Tré gach
bearnan d'fhéadas an fhairrge d'fheicsint & í ag lonn-
radh fá thaithneamh na gréine. Sheasas ar feadh tamaill
le lán mo shúl a bhaint as a raibh leagtha os mo chomhair.
Dá mbéadh na mílte ag iarraidh cainnt a bhaint asam
bhainfeadh an radharc sin an glór dhíom. An beal is
binne dár labhair riamh, badh bhinne é 'na thost ná
ag labhairt i bhfochair na mbeann úd.



Bhuaileas ar m'aghaidh. Ar dhruim an chnuic mhaoil
ar thaoibh mo láimhe deise chonnacas an teach bán.
Teachain fíor-dheas do bhí ann, sráid os a chomhair &
páircín dheas féarach ar a chúl. “Foighid leat anois,
a dhreathairín mo chroidhe thú,” adeirim-se liom féin,
“tá tú i ngar do theach an tsagairt fá dheóidh. Ní'l acht
giota do'n bhóthar le siubhal agat go dtí an geata
glas.”



Giota do'n bhóthar, an eadh? Má's giota do bhí ann,
níor mhaith liom an t-iomlán bheith romham mar sgríb'
siubhail. Ba bheag an méad do bhí siubhalta cheana
agam ó sgaras leis an sean-duine i gcoimh-mheas leis
an ngiota úd. Acht tá deireadh le gach aon rud, bíodh
gur bóthar nó sgéal atá ann, & b'é deireadh an sgéil
seo gur shroicheas an geata glas fá dheireadh.



Seo isteach ar shráid an tsagairt mé. Bhuaileas an
doras. Tháinig bean shlachtmhar mheadhon-aosta amach.
Bheannuigheas di, & bheannuigh sise dham-sa.



“Bhfuil an tAthair Máirtín istigh?” adeirim-se.



“Maiseadh, ní'l, a mhúirnín,” ar sise. “D'imthigh sé
go dtí an Chlochán ar maidin.”



Ba bheag nár thosuigheas ag luadh na mionn. Bhí dhá
dtrian do'n lá caithte agam ag tóraidheacht an bhitheamh-
naigh céadna do shagart, & gan é romham nuair shroicheas
a theach i ndeireadh na dálach! Dubhairt an bhean liom
nach raibh súil aici leis an Athair Máirtín go dtí maidin
lá ar n-a bhárach. Thug sí cuireadh dham bhualadh isteach
& cur fúm go maidin. Dubhras léithi nach mbéinn chomh
dána sin, acht go bhfillfinn ar n-a bhárach leis an Athair
Máirtin d'fheicsint.



Amach liom ar fud na bhfud. Thugas m'aghaidh ar an
mbóthar & mo chúl ar theach an tsagairt. Ní fada do
thriallas go dtáinig tuirse orm. “Maiseadh, mo
thruagh thú, a mhaicín,” adeirim-se liom féin, “nar bh'
amaideach an mhaise dhuit an cuireadh úd d'eiteach.”
B'fhíor dham. Ba gharbh an guth bhí ar an tráthnóna. Níor
thuit an dorchadas go fóill, acht ba ghearr go dtuit-
feadh. Bhí an ghaoth thoir a dtuaidh láidir, & í ag gabháil
tríom mar shaighead. Bhí múr beag báisdighe ag
tuitim.



Ní raibh teach le feicsint acht an teach bán.
“M'anam,” arsa mise, “go gcaithfidh mé dídean
iarraidh ar mhuinntir an tighe bhán.” Ní túisge do
ceapadh ná do rinneadh. Níor bh'fallsóir mé go dtí
an geata, & isteach liom ar an tsráid.



B'fhéidir go n-innseóchainn dhíbh sul má dtí bhfad
caidé mar d'éirigh liom sa teach bán. Bhí sé curtha
romham é 'innsint díbh an turas so, acht is faitcheach
mé go bhfuil sibh-se chomh tuirseach do'n la so fán Tuaith
is do bhíos féin ag bualadh isteach an gheata dham.
Dúnfadh mo chlab i n-ainm Dé & Mhuire ar eagla go
n-iarrfaidhe orm gan bheith ag bodharughadh na ndaoine.
Nuair leigfeas mé mo sgíth, cuirfeadh críoch leis an
eachtra so.



Pádraig Mac Piarais.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services