Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-aimsireacht & Gaedhealtacht 'na nDéiseach
Title
Sean-aimsireacht & Gaedhealtacht 'na nDéiseach
Author(s)
Ua Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do léigheadh an Paipéar so leanas os cómhair na hÁrd-Craoibhe an naomhadh lá déag de'n Márta so caithte againn. SEAN-AIMSIREACHT & GAEDHEALTACHT 'NA nDÉISEACH. Tá fhios agam go dtuigeann sibh go léir cad is ciall do'n bhfocal “Sean-aimsireacht,” acht ó's focal mór é iarraim oraibh mo leithsgéal do ghabháilt i dtaoibh úsáid do dhéanamh annso dhe. Is so-thuigseanach an ghnáth-chiall atá leis, acht tá eagla orm go bhfuilim-se ag cur brighe eile — brígh níos fairsinge ar an bhfocal, mar atá — sean-chuimhne, sean-nósanna, sean-cheól & gach uile sho-ghnás fíor-dhúthchasach Gaedhealach a tháinig anuas ó n-ár n-aithreachaibh, & atá ceangail go dlúth i dtean-
gaidh na Gaedhilge, ó thús riamh gus an aimsir seo & badh ceart do Ghaedhealaibh do choimeád & do chleachtadh go bruinne an bhrátha dá mbadh cóir i mbárach é. Sé fáth a luaidhim na Déiseacha annso acht gurab é an áit a bhfuil an t-eólas is fearr agam air. Ar a shon sin féin is dóigh liom go n-oirfeadh urmhór dem' ráidhtibh d'éan dúthaigh eile beagnach i nÉirinn. Gan amhras is eól díbh gur mór an tsuim do chuir muinntir na nDéise san nGaedhilg riamh & nár bh'annamh sgoláirí léigheanta & filidhe líomhtha éifeachtamhla na gcomhnaidhe ann. Is feasach nár bhaineadar go léir leis an áit ó bhunudhas & gur thángadar ann ó Chorcaigh ó Shliabh Luachra, ó Chonndae an Chláir, &c. Ní léaghtar goidé chúis dóibh cur fútha ann, munab amhlaidh go raibh ainm mhaith ar an áit ós na ciantaibh, & bhí baramhail ag cuid de mhuinntir na háite féin gur rug ceanntar áirithe ann bárr na dTrí mBuaidh, mar atá, bárr féile bárr léighinn & bárr filidheachta. Tá an tsean-fhilidheacht ag teacht leo annso mar adeir Cormacán Éigeas 'san dán do sgríobh ar “Mhóirthímcheall Éireann Uile.” Nuair tháinig Muircheartach Mac Néill, Rí Éireann go Déiseachaibh, deir Cormacán: — “Thairgeadar dúinn coinnmheadh is cuairt, GO forfháilidh go fíor-shuairc. Déise Fir Mumhan maithe, Thángadar chughainn a ndeagh fhlatha.” Deimhnighid na filidhe féin an nidh céadna. Chaith Tadhg Gaedhealach an chuid ba mhó dá shaoghal idir Déiseachaibh & Paorachaibh, is adeir dream go rugadh 'san mBarúntacht i n-aice Eochaille é. Sé baramhail gach éinne i bPortláirge gurab é Tadhg Gaedhealach an file dób' fhearr do bhí riamh ar an saoghal so. Do bhí báidh & gean mór aige ar Dheiseachaibh, & ar Phaorachaibh leis, & nuair do bhí coinne aige an áit d'fhágaint sé rud adeir sé ná — “Mo shlán le Dúthaigh déarcach glán, Déiseacha uile ghnáth, Is mo shlán thar triubhach dá thréithe go Paoracha an tsuilt le grádh.” Chaith Donnchadh Ruadh urmhór a aimsire ann leis, is nuair do bhí sé i n-imigéin dubhairt sé gur mór an méid do thabharfadh sé ar a bheith thar n-ais arís as. “Shliabh geal gCua rug buaidh na féile.” Sin í cúis is dócha ar tháinig na báird is na filidhe ag triall ar Dhúthaigh Déiseach, sin í cúis ar fhanadar ann is go bhfuil a gcnámhanna anois go faon-lag sínte i gcré ann, a n-ainmneacha 'na ngnáth-fhoclaibh ar gach uile theinnteán, a gcuid filidheachta i mbéalaibh na ndaoine is a spioraid ag imtheacht mar sidh gaoithe thar réidhtibh thar ghleanntaibh thar chnuic is thar bhántaibh na n-Déise. Ní gádh dhom a rádh go bhfuil Tadhg Gaedhealach curtha in sean reilg Bhaile Láinín & crois bheag adhmuid mar chomhartha ar a uaigh. Tá Donnchadh Ruadh curtha in reilg an Bhaile Nuaidh i n-aice Choille Mhic Thomáisín, is, fairíor, gan fiú na leice ós a cheann. Acht ní bhéidh sé mar sin. Tá muinntir Dhomhn' Gharbháin ag ceapadh rud éigin do dhéanamh na thaoibh go luath. B'in iad na filidhe b'aoirde cáil do bhain leis na Déiseachaibh riamh, is ba mhór an síol léighinn is filidhe- achta d'fhágadar i bPortláirge. Ba mhór an méid sgoláirí maithe is filidhe líomhtha do bhí le fagháil 'na ndiaidh ann, mar atá na Móránaigh .i. Tomás, do cheap “Aonach Bheárna na Gaoithe” is Uilliam, an té sin, “do thógfadh dán ós ceann cláir éagtha,” an tAthair Seán Ó Maonaigh togha Gaedhilgeóir, is Anna Ní Chadhlaigh, bean-chaointe an Athar Seán, Pádraig Ua Duinn, Eibhlín Ní Dháltúin, Máire Ní Dhonagáin & Liam Ó Donagáin. Agus níor theip Léigheann Gaedhealach sa gConntae Phortláirge ó n-a n-aimsir sin go dtí an lá indiu. Ní gábhadh dhom trácht ar ainm Sheagháin Pléimionn & maidir leis an am atá láithreach b'éidir dom ainmniughadh do dhéanamh ar sgoláiribh oirdhearca thar bhárr acht ní baoghal nach bhfuil fios cruinn ar na néithibh seo ag muinntir na hÁrd-Chraoibhe. Agus ní hé amháin go raibh filidheacht ag duine nó beirt nó seisear, acht is amhlaidh mar do bhíodar go léir chomh géar-chúiseach sin mar gheall ar an gcumas is an chlis- teacht do bhí aca ar an nGaedhilg go raibh filidheacht & deas-chainnt ag gach éinne. Do bhíodh mór-chuid amhrán breágha aca do bhídís ag gabháil, & ag seinnm thar éis lae buainte mo tar éis lae meithille san bhfoghmhar — sgéalta is béal-oideas fiannuigheachta is go leór rudaí eile a tháinig anuas i n-éinfheacht leo is atá fuinte go dlúth tré theangain na tíre seo. Ba Ghaedhealach nádúrtha gan amhras an seal aimsire í seo. Acht, mo dhith, níor bh'fhada go raibh athrughadh sgéil. Cuireadh ar bun na sgoileanna úd a nglaodhtar mar leas-ainm orra “náisiúnta.” De nam, nó mar mhagadh is dócha. Ba é bun-adhabhar na sgoileann so acht an teanga do bhí gá labhairt is gá cleachtadh sul tháinig Diaglán go hÁrdmhóir do dhúnmharbhadh & do réabadh as anamannaibh Leanbhaí Gaedhealacha na nDéise. Agus na dhiaidh sin tháinig an gorta mór nó mar adeir na sean daoine “an droch-shaoghal.” Béarla ar dtúis & na dhiaidh sin gort. Ní thráchtfa mé ar an aimsir sin ná ar an aoide uathbhásach, dona, do bhí ar dhaoinibh bochta na nDéise is na hÉireann ar fad le n-a linn. Acht mar a dubhairt bain-fhile de Mhuinntir Dhroma san Rinn: — “Is in Reilig an tsléibh tá na céadta dhíobh treasgartha, Dá gcarta san gcré nó dá bhfuadach thar fairge.” Níor sdadadar de'n imtheacht sain nó gur glanadh amach beagnach ar fad iad. Is cuimhin liom féin sochraidí móra de dhaoinibh (suas le céad in gach buidhin idir na deóraidhthibh is a gcáirdibh) ag fágaint na tuaithe is na tíre is gan a dtásg 'ná a dtuairisg san dúthaigh sin arís go deó na ndeór. Is maith is cuimhin liom dronga móra do theacht ó Chill Ghobnait i n-aice Dhomhn' Gharbháin (áit a raibh Séathrún Céitinn 'na shagart paróiste sealadh dá aimsir), & píopaire na gcuideachta ag imirt na spaisdeóireachta déidhean- aighe, chum a misneach do spreagadh is do bhrosdughadh ar sgaradh dhóibh le sean tír a ndúthchais, áit nach
gcasfaidís, b'éidir, go bráth arís air. D'imthigh an sean-phíopaire féin sa deireadh an fear bocht, & níor chas. Níl ean rud is measa ná an deóraidheacht. “Mairg,” adeir an sean ughdar in Leabhar na hUidhre, “mairg, trá, reachas a athair-thír ndúthaigh ar an oilithír n-aindílis.” Sin é mar ba chor do mhuinntir na nDéiseach. Acht buidheachas mór le Dia, atá Connradh na Gaedhilge anois ag déanamh iarrachta láidire chum muinntir na hÉireann do choimeád sa mbaile, is tá na daoine féin ag músgailt as an trom-shuan & a teidhmse tárla dhóibh. Cia an Gaedheal nach gcuireadh obair an Domhnaigh seo caithte againn aoibhneas croidhe & árdughadh meanmain air? Bhí spioraid Gaedhealach na hÉireann iadhta, múchda ag brughadh fúithe le fad aimsire acht fa dheireadh thiar thall tá a geimhill dá mbriseadh aici. San tsean-aimsir bhíodh tonnta móra sa bhfairge thort-thimcheall na h-Éireann is buaidh nó draoidheacht éigin áirithe ag baint leo. Indiu tá tonn mór in Éirinn istigh níos treise na ceachtar aca, Tonn is troime & is treine buaidh 'ná Draoi-thonn Clíodhna féin, mar atá, Tonn rabhartach Gaedhilge atá ag gluaiseacht is ag briseadh na slaodaibh féin tír & Tonn, leis, ina múchfar Bréan-galldachas uile na hÉireann fós. Pádraig Ua Dálaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services