Do léigheadh an Paipéar so leanas os cómhair na
hÁrd-Craoibhe an naomhadh lá déag de'n Márta so
caithte againn.
SEAN-AIMSIREACHT & GAEDHEALTACHT 'NA
nDÉISEACH.
Tá fhios agam go dtuigeann sibh go léir cad is ciall
do'n bhfocal “Sean-aimsireacht,” acht ó's focal mór é
iarraim oraibh mo leithsgéal do ghabháilt i dtaoibh úsáid
do dhéanamh annso dhe. Is so-thuigseanach an ghnáth-chiall
atá leis, acht tá eagla orm go bhfuilim-se ag cur
brighe eile — brígh níos fairsinge ar an bhfocal, mar
atá — sean-chuimhne, sean-nósanna, sean-cheól & gach uile
sho-ghnás fíor-dhúthchasach Gaedhealach a tháinig anuas
ó n-ár n-aithreachaibh, & atá ceangail go dlúth i dtean-
gaidh na Gaedhilge, ó thús riamh gus an aimsir seo &
badh ceart do Ghaedhealaibh do choimeád & do chleachtadh
go bruinne an bhrátha dá mbadh cóir i mbárach é.
Sé fáth a luaidhim na Déiseacha annso acht gurab é
an áit a bhfuil an t-eólas is fearr agam air. Ar a shon
sin féin is dóigh liom go n-oirfeadh urmhór dem' ráidhtibh
d'éan dúthaigh eile beagnach i nÉirinn.
Gan amhras is eól díbh gur mór an tsuim do chuir
muinntir na nDéise san nGaedhilg riamh & nár bh'annamh
sgoláirí léigheanta & filidhe líomhtha éifeachtamhla na
gcomhnaidhe ann. Is feasach nár bhaineadar go léir
leis an áit ó bhunudhas & gur thángadar ann ó Chorcaigh
ó Shliabh Luachra, ó Chonndae an Chláir, &c. Ní léaghtar
goidé chúis dóibh cur fútha ann, munab amhlaidh go raibh
ainm mhaith ar an áit ós na ciantaibh, & bhí baramhail ag
cuid de mhuinntir na háite féin gur rug ceanntar
áirithe ann bárr na dTrí mBuaidh, mar atá, bárr féile
bárr léighinn & bárr filidheachta. Tá an tsean-fhilidheacht
ag teacht leo annso mar adeir Cormacán Éigeas 'san
dán do sgríobh ar “Mhóirthímcheall Éireann Uile.”
Nuair tháinig Muircheartach Mac Néill, Rí Éireann go
Déiseachaibh, deir Cormacán: —
“Thairgeadar dúinn coinnmheadh is cuairt,
GO forfháilidh go fíor-shuairc.
Déise Fir Mumhan maithe,
Thángadar chughainn a ndeagh fhlatha.”
Deimhnighid na filidhe féin an nidh céadna.
Chaith Tadhg Gaedhealach an chuid ba mhó dá shaoghal
idir Déiseachaibh & Paorachaibh, is adeir dream go rugadh
'san mBarúntacht i n-aice Eochaille é. Sé baramhail
gach éinne i bPortláirge gurab é Tadhg Gaedhealach an
file dób' fhearr do bhí riamh ar an saoghal so. Do bhí
báidh & gean mór aige ar Dheiseachaibh, & ar Phaorachaibh
leis, & nuair do bhí coinne aige an áit d'fhágaint sé
rud adeir sé ná —
“Mo shlán le Dúthaigh déarcach glán, Déiseacha uile
ghnáth,
Is mo shlán thar triubhach dá thréithe go Paoracha an
tsuilt le grádh.”
Chaith Donnchadh Ruadh urmhór a aimsire ann leis,
is nuair do bhí sé i n-imigéin dubhairt sé gur mór
an méid do thabharfadh sé ar a bheith thar n-ais
arís as.
“Shliabh geal gCua rug buaidh na féile.”
Sin í cúis is dócha ar tháinig na báird is na filidhe ag
triall ar Dhúthaigh Déiseach, sin í cúis ar fhanadar ann
is go bhfuil a gcnámhanna anois go faon-lag sínte i
gcré ann, a n-ainmneacha 'na ngnáth-fhoclaibh ar gach uile
theinnteán, a gcuid filidheachta i mbéalaibh na ndaoine
is a spioraid ag imtheacht mar sidh gaoithe thar réidhtibh
thar ghleanntaibh thar chnuic is thar bhántaibh na n-Déise.
Ní gádh dhom a rádh go bhfuil Tadhg Gaedhealach curtha
in sean reilg Bhaile Láinín & crois bheag adhmuid mar
chomhartha ar a uaigh. Tá Donnchadh Ruadh curtha in
reilg an Bhaile Nuaidh i n-aice Choille Mhic Thomáisín, is,
fairíor, gan fiú na leice ós a cheann. Acht ní bhéidh sé
mar sin. Tá muinntir Dhomhn' Gharbháin ag ceapadh
rud éigin do dhéanamh na thaoibh go luath.
B'in iad na filidhe b'aoirde cáil do bhain leis na
Déiseachaibh riamh, is ba mhór an síol léighinn is filidhe-
achta d'fhágadar i bPortláirge. Ba mhór an méid
sgoláirí maithe is filidhe líomhtha do bhí le fagháil 'na
ndiaidh ann, mar atá na Móránaigh .i. Tomás, do cheap
“Aonach Bheárna na Gaoithe” is Uilliam, an té sin, “do
thógfadh dán ós ceann cláir éagtha,” an tAthair Seán
Ó Maonaigh togha Gaedhilgeóir, is Anna Ní Chadhlaigh,
bean-chaointe an Athar Seán, Pádraig Ua Duinn, Eibhlín
Ní Dháltúin, Máire Ní Dhonagáin & Liam Ó Donagáin.
Agus níor theip Léigheann Gaedhealach sa gConntae
Phortláirge ó n-a n-aimsir sin go dtí an lá indiu.
Ní gábhadh dhom trácht ar ainm Sheagháin Pléimionn &
maidir leis an am atá láithreach b'éidir dom ainmniughadh
do dhéanamh ar sgoláiribh oirdhearca thar bhárr acht
ní baoghal nach bhfuil fios cruinn ar na néithibh
seo ag muinntir na hÁrd-Chraoibhe. Agus ní hé
amháin go raibh filidheacht ag duine nó beirt nó
seisear, acht is amhlaidh mar do bhíodar go léir chomh
géar-chúiseach sin mar gheall ar an gcumas is an chlis-
teacht do bhí aca ar an nGaedhilg go raibh filidheacht &
deas-chainnt ag gach éinne. Do bhíodh mór-chuid amhrán
breágha aca do bhídís ag gabháil, & ag seinnm thar éis lae
buainte mo tar éis lae meithille san bhfoghmhar — sgéalta
is béal-oideas fiannuigheachta is go leór rudaí eile a
tháinig anuas i n-éinfheacht leo is atá fuinte go dlúth
tré theangain na tíre seo. Ba Ghaedhealach nádúrtha
gan amhras an seal aimsire í seo. Acht, mo dhith, níor
bh'fhada go raibh athrughadh sgéil. Cuireadh ar bun na
sgoileanna úd a nglaodhtar mar leas-ainm orra
“náisiúnta.” De nam, nó mar mhagadh is dócha.
Ba é bun-adhabhar na sgoileann so acht an teanga
do bhí gá labhairt is gá cleachtadh sul tháinig Diaglán
go hÁrdmhóir do dhúnmharbhadh & do réabadh as
anamannaibh Leanbhaí Gaedhealacha na nDéise. Agus
na dhiaidh sin tháinig an gorta mór nó mar adeir
na sean daoine “an droch-shaoghal.” Béarla ar dtúis &
na dhiaidh sin gort. Ní thráchtfa mé ar an aimsir sin
ná ar an aoide uathbhásach, dona, do bhí ar dhaoinibh
bochta na nDéise is na hÉireann ar fad le n-a linn.
Acht mar a dubhairt bain-fhile de Mhuinntir Dhroma san
Rinn: —
“Is in Reilig an tsléibh tá na céadta dhíobh treasgartha,
Dá gcarta san gcré nó dá bhfuadach thar fairge.”
Níor sdadadar de'n imtheacht sain nó gur glanadh
amach beagnach ar fad iad. Is cuimhin liom féin
sochraidí móra de dhaoinibh (suas le céad in gach
buidhin idir na deóraidhthibh is a gcáirdibh) ag fágaint
na tuaithe is na tíre is gan a dtásg 'ná a dtuairisg
san dúthaigh sin arís go deó na ndeór. Is maith is
cuimhin liom dronga móra do theacht ó Chill Ghobnait i
n-aice Dhomhn' Gharbháin (áit a raibh Séathrún Céitinn 'na
shagart paróiste sealadh dá aimsir), & píopaire na
gcuideachta ag imirt na spaisdeóireachta déidhean-
aighe, chum a misneach do spreagadh is do bhrosdughadh
ar sgaradh dhóibh le sean tír a ndúthchais, áit nach
gcasfaidís, b'éidir, go bráth arís air. D'imthigh an
sean-phíopaire féin sa deireadh an fear bocht, & níor
chas.
Níl ean rud is measa ná an deóraidheacht.
“Mairg,” adeir an sean ughdar in Leabhar na
hUidhre, “mairg, trá, reachas a athair-thír ndúthaigh ar
an oilithír n-aindílis.” Sin é mar ba chor do mhuinntir
na nDéiseach.
Acht buidheachas mór le Dia, atá Connradh na Gaedhilge
anois ag déanamh iarrachta láidire chum muinntir na
hÉireann do choimeád sa mbaile, is tá na daoine féin
ag músgailt as an trom-shuan & a teidhmse tárla
dhóibh. Cia an Gaedheal nach gcuireadh obair an
Domhnaigh seo caithte againn aoibhneas croidhe & árdughadh
meanmain air?
Bhí spioraid Gaedhealach na hÉireann iadhta, múchda
ag brughadh fúithe le fad aimsire acht fa dheireadh thiar
thall tá a geimhill dá mbriseadh aici.
San tsean-aimsir bhíodh tonnta móra sa bhfairge
thort-thimcheall na h-Éireann is buaidh nó draoidheacht
éigin áirithe ag baint leo. Indiu tá tonn mór in
Éirinn istigh níos treise na ceachtar aca, Tonn is
troime & is treine buaidh 'ná Draoi-thonn Clíodhna féin,
mar atá, Tonn rabhartach Gaedhilge atá ag gluaiseacht
is ag briseadh na slaodaibh féin tír & Tonn, leis,
ina múchfar Bréan-galldachas uile na hÉireann fós.
Pádraig Ua Dálaigh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11