Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Ní'l díoghbháil eile déanta, do'n Ghaedhilg & do'n Ghaedhealtacht níos dona 'na tá dá déanamh leis na páipéaraibh nuadhachta atá ag imtheacht imeasg na ndaoine. Siúd is gur páipéaraibh Éireannacha iad ní'l spiorad na nGaedheal ionnta ar chor ar bith. Is páipéaraibh liom leo iad. Ghní siad iarracht ar ghach uile dhuine a shásamh & ní éirigheann leo duine ar bith a shásamh 'sa' deireadh. Leigeann siad orra féin anois & arís go bhfuil siad fíor-cháirdeamhail do'n Ghaedhilg, & ar n-a bhárach bheiridh siad buille tuathal di. Cuir- eann siad isteach leath-cholamhan Gaedhilge anois & arís — má gheibh siad i n-aisge é, & líonfaidh siad na colamhna eile leis [ana]{an} uile chineal Ghalldachais. Tugann siad cunntas ar chuirm cheoil Gaedhilge, nó ar sgorui- dheacht, nó ar fheis, acht tiubhraidh siad a dhá oiread sgéala ar chuirm cheoil Ghallda nó ar chomórtas i ngolf, nó i gcricket, nó i bping-pong. Buaineann dá dtrian dá gcuid nuaidheachta le neithe thuiteas amach i Sacsanaibh nó i gcríochaibh neamh-dhúthchasacha eile. Féach mar líontar iad le himtheachta Feise Sasana & leis an gcogadh san Afrioc Theas. Féach arís an oiread sgéala is tá ionnta fá dtaoibh de rásaibh & de iomáin & ruda suaracha eile i Sacsanaibh i nAlbain & san Oileán Úr. Má gheibh saighdiúr bás i Sacsanaibh nó má théid duine mór ag seilgearacht nó ag iomáin cleasa lútha is éigin dá lucht léighte féachaint ar leath-cholamhan 'sa' pháipéar fá dtaoibh de. Tá páipéir laetheamhla Bhaile-Átha-Cliath cionntach go leór san obair seo, acht measaim go bhfuil urmhór do na páipéaraibh beaga ar fud na tíre níos measa arís. Féadaim a rádh go bhfuil na páipéir beaga a díoltar i dTírchonaill chomh holc le páipéar ar bith i nÉirinn. Badh dhoiligh iad do shárughadh ar olcas. Mar gheall ar sin cha ngeibheann muinntir Tirchonaill ceart an sgéil ar chor ar bith fá dtaoibh de'n Ghaedhilg nó fá dtaoibh de rud ar bith a bhuaineas go ceart leis an tír acht amháin gliocachas nó poiliteacht. Measann siad mar sin, nidh nach iongnadh dóibh, nach fiú suime dóibh rud ar bith acht poiliteacht. Léigheann siad cuid mhór sgéala ar Fheis na Sasana, & ar an gcogadh & ní léigheann siad acht sin. Ní cluintear focal thar an Ghaedhilg nó thar cheól na hÉireann, nó thar dheantúsa na hÉireann, nó thar chleasaibh lútha, acht amháin na cleasa Gallda. Tigeann sé de seo gur an-doiligh spiorad Gaedhealach do leathnughadh i na measg. Ní léightear na páipéir Gaedhealacha ar chor ar bith acht le fíor-bheagán aca. Tráth tráchtar leo ar an dteangaidh nó ar a dtír, taobh amuigh de phoiliteacht, is éigin do'n chainnteór toiseacht go húr nua & príomh-fháth gach uile neithe do chraobh- sgaoileadh dóibh. Is mór an chrádh-chroidhe dúinn nach bhfuil páipéar maith Gaedhealach againn i dTírchonaill. Dá mbéadh sin againn ní bhéadh ceanntar eile i nÉirinn níos Gaedhealaighe ná do bhéadh dúthaigh Aodha Ruaidh. Tá áit go leór i dTírchonaill le páipéar maith seachtmhaine do chothughadh. Dá mbéadh duine nó daoine ann le páipéar maith conndae do thabhairt amach i Leitirche- annain & fios a ngnotha do bheith aca, b'fhéidir dóibh maitheas mór do dhéanamh do'n tír & buntaiste d'fhagháil dóibh féin fosda. Theasdóchadh míle punnta uatha ar dtús leis an bpáipéar do chur ar bun go tréan daingean, acht tá mé lán-chinnte go bhfuighbheadh siad biseach maith ar an airgead. Dá mbéinn féin saor le n-a dhéanamh & míle punnta agam — rud nach bhfuil fairíor — ní fios damh slighe-bheatha eile ar bh'fhearr liom ná páipéar díon-Ghaedhealach a chur ar bun & a stiúradh i Leitircheannain. Cá bhfuil fear an airgid & fear an mhisnigh le n-a dhéanamh? Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services