Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



Ní'l díoghbháil eile déanta, do'n Ghaedhilg & do'n
Ghaedhealtacht níos dona 'na tá dá déanamh leis na
páipéaraibh nuadhachta atá ag imtheacht imeasg na
ndaoine. Siúd is gur páipéaraibh Éireannacha iad
ní'l spiorad na nGaedheal ionnta ar chor ar bith. Is
páipéaraibh liom leo iad. Ghní siad iarracht ar ghach
uile dhuine a shásamh & ní éirigheann leo duine ar bith
a shásamh 'sa' deireadh. Leigeann siad orra féin anois
& arís go bhfuil siad fíor-cháirdeamhail do'n Ghaedhilg,
& ar n-a bhárach bheiridh siad buille tuathal di. Cuir-
eann siad isteach leath-cholamhan Gaedhilge anois &
arís — má gheibh siad i n-aisge é, & líonfaidh siad na
colamhna eile leis [ana]{an} uile chineal Ghalldachais. Tugann
siad cunntas ar chuirm cheoil Gaedhilge, nó ar sgorui-
dheacht, nó ar fheis, acht tiubhraidh siad a dhá oiread
sgéala ar chuirm cheoil Ghallda nó ar chomórtas i ngolf,
nó i gcricket, nó i bping-pong. Buaineann dá dtrian
dá gcuid nuaidheachta le neithe thuiteas amach i
Sacsanaibh nó i gcríochaibh neamh-dhúthchasacha eile.
Féach mar líontar iad le himtheachta Feise Sasana
& leis an gcogadh san Afrioc Theas. Féach arís an
oiread sgéala is tá ionnta fá dtaoibh de rásaibh &
de iomáin & ruda suaracha eile i Sacsanaibh i nAlbain
& san Oileán Úr. Má gheibh saighdiúr bás i Sacsanaibh
nó má théid duine mór ag seilgearacht nó ag iomáin
cleasa lútha is éigin dá lucht léighte féachaint ar
leath-cholamhan 'sa' pháipéar fá dtaoibh de.



Tá páipéir laetheamhla Bhaile-Átha-Cliath cionntach go
leór san obair seo, acht measaim go bhfuil urmhór do
na páipéaraibh beaga ar fud na tíre níos measa arís.
Féadaim a rádh go bhfuil na páipéir beaga a díoltar
i dTírchonaill chomh holc le páipéar ar bith i nÉirinn.
Badh dhoiligh iad do shárughadh ar olcas. Mar gheall ar
sin cha ngeibheann muinntir Tirchonaill ceart an sgéil
ar chor ar bith fá dtaoibh de'n Ghaedhilg nó fá dtaoibh
de rud ar bith a bhuaineas go ceart leis an tír acht
amháin gliocachas nó poiliteacht. Measann siad mar
sin, nidh nach iongnadh dóibh, nach fiú suime dóibh rud
ar bith acht poiliteacht. Léigheann siad cuid mhór
sgéala ar Fheis na Sasana, & ar an gcogadh & ní léigheann
siad acht sin. Ní cluintear focal thar an Ghaedhilg nó
thar cheól na hÉireann, nó thar dheantúsa na hÉireann,
nó thar chleasaibh lútha, acht amháin na cleasa Gallda.
Tigeann sé de seo gur an-doiligh spiorad Gaedhealach
do leathnughadh i na measg. Ní léightear na páipéir
Gaedhealacha ar chor ar bith acht le fíor-bheagán aca.
Tráth tráchtar leo ar an dteangaidh nó ar a dtír, taobh
amuigh de phoiliteacht, is éigin do'n chainnteór toiseacht
go húr nua & príomh-fháth gach uile neithe do chraobh-
sgaoileadh dóibh.



Is mór an chrádh-chroidhe dúinn nach bhfuil páipéar
maith Gaedhealach againn i dTírchonaill. Dá mbéadh
sin againn ní bhéadh ceanntar eile i nÉirinn níos
Gaedhealaighe ná do bhéadh dúthaigh Aodha Ruaidh. Tá
áit go leór i dTírchonaill le páipéar maith seachtmhaine
do chothughadh. Dá mbéadh duine nó daoine ann le
páipéar maith conndae do thabhairt amach i Leitirche-
annain & fios a ngnotha do bheith aca, b'fhéidir dóibh
maitheas mór do dhéanamh do'n tír & buntaiste d'fhagháil
dóibh féin fosda. Theasdóchadh míle punnta uatha ar
dtús leis an bpáipéar do chur ar bun go tréan
daingean, acht tá mé lán-chinnte go bhfuighbheadh siad
biseach maith ar an airgead. Dá mbéinn féin saor le
n-a dhéanamh & míle punnta agam — rud nach bhfuil
fairíor — ní fios damh slighe-bheatha eile ar bh'fhearr liom
ná páipéar díon-Ghaedhealach a chur ar bun & a stiúradh
i Leitircheannain. Cá bhfuil fear an airgid & fear
an mhisnigh le n-a dhéanamh?



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services