Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá fá'n dtuaith
Title
Lá fá'n dtuaith
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LÁ FÁ'N TUAITH Labhair sé liom i ndeireadh na dálach. “Go Guirtín na mBó atá tú ag dul, a Athair?” ar seisean. “Go díreach glan,” arsa mise. “Tá fúm an tAthair Máirtín a fheicsint. Bhfuil aithne agat air?” “Maiseadh, cia an chiall nach mbéadh, a Athair?” ar seisean. “Nach é sagart an phobail seo é? Maiseadh, is lághach an duine bocht é an tAthair Máirtín! Ní fhaca tú riamh créatúr chomh deas síbhéalta leis.” Chorruigh an t-asal faoi seo. “Maiseadh tá mé sáruighthe agat ó mhaidin, a mhúirnín!” ars' an sean-fhear ag tabhairt leadóige do'n chlaidhe leis an maide draighin. Ba mhinic na focla “a mhúirin” as a bhéal dá mbadh liom-sa nó leis an asal bhéadh sé ag labhairt, & rud eile, chuireadh sé “in” i ndiaidh gacha sé focal dá leigeadh sé as a bhéal. “Cia cineál fir [e]{é}, an tAthair Máirtín?” adeirim- se. “Gallóta mhór atá ann, a Athair,” ar seisean. “Craistín mór fir é. Ní'l tú féin ró-chaithte, a Athair, bail ó Dhia ort,” ar seisean, “acht ní'l ionnat acht spideóigín i gcomórtas leis an Athair Máirtín. Fear an-chuirpíseach é.” D'imthigh an t-asal ar fán faoi seo ag iarraidh feóthanáin. “Maiseadh, ní thiubhradh triúr aire dhuit, a mhúirnín!” ars' an sean-fhear, ag tabhairt snaoim do'n chlaidhe do leag cúpla cloch. D'fhill an t-asal. Thosuigh an sean- fhear ag obair arís. Níor labhair sé hu ná há ar feadh nóimid. Stad sé annsin & ar seisean — “Is cosmhail le frog é, Bolg ar fad é!” “'Ar ndó', ní hé an tAthair Máirtín atá tú ag cur i gcomórtas le frog?” adeirim-se, ag leigint orm go rabhas sgannruighthe aige. “Nár leigidh Dia,” ar seisean, “cé gur chuir sé an sean-fhocal sin i gcuimhne dham. Bhfuil aon Ghaedhilg agat ar frog, a Athair?” ar seisean. “'Ar ndó', tá,” arsa mise. “Tá luasgán a' chlaidhe agam.” “'Bhfuil aon ainm eile agat air?” ar seisean. “Tá, muis,” arsa mise. “Tá leipreachán na Laithighe agam.” Bhain an t-ainm sin gáire as. “Maiseadh, is fíor dhuit, a Athair,” ar seisean, “acht tá ainm a sháruighthe agam-sa.” “'Ar ndó', ní'l?” arsa mise. “M'anam go bhfuil,” ar seisean. “Amach leis,” arsa mise. “Tá an Capaillín Uaithne,” ar seisean. “Nach deas an t-ainm é?” Leigeas leis gur dheas an t-ainm é, acht 'sé mo mheas gurab amhlaidh chum sé an t-ainm uaidh féin, mar níor chualas riamh ná ó shoin é. Pádraig Mac Piarais (Leanfar dhe seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services