LÁ FÁ'N TUAITH
Labhair sé liom i ndeireadh na dálach.
“Go Guirtín na mBó atá tú ag dul, a Athair?” ar
seisean.
“Go díreach glan,” arsa mise. “Tá fúm an
tAthair Máirtín a fheicsint. Bhfuil aithne agat air?”
“Maiseadh, cia an chiall nach mbéadh, a Athair?” ar
seisean. “Nach é sagart an phobail seo é? Maiseadh,
is lághach an duine bocht é an tAthair Máirtín! Ní
fhaca tú riamh créatúr chomh deas síbhéalta leis.”
Chorruigh an t-asal faoi seo.
“Maiseadh tá mé sáruighthe agat ó mhaidin, a
mhúirnín!” ars' an sean-fhear ag tabhairt leadóige
do'n chlaidhe leis an maide draighin. Ba mhinic na
focla “a mhúirin” as a bhéal dá mbadh liom-sa nó
leis an asal bhéadh sé ag labhairt, & rud eile, chuireadh
sé “in” i ndiaidh gacha sé focal dá leigeadh sé as a
bhéal.
“Cia cineál fir [e]{é}, an tAthair Máirtín?” adeirim-
se.
“Gallóta mhór atá ann, a Athair,” ar seisean.
“Craistín mór fir é. Ní'l tú féin ró-chaithte, a
Athair, bail ó Dhia ort,” ar seisean, “acht ní'l ionnat
acht spideóigín i gcomórtas leis an Athair Máirtín.
Fear an-chuirpíseach é.”
D'imthigh an t-asal ar fán faoi seo ag iarraidh
feóthanáin.
“Maiseadh, ní thiubhradh triúr aire dhuit, a mhúirnín!”
ars' an sean-fhear, ag tabhairt snaoim do'n chlaidhe do
leag cúpla cloch. D'fhill an t-asal. Thosuigh an sean-
fhear ag obair arís. Níor labhair sé hu ná há ar feadh
nóimid. Stad sé annsin & ar seisean —
“Is cosmhail le frog é,
Bolg ar fad é!”
“'Ar ndó', ní hé an tAthair Máirtín atá tú ag cur
i gcomórtas le frog?” adeirim-se, ag leigint orm go
rabhas sgannruighthe aige.
“Nár leigidh Dia,” ar seisean, “cé gur chuir sé an
sean-fhocal sin i gcuimhne dham. Bhfuil aon Ghaedhilg
agat ar frog, a Athair?” ar seisean.
“'Ar ndó', tá,” arsa mise. “Tá luasgán a' chlaidhe
agam.”
“'Bhfuil aon ainm eile agat air?” ar seisean.
“Tá, muis,” arsa mise. “Tá leipreachán na
Laithighe agam.”
Bhain an t-ainm sin gáire as.
“Maiseadh, is fíor dhuit, a Athair,” ar seisean, “acht
tá ainm a sháruighthe agam-sa.”
“'Ar ndó', ní'l?” arsa mise.
“M'anam go bhfuil,” ar seisean.
“Amach leis,” arsa mise.
“Tá an Capaillín Uaithne,” ar seisean. “Nach
deas an t-ainm é?”
Leigeas leis gur dheas an t-ainm é, acht 'sé mo
mheas gurab amhlaidh chum sé an t-ainm uaidh féin, mar
níor chualas riamh ná ó shoin é.
Pádraig Mac Piarais
(Leanfar dhe seo.)