Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCONAILL Dubhairt mé cheana go bhfuil Gleanngheis leath-bhealaigh idir Árd-a'-Rátha & Seanghleann Choluimcille. Badh mhaith liom cuairt a thabhairt ar an tSeanghleann mar is áit fhíor-Ghaedhealach í & tá a lán seansgéalta & a leithéidí sin ann, acht cha raibh faill agam an turas seo. Ag seo seansgéal áluinn bhaineas leis an tSeanghleann atá i mbeatha Choluimcille. “Ní headh amháin do thairringireadar naoimh Éireann & a huasal aithreacha aga a raibh fáidheadórachta ó Dhia teacht Coluimcille acht do thairringireadar na draoithe & na daoine ag nach raibh creideamh go dtiocfadh sé, i bhfad roimh n-a gheineamhain, & dá dhearbhadh sin do thairringir Fionn mac Chumhaill go dtiocfadh sé an uair do leig sé Bran .i. an chú oirdhearc do bhí aige, de'n damh allta ag abhainn tSeanghlanna i gcríoch Chinéil Chonaill leis a ráidhtear Gleann Choluimcille indiu, & níor lean an chú an fhiadh tar abhainn Glinne anonn & ba hiongnadh le cách an chú nár leig aon bheathadhach uaithe riamh dá dhéanamh sin. Is ann do chuaidh Fionn i muinighin a fheasa & do labhair tré spiorad fáidheadór -achta, gion go raibh creideamh aige & is eadh adubhairt. Geinfidhear mac sa tír seo budh thuaidh, & budh Colum Cille a ainm, & budh hé an deachmhadh glún ó Chormac Ó Cuinn é, & béidh sé lán de rath, & de ghrásaibh an Dé atá 'na Aon & na Thriúr, & atá ann, & a bhí & bhéas; & béidh mórán de thearmannaibh & de cheallaibh in Éirinn & in Albain aige, & beannochaidh sé an talamh-sa ó'n tsruth anonn, & budh tearmann do gach aon rachas ann go bráth arís é; & is in a onóir thug Bran an comairce úd do'n fhiadh, nár lean sí tar abhainn anonn é, & Bealach Damhain ainm an ionaid sin a thug Bran an comairce sin do'n fhiad ó shin i leith.” Bhí fhios againn cheana féin go raibh ordóg feasa ag Fionn acht char chualas riamh roimhe go ndearna sé táirringearacht Críostamhail go dtí sin. Is cosmhail go raibh Fionn i dTírchonaill go minic. Ag seo sean sgéal sgríobhas Ua Comhraidh a fuair sé sean i sgríbhinn fá sheilg a bhí ag Fionn i dTírconaill. Lá ann bhí Fionn ag seilgearacht i dTírchonaill & ocht laoich tréana de'n Fhiann in éinfheacht leis. Bhíodar 'na suidhe ar dhruim sléibhe ag an mBearnas Mór nuair a dhúisigh na gadhra torc allta, & lean é. Mhairbh an eullach fiadhain na gadhra uilig acht amháin Bran & rug Bran buaidh an dtorc & do ghabh é. Ar mbeith gaibhte do'n torc leig sé ullghlór as, & tháinig fáthach mór ghránda amach as an sliabh & d'iarr ar Fhionn a ghadhar do ghlaodhach chuige dá mhuc. Thug na Fiann cath do acht rug sé buaidh orra go léir & do leag ar lár iad & do cheangail a gcaola le téadaibh láidre. Thug sé cuireadh ann sin d'Fhionn & do na Fiannaibh teacht ar cuairt go dtí a Shith nó a lios a bhí i nGleann-deirg-deis & thug Fionn & na Fiann isteach dhul leis. Nuair a tháinig siad go dtí doras an leasa bhuail an fáthach buille dá shlait dhraoidheachta ar an dtorc & d'athruigh é go cruth cailín óig áluinn. Bhuail sé buille eile ar féin & d'athruigh a chruth go raibh ar chuma fhir choitchinn. Bhí fleadh ar bórd rompa & shuidheadar síos go súgach & Sgáthach .i. inghean áluinn an fathaigh ag freastal orra. Thug Fionn grádh do'n óigmhnaoi & d'iarr ar a hathair í le pósadh. Níor dhiúlt an t-athair é & pósadh iad ar an mball, & bhí ceól & rinnce aca go dtí am luighe. Chuaidh Fionn isteach i seomra leaptha do bhí ullamh fá n-a choinne, acht san am céadna d'iarr Sgathach iasacht a chruite ar an gcruitire & do ghabh ag seinnim ar an gcruit. Ba hé an ceól do sheinn sí acht an suantraighe, & cha raibh sí i bhfad in a gcionn nuair thuit tromshuan ar an uile dhuine do bhí sa lios. Thuit Fionn & na hocht bhFianna & Bran na gcodladh chomh maith le ceann. Tráth mhúsgail siad as an tromshuan sin bhí meadhon lae ann lá ar n-a bhárach, & iad amuich ar mhullach an Bhearnais Mhóir mar a bhí siad ar tús, & chan fhaca siad an torc nó an fáthach nó Sgathach chneasgheal ní ba mhó. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services