Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCONAILL
Dubhairt mé cheana go bhfuil Gleanngheis leath-bhealaigh
idir Árd-a'-Rátha & Seanghleann Choluimcille. Badh
mhaith liom cuairt a thabhairt ar an tSeanghleann mar
is áit fhíor-Ghaedhealach í & tá a lán seansgéalta & a
leithéidí sin ann, acht cha raibh faill agam an turas seo.
Ag seo seansgéal áluinn bhaineas leis an tSeanghleann
atá i mbeatha Choluimcille.
“Ní headh amháin do thairringireadar naoimh Éireann
& a huasal aithreacha aga a raibh fáidheadórachta ó Dhia
teacht Coluimcille acht do thairringireadar na draoithe
& na daoine ag nach raibh creideamh go dtiocfadh sé,
i bhfad roimh n-a gheineamhain, & dá dhearbhadh sin do
thairringir Fionn mac Chumhaill go dtiocfadh sé an uair
do leig sé Bran .i. an chú oirdhearc do bhí aige, de'n
damh allta ag abhainn tSeanghlanna i gcríoch Chinéil
Chonaill leis a ráidhtear Gleann Choluimcille indiu, &
níor lean an chú an fhiadh tar abhainn Glinne anonn &
ba hiongnadh le cách an chú nár leig aon bheathadhach
uaithe riamh dá dhéanamh sin. Is ann do chuaidh Fionn i
muinighin a fheasa & do labhair tré spiorad fáidheadór
-achta, gion go raibh creideamh aige & is eadh adubhairt.
Geinfidhear mac sa tír seo budh thuaidh, & budh Colum
Cille a ainm, & budh hé an deachmhadh glún ó Chormac
Ó Cuinn é, & béidh sé lán de rath, & de ghrásaibh an Dé
atá 'na Aon & na Thriúr, & atá ann, & a bhí & bhéas;
& béidh mórán de thearmannaibh & de cheallaibh in Éirinn
& in Albain aige, & beannochaidh sé an talamh-sa ó'n
tsruth anonn, & budh tearmann do gach aon rachas ann
go bráth arís é; & is in a onóir thug Bran an comairce
úd do'n fhiadh, nár lean sí tar abhainn anonn é, & Bealach
Damhain ainm an ionaid sin a thug Bran an comairce
sin do'n fhiad ó shin i leith.”
Bhí fhios againn cheana féin go raibh ordóg feasa ag
Fionn acht char chualas riamh roimhe go ndearna sé
táirringearacht Críostamhail go dtí sin.
Is cosmhail go raibh Fionn i dTírchonaill go minic.
Ag seo sean sgéal sgríobhas Ua Comhraidh a fuair sé
sean i sgríbhinn fá sheilg a bhí ag Fionn i dTírconaill.
Lá ann bhí Fionn ag seilgearacht i dTírchonaill & ocht
laoich tréana de'n Fhiann in éinfheacht leis. Bhíodar 'na
suidhe ar dhruim sléibhe ag an mBearnas Mór nuair a
dhúisigh na gadhra torc allta, & lean é. Mhairbh an
eullach fiadhain na gadhra uilig acht amháin Bran & rug
Bran buaidh an dtorc & do ghabh é. Ar mbeith gaibhte
do'n torc leig sé ullghlór as, & tháinig fáthach mór
ghránda amach as an sliabh & d'iarr ar Fhionn a ghadhar
do ghlaodhach chuige dá mhuc. Thug na Fiann cath do
acht rug sé buaidh orra go léir & do leag ar lár iad &
do cheangail a gcaola le téadaibh láidre. Thug sé
cuireadh ann sin d'Fhionn & do na Fiannaibh teacht ar
cuairt go dtí a Shith nó a lios a bhí i nGleann-deirg-deis
& thug Fionn & na Fiann isteach dhul leis. Nuair a
tháinig siad go dtí doras an leasa bhuail an fáthach
buille dá shlait dhraoidheachta ar an dtorc & d'athruigh
é go cruth cailín óig áluinn. Bhuail sé buille eile
ar féin & d'athruigh a chruth go raibh ar chuma fhir
choitchinn. Bhí fleadh ar bórd rompa & shuidheadar síos
go súgach & Sgáthach .i. inghean áluinn an fathaigh ag
freastal orra. Thug Fionn grádh do'n óigmhnaoi &
d'iarr ar a hathair í le pósadh. Níor dhiúlt an t-athair
é & pósadh iad ar an mball, & bhí ceól & rinnce aca go
dtí am luighe. Chuaidh Fionn isteach i seomra leaptha
do bhí ullamh fá n-a choinne, acht san am céadna d'iarr
Sgathach iasacht a chruite ar an gcruitire & do ghabh ag
seinnim ar an gcruit. Ba hé an ceól do sheinn sí acht
an suantraighe, & cha raibh sí i bhfad in a gcionn nuair
thuit tromshuan ar an uile dhuine do bhí sa lios. Thuit
Fionn & na hocht bhFianna & Bran na gcodladh chomh maith
le ceann. Tráth mhúsgail siad as an tromshuan sin bhí
meadhon lae ann lá ar n-a bhárach, & iad amuich ar
mhullach an Bhearnais Mhóir mar a bhí siad ar tús, & chan
fhaca siad an torc nó an fáthach nó Sgathach chneasgheal
ní ba mhó.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11