Bás an Athar Eoghan
Los Angeles, California,
24 Deireadh Fóghmhair, 1899
Do lucht Chonnartha na Gaedhilge, léightheoraí an
"Chlaidhimh Soluis" agus mo chara Tomás Ua Concean-
nainn tá sgéal dubhrónach le n'innseacht agam, acht
b'fhéidir go bh-fuil fhios agaibh cheana é ó'n teachtaireacht
teintreach do chuir mé go Connradh na Gaedhilge, tá an
t-Athair Ua Gramhna cáillte. Fuair sé bás ag osbui-
déal na Seathar dTrócaireach (ban riaghalta) na
cathrach so tráthnóna Dia Céadaoine ag an sé a chlog,
ochtmhadh lá déag de'n mhí seo. Beannacht dílis Dé le
n'anam.
Thainic sé annso ó Arisóna i nIul agus ó soin go dtí
an chéad seachtmhain de mheadhón fhóghmhair bhí sláinte
maith go leor, acht dar ndóigh bhí sé le trí bhliadhnaibh
lag, go h-an-lag. Annsin thainic tinneas croidhe mór
air ó chnapán uisge a bhí 'na leath-taoibh. B'éigin do
na dochtúraí ceann de chnámhaibh a thaoibhe a ghearradh
agus poll beag a dheunadh l'aghaidh an t-uisge leigean
amach. Dia Máirt rinneadh é so. Bhí sé ag deunadh
go deas, go deimhin go han-deas go dtí Dia Sathairn.
Annsin d'éirigh sé go dona agus mo chrádh, níor thainic
sé chuige fhéin arís go deo. Bhí a chiall agus a mheabhair
aige go dtí uair a bháis. Cuimhneóchaidh mé go bráth ar
na foclaibh déidheanacha dubhairt sé liom nuair d'ísligh
mé ar mo ghlúnaibh ag taoibh a leabtha agus phóg mé a
lámh. Annsin d'árduigh sé a lámh ós mo chionn agus
thug sé a bheannacht dham ag rádh 'na dhiaidh sin
"Beannacht Dé leat." Ag an sé a chlog tráthnóna
Dia Céadaoin, go díreach mar bhí clog Fáilte
an Aingil ag bualadh, d'imthigh a anam naomhtha as an
cholainn agus scuaib sé leis ó "Bhaile na n-aingeal"
annso go baile na n-aingeal i bhFlaitheas Dé. Tá 'fhios
agam go maith go raibh a anam chomh geal leis an
sneachta ar bhárr tsléibhe. Bhí grádh mór do ag gach
uile dhuine d'á raibh aithne aca air san bhaile mór-sa.
Tá an-chumha orm féin 'na dhiaidh, bhíodh sinn le chéile
beagnach 'ch uile thráthnóna ag suidhe faoi chrann mhór
ag caint i nGaedhilg faoi ar dteanga féin, faoi
Éirinn, faoi Mhuigh Nuadhadh (ann a bhí mé ag foghluim
faoi dhá bhliadhain) agus faoi 'chuile rud, acht, fairíor,
fairíor geur ní labhróchadh sé aon fhocal níos mó.
Bhí Árd-Aifrionn annso dó, bhí an t-easpog Mac
Gomaire agus fiche sagart ar fad ann, bhí sochraoid bhreagh
aige agus cuireadh i roilig na cathrach é i n-uaigh líonta
ar gach taobh le blathanna úrdha breagha agus duilleóga
glasa.
Go dtugaidh Dia na Flaithis dó.
Caithfidh mé rádh nach mairfeadh sé i bhfad dá leigeadh
na dochtúraí dó fhéin, mar bhí an cnapán uisge ag
goilleadh go mór air agus dá lagnadh. Bhí a fhios aige sin
agus fairíor go mba siocair a bháis é.
Mise le h-aithmheula mhór ar son an té atá imthighthe
uainn.
Labhrás Branóg
(L. T. Brannick)