Seanchus Grinn na Tuaithe.
I. - AR MUIN NA MUICE.
"Taoi ar muin na muice" adeirtear le duine bhíonn ar a 
shástacht agus gach nídh ar a thoil aige.  Is deacair a dhéanamh 
amach indiu cad fé ndeara dhon chéad duine riamh adubhairt é 
san a rádh.  "Ar mh'anam," arsa Tadhg Ghearróid liom-sa lá, 
"gur chaitheas-sa tamaillín ar mhuin muice, is go mb'fhearr liom 
fúm an t-asal is righne agus is ceanndána i rith na cúige 'ná í." 
"Mhaise, má's marchaigheacht a theastuigh uait," arsa mise, 
"ba ghreannmhar an t-ainmhidhe do thoghais chum iomchur a thabhairt 
duit.  An ar meisce bhís, nó an amhal a chuiris geall síos le 
héinne go ndéanfá an cleas soin?" 
"Ní raibh meisce ná dígh céille ná mearbhall orm," ar seisean, 
"agus níor dheineas togha ná rogha dhi; agus níor lugha do thugas 
toiligheacht leis an gcleas do dhéanamh.  Fiú amháin, níor iarradh 
orm an mharchaigheacht a ghlacadh, acht í bhronnadh orm dem chorp-
indeóin." 
Bhíos féin ag bladar leis agus ag mealladh uaidh choidhche go 
raibh iomlán an scéil faghta agam uaidh. 
"Is glan í mo chuimhne," ar seisean, "ar an aimsir nuair ná 
bíodh aon pháirc aonaigh 'san mbaile mór so Bhaile an Chláir. 
Bhíodh beithidhigh is caoirigh is capaill is muca dá ndíol ar an 
tsráid, agus thagadh laetheanta aonaigh go minic agus thabharfadh 
sé a dhóthain le déanamh do dhuine é féin do shaothrughadh tríotha ó 
cheann ceann na sráide.  Bhíodh lá áirithe i gcómhair na muc, 
ámhthach, agus thuas i Sráid na nGabhar a bhídís san dá ndíol. 
"Ní fheadar anois, sar a ndéarfainn bréag, cia aca coirce 
nó prátaidhe síl a bhí uaim an lá úd áirithe a thug fé dhéin an 
bhaile mhóir mé.  Lá aonaigh muc a b'eadh é ar aon chuma. 
Gheibheas suas an tsráid ar mo shuaimhneas.  Do chonnac an scata 
muc ag déanamh orm anuas; acht cheapas nár mhisde dhom 
leanamhaint ar m'aghaidh, agus go mb' fhuruist dam bóthar a 
threabhadh dam féin tríotha.  Bhí an tsráid lán ó thaobh taobh aca. 
Deirtear ná sáruigheann aon nídh muc le dánacht, acht amháin 
 
bean.  Scaoilimís tharainn na mná dhon iarracht so; acht deirim-
se nách ró-fhuruist muc a shárughadh. 
"Bhíodar ag druideamhaint liom anuas, agus láithreach baill 
do dhein sean-chráin a bhí ortha orm anall.  Bhagaras an maide 
uirthi a d'iarraidh í thiomáint as an mbealach uaim.  Muna mbeadh 
na muca eile do bheith ag brúghadh uirthi is dóigh liom go gcasfadh 
sí as an tslighe uaim.  Níor éirigh léi sin do dhéanamh, agus dhein 
sí cruinn díreach isteach orm.  Sar a raibh d'uain agam "I n-ainm 
an Athar" do rádh; bhíos árduighthe ar a muin aici, agus m'aghaidh 
siar ar a herball.  Chíonn tú féin nách ró-fhada iad na cosa so 
agam.  Da mbeadh fear árd im ionad-sa an lá úd do shleamh-
nóghadh an chráin idir a dhá chois gan bárthain dó.  Ar mo 
mhacántacht, a laogh, má bhí formad riamh agam le Seán Fada acht 
an lá céadna. 
"Má bhí fonn ó chianaibh uirthi marcaigheacht a thabhairt i n-aisce 
dhom (bíodh is nách raibh aon lorg agam-sa 'na diaidh), tháinig 
sceón anois innti an uair mhothuigh sí ar a druim mé.  Dá 
dtabharfadh sí aga dham geallaim dhuit go dtúirlingeóghainn go 
fonnmhar, agus gur mise mhaithfeadh dhi an méid a bhí déanta aici 
orm.  Acht ní raibh aon dul agam air.  Láithreach baill do phreab 
sí léi ar sodar, agus as soin d'imthigh sí ar chosa i n-áirde.  Ar 
an gcéad dul síos ba dhóbair di mé threascradh 'san lathaigh; acht 
chómh luath is fuaireas greim ar erball uirthi tháinig breis 
mheisnigh dom.  Síos linn an tSraid Árd, ise ag déanamh a díchill 
san tsiubhal, is mise agus greim an fhir bháidhte agam ar a 
herball. 
"Chrom na daoine ar liúghraigh, madraidhe ar sgeamhghail agus 
garsúin na sráide ar fheadghail. 
"Airiú, fan go bhfaghair iallaid," arsa Tomás Ruadh, a bhí ina 
sheasamh ag cúinne oifige an phuist.  Níor fhanas, ní gábhadh dham 
a innsint. 
"Cuirfidh mé coróin leat gur túisce bheidh an chráin ann ná 
thusa," arsa stollaire tuinncéara bhí ar thaobh na sráide.  Ní raibh 
fhios agam-sa olc ná maith cá raibh ár dtriall, agus dá bhrígh sin 
níor chuireas an geall; agus níor labhras chuige ná uaidh. 
"Ní fheacaís riamh cráin ag cur na talmhan di ar nós mo 
chránach-sa.  Bhí an rás rithte i n-aon dá neómat amháin, óir do 
coisceadh go hobann sinn.  Ghluais gearra-mhadra amach as tigh 
 
óil fé n-ár ndéin.  Dhírigh sé ar an gcráin agus do rug greim 
ar sróin uirthi.  Leig sise scread aisti, chas sí mór-dtimcheall 
agus do síneadh mise ar fleasc mo dhroma i séithleán uisge bhí 
ann.  Bhailigh sluagh daoine im thimcheall, cuid aca ag déanamh 
truaighe dhom agus a thuilleadh aca, mór-mhór stracairidhe na 
sráide, ag fonómhaid is ag magadh fúm.  Ní raibh éinne ann gan a 
chlab ar leathadh aige agus é ag gáiridhe." 
"Ar gortuigheadh i n-aon chor thú?" arsa mise.
"Níor deineadh," ar seisean; "acht scaras go maith leis is a 
rádh nár deineadh brúscar dem chloigeann ar leic na sráide." 
"Níor cuireadh lucht riartha na dlighe ar do thóir, ar 
cuireadh?" arsa mise. 
"Cad a bhí déanta as an tslighe agam-sa go gcuirfidhe im 
dhiaidh iad?" ar seisean. 
"Ar eagla gur ag goid na cránach a bhís," arsa mise, ag 
tabhairt aithfreagra air. 
"Ó, má deineadh éinnídh neamhdhleaghthach b'í an chráin a bhí 
cionntach agus ní mise," arsa Tadhg. 
Agus d'fhágamair slán agá chéile annsoin.
MICHEÁL Ó CONCHUBHAIR.
(A chríoch).