Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe. I - Ar Muin na Muice.

Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. I - Ar Muin na Muice.
Author(s)
Ó Conchubhair, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 202


Seanchus Grinn na Tuaithe.



I. - AR MUIN NA MUICE.



"Taoi ar muin na muice" adeirtear le duine bhíonn ar a
shástacht agus gach nídh ar a thoil aige. Is deacair a dhéanamh
amach indiu cad fé ndeara dhon chéad duine riamh adubhairt é
san a rádh. "Ar mh'anam," arsa Tadhg Ghearróid liom-sa lá,
"gur chaitheas-sa tamaillín ar mhuin muice, is go mb'fhearr liom
fúm an t-asal is righne agus is ceanndána i rith na cúige 'ná í."



"Mhaise, má's marchaigheacht a theastuigh uait," arsa mise,
"ba ghreannmhar an t-ainmhidhe do thoghais chum iomchur a thabhairt
duit. An ar meisce bhís, nó an amhal a chuiris geall síos le
héinne go ndéanfá an cleas soin?"



"Ní raibh meisce ná dígh céille ná mearbhall orm," ar seisean,
"agus níor dheineas togha ná rogha dhi; agus níor lugha do thugas
toiligheacht leis an gcleas do dhéanamh. Fiú amháin, níor iarradh
orm an mharchaigheacht a ghlacadh, acht í bhronnadh orm dem chorp-
indeóin."



Bhíos féin ag bladar leis agus ag mealladh uaidh choidhche go
raibh iomlán an scéil faghta agam uaidh.



"Is glan í mo chuimhne," ar seisean, "ar an aimsir nuair ná
bíodh aon pháirc aonaigh 'san mbaile mór so Bhaile an Chláir.
Bhíodh beithidhigh is caoirigh is capaill is muca dá ndíol ar an
tsráid, agus thagadh laetheanta aonaigh go minic agus thabharfadh
sé a dhóthain le déanamh do dhuine é féin do shaothrughadh tríotha ó
cheann ceann na sráide. Bhíodh lá áirithe i gcómhair na muc,
ámhthach, agus thuas i Sráid na nGabhar a bhídís san dá ndíol.



"Ní fheadar anois, sar a ndéarfainn bréag, cia aca coirce
nó prátaidhe síl a bhí uaim an lá úd áirithe a thug fé dhéin an
bhaile mhóir mé. Lá aonaigh muc a b'eadh é ar aon chuma.
Gheibheas suas an tsráid ar mo shuaimhneas. Do chonnac an scata
muc ag déanamh orm anuas; acht cheapas nár mhisde dhom
leanamhaint ar m'aghaidh, agus go mb' fhuruist dam bóthar a
threabhadh dam féin tríotha. Bhí an tsráid lán ó thaobh taobh aca.
Deirtear ná sáruigheann aon nídh muc le dánacht, acht amháin


L. 203


bean. Scaoilimís tharainn na mná dhon iarracht so; acht deirim-
se nách ró-fhuruist muc a shárughadh.



"Bhíodar ag druideamhaint liom anuas, agus láithreach baill
do dhein sean-chráin a bhí ortha orm anall. Bhagaras an maide
uirthi a d'iarraidh í thiomáint as an mbealach uaim. Muna mbeadh
na muca eile do bheith ag brúghadh uirthi is dóigh liom go gcasfadh
sí as an tslighe uaim. Níor éirigh léi sin do dhéanamh, agus dhein
sí cruinn díreach isteach orm. Sar a raibh d'uain agam "I n-ainm
an Athar" do rádh; bhíos árduighthe ar a muin aici, agus m'aghaidh
siar ar a herball. Chíonn tú féin nách ró-fhada iad na cosa so
agam. Da mbeadh fear árd im ionad-sa an lá úd do shleamh-
nóghadh an chráin idir a dhá chois gan bárthain dó. Ar mo
mhacántacht, a laogh, má bhí formad riamh agam le Seán Fada acht
an lá céadna.



"Má bhí fonn ó chianaibh uirthi marcaigheacht a thabhairt i n-aisce
dhom (bíodh is nách raibh aon lorg agam-sa 'na diaidh), tháinig
sceón anois innti an uair mhothuigh sí ar a druim mé. Dá
dtabharfadh sí aga dham geallaim dhuit go dtúirlingeóghainn go
fonnmhar, agus gur mise mhaithfeadh dhi an méid a bhí déanta aici
orm. Acht ní raibh aon dul agam air. Láithreach baill do phreab
sí léi ar sodar, agus as soin d'imthigh sí ar chosa i n-áirde. Ar
an gcéad dul síos ba dhóbair di mé threascradh 'san lathaigh; acht
chómh luath is fuaireas greim ar erball uirthi tháinig breis
mheisnigh dom. Síos linn an tSraid Árd, ise ag déanamh a díchill
san tsiubhal, is mise agus greim an fhir bháidhte agam ar a
herball.



"Chrom na daoine ar liúghraigh, madraidhe ar sgeamhghail agus
garsúin na sráide ar fheadghail.



"Airiú, fan go bhfaghair iallaid," arsa Tomás Ruadh, a bhí ina
sheasamh ag cúinne oifige an phuist. Níor fhanas, ní gábhadh dham
a innsint.



"Cuirfidh mé coróin leat gur túisce bheidh an chráin ann ná
thusa," arsa stollaire tuinncéara bhí ar thaobh na sráide. Ní raibh
fhios agam-sa olc ná maith cá raibh ár dtriall, agus dá bhrígh sin
níor chuireas an geall; agus níor labhras chuige ná uaidh.



"Ní fheacaís riamh cráin ag cur na talmhan di ar nós mo
chránach-sa. Bhí an rás rithte i n-aon dá neómat amháin, óir do
coisceadh go hobann sinn. Ghluais gearra-mhadra amach as tigh


L. 204


óil fé n-ár ndéin. Dhírigh sé ar an gcráin agus do rug greim
ar sróin uirthi. Leig sise scread aisti, chas sí mór-dtimcheall
agus do síneadh mise ar fleasc mo dhroma i séithleán uisge bhí
ann. Bhailigh sluagh daoine im thimcheall, cuid aca ag déanamh
truaighe dhom agus a thuilleadh aca, mór-mhór stracairidhe na
sráide, ag fonómhaid is ag magadh fúm. Ní raibh éinne ann gan a
chlab ar leathadh aige agus é ag gáiridhe."



"Ar gortuigheadh i n-aon chor thú?" arsa mise.



"Níor deineadh," ar seisean; "acht scaras go maith leis is a
rádh nár deineadh brúscar dem chloigeann ar leic na sráide."



"Níor cuireadh lucht riartha na dlighe ar do thóir, ar
cuireadh?" arsa mise.



"Cad a bhí déanta as an tslighe agam-sa go gcuirfidhe im
dhiaidh iad?" ar seisean.



"Ar eagla gur ag goid na cránach a bhís," arsa mise, ag
tabhairt aithfreagra air.



"Ó, má deineadh éinnídh neamhdhleaghthach b'í an chráin a bhí
cionntach agus ní mise," arsa Tadhg.



Agus d'fhágamair slán agá chéile annsoin.



MICHEÁL Ó CONCHUBHAIR.



(A chríoch).






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services