"Tá, gá ndéanta cuairt no céilidh agam,
bheifeá 'bhfad 'na bfearr de."
"Caidé sin?" ars' a' bhái'rioghan.
"Tá inghean ag an rígh is tá sí 'bhfad níos 
deise ná do inghean-sa; gach aon neach 'a
dtiocfaidh béidh siad ag iarraigh inghine a' 
ríogh agus gheóbhaidh sí a' saidhbhreas uilig."
"Caidé gheanamuid léithi?"
"Cuir í go muilionn a' scuitseála: gach 
aon neach chuaidh ariamh annsin, cha dtainic
siad ar ais."
Chuaidh an bháirioghan a bhaile.  Sgairt sí 
ar inghin a' ríogh: "Caithfidh tú dul go 
muilionn a' scuitseála."
Fuaras béitheach is cairt is lód lín.
Chuaidh sí roimpi; lean a' Pisín Breac
inghean a' ríogh.
"An leigfidh tú mise leat," ars' a' Pisín 
Breac.
"Leigfidh agus fáilte," arsa inghean a' ríogh.
Thóg sí an Pisín Breac agus chuir sí ar mullach 
an lóid é.
D'imthigh siad leobhtha chuige an muilionn.
Nuair a bhí siad ag an muilionn chuaidh 
siad isteach.
Char bhfada go dtainic cat isteach; char 
bhfada go dtainic dhá chat isteach; char bhfada 
go dtainic dhá chat déag isteach - cam-
shúileach cam-chosac, cam-earballach; char 
bhfada go dtainic Rí na gcat.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh," ars' an Pisín Breac, "acht
scuitleagaidh."
Thosuigh siad agus scuitligh siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh," ars' a' Pisín Breach, "acht 
mínighigidh."  Chuaidh siad is mhínigh siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh, acht sníomhaigidh, sníomhaigidh,"
ars' a' Pisín Breac.  Chuaidh siad is shníomh
siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh, acht fighigidh, fighigidh" ars' a'
Pisín Breac.  Chuaidh siad is d'fhigh siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh, acht bléitseálaigidh," ars' a'
Pisín Breac.  Chuaidh siad is bhléitseáil 
siad é.
"Tá sé an t-am," arsa Rí na gcat,
"a bheith ar siubhal."
D'imthigh inghean an ríogh; chruinnigh sí a cuid 
leanadaigh; chuir sí ar an chairt é; thainic 
sí a bhaile, í féin agus an Pisín Breac.
Lá ar n-a bhárach thainic a bhái'rioghan
isteach chuige cailleach na gcearc.
"Cad chuige ar dhubhairt tú liom inghean a'
ríog a chur annsin; thainic sí a bhaile agus na 
leanadaigh léithi.  Má budh deas ag imtheacht 
í, tá sí dhá dheas ag teacht a bhaile di."
"Ní'l agat acht do inghean fhéin a chur 
anois ann," arsa cailleach na gcearc.
Thainic a' bháirioghan a bhaile.
Sgairt sí ar a hinghin.  Dubairt sí léithi 
go gcaithfeadh sí dul chuige an muilionn le 
lód lín.  Fuaras réidh béitheach is cairt is 
lód lín.
Chuaidh sí ar siubhal is lean an Pisín 
Breac í.
"A ingheann na bái'rioghna, a' leigfidh tú 
mise leat?" ars' a' Pisín Breac.
"'Rud salach, cha bhíonn do léitheid liom,"
ar sise.  
D'imthigh léithi agus an Pisín Breac ag siubhal 
i gclábar 'na diaidh.
Chuaidh siad isteach 'un a' mhuilinn.  Char 
bhfada go dtainic cat isteach; char bhfada 
go dtainic dhá chath isteach; char bhfada go 
dtainic dhá chat déag isteach - cam-shúileach,
cam-chosach, cam-earballach.
Char bhfada go dtainic Rí na gcat isteach.
"Ithigidh, itigidh" arsa Rí na gcat.  "Ithigidh
agus strácaigidh," ars' a' Pisín Breac.
 
Chuaidh siad agus d'ith siad a' cailin agus a 
béitheach.
Sin deireadh mo sgéil.
ÉNRÍ O MUIRGHEASA.
TAGRA.
Pisín, pisin, kitten; pisgín cait of Leath Mhogha
Thuisligh, slipped, stumbled.  Gá for dá, if.  'Na bfearr = 
ní b'fhearr, better, in past and conditional construc-
tions.  Scuitseáil and bléitseáil are corrupt words
from English.  For the latter one often hears in Ulster
ar tuar: Tá an leanadach (= línéadach) ar tuar, the
linen's a-bleaching, Tuar = a bleach-green in Leath
Mhogha, Dr. Joyce remarking, "The word is used in
Munster, Connaught, and Leinster, but does not occur
at all in the Ulster counties" - Irish Names of
Places, I., 236.  Leanadaigh, gen. of leanadach = 
línéadach, linen.  Fuaras = fríth, was found.