Bhí rí is bái'rioghan ann aon uair
amháin. Fuair a bhái'rioghan
bás. Phós an rí baí'rioghan
eile. Thainig sí
isteach chuige
cailleach na
gcearc lá amháin.
Thuisligh sí i mbéal a'
dorais.
"Dia linn," ars' a' bhái'rioghan.
"Ná raibh Dia no Muire leat," arsa
cailleach na gcearc.
"Cad as a ndeir tú sin?" ars' a'
bhái'rioghan.
"Tá, gá ndéanta cuairt no céilidh agam,
bheifeá 'bhfad 'na bfearr de."
"Caidé sin?" ars' a' bhái'rioghan.
"Tá inghean ag an rígh is tá sí 'bhfad níos
deise ná do inghean-sa; gach aon neach 'a
dtiocfaidh béidh siad ag iarraigh inghine a'
ríogh agus gheóbhaidh sí a' saidhbhreas uilig."
"Caidé gheanamuid léithi?"
"Cuir í go muilionn a' scuitseála: gach
aon neach chuaidh ariamh annsin, cha dtainic
siad ar ais."
Chuaidh an bháirioghan a bhaile. Sgairt sí
ar inghin a' ríogh: "Caithfidh tú dul go
muilionn a' scuitseála."
Fuaras béitheach is cairt is lód lín.
Chuaidh sí roimpi; lean a' Pisín Breac
inghean a' ríogh.
"An leigfidh tú mise leat," ars' a' Pisín
Breac.
"Leigfidh agus fáilte," arsa inghean a' ríogh.
Thóg sí an Pisín Breac agus chuir sí ar mullach
an lóid é.
D'imthigh siad leobhtha chuige an muilionn.
Nuair a bhí siad ag an muilionn chuaidh
siad isteach.
Char bhfada go dtainic cat isteach; char
bhfada go dtainic dhá chat isteach; char bhfada
go dtainic dhá chat déag isteach - cam-
shúileach cam-chosac, cam-earballach; char
bhfada go dtainic Rí na gcat.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh," ars' an Pisín Breac, "acht
scuitleagaidh."
Thosuigh siad agus scuitligh siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh," ars' a' Pisín Breach, "acht
mínighigidh." Chuaidh siad is mhínigh siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh, acht sníomhaigidh, sníomhaigidh,"
ars' a' Pisín Breac. Chuaidh siad is shníomh
siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh, acht fighigidh, fighigidh" ars' a'
Pisín Breac. Chuaidh siad is d'fhigh siad é.
"Ithigidh, ithigidh," arsa Rí na gcat.
"Chan eadh, acht bléitseálaigidh," ars' a'
Pisín Breac. Chuaidh siad is bhléitseáil
siad é.
"Tá sé an t-am," arsa Rí na gcat,
"a bheith ar siubhal."
D'imthigh inghean an ríogh; chruinnigh sí a cuid
leanadaigh; chuir sí ar an chairt é; thainic
sí a bhaile, í féin agus an Pisín Breac.
Lá ar n-a bhárach thainic a bhái'rioghan
isteach chuige cailleach na gcearc.
"Cad chuige ar dhubhairt tú liom inghean a'
ríog a chur annsin; thainic sí a bhaile agus na
leanadaigh léithi. Má budh deas ag imtheacht
í, tá sí dhá dheas ag teacht a bhaile di."
"Ní'l agat acht do inghean fhéin a chur
anois ann," arsa cailleach na gcearc.
Thainic a' bháirioghan a bhaile.
Sgairt sí ar a hinghin. Dubairt sí léithi
go gcaithfeadh sí dul chuige an muilionn le
lód lín. Fuaras réidh béitheach is cairt is
lód lín.
Chuaidh sí ar siubhal is lean an Pisín
Breac í.
"A ingheann na bái'rioghna, a' leigfidh tú
mise leat?" ars' a' Pisín Breac.
"'Rud salach, cha bhíonn do léitheid liom,"
ar sise.
D'imthigh léithi agus an Pisín Breac ag siubhal
i gclábar 'na diaidh.
Chuaidh siad isteach 'un a' mhuilinn. Char
bhfada go dtainic cat isteach; char bhfada
go dtainic dhá chath isteach; char bhfada go
dtainic dhá chat déag isteach - cam-shúileach,
cam-chosach, cam-earballach.
Char bhfada go dtainic Rí na gcat isteach.
"Ithigidh, itigidh" arsa Rí na gcat. "Ithigidh
agus strácaigidh," ars' a' Pisín Breac.
Chuaidh siad agus d'ith siad a' cailin agus a
béitheach.
Sin deireadh mo sgéil.
ÉNRÍ O MUIRGHEASA.
TAGRA.
Pisín, pisin, kitten; pisgín cait of Leath Mhogha
Thuisligh, slipped, stumbled. Gá for dá, if. 'Na bfearr =
ní b'fhearr, better, in past and conditional construc-
tions. Scuitseáil and bléitseáil are corrupt words
from English. For the latter one often hears in Ulster
ar tuar: Tá an leanadach (= línéadach) ar tuar, the
linen's a-bleaching, Tuar = a bleach-green in Leath
Mhogha, Dr. Joyce remarking, "The word is used in
Munster, Connaught, and Leinster, but does not occur
at all in the Ulster counties" - Irish Names of
Places, I., 236. Leanadaigh, gen. of leanadach =
línéadach, linen. Fuaras = fríth, was found.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11