SÍOS AMACH.
A cháirde, inneósaidh mé 
sgeul díbh a thuit amach 
orm féin nuair a bhíos 
am' gharsún agus gan puinn 
céille agam.
Ins an am sain ba 
bheus ag fir óm' phar-
óiste dul síos amach ag cábógaidheacht og 
Baile an Mhistéalaigh.  D'fhanaidís ar feadh
mí nó dhó laistíos agus nuair a thigidís a bhaile 
chughainn do thógfaidís éinní go dtí na 
cuirp as na huaghnaibh, do bhíodh a leithéidí 
sin do sgéalthaibh agus d'eachtraithibh aco dh'á
innsint ar na cúrsaí greannmhara do 
thuiteadh amach ortha an fhaid a bhídís a baile.
Do bhí beirt fhear 'n-a gcomhnuidhe i 
ngiorracht dó nó trí pháirceannaibh do thig 
mo mháthar.  Do théidheadh an bheirt seo chómh 
siúráltha leis an mbarún síos amach ag baint 
na bprátaí gach aon bhliadhain a bheireadh 
ortha agus nuair a thigidís a bhaile ba dhóich leat 
ortha gur ag Tír na nÓg a bhíodar, do bhíodh 
a leithéid sin do sgoltha fútha ag innsint 
sgeultha ra na cúrsaí le greannmhaireacht 
do thuiteadh amach ortha an fhaid a bhídís a
baile, - i dtreó gur mhinic a ghuidhinn an lá 
fheicsint go mbeinn críonna laidir mo 
dhóthain chun go raghainn síos amach 'n-a 
dteannta.
 
Is air sin a bhíos ag cuimhneamh lá buidhe
fóghmhair agus me ag deunamh giúrnála éigin 
i n-aice an bhóthair nuair airigheas fuaim
gáirí chugham aniar an bóthar agus cad a chídhfinn
ag deunamh orm ná an bheirt fhear so go 
bhfuilim ag trácht ortha agus a ráinní ar a 
nguailnibh aco.
Nuair a thángadar am' aice dubhradar 
liom gluaiseacht orm i n-éinfheacht leó síos 
amach.  Dubhart láithreach go raghainn acht 
iad fhanamhaint ar feadh leath-uaire liom chun
go bhfaghainn me féin ollamh i gcómhair an 
bhóthair.
"Rith ort, má 's eadh," arsa iad-san ag 
gáirí.
Do ritheas isteach ag triall ar mo mháthair.
D'innseas di go raibh an bheirt fhear so ag 
dul síos go Baile an Mhistéalaigh ag cábóg-
aidheacht agus go rabhas féin ceapaithe ar dhul
i n-éinfheacht leó.
"Airiú, a laogh," arsa mo mháthair, "goidé 
sin ar siubhal agat: bíodh ciall agat agus fan 
annsain sa' bhaile dhuit féin.  Is minic 
airighinn t'athair, beannacht Dé le n-a anam,
dh'á rádh go gcaithfeadh na sglábhaithe bheith 
ag obair ó dhubh dubh fé fhliuchara agus fé fhuacht 
d'fheirmeóiríbh an bhaill sin agus ná bíodh teine 
ná teal rómpa istoidhche acht amháin cúpla 
cipín brosnaig agus rud ba mheasa ná sain ná 
bíodh do chóir leaptha aco le fághail acht 
briosgarnach suip agus seana-chratair bairlíní 
a bhíodh caithte amuigh ar lochta sgiobóil 'n-a 
dtómus, - agus d'á chómhartha sain féin, is mar 
gheall ar an gcúrsa déidheanach a thug 
t'athair síos amach go bhfuil sé sínte go 
tréith sa reilig i ndiú …"
Do bhí sí faid gach n-fhaid ag gabháil dam 
ar an gcuma sain agusi n-ionad a cómhairle a 
ghlacadh is é an rud a dheineas ná me féin 
ollmhughadh i gcomhair an bhóthair, agus seana-
chiopóg ráinne árdach liom agus dul mar ar 
fhágas na fir seo, - acht bhíodar imthighthe.
Seo chun reatha 'n-a ndiaidh me agus ní raibh mo 
rith i n-aistear mar thánag suas leó i n-aice 
Shráid-an-Mhuilinn.  Is amhlaidh a leath a 
súile ortha nuair a chonnaiceadar me.
"Airiú, cá raghair?" arsa iad-san liom.
"Cá raghainn," arsa mise, "acht síos amach 
i n-éinfheacht libh-se agus nár mhór an náire dhíbh 
nár fhan liom?"
Dubhradar liom filleadh a bhaile arís mar 
ní raibh aon ghnó síos agam, go rabhas ró-
lag chun oibre i measg meithile agus go mb'é 
gur thrúig bháis dam é agus dá mb' eadh go 
mbeadh mo mháthair ag cuir a mhilleáin ortha 
féin agus mar gheall air sin ná beinn i n-aon 
bhóthar leó.  D'fhiafruigheas díobh cad 'n-a 
thaobh go rabhadar ag magadh fúm sar ar 
fhágas an tigh agus dubhart leó go neamh-mbalbh
ná raghainn a bhaile anois chun go dtéidhinn 
go Baile an Mhistéalaigh ar dtúis.  Bhíodar 
faid gach n-fhaid dhom' chomhairliughadh chun 
dul a bhaile acht níor bh'aon chabhair dóibh bheith 
liom mar ní fhillfinn a bhaile.
Do thiomáineadar leó isteach sa' tSráid
agus do leanas-sa iad agus ní puinn righnis a 
dheineadar innti nuair a thugadar a n-aghaidh 
ar bhóthar Cheann-Tuirc.  D'fhanas-sa mar 
adeurfá cúpla céad ránn 'n-a ndiaidh mar 
ní leogfadh eagla dham teacht nídh-sa-
chomhgaraighe 'ná sain dóibh.  Do bhíomair ag 
siubhal linn ar an gcuma san chun gur thuit
an oidhche orainn.  Annsain do dhruideas
nídh-sa-chomhgaraighe dhóibh le heagla go 
raghaidís amúdha orm sa doircheacht.  Ba 
ghairid gur stop an bheirt aco suas ar lár 
an bhóthair agus dhírigheadar ar bheith ag cogar-
naigh le chéile.  Do tháinig as an gcogarnach 
gur ghlaodhadar chúcha mise.  Nuair a thánag 
chúcha dúbhradar liom go mb'fhearra dham 
dul thar n-ais go Sráid-an-Mhuilinn agus fana-
mhaint ann go maidin agus go dtabharfaidís 
 
fiacha mo lóistín dam i gcomhair na hoidhche
agus me dhul a bhaile dham féin ar maidin.
Dubhart leó ná raghainn. - Níor labhradar 
focal eile liom acht breith orm agus me leagadh 
chúcha ar lár an bhóthair.  Do bhíos ag spriútáil
d'iarraidh me fhéin a bhoghadh uata acht 
ní raibh aon chabhair dam ann.  Do tharraig
duine aco chuige carabhat agus do cheangail 
sé mo dhá láimh d'á chéile.  Annsain do 
dheineadar cronnóg díom agus do chuireadar 
mo ghlúine suas idir mo lámha: nuair a bhí
sain deunta aco sháitheadar bata mo ráinne
anuas ar fheacadh m' uileanna agus fé bhun mo 
dhá iosgad - agus thugadar ceangal an chipín 
orm ar an áit sin.  Do bhí beárna ar chloidhe 
an bhóthair 'n-a n-aice agus chuireadar isteach 
thar beárnainn me agus d'fhágadar annsain me.
Nuair a bhíodar imthighthe uaim do dhírigh 
mo smuaínte ar bheith dhom' chrádh.  Ba gheárr
gur dhírigheas ar bheith ag gol agus, ar ndóin,
níor bh'iongnadh sain, mar ní raibh aon taithighe 
agam ar dhólásaí an tsaoghail agus me anois 
ceangailthe go docht oidhche dhorcha i ndúthaig
iasachta.  Ní rabhas ró-fhada ceangailthe 
nuair airigheas "hó bhó! hó bhó!" ag duine ag 
teacht fém' ghéin (dhéin).  Ba gheárr 'n-a 
dhiaidh sain gur tháinig bó go beul na beárnan
acht chómh luath is chonnaic sí mise do ghlac 
sgárd í romham.  Do léim sí thar n-ais go 
hanaitheamhail agus chuir sí sgárd ann-sa chuid 
eile do na buaibh.  Do bhí an té bhí 'ghá 
dtiomáint ag troid 's ag aigneas leó a 
d'iarraidh go raghaidís isteach sa' pháirc acht 
níor bh'aon chabhair do bheith leó mar chómh 
luath is thigeadh aon cheann aco go dtí an 
bheárn agus chídheadh sí mise ní chuirfeadh fear 
píce isteach í.  I gcionn gearra-thamaill
do tháinig an té bhí 'ghá dtiomáint go dtí an 
bheárna feuchaint cad do bhí ag cuir an eagla 
ortha, acht mo chráidhteacht! chómh luath is 
chonnaic sé me mar bhios ar mo chora-ghiub
b'é an rud a dhein sé ná rith leis féin i 
dtáiniste an anma.
Do bhíos annsain níos uaignighe ná riamh 
mar cheapas ná geóbhadh éinne an bóthar go 
maidin: - Acht do ghaibh: mar nuair a bhíos 
chun talthughadh chugham féin agus mo shúil curtha 
agam d'aon fhuasgailt fhághail d'airigheas 
siosón cainte ag daoine tamall uaim agus ag 
druideamhaint liom.  Nuair a bhíodar ana-
chómhgarach dam do stopadar suas ar an 
mbóthar agus dhírigheadar ar bheith ag cóid-i-
bhfaid le chéile.
"Is dócha gur'b é an t-áidhbhirseóir féin 
atá ann," arsa duine aco.
"Ní hé, mhuise," arsa duine eile aco,
"acht duine éigin a bhí ag imirt ar an 
amadán buachalla sain: téanaídh oraibh anois 
agus bíodh geall libh ná fuil éinne ag an 
mbeárnain rómhaibh."
Níor labhras-sa aon fhocal amach as mo 
bheul le heagla gur'b amhlaidh a chuirfinn
sgáth ortha nuair a fuaras gur ag teacht 
fém' ghéin a bhíodar.  Do thángadar go dtí 
an bheárna agus lantaor ar lasadh aco agus 
d'fheuchadar isteach do dhruim na beárnan 
le solus an lantaora.  Annsain do labhras 
agus d'iarras ortha i bpéin an tsaoghail teacht 
isteach chugham agus me sgaoileadh ó sna cruadh-
cheangalacha a bhí orm.
"Goidé an sadhas duine thu?" arsa iad-san.
"Ó! sgaoilighidh me ar dtúis," arsa mise,
"mar is ar éigin atá ionnam labhairt, táim 
chómh traochta sain ag an bhfásgadh atá orm."
Do thángadar isteach chúgham agus do sgaoil-
eadar me óm' cheangalacha.  Nuair a bhíos 
sgaoilthe aco do cheistigheadar me go dian 
ar cad fé ndeara dham bheith ceangailthe nó 
cad as me.  Dubhart leó gur aniar ó Neidín
me agus gur grásaér ó'n áit sin a réidhtig liom
chun beithidheach a thiomáint go Ceann-Tuirc
do, agus gur ag filleadh a bhaile bhíos nuair a 
 
casadh robálaithe orm san áit seo agus tar éis
a raibh d'airgead agam a bhaint díom gur 
thugadar an ceangal so orm.  Níor leogadar 
dam a thuilleadh dhom' sgeul insint mar do 
dhírigheadar ar bheith ag deunamh truaigh dam,
agus d'iarr duine aco orm dul leis féin go 
dtí a thig go lá.  Do dheineas rud air, agus i 
ndeireadh na hoidhche do ghluaiseas féin agus an 
fear so fé ghéin aonaigh a bhí i gCeann-Tuirc.
Nuair a shroiseamair Ceann-Tuirc níor 
fhanas a thuilleadh 'n-a chuideachtain acht 
tiomáint liomm an bóthar soir ó'n sráid.
Bhíos ag siubhal liom go haonaramhail ar 
an gcuma sain agus ag cuir tuairisg' na slighe 
go Baile an Mhistéalaig ar gach éinne a 
caistí orm fan bhóthair: - Is é fhaid ar a 
ghiorracht go raibh Baile an Mhistéalaig
sroisithe agam go luath um thráthnóna Dé
Satharainn.
Ar maidin i mbáireach do chuadhas mar a 
raibh na cábóga.  Do chonnac an dá ghiúch a 
cheangail me 'n-a measg, acht mara sloig-
feadh an talamh iad ní fhaca aon phioc díobh 
as sain go hoidhche.
Ba luath um thráthnóna do bhí réidhtighthe 
leis na sgl'labhaithe go léir agus gach éinne aco 
imthighthe as an sráid, acht am' thaobh-sa níor 
fhiafhruigh éinne dhíom cad do thug me.  Do 
bhíos annsain am' chaonaidhe aonair ar feadh 
tamaill i dtreó gur cheapas gluaiseacht orm 
a bhaile arís, nuair a tháinig sean-duine agus 
seana-bhean go raibh asal agus turcail aco mar 
a rabhas.  Do luigheas féin agus an sean-duine 
ar chaint le chéile ar feadh tamaill agus b'é
tháinig as ár gcaint gur réidhtig sé liom ar 
choróinn go ceann seachtmhaine.
Do chuadhas a bhaile i n-éinfheacht leó agus ba 
ró-mhaith an t-ionad dam bheith aco.  Ní raibh 
aon uaigneas orm i gcaitheamh an seacht-
mhaine sin mar bhíod buachaillí an bhaill ag 
teacht ag sgoruidheacht chughainn gach aon 
oidhche agus sgeulaidhe ana-bhreágh do b'eadh an 
sean-duine.
Um thráthnóna Dé Satharainn do tháinig a 
dhá oiread daoine chúghainn is do thigeadh 
aon oidhche eile agus do bhí aon bhuachaill amháin 
'n-a measg a bhí ana-fhearamhail go léir agus i 
n-aimhdheóin a raibh do bhuachaillí sa tigh do 
bhí "giub geab" aige liom féin.  I ndeireadh 
bárra d'fhiafruigh sé dhíom cad as me.
Dubhart leis ná feadar mar gur bhfear 
cleas m'athair agus ná raibh aon áit chómhnuidhthe
riamh aige acht ag imtheacht ó aonach go 
margadh ar fuid cheithre chúige na hÉireann.
"Nár chóir go dtiospeánfá cleas éigin 
leis dúinn," arsa an buachaill seo.
"Mhuise, ní maith liom," arsa mise "bheith 
ag gabháil do chleasaibh i n-aon chor mar
chídhim daoine go minic ag deunamh cleas agus 
nuair a ghabhann beart 'n-a gcoingibh gur 
b'amhlaidh éirghid siad chun stalcaidheachta,
agus mar gheall air sin do thugas-sa suas 
iad." - Do dhírigh na buachaillí go léir ar 
thathaint orm cleas éigin a thiospeáint dóibh:
agus dubhairt an plubaire seo ná tiospeánfainn
mar ná feudfainn é.  Dubhart-sa go dtabhar-
fainn le rádh dho go ndeunfainn cleas a 
theipfeadh air sin dá mbadh mhaith liom é.
"'Seadh, feicfimís tu 'ghá dheunamh," arsa 
eisean.
Do chuireas pic ar lár an tighe agus do 
líonas suas d'uisge í.  Do fuaras spiún agus 
do shuidheas ar fhuarma i n-aice na pice.
Annsain do chuireas mo dhá láimh amach fé 
bhun mo dhá iosgad agus chaitheas trí spiúna 
uisge siar do dhruim mo chínn.  Dubhart leis 
an mbuachaill seo dá mheud plubaireacht a bhí 
air ná feudfadh sé an cleas sain a dheunamh.
Dubhairt sé go ndeunfadh agus gur gheárr an 
mhoill air é. - Do shuidh sé ar an bhfuarma agus 
do rug sé ar an spiúin fé mar a rugas-sa
agus seo é chun an uisge a chaitheamh do dhruim
 
a chinn.  Dubhart-sa leis nách mar sin a 
rugas féin ar an spiúin agus go gcaithfeadh sé 
leogaint dam a lámha a shocrughadh sa cheart 
uirthe.  Do chromas síos, dar leis, chun a 
lámha a shocrughadh 'sa' cheart ar an spiúin,
acht i n-' ionad san a dheunam b'é an rud a 
dheineas ná tarrac a bhaint as a lámha agus é 
chuir 'n-a shuidhe ar a thóin istig san uisge.
Leis sin do chuir na buachaillí go léir gutháirc 
asta nuair a chonnaiceadar an driuch a bhí
air agus do ritheas-sa i dtaobh thuas díobh sa 
chúinne le heagla go maireóbhadh sé me
nuair éireóghadh sé, - acht níor ghádh dham an 
t-anaithe: mar is amhlaidh a rith sé leis féin 
amach an dorus le heagla go ndeunfaidhe 
"bethé" dhe.
Ar maidin lá ar n-a bháireach fuaras mo 
phádh ó'n sean-duine agus do thánag a bhaile; agus 
ó'n lá sain ó shoin níor dheaghas síos amach.
TAGRA.
Síos amach, down the country.
Cábógaidheacht, cábóg = duine a raghadh síos amach
chun prátaí (potatoes) a bhaint ar a phádh (hire, wages).
Chómh siúráltha leis an mbarún, a very common
expression.  I do not know who or what is the barún.
Do [bhí] sgoltha fútha agus rl., talking loudly, agus c.,
"spouting," agus c.
Ag deunamh giúrnála, "shoring" around; doing
light jobs.
Baile an Mhistéalaigh = Mitchelstown.
Fliuchara, wet, rain.
Brioscarnach soip, refers to rotten straw.
Brosnaigh, from brosna.
Seana-chratair, old rags.
'N-a dtómus, for them specially.
Ciopóg: this is probably the name of something 
with which an old spade is compared; ní'l innti acht
ciopóg.
Sráid an Mhuilinn, Millstreet.
Go mb' é, such is the pronunciation; perhaps the
expression is short for go mb' fhéidir.
Trúig, cause.
Neamh-mbalbh, stiff and plain.
Righnis, gen. delay.
Ceann-Tuirc, Kanturk.
Ránn here = two paces - i.e., about 5 feet.
Spriútáil: refers to actions performed by legs;
making exertions with feet.
Cronnóg no crunnóg: applied to one doubled up
(from sickness, old age, agus c.): "chonnac é 'n-a chronnóig."
Is it possible that the word may be connected with
cranda?
Dólásaí, troubles.
Sgárd, terror, affright.
I dtáiniste an anma, for bare life (as it were).
Talthughadh, to settle oneself to rest; "ta sé taluighthe
chuige féin;" "tá sé tar éis talthughadh chuige féin,"
he has settled himself for rest (applied to beasts as
well as to man).
Súil, hope, expectation.
Ag cóid-i-bhfaid (nó cóide bhaid, agus c.) = arguing;
continuing an argument; upholding an argument;
refers to taking of a disputative nature; thrashing
out a subject.
Siosón (cainte), the murmuring sound of several
or many voices, all talking together.
Lantaor, lantern.
Néidín, Kenmare.
Grásaér, a blocker rather than a cattle jobber.
Robálaithe, robbers.
Is é fhaid ar a ghiorracht = to make a long story
short.
Giúch, "one watching to do you harm." 
Caonaidhe, one alone (in a state of abandonment?)
Ana-fhearamhail, very forward.
Giub geab, "short talk"?  The expression is in
common use.
Stalcaidheachta (agus stalcaidheala), éirghid siad chun
s. = they get houghed; they take offence.
Plubaire, one who talks a lot and in a loud tone.
Spiún, spoon; spiúna, spoons.
Gutháirc = liúgh = a shout.
Bethé = a laughing stock.
Driuch, plight.
Micheál Ó Briain.
[Fuair Micheál ó Briain an sgéal so ó Chonchubhar
ó Deasmhumhna.  Táid siad araon 'na gcomhnaidhe
i mBaile Mhic Íre i bParóiste Bhaile Mhúirne.  An
sgéalaidhe do bhain as a stuaim féin é.  - F. an I.].