AN PHLÉIS AM.
(Sgéal innistear do'n aos og.)
Fear a bhí ann fad ó shoin a rabh Mághnus
air.  Chaitheadh a bhean a thabhairt air caisleán 
a dheánamh dí.  Nuair a bhí an caisleán 
déanta, ní rabh an ghnaithe ar dóigh go ndéan-
fadh se pléis am dí.  Annsin, ní rabh a fhios
aige goidé an dóigh a ndeánfadh se pléis am.
Chuaidh se amach fa na cloicheacha agus casadh 
Bilidh an Dealáin air.  Thug Bhullaidh dó 
bata buidhe.  Arsa Bhullaidh,
"Abair leis an bhata bhuidhe a chomhairle 
fhéin a dheanamh."
Chuaidh Mághnus amach annsin agus rug se 
greim rubaill ar an tarbh agus bhuail an bata 
buidhe stróic ar an tarbh agus stróic ar Mhághnus
thart fa n-a chaisleán.
Reath bean Mhághnuis amach annsin a shábháil
Mhághnuis.  Rug sí greim ar Mhághnus agus 
ghreamuigh sí do Mhághnus.
"A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin,"
arsa Mághnus.
Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh agus 
stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis
thart fa n-a chaisleán.
Bhí táilliúr istigh.  Sgairt bean Mhághnuis 
amach ar an táilliúr go sábháilfeadh se í.
Fuair an táilliúr greim ar bhean Mhághnuis
agus bhí se greamuiste do bhean Mhághnuis.
"A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin,"
arsa Mághnus.
Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh,
stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis 
is stróic ar an táilliúr.  Bhí an bata buidhe
ag bualadh thart fa'n chaisleán ó'n darna 
stróic.  Bhí buachaill eile ag glanadh na 
sráide.
"Guidhim thú," arsa bean Mhághnuis,
"tabhair lámh chuidighthe damh."
Thóg an buachaill an tsluasad agus tharraing
se uirthi.  Bhí an tsluasad lán clábair agus bhí
sé ag brath ar a fághail réidhtighthe agus leag se
an tsluasad uirthi agus ghreamuigh an tsluasad 
dí agus ghreamuigh dhá laimh an bhuachalla do'n 
tsluasaid.
"A bhata bhuidhe," arsa Mághnus, "deán
do chomhairle fhéin."
Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh,
stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis,
stróic ar an táilliúr, agus stróic ar fhear na 
sluaisde gur chuis se an t-iomlán thart
timcheall fa'n chaisleán go dtí go rabh bean 
Mhághnuis tuirseach do'n phléis am gur iarr 
sí ar Mhághnus stad do'n phléis am, agus sgairt 
Mághnus annsin ar Bhullaidh an Dealáin agus 
bheir Bhullaidh an Dealáin ar an bhata bhuidhe 
agus thug sé stróic thart fa dtaobh díobh agus bhí an 
t-iomlán réidhtighthe.
TAGRA.
Pléis am = nonsense, silly
talk, balderdash, humbug, foolery, &c.
"rinn sé pléis am díom, he made
a fool of me."
pléis = accosting or
addressing a person all of a sudden, ex. bhuail sé pléis
 
chomhráidh orm, he accosted me.
A rabh Mághnus air = go raibh Mághnus mar ainm air,
ar a raibh Mághnus mar ainm, whose name was Manus.
Chaitheadh a bhean a thabhairt air, "the woman be to make
him," i.e., his wife must needs make him, agus c.; caithim,
I must, agusc.  Gnaithe = gnó, business.  Ar dóigh =
i gceart, 'sa' cheart, i gcaoi, right, properly finished,
agus c.  Dóigh = slighe, caoi, cuma, way, method.  Bilidh
(Bullaidh) an Dealáin, "Billy (Willy) of the Spark (or
glimmer of light)" = Will o' the Wisp.  
Rubaill = earbaill, gen.; rug sé greim r.
ar an tarbh, he caught the bull by the tail.  Stróic, a
stripe, a blow.  Reath = do rith, ran.  Thart fa, round
through or round about.  Greamuiste = greamuighthe,
struck.  Tharraing se uirthi, he drew near or towards
her.  Clábair, gen. of clábar, the thick mud or slush
of the roads.  Bhí se ag brath ar a fághail réidhtighthe,
"he was intending to get the woman rid".  (i.e., clear).
Thart fa dtaobh díobh, round about them.
There is also a legend to the effect that the celebrated
Gobán Saor was once asked to make a pléis am and that
he failed to do it, for obvious reasons, as pléis am =
neimhní.  This has, so far, never been obtained.