Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. An Phléis Am.

Title
Sgéalaidheacht. An Phléis Am.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Ó Beirn, Paidí. Mín na Gualann in Glenf
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 150


AN PHLÉIS AM.



(Sgéal innistear do'n aos og.)



Fear a bhí ann fad ó shoin a rabh Mághnus
air. Chaitheadh a bhean a thabhairt air caisleán
a dheánamh dí. Nuair a bhí an caisleán
déanta, ní rabh an ghnaithe ar dóigh go ndéan-
fadh se pléis am dí. Annsin, ní rabh a fhios
aige goidé an dóigh a ndeánfadh se pléis am.



Chuaidh se amach fa na cloicheacha agus casadh
Bilidh an Dealáin air. Thug Bhullaidh dó
bata buidhe. Arsa Bhullaidh,



"Abair leis an bhata bhuidhe a chomhairle
fhéin a dheanamh."



Chuaidh Mághnus amach annsin agus rug se
greim rubaill ar an tarbh agus bhuail an bata
buidhe stróic ar an tarbh agus stróic ar Mhághnus
thart fa n-a chaisleán.



Reath bean Mhághnuis amach annsin a shábháil
Mhághnuis. Rug sí greim ar Mhághnus agus
ghreamuigh sí do Mhághnus.



"A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin,"
arsa Mághnus.



Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh agus
stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis
thart fa n-a chaisleán.



Bhí táilliúr istigh. Sgairt bean Mhághnuis
amach ar an táilliúr go sábháilfeadh se í.
Fuair an táilliúr greim ar bhean Mhághnuis
agus bhí se greamuiste do bhean Mhághnuis.



"A bhata bhuidhe, deán do chomhairle fhéin,"
arsa Mághnus.



Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh,
stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis
is stróic ar an táilliúr. Bhí an bata buidhe
ag bualadh thart fa'n chaisleán ó'n darna
stróic. Bhí buachaill eile ag glanadh na
sráide.



"Guidhim thú," arsa bean Mhághnuis,
"tabhair lámh chuidighthe damh."



Thóg an buachaill an tsluasad agus tharraing
se uirthi. Bhí an tsluasad lán clábair agus bhí
sé ag brath ar a fághail réidhtighthe agus leag se
an tsluasad uirthi agus ghreamuigh an tsluasad
dí agus ghreamuigh dhá laimh an bhuachalla do'n
tsluasaid.



"A bhata bhuidhe," arsa Mághnus, "deán
do chomhairle fhéin."



Bhuail an bata buidhe stróic ar an tarbh,
stróic ar Mhághnus, stróic ar bhean Mhághnuis,
stróic ar an táilliúr, agus stróic ar fhear na
sluaisde gur chuis se an t-iomlán thart
timcheall fa'n chaisleán go dtí go rabh bean
Mhághnuis tuirseach do'n phléis am gur iarr
sí ar Mhághnus stad do'n phléis am, agus sgairt
Mághnus annsin ar Bhullaidh an Dealáin agus
bheir Bhullaidh an Dealáin ar an bhata bhuidhe
agus thug sé stróic thart fa dtaobh díobh agus bhí an
t-iomlán réidhtighthe.



TAGRA.
Pléis am = nonsense, silly
talk, balderdash, humbug, foolery, &c.



"rinn sé pléis am díom, he made
a fool of me."



pléis = accosting or
addressing a person all of a sudden, ex. bhuail sé pléis


L. 151


chomhráidh orm, he accosted me.



A rabh Mághnus air = go raibh Mághnus mar ainm air,
ar a raibh Mághnus mar ainm, whose name was Manus.
Chaitheadh a bhean a thabhairt air, "the woman be to make
him," i.e., his wife must needs make him, agus c.; caithim,
I must, agusc. Gnaithe = gnó, business. Ar dóigh =
i gceart, 'sa' cheart, i gcaoi, right, properly finished,
agus c. Dóigh = slighe, caoi, cuma, way, method. Bilidh
(Bullaidh) an Dealáin, "Billy (Willy) of the Spark (or
glimmer of light)" = Will o' the Wisp.



Rubaill = earbaill, gen.; rug sé greim r.
ar an tarbh, he caught the bull by the tail. Stróic, a
stripe, a blow. Reath = do rith, ran. Thart fa, round
through or round about. Greamuiste = greamuighthe,
struck. Tharraing se uirthi, he drew near or towards
her. Clábair, gen. of clábar, the thick mud or slush
of the roads. Bhí se ag brath ar a fághail réidhtighthe,
"he was intending to get the woman rid". (i.e., clear).
Thart fa dtaobh díobh, round about them.



There is also a legend to the effect that the celebrated
Gobán Saor was once asked to make a pléis am and that
he failed to do it, for obvious reasons, as pléis am =
neimhní. This has, so far, never been obtained.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services