SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.  
Bhí Tomás sásta go leór leis
an margadh, agus chuaidh sé chum 
comhnaighthe i dtigh an 
gharrdhanóra, agus go 
deimhin budh chúra-
mach críochnamhail
gasta an buachaill é ag 
foghlaim a cheirde.  An 
chéad bhliadhain níor leog 
sé Domhnach ar bith thairis gan dul go dtí an 
t-aifreann, agus deireadh sé a phaidreacha gach 
maidin agus oidhche.  An dara bliadhain chuir sé
aithne ar bheirt bhuachaillí óga do'n chathair, agus 
chaitheadh sé an mhéid aimsire agus dob' fhéidir leis 
'na gcomhluadar.  Dob' olc an comhluadar 
do Thomás na fir óga úd, mar is amhlaidh 
bhídís a' magadh faoi Thomás agus a chreideamh,
agus ag déanamh aithrise ar na h-Éireannaigh
agus a mBéarla.  Is gearr gur éaluigh an nós 
céadna ar Thomás na Claise, agus thug sé 
iarracht ar fhuaim a chainte d'athrughadh, agus é 
ag iarraidh labhairt tré pholláiríbh a shróna.
Níor bh'fhéidir aon mhasladh níos mó do thabhairt 
dho 'ná a rádh leis gur bh'fhear Gaedhealach é;
i n-aon fhocal do dhein sé aithris ar nósaibh
na bhfear óg úd.
Nuair a bhí a théarma suas leis an 
ngarrdhanóir, bhí cuid mhaith airgid aige.
Bhí ráfla amuigh ar Stát Calafóirne an 
t-am sin go raibh saoghal maith ag gach 
aon duine ann, agus gur bh'fhurusda mórán 
airgid do chnuasaigh ann.  Do ghluais
Tomás na Claise chum siubhail agus níor stad 
sé cós riamh 'ná choidhche nó gur shrois sé 
Cathair na n-Aingeal i Stát Calafóirne.
 
Fuair Tomás obair n'a mhaor os cionn
garrdha fíneamhna do bhí ag fear saidhbhir,
timcheall sé mhíle o'n gcathair, gur bh'ainm
do Acton.  Saghas Éireannaigh dob' eadh é,
ó 'níos amach, agus bhí sé chomh dubh le muic i 
gcoinne Chatoilice, acht níor chuir rud beag 
do'n tsórt sin aon bhuaidhirt ar Thomás na
Claise.  Bhí meas mór ag Acton ar Thomás,
mar do mholadh Tomás leis gach nídh adeireadh 
sé i gcoinne na gCatoiliceach, agus ní chrosadh
sé é, 'pé rud adeireadh sé leó; ní raibh de
chlainn 'san tsaoghal ag Acton acht aon 
inghean amháin; bhí sí timcheall le hocht
mbliadhna déag d'aois, agus í 'na cailín óg
álainn.
Nuair bhí Tomas 'san tigh suas le trí 
ráithe, bhí sé féin agus an cailín óg ag suirghe
le n-a chéile.  Ní leigfeadh an eagla dho í 
d'iarraidh ar a hathair, mar bhí an-chion ag 
an athair uirri; cad do dheineadar acht 
éalódh le n-a chéile go Cathair na n-Aingeal,
chuadar go dtí breitheamh, agus do pósadh le 
n-a chéile iad.  Annsain chuir bean Thomháis
sgéala ag triall ar a h-athair ar an mbeart
do dheineadar, agus ag iarraidh a bpárdúin
dóibh araon.  Bhí an t-athair cráidhte, acht 
'sé brígh an sgéil gur thug Acton maitheamhnas 
dóibh, agus gur ghlac sé Tomás na Claise mar 
chliamhain chuige; agus d'fhág sé an talamh go 
léir agus gach uile shaidhbhreas d'á raibh aige ag 
an lánamhain óg, nuair a fuair sé bás.
Bhí Tomás na Claise an uair sin agus budh 
mhór é a mheas air féin, Bhí sé a' déanamh 
móráin fíona, agus 'gá dhíol go daor.  Bhí aon 
mhac amháin aige, agus nuair a bhí an garsún dá
bhliadhain déag d'aois, fuair a mháthair bás.
Timcheall na h-aimsire úd do cheap Tomás
fíon nua, agus thug sé mar ainm air Angelica
Wine.  Bhí a ainm i n-áirde ar fud an 
stáit mar gheall ar an bhfíon nua do cheap 
sé.  Bhí mórán talmhan agus airgid aige nuair 
a fuair a bhean bás.  Chuir sé an mac ar 
sgoil Sasanaigh do bhí ins an áit sin, agus d'fhás 
an buachaill suas gan chreideamh 'ná eólus
ar Dia aige act chómh beag is dá mbeadh sé
na phágánach.
Níor chuir Tomás  féin aon tsuim i 
n-aifreann ná i n-ord lé mórán de bhliadhan-
taibh, acht amháin nuair a labhradh sé lé
heasonóir ar na sagairt agus ar a gcreideamh.
Bhí sé a' bailiughadh óir agus airgid 'na charnaibh;
bhí an saoghal ar a thoil féin aige, nó gur 
bhuail doigh 'san chroidhe é aon oidhche amháin
timcheall meadhóin na hoidhche.  Ní raibh 'san
tigh an t-am sin d'oidhche acht a mhac, agus cailín 
aimsire Gaedhealach, gur bh'ainm di Máiréad
Ní Ghormacháin; bhí an cailín so mar thigheasach 
ag Tomás na Claise lé trí bliadhna.  Máire
a ghlaodhach sé mar ainm uirri.  Bhí muinighin 
mhór ag Tomás as an gcailín úd, agus chuireadh 
sé d'fhiachaibh uirri dul go dtí an t-aifreann
gach Domhnach, agus mar an gcéadna, dul chum
faoisdine go minic; ní mar mhaithe leis an 
gcailín bocht do dheineadh sé an nídh sin,
acht mar adubhairt sé go minic, i gcóir nach 
goidfeadh sí aon nídh uaidh.
An oidhche úd gur bhuail an tinneas croidhe 
é, do ghlaodh se ar a mhac chuige, agus d'innis
sé do gur shaoil sé go raibh sé ag fághail 
bháis, agus gur mhaith leis an sagart do theacht 
chum é d'ollmhúghadh chum báis.
"Arú, a amadáin, bíodh ciall agat," ars' an 
mac, "ní fhéadfadh an sagart aon mhaitheas 
do dhéanamh dhuit.  Má theasduigheann
aonne uait, tabharfad an ministir chugat."
"Ní theasduigheann aon mhinistir uaim acht 
an sagart," ar a athair leis, "agus iarraim, ar
son Dé, ort dul ar a lorg dhom."
"Mise, an eadh! dhul ag iarraidh an 
tsagairt duit," ars an mac, "dob' fheárr
liom thú d'fheicsint fuar marbh os comhair
mo shúl 'ná an sagart a bheith agat."
 
"Imthigh leat as mo radharc, is gan sliocht 
ná séan ná rath ort," ars' an t-athair, agus do 
chuir sé míle mallacht ar mhullach a chinn
anuas.
"Ní dhéanfad corraighe as an áit seo,"
ars' an mac, "is má thagann an sagart annso 
isteach, cuirfead an dá ph'léar atá ins an 
ghunna tríd siar."
"A Mháire! a Máir' Ní Ghormacháin, tar 
chugam annso," arsa Tomás na Claise.
Mac Mic Mháiréide Ní Thaidhg.
(Ní críoch).