Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.

Title
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 54


SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.



Bhí Tomás sásta go leór leis
an margadh, agus chuaidh sé chum
comhnaighthe i dtigh an
gharrdhanóra, agus go
deimhin budh chúra-
mach críochnamhail
gasta an buachaill é ag
foghlaim a cheirde. An
chéad bhliadhain níor leog
sé Domhnach ar bith thairis gan dul go dtí an
t-aifreann, agus deireadh sé a phaidreacha gach
maidin agus oidhche. An dara bliadhain chuir sé
aithne ar bheirt bhuachaillí óga do'n chathair, agus
chaitheadh sé an mhéid aimsire agus dob' fhéidir leis
'na gcomhluadar. Dob' olc an comhluadar
do Thomás na fir óga úd, mar is amhlaidh
bhídís a' magadh faoi Thomás agus a chreideamh,
agus ag déanamh aithrise ar na h-Éireannaigh
agus a mBéarla. Is gearr gur éaluigh an nós
céadna ar Thomás na Claise, agus thug sé
iarracht ar fhuaim a chainte d'athrughadh, agus é
ag iarraidh labhairt tré pholláiríbh a shróna.
Níor bh'fhéidir aon mhasladh níos mó do thabhairt
dho 'ná a rádh leis gur bh'fhear Gaedhealach é;
i n-aon fhocal do dhein sé aithris ar nósaibh
na bhfear óg úd.



Nuair a bhí a théarma suas leis an
ngarrdhanóir, bhí cuid mhaith airgid aige.
Bhí ráfla amuigh ar Stát Calafóirne an
t-am sin go raibh saoghal maith ag gach
aon duine ann, agus gur bh'fhurusda mórán
airgid do chnuasaigh ann. Do ghluais
Tomás na Claise chum siubhail agus níor stad
sé cós riamh 'ná choidhche nó gur shrois sé
Cathair na n-Aingeal i Stát Calafóirne.


L. 55


Fuair Tomás obair n'a mhaor os cionn
garrdha fíneamhna do bhí ag fear saidhbhir,
timcheall sé mhíle o'n gcathair, gur bh'ainm
do Acton. Saghas Éireannaigh dob' eadh é,
ó 'níos amach, agus bhí sé chomh dubh le muic i
gcoinne Chatoilice, acht níor chuir rud beag
do'n tsórt sin aon bhuaidhirt ar Thomás na
Claise. Bhí meas mór ag Acton ar Thomás,
mar do mholadh Tomás leis gach nídh adeireadh
sé i gcoinne na gCatoiliceach, agus ní chrosadh
sé é, 'pé rud adeireadh sé leó; ní raibh de
chlainn 'san tsaoghal ag Acton acht aon
inghean amháin; bhí sí timcheall le hocht
mbliadhna déag d'aois, agus í 'na cailín óg
álainn.



Nuair bhí Tomas 'san tigh suas le trí
ráithe, bhí sé féin agus an cailín óg ag suirghe
le n-a chéile. Ní leigfeadh an eagla dho í
d'iarraidh ar a hathair, mar bhí an-chion ag
an athair uirri; cad do dheineadar acht
éalódh le n-a chéile go Cathair na n-Aingeal,
chuadar go dtí breitheamh, agus do pósadh le
n-a chéile iad. Annsain chuir bean Thomháis
sgéala ag triall ar a h-athair ar an mbeart
do dheineadar, agus ag iarraidh a bpárdúin
dóibh araon. Bhí an t-athair cráidhte, acht
'sé brígh an sgéil gur thug Acton maitheamhnas
dóibh, agus gur ghlac sé Tomás na Claise mar
chliamhain chuige; agus d'fhág sé an talamh go
léir agus gach uile shaidhbhreas d'á raibh aige ag
an lánamhain óg, nuair a fuair sé bás.



Bhí Tomás na Claise an uair sin agus budh
mhór é a mheas air féin, Bhí sé a' déanamh
móráin fíona, agus 'gá dhíol go daor. Bhí aon
mhac amháin aige, agus nuair a bhí an garsún dá
bhliadhain déag d'aois, fuair a mháthair bás.
Timcheall na h-aimsire úd do cheap Tomás
fíon nua, agus thug sé mar ainm air Angelica
Wine. Bhí a ainm i n-áirde ar fud an
stáit mar gheall ar an bhfíon nua do cheap
sé. Bhí mórán talmhan agus airgid aige nuair
a fuair a bhean bás. Chuir sé an mac ar
sgoil Sasanaigh do bhí ins an áit sin, agus d'fhás
an buachaill suas gan chreideamh 'ná eólus
ar Dia aige act chómh beag is dá mbeadh sé
na phágánach.



Níor chuir Tomás féin aon tsuim i
n-aifreann ná i n-ord lé mórán de bhliadhan-
taibh, acht amháin nuair a labhradh sé lé
heasonóir ar na sagairt agus ar a gcreideamh.
Bhí sé a' bailiughadh óir agus airgid 'na charnaibh;
bhí an saoghal ar a thoil féin aige, nó gur
bhuail doigh 'san chroidhe é aon oidhche amháin
timcheall meadhóin na hoidhche. Ní raibh 'san
tigh an t-am sin d'oidhche acht a mhac, agus cailín
aimsire Gaedhealach, gur bh'ainm di Máiréad
Ní Ghormacháin; bhí an cailín so mar thigheasach
ag Tomás na Claise lé trí bliadhna. Máire
a ghlaodhach sé mar ainm uirri. Bhí muinighin
mhór ag Tomás as an gcailín úd, agus chuireadh
sé d'fhiachaibh uirri dul go dtí an t-aifreann
gach Domhnach, agus mar an gcéadna, dul chum
faoisdine go minic; ní mar mhaithe leis an
gcailín bocht do dheineadh sé an nídh sin,
acht mar adubhairt sé go minic, i gcóir nach
goidfeadh sí aon nídh uaidh.



An oidhche úd gur bhuail an tinneas croidhe
é, do ghlaodh se ar a mhac chuige, agus d'innis
sé do gur shaoil sé go raibh sé ag fághail
bháis, agus gur mhaith leis an sagart do theacht
chum é d'ollmhúghadh chum báis.



"Arú, a amadáin, bíodh ciall agat," ars' an
mac, "ní fhéadfadh an sagart aon mhaitheas
do dhéanamh dhuit. Má theasduigheann
aonne uait, tabharfad an ministir chugat."



"Ní theasduigheann aon mhinistir uaim acht
an sagart," ar a athair leis, "agus iarraim, ar
son Dé, ort dul ar a lorg dhom."



"Mise, an eadh! dhul ag iarraidh an
tsagairt duit," ars an mac, "dob' fheárr
liom thú d'fheicsint fuar marbh os comhair
mo shúl 'ná an sagart a bheith agat."


L. 56


"Imthigh leat as mo radharc, is gan sliocht
ná séan ná rath ort," ars' an t-athair, agus do
chuir sé míle mallacht ar mhullach a chinn
anuas.



"Ní dhéanfad corraighe as an áit seo,"
ars' an mac, "is má thagann an sagart annso
isteach, cuirfead an dá ph'léar atá ins an
ghunna tríd siar."



"A Mháire! a Máir' Ní Ghormacháin, tar
chugam annso," arsa Tomás na Claise.



Mac Mic Mháiréide Ní Thaidhg.



(Ní críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services