BRÉAGÓIR ÉIREANN.
Bhí bean aon uair amháin, agus ní'l anois agus is 
cuma gá hacú bhí nó nach rabh, is bhí mac aicí.
Thainic sé isteach aon lá amháin.
"Mo dhonas is mo dhothairne orm, a 
mháthair," adeir se, "mur racha me a 
dh'iarraidh nighne an ríogh."
Chan fhuighedh aon dhuine nighean an ríogh 
acht an té bhainfeadh trí "thug tú h'éitheach" 
as.
D'éirigh an buachaill agus fuair se réidh a 
 
chearc 's a bhunnóg, is chuaidh se go tigh an 
ríogh.  D'fhiostruigh fear an gheata gá rabh 
se ag dul ná goidé bhí a dhíth air.  Dubhairt 
se gur mhaith leis a bheith ag caint leis an 
rígh, go rabh se ag dul a dh'iárraidh a ninine 
(inghine).  Chuaidh fear an gheata isteach agus 
d'ársaigh se do'n rígh go rabh fear amuigh a 
rabh gnaithe aige leis.  Sgairt an rí isteach 
air.
D'ársaigh an buachaill a ghnaithe, go rabh se 
ag dul a dh'iárraidh a ninine (inghine).  Thug 
an rí amach e an áit i rabh páirc chruithneachta.
"Nach maith a' chruithneacht í sin?" adeir 
an rí.
"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir 
Éireann; "Goidé is brígh é seachas a'
chruithneachta atá in-sa' mbaile aige mo 
gháid-se?"
Char dhubhairt an rí an dadaidh.  Thug sé 
amach e an áit i rabh páirc mhór phise.
"Nach maith a' phis í sin?" adeir a' rí.
"is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir
Éireann, "acht goidé is brígh e seachas a'
phis atá aige mo gháid-se?"
Char dhubhairt an rí an dadaidh.  Thug se
amach e an áit i rabh gárrdhaidh mór gobáisde.
"Nach sin a' ghobáisde mhaith?" ars' an rí.
"'Seadh, 's maith 's is ró-mhaith.  Goidé is 
brígh e seachas a' gobáisde tá in-sa' mbaile 
aige mo gháid-se?"
"Goidé an maitheas at' ar ghobáisde do 
gháid-se?" adeir an rí.
"Tá," arsa Bréagóir Éireann; "Bhí 
málthraigh ag dul thart a rabh deich marcaigh 
is dá fhichid ionn.  Thainic cíth mór fearthainne
orthú.  Chuaidh me fhéin," arsa Bréagóir
Éireann, "is fuair me duilleog ghobáisde
is chuir me folach ar na deich marcaigh is 
dá fhichid."
Char dhubhairt an rí an dadaidh.  Thug se 
amach e an áit i rabh páirc phónair.
"Nach maith a' pónar sin?" ars' an rí.
"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir 
Éireann, "acht goidé is brígh e seachas pónar 
mo gháid-se?"
"Goidé an maitheas at' ar phónar do 
ghaid-se?" ars' an rí.
"Tá," arsa Bréagór Éireann; "Bhí mise 
is mo gháid aon lá amháin ag cur pónair.
Thuit gráinne de'n phónar ar a' chasán is 
d'fhás se suas go rabh se suas as m' amharc.
Nuair a bhí an pónar apaidh," arsa Bréagóir 
Éireann, "smaoinigh me fhéin go rabh a lán 
pónair air agus gur mhór a' truaighe a leigean 
amogha.  Fuair me réidh málaidhe is shiubhail
me suas ó bhrainse go brainse.  Nuair a 
bhíodh an mála líonta, chaithinn le casaidh e.
Bhí me 'g dul suas ó bhrainse go brainse 
go rabh me thuas aige na béacáin, go 
deacha me isteach ionn i dtigh.  Bhí me
geárr as mhálaidhe" (.i. go rabh se gann
ionntú); "chonnaic me deárnait ar thaobh
a' bhalla.  Bheir me greim ar a' deárnaid 
is thug me feann ar phocán air is rinn me 
naoi mála de'n chroiceann.  Nuair a chaith
me a ndeireadhle casaidh, cha rabh fhios agam 
goidé mar gheobhainn anuas.  Bhris na 
brainsí faoi mo chosa is thuit me síos 'un na 
gcairgeach.  Chuaidh me síos eadar dhá chloich 
is cha dtiocfadh liom a fhágáil.  Cha rabh fhios 
agam goidé gheanainn.  Bhí sgian in mo 
phóca.  Bheir me ar a' sgian agus bhain me an 
cionn díom fhéin is chuir me a bhaile le 
sgéala e.  Chas an madadh ruadh ar mo 
chionn is bheir se ar mo chionn," adeir se:
"Thug me spriseadh as a' chairgeach is lean 
me an madadh ruadh gur bhain me mo chionn
de.  Chuir me mo chionn orm aríst," adeir
se, "is bheir me ar a' madadh ruadh.  Thug
me trí chic dó, is ní'l aon chic dha dtug me 
dó nár chuir me rí maith amach as, 's a rí 'a
mheasa caú, b'fheárr e 'ná thusa, a rí!"
 
"Thug tú h'éitheach!  Thug tú h'éitheach!
Thug tú h'éitheach!" ars' an rí.
"Tá do nighean bainte agam," arsa 
Bréagóir Éireann.
"Tá le donas is doghrainn daoi," ars' an
rí.
Pósadh Bréagóir Éireann.  Bhí banais lae
is bliadhna orthú, 's an lá deireannach gomh
maith leis an chead lá.
Tagra.
Bréagóir, in other districts bréagadóir and bréa-
gaire, "liar," but perhaps rather restricted to the 
sense "inventor of untrue stories or fiction," whilst
bréagach = an habitual teller of falsehoods.  Éireann
throughout appeared to be pronounced Éirionn.
H'éitheach for t'éitheach (through th'éitheach?).  The 
h-form must be a long time in colloquial use when 
thoroughly "classical" writers found it necessary to
use it.  Ninine is an extraordinary genitive (?) form.
Each of the three n-s has the thin sound.  Gáid,
father.  Gárrdhaidh = gárrdha, garden.  At' for atá.
Málthraigh, a wedding procession, on horseback, as
will be seen from the use of the word in this story.
For málthraigh one also hears málthrach,
márthlach.  The latter occurs in the 
following lne of a song: - 
Cha leigfeadh Eoghan a'márthlach ó lá go tigh a'tsagairt
ionn.
A leigean amogha, to let it go to loss; amogha = amugha.
Le casaidh, down; thuit se le casaidh an chnuic, he fell
down the hill, thainic se le casaidh, it came down (of a 
house having fallen down).  On the other hand, 
in Farney imtheacht le fánaidh = imtheacht leis an bhfalc,
to go with (be carried away by) the flood.  Béacáin, 
clouds, more especially as a weather portent.  Néal
sneachta, néal fearthainne are also heard.  Geárr as
mhálaidhe, short of bags, the narrator explaining this
by another idiom, gann ionntú (ionnta), which conveys
the same sense.  Deárnait, deárnaid = deargnait
(dim., "little red thing"), flead.  Feann ar phocán, the
flaying required in order to make a bag of the skin;
thug me feann ar phocán air, lit., I gave the flaying for
a bag on him.  Pocán is especially applied to the bag
carried by a bacach.  Cairgeach, a rock, whereas
carric cloiche = a big stone.  Spriseadh, a jump;
bhain me spriseadh is also said.  Cic = Eng. kick. 'A
mheasa = ba mheasa.