Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchas. Bréagóir Éireann.

Title
Seanchas. Bréagóir Éireann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 52


BRÉAGÓIR ÉIREANN.



Bhí bean aon uair amháin, agus ní'l anois agus is
cuma gá hacú bhí nó nach rabh, is bhí mac aicí.
Thainic sé isteach aon lá amháin.



"Mo dhonas is mo dhothairne orm, a
mháthair," adeir se, "mur racha me a
dh'iarraidh nighne an ríogh."



Chan fhuighedh aon dhuine nighean an ríogh
acht an té bhainfeadh trí "thug tú h'éitheach"
as.



D'éirigh an buachaill agus fuair se réidh a


L. 53


chearc 's a bhunnóg, is chuaidh se go tigh an
ríogh. D'fhiostruigh fear an gheata gá rabh
se ag dul ná goidé bhí a dhíth air. Dubhairt
se gur mhaith leis a bheith ag caint leis an
rígh, go rabh se ag dul a dh'iárraidh a ninine
(inghine). Chuaidh fear an gheata isteach agus
d'ársaigh se do'n rígh go rabh fear amuigh a
rabh gnaithe aige leis. Sgairt an rí isteach
air.



D'ársaigh an buachaill a ghnaithe, go rabh se
ag dul a dh'iárraidh a ninine (inghine). Thug
an rí amach e an áit i rabh páirc chruithneachta.



"Nach maith a' chruithneacht í sin?" adeir
an rí.



"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir
Éireann; "Goidé is brígh é seachas a'
chruithneachta atá in-sa' mbaile aige mo
gháid-se?"



Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug sé
amach e an áit i rabh páirc mhór phise.



"Nach maith a' phis í sin?" adeir a' rí.



"is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir
Éireann, "acht goidé is brígh e seachas a'
phis atá aige mo gháid-se?"



Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se
amach e an áit i rabh gárrdhaidh mór gobáisde.



"Nach sin a' ghobáisde mhaith?" ars' an rí.



"'Seadh, 's maith 's is ró-mhaith. Goidé is
brígh e seachas a' gobáisde tá in-sa' mbaile
aige mo gháid-se?"



"Goidé an maitheas at' ar ghobáisde do
gháid-se?" adeir an rí.



"Tá," arsa Bréagóir Éireann; "Bhí
málthraigh ag dul thart a rabh deich marcaigh
is dá fhichid ionn. Thainic cíth mór fearthainne
orthú. Chuaidh me fhéin," arsa Bréagóir
Éireann, "is fuair me duilleog ghobáisde
is chuir me folach ar na deich marcaigh is
dá fhichid."



Char dhubhairt an rí an dadaidh. Thug se
amach e an áit i rabh páirc phónair.



"Nach maith a' pónar sin?" ars' an rí.



"Is maith 's is ró-mhaith," arsa Bréagóir
Éireann, "acht goidé is brígh e seachas pónar
mo gháid-se?"



"Goidé an maitheas at' ar phónar do
ghaid-se?" ars' an rí.



"Tá," arsa Bréagór Éireann; "Bhí mise
is mo gháid aon lá amháin ag cur pónair.
Thuit gráinne de'n phónar ar a' chasán is
d'fhás se suas go rabh se suas as m' amharc.
Nuair a bhí an pónar apaidh," arsa Bréagóir
Éireann, "smaoinigh me fhéin go rabh a lán
pónair air agus gur mhór a' truaighe a leigean
amogha. Fuair me réidh málaidhe is shiubhail
me suas ó bhrainse go brainse. Nuair a
bhíodh an mála líonta, chaithinn le casaidh e.
Bhí me 'g dul suas ó bhrainse go brainse
go rabh me thuas aige na béacáin, go
deacha me isteach ionn i dtigh. Bhí me
geárr as mhálaidhe" (.i. go rabh se gann
ionntú); "chonnaic me deárnait ar thaobh
a' bhalla. Bheir me greim ar a' deárnaid
is thug me feann ar phocán air is rinn me
naoi mála de'n chroiceann. Nuair a chaith
me a ndeireadhle casaidh, cha rabh fhios agam
goidé mar gheobhainn anuas. Bhris na
brainsí faoi mo chosa is thuit me síos 'un na
gcairgeach. Chuaidh me síos eadar dhá chloich
is cha dtiocfadh liom a fhágáil. Cha rabh fhios
agam goidé gheanainn. Bhí sgian in mo
phóca. Bheir me ar a' sgian agus bhain me an
cionn díom fhéin is chuir me a bhaile le
sgéala e. Chas an madadh ruadh ar mo
chionn is bheir se ar mo chionn," adeir se:
"Thug me spriseadh as a' chairgeach is lean
me an madadh ruadh gur bhain me mo chionn
de. Chuir me mo chionn orm aríst," adeir
se, "is bheir me ar a' madadh ruadh. Thug
me trí chic dó, is ní'l aon chic dha dtug me
dó nár chuir me rí maith amach as, 's a rí 'a
mheasa caú, b'fheárr e 'ná thusa, a rí!"


L. 54


"Thug tú h'éitheach! Thug tú h'éitheach!
Thug tú h'éitheach!" ars' an rí.



"Tá do nighean bainte agam," arsa
Bréagóir Éireann.



"Tá le donas is doghrainn daoi," ars' an
rí.



Pósadh Bréagóir Éireann. Bhí banais lae
is bliadhna orthú, 's an lá deireannach gomh
maith leis an chead lá.



Tagra.



Bréagóir, in other districts bréagadóir and bréa-
gaire, "liar," but perhaps rather restricted to the
sense "inventor of untrue stories or fiction," whilst
bréagach = an habitual teller of falsehoods. Éireann
throughout appeared to be pronounced Éirionn.
H'éitheach for t'éitheach (through th'éitheach?). The
h-form must be a long time in colloquial use when
thoroughly "classical" writers found it necessary to
use it. Ninine is an extraordinary genitive (?) form.
Each of the three n-s has the thin sound. Gáid,
father. Gárrdhaidh = gárrdha, garden. At' for atá.



Málthraigh, a wedding procession, on horseback, as
will be seen from the use of the word in this story.
For málthraigh one also hears málthrach,
márthlach. The latter occurs in the
following lne of a song: -



Cha leigfeadh Eoghan a'márthlach ó lá go tigh a'tsagairt
ionn.




A leigean amogha, to let it go to loss; amogha = amugha.
Le casaidh, down; thuit se le casaidh an chnuic, he fell
down the hill, thainic se le casaidh, it came down (of a
house having fallen down). On the other hand,
in Farney imtheacht le fánaidh = imtheacht leis an bhfalc,
to go with (be carried away by) the flood. Béacáin,
clouds, more especially as a weather portent. Néal
sneachta, néal fearthainne are also heard. Geárr as
mhálaidhe, short of bags, the narrator explaining this
by another idiom, gann ionntú (ionnta), which conveys
the same sense. Deárnait, deárnaid = deargnait
(dim., "little red thing"), flead. Feann ar phocán, the
flaying required in order to make a bag of the skin;
thug me feann ar phocán air, lit., I gave the flaying for
a bag on him. Pocán is especially applied to the bag
carried by a bacach. Cairgeach, a rock, whereas
carric cloiche = a big stone. Spriseadh, a jump;
bhain me spriseadh is also said. Cic = Eng. kick. 'A
mheasa = ba mheasa.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services