SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.
Chum sgéil ghearr a dhéanamh do'n sgéal 
so, do bhí Tomás na Claise ar sgoil nó go 
raibh sé ocht mbliadhna déag d'aois.  Ann-
sain ní raibh sé sásta le fanamhaint i 
n-Éirinn; agus d'innis sé d'á athair agus d'á
mháthair go gcaithfeadaois airgead go leór 
do thabhairt dho, chum dul go hAimeiriocá.
Bhí go maith, do ghléasadar suas é, agus 
d'fhág slán agus beannacht aco agus ag a chomharsain,
agus d'imthigh sé leis féin nó gur chuaidh sé ar 
bórd luinge, agus tar 'éis sin, bhí sruth agus gaoth 
leis, nó go dtáinic sé ar thalamh thirm i 
gCathair Bhostúin, i Stát Massachusetts.
Tar éis teacht as an luing do Thomás, bhí
sé 'na sheasamh ar thaobh na sráide, agus ní 
fheadair sé cé aco síos nó suas, soir nó 
siar, do ghabhadh sé.
Bhí sé mar sin ar feadh tamaill bhig, agus is 
gearr gur sheasaimh fear ar aghaidh a shúl 
amach, agus é chómh dubh le fear gorm.  Do 
labhair an fear le Tomás, agus dubhairt as 
Gaedhilg leis,
"A mhic Ó!  Aithnighim-se gur Éireannach
thu, agus is follas ar dhéantús do chuid éadaigh 
go bhfuilir tar éis teacht go déidheanach ó 
Eirinn.  Anois, má theastuigheann eólus na 
háite seo uait, tabharfad-sa dhuit é agus fáilte;
oir atá aithne an bhaile mhóir seo go maith 
agam-sa.  Tháinic sgeoin i súilibh Thomáis,
nuair a chualaidh sé, dar leis, an fear gorm
a' labhairt as Gaedhilg leis; agus níor tháinic 
focal as.
"An amhlaidh atáir balbh?" ars' an fear 
eile, "nó b'fhéidir gurab amhlaidh nach fuil 
aon Ghaedhilg agat."
"Ní'l, gidh go dtuigim í," arsa Tomás,
"acht 'tá Béarla maith agam."
"Céarb díobh thú nó cad as go dtáinic 
tu?" ars' an fear dubh.
"De mhuintir na Claise is eadh mé, agus 
tháinic me ó i n-aice Léime an fhiadh i gCon-
tae Chorcaighe," ar Tomás.
"An bhfuil aon ghaol agat le Diarmuid
na Claise do chomhnaigh ar Phoca an Tairbh?"
ar an fear dubh.
"Atá," arsa Tomás, "is mise an mac is 
sine atá aige."
"Mo thruagh-sa Éire bhocht," ars' an fear 
dubh, "is beag an iongnadh dhi a bheith mar 
atá sí, nuair atá muintear na Claise agus an 
chuid eile dh'á clainn ag caitheamh uatha 
teanga a sinsear agus ag glacadh teangadh an 
tíoránaigh agus a nósa chomh fonnmhar sin.  Tar 
éis an deitcheanna go léir, an díbirt agus an 
sgrios neimhneach d'imir luchd an Bhéarla 
orra - "
"Acht fan go fóil," arsa Tomás; "Cionnus
a fuairais-se aithne ar m-athair-se; mar go 
 
deimhin, níor chualas riamh mo mhuintir ag 
labhairt ar aon duine ded' dhath-sa?"
"'Tá fhios agam anois cad a bhuain do 
chaint díot, nuair a labhras leat ar dtús,"
ar an fear dubh, agus do chrom sé ar ghairidhe,
ar nós gur dhóigh leat go mbrisfeadh sé a 
cheoiche.  "Ní'lim-se im' fhear dhubh," ar sé,
"ní'l orm acht rian mo ghnótha, mar atáim
anois díreach tar éis sgurtha ó bheith a' sluas-
dáil ghuail ar an luing sin thíos; agus Diarmuid
Baramhail atá mar ainm orm."
"Á, do chualas trácht ort go minic,"
arsa Tomás; "An bhfuil aithne agat ar 
Mhícheál Ó Buachalla?"
"Tá go maith, an bodach, an crochadóir,"
arsa Diarmuid Baramhail, "acht atá tart 
orm; gluais ort go mbeidh deoch againn."
Do chuadar go tigh an óil, agus tar éis na 
dighe dubhairt Tomás, "Atá gaol gairid 
agam le Micheál Ó Buachalla; agus dá mbeith 
eólus a thighe agam do raghainn ann."
"Maiseadh, is gearr an mhoill orm-sa é 
do thaisbeánt duit," arsa Diarmuid Bar-
amhail, "acht ní'l aon mhaitheas dhuit dul 
'gá fhiosrúghadh anocht, mar chualas go raibh 
buidhean mhór de na Free Masons le bheith 
ann anocht chum proinnighthe leis.  Gluais 
lor liom-sa, agus tabharfad lóistín na hoidhche 
seo dhuit, agus míle fáilte."
D'imthigheadar leó nó go dtángadar go 
tigh Dhiarmuda Bharamail.  Chuir Diarmuid
i n-umhail d'á mhuintir cer bh' é Tomás na
Claise, agus dar ndóigh, is iad do bhí go fial 
fáilteach dho.  Níor mhothuigh sé an oidhche ag 
imtheacht, nó go ndubhairt Diarmuid Bar-
amhail leis; "An gcaitheann tú tobac?"
"Caithim," arsa Tomás.
Do thug Diarmuid isteach i seómra eile 
é, agus do lasadar a bpíopaidhe.  Nior fhág 
Diarmuid aon d'á dhaoinibh muintearda nó a 
chomharsain i n-Éirinn, gan a dtuaraisg do 
chur ar Thomás.  Annsain d'fhiafraigh Tomás
de ar bh'fhíor an ráfla do bhí 'san mbaile
ar Mhicheál Ó Buacalla go raibh sé 'na Fhree
Mason, agus go n-itheadh sé feoil Dia h-Aoine.
D'fhreagair Diarmuid Baramhail é agus dubh-
airt: -
"Bhí an ainm sin (Micheál Ó Buachalla)
mar ainm air tamall, nuair a bhí sé mar 
mé fhéin 'na fhear oibre.  Acht ó chnuasaigh sé 
an t-airgead, M. D. Johnston atá mar 
ainm air anois."
"Ní thuigim an sgéal sin," arsa Tomás."
"Is mar seo bhí an sgéal aige," ar 
Diarmuid; "nuair a cheangail sé é féin 
do na Free Masons, do thugadar comhair dho 
beagán saidhbhris so dholáthrughadh, agus 'na dhiaidh 
sin, dob' é an sgian tríd an gcroidhe leis 
an ainm do bhí air; shaoil se gur mhor an 
aithis dho ainm Ghaodhalach do bheith air.  Ar 
an adhbhar sin chuir sé athchuinge chum riaghal-
tóra an stáit seo (Massachusetts) cead a 
thabhairt dho a ainm do mhalartughadh.  Dubhairt 
sé ins an athchuinge chuir se chuige, gur bh' é
an chúis gur theastaigh uaidh ainm eile do 
ghlaodhach air féin, mar gur chuir an ainm 
do bhí air an-chuid airgid as a phóca, mar 
gur chuir sé bac ar a ghnó, agus dá mbudh é a 
thoil é, gur mhaith leis M. D. Johnston a bheith 
mar ainm air feasda.  Ar mo bhriathar gur 
innis duine dhom gurab amhlaidh bhí an 
riaghaltóir a' magadh faoi; acht 'na dhiaidh 
sin is uile thug sé cead dho M. D. Johnston
do ghlaodhach air féin.
Tamall gearr 'na dhiaidh sin d'iompaigh 
sé ar fad amach 'na Shasanach.  Téidheann
sé féin agus a bhean 's a chlann gach Domhnach
ag triall ar theampall Shasanach.  Agus go 
deimhin dhuit-se, ní'l aon chreideamh aco sin 
acht chomh beag is 'tá ag bonn mo bhróige, 
acht amháin a mbolg is a bpóca; agus is é bun
is bárr a gcríostamhlacht', an fuath atá aco
 
go léir do'n gCreideamh Chatoilice, agus go 
mór-mhór do Chatoilice ó Éirinn.  Sin é an 
sgéal anois agat, do réir mar a tháinic sé 
amach ins na papéir nuadhachta."
"Nach cuma dho?" arsa Tomás; "nuair is 
go bhfuil an t-airgead aige, nach féadfaidh 
sé iompodh thar 'éis 'na Chatoilice, nuair a 
bheidh sé a' faghail bháis."
D'fhéach Diarmuid air, agus níor labhair sé ar 
feadh tamaill bhig, annsain dubhairt sé, "Ní
fear de mhuintir na Claise dubhairt na 
focail sin riamh.  Is ó mhuintir Bhuachalla 
thugais an dúthchas sin, agus is fíor an sean-rádh,
"briseann an dúthchas tré shúilibh an chait".  Cá
fios a' mbeidh am aige iompódh?  Tagann 
an bás go h-obann ar uairibh.  Acht cé aco 
do gheabhaidh se am no nach geabhaidh, is mór 
an sgannail atá aige 'gá thaisbeánadh do'n
tsaoghal.  Act bhí Eireannaigh na cathrach 
so suas lé M. D. Johnston timcheall le 
bliadhain ó shoin:
"Cheap sé go mbeadh sé 'na mhaor os 
cionn na cathrach so, agus budh mhaith leis go 
dtabharfadh na hÉireannaigh a dtoilidheacht 
dho.  Cad a dhein se acht cúpla tonna 
ghuail do cheannach, agus a bhronnadh air theach 
na ndílleachta atá faoi stiuir na mban 
riaghalta.  Do dhein sé an nídh céadna leis 
an óspuidéal atá faoi stiuir bhuidhne eile 
de na mnáibh riaghalta.  Annsain d'innis sé 
do na paipéir cad a bhí déanta aige; dar 
ndóigh, bhí an sgéal i mbéal gach duine, an 
tabharthas do bhronn M. D. Johnston ar na 
tighthibh sin, agus na paipéir, do mholadar thar 
bárr feabhas a charthannacht'.  Annsain 
chuaidh sé cúpla Domhnach go dtí an t-Aif-
reann, agus geallaim-se dhuit gur choimeád sé 
é féin i bhfad ó'n uisge choisreactha.  Tar 
éis na ngníomhartha úd do dhéanamh, bhí sé 
deimhneach go raibh na hÉireannaigh go léir 
ar chórda aige, agus go dtabharfadaois a 
dtoilidheacht dho; acht lá an toghtha guth 
do theip na hÉireannaig air, thugadar a 
dtoilidheacht do'n bhfear do bhí 'na choinne, agus 
do rug sé an bhuaidhleis.  Ní fheaca tu 
riamh bean éisg ar an gcéidh ghuail budh 
cráidhte 'ná mar bhí M. D. Johnston, agus níor 
fhág sé aon Éireannach uiríseal 'ná aon 
ainm tharcuisneach eile gan glaodhach ar 
Chloinn Ghaedheal na cathrach so."
"Is iongantach an sgéal é sin," arsa 
Tomás, "acht dob' fhearr liom-sa é bheith 'na 
mhaor os cionn na cathrach so 'ná an fear 
eile, dhá fheabhas é."
"Dob' fheárr an eadh?" ar Diarmuid
Baramhail, "Is mithid duit dul a chodladh,
mo bhuachaill, agus ar maidin i mbárach éirigh go 
dtí a thigh: beidh se 'san mbaile timcheall a 
hocht a chlog."
Thaisbeán Diarmuid a leaba do Thomás agus 
dubhairt Diarmuid leis gan aon mhíoshuaimh-
neas do bheith air go dtí an mhaidin, mar go 
nglaodhfaidhe air i dtráth.
Bhí go maith, ar maidin i mbárach, tar 
éis a mbreacfast do chaitheamh, dubhairt 
Diarmuid leis gluaiseacht air, agus, 'san 
mbóthar dho féin ag dul go dtí a chuid 
oibre, go dtaisbeánfadh sé dho teach M. D.
Johnston.
Do thaisbeán, agus dubhairt sé le Tomás 
teacht dhá fhiosrughadh ar ais.  Bhí Tomás 
buidheach go leor, agus d'fhág sé slán ag 
Diarmuid; do chuaidh sé go dtí an doras 
mór agus do bhuail an clog.  Is gearr gur 
fosgladh an doras dho, agus dd'fhiafraigh an 
dóirseóir de cad a bhí uaidh.  Dubhairt
Tomas gur theastaighuaidh fear an tighe
d'fheicsint.  Tháinic M. D. Johnston, agus 
d'fhiafraigh sé a ghnó de Thomás.
D'innis Tomás dhó, go raibh gaol gairid 
aige féin leis, agus go raibh sé tar éis teacht
go déidheanach ó Éirinn, agus dá bhféadfadh 
 
sé focal a labhairt ar a shon nó comhair 
do thabhairt do, chum slighe éigin bheathadh 
d'fhághail, go mbeadh se an-bhuidheach de.
"An bhfuil aon cheard bheathadh agat?"
arsa Johnston.
"Ní'l," arsa Tomás, "acht, atáim im'
scoláire mhaith i mBéarla."
"Ní'l poinn d'á rian sin ar do Bhéarla,"
ar M. D. Johnston, "Glac mo chomhairle-se 
agus foghlaim ceard éigin.  Atá an iomad 
dod' leithéid 'san chathair seo, agus ní'l aon 
mheas ag na daoinibh móra orra.  Is eól
domh-sa duine 'san áit seo, garrdhanóir is 
eadh é; tabharfad litir duit, agus beir chuige í, 
agus ar do bhás ná leog ort go bhfuil aon ghaol 
agat liom-sa."
Do chuaidh Tomás 'san áit gur seóladh é.
Do thug sé an litir a fuair sé ó Johnston,
do'n gharrdhanóir, agus do réightigheadar le n-a
chéile go mbeadh Tomás na Claise ar feadh 
trí bliadhna ag foghluim na ceirde.  An 
chéad bhliadhain bhí Tomás chum sé bpúnt 'san 
mhí d'fhághail mar thuarasdal, agus ocht bpúint 
an dara bliadhain, dá mb'fhiú é é, agus a 
choimheád, agus an tríomhadh bliadhain bhí deich 
bpúint san mhí geallta dho.
Mac Mic Mháiréide Ní Thaidhg.
(Ní críoch).