Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.

Title
Sgéalaidheacht. Sgéal Thomáis na Claise.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 38


SGÉAL THOMÁIS NA CLAISE.



Chum sgéil ghearr a dhéanamh do'n sgéal
so, do bhí Tomás na Claise ar sgoil nó go
raibh sé ocht mbliadhna déag d'aois. Ann-
sain ní raibh sé sásta le fanamhaint i
n-Éirinn; agus d'innis sé d'á athair agus d'á
mháthair go gcaithfeadaois airgead go leór
do thabhairt dho, chum dul go hAimeiriocá.



Bhí go maith, do ghléasadar suas é, agus
d'fhág slán agus beannacht aco agus ag a chomharsain,
agus d'imthigh sé leis féin nó gur chuaidh sé ar
bórd luinge, agus tar 'éis sin, bhí sruth agus gaoth
leis, nó go dtáinic sé ar thalamh thirm i
gCathair Bhostúin, i Stát Massachusetts.



Tar éis teacht as an luing do Thomás, bhí
sé 'na sheasamh ar thaobh na sráide, agus ní
fheadair sé cé aco síos nó suas, soir nó
siar, do ghabhadh sé.



Bhí sé mar sin ar feadh tamaill bhig, agus is
gearr gur sheasaimh fear ar aghaidh a shúl
amach, agus é chómh dubh le fear gorm. Do
labhair an fear le Tomás, agus dubhairt as
Gaedhilg leis,



"A mhic Ó! Aithnighim-se gur Éireannach
thu, agus is follas ar dhéantús do chuid éadaigh
go bhfuilir tar éis teacht go déidheanach ó
Eirinn. Anois, má theastuigheann eólus na
háite seo uait, tabharfad-sa dhuit é agus fáilte;
oir atá aithne an bhaile mhóir seo go maith
agam-sa. Tháinic sgeoin i súilibh Thomáis,
nuair a chualaidh sé, dar leis, an fear gorm
a' labhairt as Gaedhilg leis; agus níor tháinic
focal as.



"An amhlaidh atáir balbh?" ars' an fear
eile, "nó b'fhéidir gurab amhlaidh nach fuil
aon Ghaedhilg agat."



"Ní'l, gidh go dtuigim í," arsa Tomás,
"acht 'tá Béarla maith agam."



"Céarb díobh thú nó cad as go dtáinic
tu?" ars' an fear dubh.



"De mhuintir na Claise is eadh mé, agus
tháinic me ó i n-aice Léime an fhiadh i gCon-
tae Chorcaighe," ar Tomás.



"An bhfuil aon ghaol agat le Diarmuid
na Claise do chomhnaigh ar Phoca an Tairbh?"
ar an fear dubh.



"Atá," arsa Tomás, "is mise an mac is
sine atá aige."



"Mo thruagh-sa Éire bhocht," ars' an fear
dubh, "is beag an iongnadh dhi a bheith mar
atá sí, nuair atá muintear na Claise agus an
chuid eile dh'á clainn ag caitheamh uatha
teanga a sinsear agus ag glacadh teangadh an
tíoránaigh agus a nósa chomh fonnmhar sin. Tar
éis an deitcheanna go léir, an díbirt agus an
sgrios neimhneach d'imir luchd an Bhéarla
orra - "



"Acht fan go fóil," arsa Tomás; "Cionnus
a fuairais-se aithne ar m-athair-se; mar go


L. 39


deimhin, níor chualas riamh mo mhuintir ag
labhairt ar aon duine ded' dhath-sa?"



"'Tá fhios agam anois cad a bhuain do
chaint díot, nuair a labhras leat ar dtús,"
ar an fear dubh, agus do chrom sé ar ghairidhe,
ar nós gur dhóigh leat go mbrisfeadh sé a
cheoiche. "Ní'lim-se im' fhear dhubh," ar sé,
"ní'l orm acht rian mo ghnótha, mar atáim
anois díreach tar éis sgurtha ó bheith a' sluas-
dáil ghuail ar an luing sin thíos; agus Diarmuid
Baramhail atá mar ainm orm."



"Á, do chualas trácht ort go minic,"
arsa Tomás; "An bhfuil aithne agat ar
Mhícheál Ó Buachalla?"



"Tá go maith, an bodach, an crochadóir,"
arsa Diarmuid Baramhail, "acht atá tart
orm; gluais ort go mbeidh deoch againn."



Do chuadar go tigh an óil, agus tar éis na
dighe dubhairt Tomás, "Atá gaol gairid
agam le Micheál Ó Buachalla; agus dá mbeith
eólus a thighe agam do raghainn ann."



"Maiseadh, is gearr an mhoill orm-sa é
do thaisbeánt duit," arsa Diarmuid Bar-
amhail, "acht ní'l aon mhaitheas dhuit dul
'gá fhiosrúghadh anocht, mar chualas go raibh
buidhean mhór de na Free Masons le bheith
ann anocht chum proinnighthe leis. Gluais
lor liom-sa, agus tabharfad lóistín na hoidhche
seo dhuit, agus míle fáilte."



D'imthigheadar leó nó go dtángadar go
tigh Dhiarmuda Bharamail. Chuir Diarmuid
i n-umhail d'á mhuintir cer bh' é Tomás na
Claise, agus dar ndóigh, is iad do bhí go fial
fáilteach dho. Níor mhothuigh sé an oidhche ag
imtheacht, nó go ndubhairt Diarmuid Bar-
amhail leis; "An gcaitheann tú tobac?"



"Caithim," arsa Tomás.



Do thug Diarmuid isteach i seómra eile
é, agus do lasadar a bpíopaidhe. Nior fhág
Diarmuid aon d'á dhaoinibh muintearda nó a
chomharsain i n-Éirinn, gan a dtuaraisg do
chur ar Thomás. Annsain d'fhiafraigh Tomás
de ar bh'fhíor an ráfla do bhí 'san mbaile
ar Mhicheál Ó Buacalla go raibh sé 'na Fhree
Mason, agus go n-itheadh sé feoil Dia h-Aoine.
D'fhreagair Diarmuid Baramhail é agus dubh-
airt: -



"Bhí an ainm sin (Micheál Ó Buachalla)
mar ainm air tamall, nuair a bhí sé mar
mé fhéin 'na fhear oibre. Acht ó chnuasaigh sé
an t-airgead, M. D. Johnston atá mar
ainm air anois."



"Ní thuigim an sgéal sin," arsa Tomás."



"Is mar seo bhí an sgéal aige," ar
Diarmuid; "nuair a cheangail sé é féin
do na Free Masons, do thugadar comhair dho
beagán saidhbhris so dholáthrughadh, agus 'na dhiaidh
sin, dob' é an sgian tríd an gcroidhe leis
an ainm do bhí air; shaoil se gur mhor an
aithis dho ainm Ghaodhalach do bheith air. Ar
an adhbhar sin chuir sé athchuinge chum riaghal-
tóra an stáit seo (Massachusetts) cead a
thabhairt dho a ainm do mhalartughadh. Dubhairt
sé ins an athchuinge chuir se chuige, gur bh' é
an chúis gur theastaigh uaidh ainm eile do
ghlaodhach air féin, mar gur chuir an ainm
do bhí air an-chuid airgid as a phóca, mar
gur chuir sé bac ar a ghnó, agus dá mbudh é a
thoil é, gur mhaith leis M. D. Johnston a bheith
mar ainm air feasda. Ar mo bhriathar gur
innis duine dhom gurab amhlaidh bhí an
riaghaltóir a' magadh faoi; acht 'na dhiaidh
sin is uile thug sé cead dho M. D. Johnston
do ghlaodhach air féin.



Tamall gearr 'na dhiaidh sin d'iompaigh
sé ar fad amach 'na Shasanach. Téidheann
sé féin agus a bhean 's a chlann gach Domhnach
ag triall ar theampall Shasanach. Agus go
deimhin dhuit-se, ní'l aon chreideamh aco sin
acht chomh beag is 'tá ag bonn mo bhróige,
acht amháin a mbolg is a bpóca; agus is é bun
is bárr a gcríostamhlacht', an fuath atá aco


L. 40


go léir do'n gCreideamh Chatoilice, agus go
mór-mhór do Chatoilice ó Éirinn. Sin é an
sgéal anois agat, do réir mar a tháinic sé
amach ins na papéir nuadhachta."



"Nach cuma dho?" arsa Tomás; "nuair is
go bhfuil an t-airgead aige, nach féadfaidh
sé iompodh thar 'éis 'na Chatoilice, nuair a
bheidh sé a' faghail bháis."



D'fhéach Diarmuid air, agus níor labhair sé ar
feadh tamaill bhig, annsain dubhairt sé, "Ní
fear de mhuintir na Claise dubhairt na
focail sin riamh. Is ó mhuintir Bhuachalla
thugais an dúthchas sin, agus is fíor an sean-rádh,
"briseann an dúthchas tré shúilibh an chait". Cá
fios a' mbeidh am aige iompódh? Tagann
an bás go h-obann ar uairibh. Acht cé aco
do gheabhaidh se am no nach geabhaidh, is mór
an sgannail atá aige 'gá thaisbeánadh do'n
tsaoghal. Act bhí Eireannaigh na cathrach
so suas lé M. D. Johnston timcheall le
bliadhain ó shoin:



"Cheap sé go mbeadh sé 'na mhaor os
cionn na cathrach so, agus budh mhaith leis go
dtabharfadh na hÉireannaigh a dtoilidheacht
dho. Cad a dhein se acht cúpla tonna
ghuail do cheannach, agus a bhronnadh air theach
na ndílleachta atá faoi stiuir na mban
riaghalta. Do dhein sé an nídh céadna leis
an óspuidéal atá faoi stiuir bhuidhne eile
de na mnáibh riaghalta. Annsain d'innis sé
do na paipéir cad a bhí déanta aige; dar
ndóigh, bhí an sgéal i mbéal gach duine, an
tabharthas do bhronn M. D. Johnston ar na
tighthibh sin, agus na paipéir, do mholadar thar
bárr feabhas a charthannacht'. Annsain
chuaidh sé cúpla Domhnach go dtí an t-Aif-
reann, agus geallaim-se dhuit gur choimeád sé
é féin i bhfad ó'n uisge choisreactha. Tar
éis na ngníomhartha úd do dhéanamh, bhí sé
deimhneach go raibh na hÉireannaigh go léir
ar chórda aige, agus go dtabharfadaois a
dtoilidheacht dho; acht lá an toghtha guth
do theip na hÉireannaig air, thugadar a
dtoilidheacht do'n bhfear do bhí 'na choinne, agus
do rug sé an bhuaidhleis. Ní fheaca tu
riamh bean éisg ar an gcéidh ghuail budh
cráidhte 'ná mar bhí M. D. Johnston, agus níor
fhág sé aon Éireannach uiríseal 'ná aon
ainm tharcuisneach eile gan glaodhach ar
Chloinn Ghaedheal na cathrach so."



"Is iongantach an sgéal é sin," arsa
Tomás, "acht dob' fhearr liom-sa é bheith 'na
mhaor os cionn na cathrach so 'ná an fear
eile, dhá fheabhas é."



"Dob' fheárr an eadh?" ar Diarmuid
Baramhail, "Is mithid duit dul a chodladh,
mo bhuachaill, agus ar maidin i mbárach éirigh go
dtí a thigh: beidh se 'san mbaile timcheall a
hocht a chlog."



Thaisbeán Diarmuid a leaba do Thomás agus
dubhairt Diarmuid leis gan aon mhíoshuaimh-
neas do bheith air go dtí an mhaidin, mar go
nglaodhfaidhe air i dtráth.



Bhí go maith, ar maidin i mbárach, tar
éis a mbreacfast do chaitheamh, dubhairt
Diarmuid leis gluaiseacht air, agus, 'san
mbóthar dho féin ag dul go dtí a chuid
oibre, go dtaisbeánfadh sé dho teach M. D.
Johnston.



Do thaisbeán, agus dubhairt sé le Tomás
teacht dhá fhiosrughadh ar ais. Bhí Tomás
buidheach go leor, agus d'fhág sé slán ag
Diarmuid; do chuaidh sé go dtí an doras
mór agus do bhuail an clog. Is gearr gur
fosgladh an doras dho, agus dd'fhiafraigh an
dóirseóir de cad a bhí uaidh. Dubhairt
Tomas gur theastaighuaidh fear an tighe
d'fheicsint. Tháinic M. D. Johnston, agus
d'fhiafraigh sé a ghnó de Thomás.



D'innis Tomás dhó, go raibh gaol gairid
aige féin leis, agus go raibh sé tar éis teacht
go déidheanach ó Éirinn, agus dá bhféadfadh


L. 41


sé focal a labhairt ar a shon nó comhair
do thabhairt do, chum slighe éigin bheathadh
d'fhághail, go mbeadh se an-bhuidheach de.



"An bhfuil aon cheard bheathadh agat?"
arsa Johnston.



"Ní'l," arsa Tomás, "acht, atáim im'
scoláire mhaith i mBéarla."



"Ní'l poinn d'á rian sin ar do Bhéarla,"
ar M. D. Johnston, "Glac mo chomhairle-se
agus foghlaim ceard éigin. Atá an iomad
dod' leithéid 'san chathair seo, agus ní'l aon
mheas ag na daoinibh móra orra. Is eól
domh-sa duine 'san áit seo, garrdhanóir is
eadh é; tabharfad litir duit, agus beir chuige í,
agus ar do bhás ná leog ort go bhfuil aon ghaol
agat liom-sa."



Do chuaidh Tomás 'san áit gur seóladh é.
Do thug sé an litir a fuair sé ó Johnston,
do'n gharrdhanóir, agus do réightigheadar le n-a
chéile go mbeadh Tomás na Claise ar feadh
trí bliadhna ag foghluim na ceirde. An
chéad bhliadhain bhí Tomás chum sé bpúnt 'san
mhí d'fhághail mar thuarasdal, agus ocht bpúint
an dara bliadhain, dá mb'fhiú é é, agus a
choimheád, agus an tríomhadh bliadhain bhí deich
bpúint san mhí geallta dho.



Mac Mic Mháiréide Ní Thaidhg.



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services