Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cóimhfhreagairt.
Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Ruiséal, T. O., F. An I.
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1900
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Cóimhfhreagairt.</title><author><persName/></author><editor><name type="main">Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG10-11146</note> <note type="L">604</note> <note type="B">1900</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Deireadh Foghmhair, 1900</date><idno>IG10-11146</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">10</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author/><title>Cóimhfhreagairt.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Cóimhfhreagairt.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Deireadh Foghmhair, 1900</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>CÓIMHFHREAGAIRT.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>Chum fear-eagair Irisleabhair na Gaedhilghe,—</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>Tabhair cead dam, le do thoil, beagán focal do</span> <lb n="5"/><span>rádh a bhfreagradh ris an mbreathnughadh neamhchoitcheann</span> <lb n="6"/><span>agus náireach do sgríobh tú ar mo leabhar, “Fíor-Chláir-</span> <lb n="7"/><span>seach na h-Eireann,” san uibhir do mhí Iuil de'n iris-</span> <lb n="8"/><span>leabhar eagaras tú. Ba chóir dham gan é do thabhairt</span> <lb n="9"/><span>fá deara ar aon chor, óir ní fiú suim é ó aonneach.</span> <lb n="10"/><span>Ní ar mo shon féin, ná ar son mo leabhair cuirim an </span> <lb n="11"/><span>litir so chugad, acht ar son na h-iomad daoineadh atá</span> <lb n="12"/><span>ag foghluim Gaedhilge anois, do mheall tú agus do chuir</span> <lb n="13"/><span>tú ar seachrán leis an mbreathnughadh sin; agus is</span> <lb n="14"/><span>iongnadh mór liom é go leigfidhe Comann measamhuil</span> <lb n="15"/><span>agus deagh aithnighthe mar Chonnradh na Gaedhilge, aon nidh</span> <lb n="16"/><span>chomh neamhghlan, chomh earráideach agus chomh searbh isteach</span> <lb n="17"/><span>in aon fhoillsiughadh ar a mbeidheadh cúmhacht aca. Is </span> <lb n="18"/><span>soilléir go leor é nach a n-aghaidh mo leabhair acht am</span> <lb n="19"/><span>aghaidh féin do sgríobhadh an breathnughadh.</span></p> <lb n="20"/> <lb n="21"/><p><span>Níor thaisbéan tú aon earráid fiú luadh im leabhar.</span> <lb n="22"/><span>Cionnos dob fhéidir leat 'nuair sgríobhair “leacain le</span> <lb n="23"/><span>leacain agus guala le gualainn”? 'Siad earráideacha</span> <lb n="24"/><span>chomh mór iad so nach ndeunfaidhe iad le aonneach ag a</span> <lb n="25"/><span>mbeidheadh aon eolas ar an Gaedhilig. Deir tú nach </span> <lb n="26"/><span>bhfuil eolas agad ar an bhfocal “cánadh”. Feuc</span> <lb n="27"/><span>foclóir Ui Raghallaigh agus foghluim beagán. Do chuiris</span> <lb n="28"/><span>in Iúl nach ceart na línte “ní'l aon eolas agam má</span> <lb n="29"/><span>foillsigheadh riamh é,” agus “ní'l an broccan so luaidhte </span> <lb n="30"/><span>leis na C. M.” Má dhearbhann tú nach Gaedhilig cheart</span> <lb n="31"/><span>na líntidhe so, bhéarfad faoisgríobhad deich mbliadhan</span> <lb n="32"/><span>d'Irisleabhar na Gaedhilge. Creud fá'r chuir tú síos</span> <lb n="33"/><span>nidh nar sgríobhas. Níor sgríobas “beagán bliadhain </span> <lb n="34"/><span>ó shoin;” acht sgríobhas “beagán bliadhan ó shoin.”</span> <lb n="35"/><span>Feuch duille 82, líne 5, ó'n mbárr i “bhFíor-Chláirsigh</span> <lb n="36"/><span>na h-Eireann.”</span></p> <lb n="37"/> <lb n="38"/><p><span>Tá mé brónach gur thug tú orm an litir so do </span> <lb n="39"/><span>sgríobhadh. Ní'l fhios agam cad tá agad am aghaid, agus</span> <lb n="40"/><span>go deimhin, is cuma liom. Thug tú cómhairle dham agus</span> <lb n="41"/><span>tabharfaidh mé cómhairle dhuit .i. gan tuilleadh breath-</span> <lb n="42"/><span>nughadh do dheunamh ar an Gaedhilg no go dtuigeann</span> <lb n="43"/><span>tú beagán níos mó d'a taoibh. </span></p> <lb n="44"/> <lb n="45"/><p><span>Bhí an leabhar do rinne tú do dhíthchioll do mhaslughadh </span> <lb n="46"/><span>agus do bhréagnughadh molta go mór le chuid mhaith de na</span> <lb n="47"/><span>daoinibh is mó faoi chlú mar sgoláiribh Gaedhilge; agus is</span> <lb n="48"/><span>beg liom, ar an ádhbhar sin, aon nidh deirthear d'a thaoibh</span> <lb n="49"/><span>le daoinibh aineolacha.</span></p> <lb n="50"/> <lb n="51"/><p><span>T. O. RUISÉAL.</span> <lb n="52"/><span>Áth-cliath, Lughnasadh, 1900.</span></p> <lb n="53"/> <lb n="54"/><p><span>FREAGRA</span></p> <lb n="55"/> <lb n="56"/><p><span>Siúd agus go ndubhramar nach leigfimís aon Ghall-</span> <lb n="57"/><span>Ghaedhilg isteach ins an irisleabhar so, ar eagla go</span> <lb n="58"/><span>mbeithidhe 'gá rádh gurab amhlaidh dob' áil linn gan </span> <lb n="59"/><span>ceart 'ná cóir do thabhairt do'n Ruiséalach acht gach</span> <lb n="60"/><span>ceart agus cóir do bhaint de (dálta an ghasúir do mharbh</span> <lb n="61"/><span>na fathaigh), tá an litir seo thuas leigthe isteach againn,</span> <lb n="62"/><span>acht na tuathail mhóra do cheartughadh, amhail is éigean.</span></p> <lb n="63"/> <lb n="64"/><p><span>Tá an Ruiséalach 'san éagcóir dúinn go mór agus go </span> <lb n="65"/><span>hiongantach. Ní h-i n-a aghaidh féin do sgríobhamar,</span> <lb n="66"/><span>acht i n-aghaidh rámáis na Gall-Ghaedhilge. Ní raibh aon</span> <lb n="67"/><span>olc againn dó ar chor ar bith. Is amhlaidh bhí ár mbríce </span> <lb n="68"/><span>againn le cur dínn 'ná thaobh, 'pé olc maith linn é, agus</span> <lb n="69"/><span>do chuireamar, má tá go rabhamar go buaidheartha faoi.</span></p> <lb n="70"/> <lb n="71"/><p><span>“Tabhair cead dam … beagán focal do rádh.”</span> <lb n="72"/><span>cá bhfuil an gléas ceangailte? “A bhfreagradh ris,</span> <lb n="73"/><span>etc.” i n-áit “i bhfreagra ar, etc..” Ní ceart “agus” do </span> <lb n="74"/><span>bheith istigh roimh “náireach.” “Eagaras (eagras?):</span> <lb n="75"/><span>Cia chualaidh nó léigh a shamhail seo d'abairt riamh?</span> <lb n="76"/><span>“Ar son na h-iomad daoineadh”: “an iomaid daoine”</span> <lb n="77"/><span>an ceart. “Is iongnadh mór liom é”: ní ceart “é”</span> <lb n="78"/><span>'san abairt seo. “Leigfidhe” i n-áit “leigfeadh.”</span> <lb n="79"/><span>Ní ceart “agus” i ndiaidh “measamhuil.” “Deagh aith-</span> <lb n="80"/><span>nighthe”: “deagh-aithnighthe” dob' insgríobhtha, dá mbíodh</span> <lb n="81"/><span>an focal so Gaedhealach ar aon chor; ní'l ann, ámh,</span> <lb n="82"/><span>acht “well-known”, ní hé focal ar fhocal é acht siolla</span> <lb n="83"/><span>ar shiolla, agus a lán focal Gaedhealach ar fághail .i. ainm-</span> <lb n="84"/><span>neamhail, clúiteach, suaichnidh, etc.. “Is soilléir go leor</span> <lb n="85"/><span>é”: “soiléir” an ceart agus níor chuirthe isteach “é.”</span> <lb n="86"/><span>”Fiú luadh” worthy of mention focal ar fhocal: “dob'</span> <lb n="87"/><span>fhiú a luadh” nó “dob' ionluaidhte” budh chuirthe síos.</span> <lb n="88"/><span>“Cionnos dob' fhéidir leat”: tuathal mór is eadh</span> <lb n="89"/><span>”leat” annso; is é rud adéarfadh Gaedhilgeoir</span> <lb n="90"/><span>“Cionnus dob' fhéidir duit” nó “Cionnus d'fhéadfá</span> <lb n="91"/><span>é.” “Nuair sgríobhair”: “agus gur sgríobhais” an</span> <lb n="92"/><span>ceart annso; tá an t-am thorainn. “'Siad earrái-</span> <lb n="93"/><span>deacha chom mór iad so”: “Tá<id> na tuathail seo</span> <lb n="94"/><span>chom mór” an ceart; is ionann “earráid” anois agus</span> <lb n="95"/><span>seachrán slighe nó saoghail; ní hionann é agus tuathal.</span> <lb n="96"/><span>Is ionann “cánadh” agus “rúsgadh le cána”; “canadh”</span> <lb n="97"/><span>is ionann agus gabháil cheoil. In Iúl: sic “i n-umhail” an </span> <lb n="98"/><span>ceart. “Má foillsigheadh”: cuirthear “ar” i n-ionad </span> <lb n="99"/><span>“má”. “Ní'l an broccán so luaidhte”: “Níor luaidh-</span> <lb n="100"/><span>eadh an Broccán so” an ceart, acht is fearr an</span> <lb n="101"/><span>gníomhach annso “Níor luaidh na C. M., etc..” “Beagán</span> <lb n="102"/><span>bliadhain”: tuathal cló do chuaidh uainn is eadh</span> <lb n="103"/><span>“bliadhain” annso. “tuilleadh breathnughadh”: “tuil-</span> <lb n="104"/><span>leadh breathnuighthe” dob' insgríobhtha annso. “Bhí an</span> <lb n="105"/><span>leabhar do rinne tú do dhíthchioll do mhaslughadh agus do </span> <lb n="106"/><span>bhréagnughadh molta go mór le cuid mhaith de na daoinibh</span> <lb n="107"/><span>is mó faoi chlú mar sgoláiribh Gaedhilge”: is amhlaidh </span> <lb n="108"/><span>dob' inghléasta so,“an leabhar 'ga ndearna tú dícheall</span> <lb n="109"/><span>ar a mhaslughadh agus ar a bhréagnughadh, fuair sé moladh</span> <lb n="110"/><span>mór ó chuid mhaith de na daoinibh is mó clú mar </span> <lb n="111"/><span>sgoláiríbh Gaedhilge,” má's ceart “maslughadh” agus</span> <lb n="112"/><span>“bréagnughadh” ar aon chor ann.</span></p> <lb n="113"/> <lb n="114"/><p><span>Maidir le “leacain le leacain, etc.,” ní'l ann acht</span> <lb n="115"/><span>tarraing cháis i gcás eile. Féach “tuinn ar tuinn”</span> <lb n="116"/><span>i n-Oidheadh Chloinne Lir agus a leithéidhí. — F. an I.</span></p> <lb n="117"/> <lb n="118"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services