CÓIMHFHREAGAIRT.
Chum fear-eagair Irisleabhair na Gaedhilghe,—
Tabhair cead dam, le do thoil, beagán focal do
rádh a bhfreagradh ris an mbreathnughadh neamhchoitcheann
agus náireach do sgríobh tú ar mo leabhar, “Fíor-Chláir-
seach na h-Eireann,” san uibhir do mhí Iuil de'n iris-
leabhar eagaras tú. Ba chóir dham gan é do thabhairt
fá deara ar aon chor, óir ní fiú suim é ó aonneach.
Ní ar mo shon féin, ná ar son mo leabhair cuirim an
litir so chugad, acht ar son na h-iomad daoineadh atá
ag foghluim Gaedhilge anois, do mheall tú agus do chuir
tú ar seachrán leis an mbreathnughadh sin; agus is
iongnadh mór liom é go leigfidhe Comann measamhuil
agus deagh aithnighthe mar Chonnradh na Gaedhilge, aon nidh
chomh neamhghlan, chomh earráideach agus chomh searbh isteach
in aon fhoillsiughadh ar a mbeidheadh cúmhacht aca. Is
soilléir go leor é nach a n-aghaidh mo leabhair acht am
aghaidh féin do sgríobhadh an breathnughadh.
Níor thaisbéan tú aon earráid fiú luadh im leabhar.
Cionnos dob fhéidir leat 'nuair sgríobhair “leacain le
leacain agus guala le gualainn”? 'Siad earráideacha
chomh mór iad so nach ndeunfaidhe iad le aonneach ag a
mbeidheadh aon eolas ar an Gaedhilig. Deir tú nach
bhfuil eolas agad ar an bhfocal “cánadh”. Feuc
foclóir Ui Raghallaigh agus foghluim beagán. Do chuiris
in Iúl nach ceart na línte “ní'l aon eolas agam má
foillsigheadh riamh é,” agus “ní'l an broccan so luaidhte
leis na C. M.” Má dhearbhann tú nach Gaedhilig cheart
na líntidhe so, bhéarfad faoisgríobhad deich mbliadhan
d'Irisleabhar na Gaedhilge. Creud fá'r chuir tú síos
nidh nar sgríobhas. Níor sgríobas “beagán bliadhain
ó shoin;” acht sgríobhas “beagán bliadhan ó shoin.”
Feuch duille 82, líne 5, ó'n mbárr i “bhFíor-Chláirsigh
na h-Eireann.”
Tá mé brónach gur thug tú orm an litir so do
sgríobhadh. Ní'l fhios agam cad tá agad am aghaid, agus
go deimhin, is cuma liom. Thug tú cómhairle dham agus
tabharfaidh mé cómhairle dhuit .i. gan tuilleadh breath-
nughadh do dheunamh ar an Gaedhilg no go dtuigeann
tú beagán níos mó d'a taoibh.
Bhí an leabhar do rinne tú do dhíthchioll do mhaslughadh
agus do bhréagnughadh molta go mór le chuid mhaith de na
daoinibh is mó faoi chlú mar sgoláiribh Gaedhilge; agus is
beg liom, ar an ádhbhar sin, aon nidh deirthear d'a thaoibh
le daoinibh aineolacha.
T. O. RUISÉAL.
Áth-cliath, Lughnasadh, 1900.
FREAGRA
Siúd agus go ndubhramar nach leigfimís aon Ghall-
Ghaedhilg isteach ins an irisleabhar so, ar eagla go
mbeithidhe 'gá rádh gurab amhlaidh dob' áil linn gan
ceart 'ná cóir do thabhairt do'n Ruiséalach acht gach
ceart agus cóir do bhaint de (dálta an ghasúir do mharbh
na fathaigh), tá an litir seo thuas leigthe isteach againn,
acht na tuathail mhóra do cheartughadh, amhail is éigean.
Tá an Ruiséalach 'san éagcóir dúinn go mór agus go
hiongantach. Ní h-i n-a aghaidh féin do sgríobhamar,
acht i n-aghaidh rámáis na Gall-Ghaedhilge. Ní raibh aon
olc againn dó ar chor ar bith. Is amhlaidh bhí ár mbríce
againn le cur dínn 'ná thaobh, 'pé olc maith linn é, agus
do chuireamar, má tá go rabhamar go buaidheartha faoi.
“Tabhair cead dam … beagán focal do rádh.”
cá bhfuil an gléas ceangailte? “A bhfreagradh ris,
etc.” i n-áit “i bhfreagra ar, etc..” Ní ceart “agus” do
bheith istigh roimh “náireach.” “Eagaras (eagras?):
Cia chualaidh nó léigh a shamhail seo d'abairt riamh?
“Ar son na h-iomad daoineadh”: “an iomaid daoine”
an ceart. “Is iongnadh mór liom é”: ní ceart “é”
'san abairt seo. “Leigfidhe” i n-áit “leigfeadh.”
Ní ceart “agus” i ndiaidh “measamhuil.” “Deagh aith-
nighthe”: “deagh-aithnighthe” dob' insgríobhtha, dá mbíodh
an focal so Gaedhealach ar aon chor; ní'l ann, ámh,
acht “well-known”, ní hé focal ar fhocal é acht siolla
ar shiolla, agus a lán focal Gaedhealach ar fághail .i. ainm-
neamhail, clúiteach, suaichnidh, etc.. “Is soilléir go leor
é”: “soiléir” an ceart agus níor chuirthe isteach “é.”
”Fiú luadh” worthy of mention focal ar fhocal: “dob'
fhiú a luadh” nó “dob' ionluaidhte” budh chuirthe síos.
“Cionnos dob' fhéidir leat”: tuathal mór is eadh
”leat” annso; is é rud adéarfadh Gaedhilgeoir
“Cionnus dob' fhéidir duit” nó “Cionnus d'fhéadfá
é.” “Nuair sgríobhair”: “agus gur sgríobhais” an
ceart annso; tá an t-am thorainn. “'Siad earrái-
deacha chom mór iad so”: “Tá<id> na tuathail seo
chom mór” an ceart; is ionann “earráid” anois agus
seachrán slighe nó saoghail; ní hionann é agus tuathal.
Is ionann “cánadh” agus “rúsgadh le cána”; “canadh”
is ionann agus gabháil cheoil. In Iúl: sic “i n-umhail” an
ceart. “Má foillsigheadh”: cuirthear “ar” i n-ionad
“má”. “Ní'l an broccán so luaidhte”: “Níor luaidh-
eadh an Broccán so” an ceart, acht is fearr an
gníomhach annso “Níor luaidh na C. M., etc..” “Beagán
bliadhain”: tuathal cló do chuaidh uainn is eadh
“bliadhain” annso. “tuilleadh breathnughadh”: “tuil-
leadh breathnuighthe” dob' insgríobhtha annso. “Bhí an
leabhar do rinne tú do dhíthchioll do mhaslughadh agus do
bhréagnughadh molta go mór le cuid mhaith de na daoinibh
is mó faoi chlú mar sgoláiribh Gaedhilge”: is amhlaidh
dob' inghléasta so,“an leabhar 'ga ndearna tú dícheall
ar a mhaslughadh agus ar a bhréagnughadh, fuair sé moladh
mór ó chuid mhaith de na daoinibh is mó clú mar
sgoláiríbh Gaedhilge,” má's ceart “maslughadh” agus
“bréagnughadh” ar aon chor ann.
Maidir le “leacain le leacain, etc.,” ní'l ann acht
tarraing cháis i gcás eile. Féach “tuinn ar tuinn”
i n-Oidheadh Chloinne Lir agus a leithéidhí. — F. an I.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11