Sgéalta fá'n ngobán tSaor.
1.  An Gobán Saor agus Moling Naomh.
Do mhair an Gobán Saor 'san 
tseiseadh céad d'aois ár dTigh-
earna.  Adeir na seansgrí-
bheanna gurab í an obair is 
mó do ghnáthuigh sé bheith ag déanamh team-
pall agus cillíní do ná naomhaibh, agus is cinnte 
gurab é thóg cuid de na cloigtheachaibh 
iongantacha úd do chuir an oiread sain 
díospóireachta ar siubhal i dtosach an chéid 
seo, agus 'n-a dtaobh nach misde a chur síos go 
mbainid siad le hÉirinn amháin mar ná 
fuil a samhail i n-aon áit eile fá'n spéir.  
Aithristear a lán de sgéaltaibh grinn i 
dtaobh an Ghobáin is na sean-sgríbheannaibh, 
agus gidh ná fuil cruth na fírinne ar fad orra, 
is deimhnightheach go raibh ughdarthás éigin ag 
na sean-ughdaraibh le n-ar chuireadar síos 
tímcheall air.  Ní h-ionann iad agus na 
sgéalta gan bhun gan bhárr gan lár, gan 
leith-imeall atá i mbéalaibh na ndaoine air.
Aithristear i gceann de na sgríbheannaibh 
úd gur chuir an Naomh Moling fios ar an 
nGobán chum teampaill do thógáil dó.  
Do tháinig an Gobán fá'n-a dhéin, agus cuid-
eachta ceárdaidhe i n-aoinfheacht leis.  Do 
bhí ar an gcuideachtain sin ochtar siúinéir 
agus a n-ochtar ban agus ochtar garsún.  D'fhana-
dar i bhfochair an naoimh ar feadh bhliadhna 
gan a n-obair do thosnughadh, ag ithe agus 
ag ól, ag luighe agus ag éirghe, agus comhair 
comh maith aca uaidh is dá mbeidís ag cur 
na h-oibre chum cinn.  Bhíodh an Gobán gach 
lá dá thathaint orra dul ag obair.  “Téimís,” 
adeireadh se, “ag obair indiu i n-ainm an 
Athar Neamhdha,” acht ní thugadaois aon 
toradh air, acht i gcionn na bliadhna d'iarr 
sé orra dul ag obair “i n-ainm an Athar 
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,” agus láith-
reach baill do luigheadar ar obair agus lean-
adar di go raibh an teampall críochnuighthe
 
aca.  Chuaidh an Gobán i bhfiadhnuise an 
naoimh, agus d'iarr sé a luach-saothair air.  
“Dogheobhair breith do bhéil féin,” ars an 
naomh.  “Bíodh mar sin,” ars' an Gobán, 
“Is í breith mo bhéil féin lán an teampaill 
de sheagal d'fhágháil uait.”  “Dogheobhair 
t'éileamh,” ars an naomh, “acht an team-
pall d'iompodh an taobh síos suas dam i 
dtreo go mbeidh sé i bhfuirm árthaigh, agus 
líonfaidh mé duit é.  Do cheap an naomh 
go raibh buaidhte aige ar an nGobán leis an 
gcoinghioll so.  Acht is beag do thuig an 
naomh a fheabhas de cheárdaighe an Gobán.  
Do rug sé leis a lucht oibre le n-a n-úr-
laisíbh agus is orra ba ghairid a mhoill an 
teampall d'iompodh an taobh síos suas agus 
sain do dhéanamh gan clár gan taobhán gan 
tairnge do chur as ionad ná amháin do 
bhogadh.  “Anois, a naoimh,” ars an Gobán, 
“líon an t-árthach dam.”  Do chuir sain an 
naomh i gcruadh-chás, mar is ar éigin 
d'fhéadfadh sé an teampall do líonadh le 
n-a raibh aige féin agus ag a mhuinntir, ní h-é 
amháin de sheagal, acht de gach saghas eile 
arbhair.  Acht do bh'éigean do a choinghioll do 
chóimhlíonadh, agus ní raibh aige le déanamh acht a 
mhuinighin dochur i nDia, agus d'iarr sé ar a 
mhuinntir an teampall do líonadh le gach 
saghas arbhair dá raibh aca.  Do rinneadar 
amhlaidh, agus do hatharruigheadh an t-arbhar go 
léir go seagal go míorbhuileach.  “Tá breith 
do bhéil féin agat anois,” ars an naomh, 
“acht is beag d'á thairbhe gheobhair.”  Dob' 
fhíor sain do, mar ní túisge bhí an seagal sa' 
bhaile ag an nGobán ná d'atharruigh sé ar 
fad do crumhaibh dreoighte bréana déis-
teanacha.
Donnchadh Pléimhionn.
II. Pósadh a mhic.
An Gobán tSaor budh é an fear budh 
ghasda i n-Éirinn é.  'Sé an chéad fhear i 
n-Éirinn a rinn seisreach, — dubhshlán duine 
ar bith i n-Éirinn a cuir (= cur) amach as 
an sgríbh.
Annsin, bhí sé ina fhear ghasda.  Bhí mac 
aige agus budh mhian leis an mac 'fhagháil 
pósta.  Annsin, chuir sé an mac 'un 
(= chum) aonaigh le dórnán molt.  D'iarr 
sé ar an mac annsin na muilt a dhíol agus 
iad fhéin agus a luach bheith leis ar ais 'na' 
(= chum an) bhaile.
Shiubhail an mac, ách a'n (= gach aon) 
aonach agus ó aonach go haonach.  Ní thiocfadh 
leis a bhfágháil díolta.
Fá dheireadh, bhí sé 'teacht anuas sráid a' 
bhaile mhóir agus casadh cailín air 'muigh i 
ndorus tighe.
“A bhuachaill,” ars'an ghirseach, “an é 
nach dtig leat na caoirigh sin a dhíol?”
“Ní thig liom,” arsa mac an Ghobáin 
tSaoir.
“God chuige sin?” ars' ise.
“Mar d'iarr m'athair orm na caoirigh a 
dhíol agus a luach a bheith liom 'na' bhaile.”
“Maiseadh,” ars' an cailín, “gabh isteach 
annseo agus cuirfe mise leat iad fhéin agus a 
luach leat 'na' bhaile.”
Thug an cailín léithe na caoirigh isteach i 
dteach.  Lom sí na caoirigh agus thomhais sí 
an olann, agus thug sí dó luach na holna agus 
chuir sí annsin na caoirigh lom leis 'na' 
bhaile.
Ars' an t-athair, “A mhic, fuair tú na 
caoirigh dhíol.  Cibé háit i bhfuil an cailín, 
gabh go dtí í agus fágh í le pósadh.”
Fuaidh (= chuaidh) an mac go dtí an cailín 
agus fuair sé í le pósadh agus annsin thais'eán 
an Gobán tSaor cóf[h]ra dí lán óir.
“A nighean (= inghean),” ars' eisean, 
“goidé 'ghéanfá leis a' chóf[h]ra sin?”
“Tá, a athair, bheidhinn ag cur ann i 
gcomhnaidhe agus gan dadaidh bhaint as.”
“A nighean,” ars' é, “ghéanfaidh sin an 
gnaithe.  Dhá mbeithidhe ag baint as i 
gcomhnaidhe, badh ghoirid go mbéidheadh sé 
reaithte (= rithte .i. caithte).  A nighean, 
sin an dóigh cheart leis an tsaidhbhreas a 
choinneáilt (= chongbháil).”
 
III.  Cor i n-aghaidh an choim agus cam i 
n-aghaidh an chuir.
Chuir duine uasal bhí i Sasana sgéal a 
thiocfadh thall anonn go bhfághadh sé a chais-
leán déanta nach mbéidheadh a leitheid eile 
ins na trí ríoghachta.
“Maiseadh,” arsa nighean an Ghobáin 
tSaoir le n-a fear, “buail suas le cailín 
innteach (= éigin) fá'n chaisleán, ná (= nó) 
mur ndeánfaidhe, ní thiocfaidh sibh 'na' bhaile 
beo.”
Shín siad leobhtha anonn go Sasana go 
dtaini' siad go teach an duine uasail.
Thoisigh siad a (= do) dheánamh an chaisleáin.  
Bhuail mac an Ghobáin tSaoir suas le 
cailín bhí fá'n chaisleán.  Bhí an caisleán 
le bheith críochnuigh'e lá ar n-a bhárach.  Ars' 
an cailín leis a' bhuachaill,
“A' bhfuil an caisleán críochnuigh'e?  
Nuair a bhéidheas an caisleán críochnuigh'e, 
tá 'rún acu mur (= bhur) gcuir 'un báis.  
Fiafrachaidh an duine uasal do'n Ghobán 
tSaor a' bhfuil aon chaisleán 'sna trí río-
ghachta comh maith leis.”
Lá ar n-a bhárach, fiafruighidh an duine 
uasal de'n Ghobán tSaor,
“A' bhfuil aon chaisleán 'sna trí río-
ghachta comh maith leis a' chaisleán so 
agam-sa?” 
Fhreagair an Gobán tSaor é.
“Ní'l,” ars' an Gobán tSaor, “acht nídh 
amháin atá 'sa' bhaile agam, agus ní bhfuighidh 
aon dhuine sin acht do mhac-sa agus mo mhac-sa 
dhul fá n-a dhéin.”
Chuir an duine uasal anall mac an 
Ghobáin tSaoir agus a mhac fhéin.  Thainic siad
go dtí teach an Ghobáin tSaoir.  Arsa 
nighean an Gobáin tSaoir,
“Goidé tá a dhíth air anois?”
“Tá, aon nidh atá annseo ins a' chóf[h]ra,” 
arsa mac an Ghobáin tSaoir, “chuir m'athair-
se mise agus mac an duine uasail anall fá 
n-a dhéin.”
“C'ainm atá ar an nídh sin?” arsa 
nighean an Ghobáin tSaoir.
“Tá, cor i n-aghaidh an choim agus cam i 
n-aghaidh an chuir.”
“Tá an nídh chéadna sain ins a' chófhra,” 
arsa nighean an Ghobáin tSaoir.
D'fhosgail sí an cóf[h]ra agus d'iarr sí ar mhac 
an duine uasail theacht anall agus amharc síos 
ins a' chóf[h]ra agus é thógáil.  Chrom sé annsin 
isteach ins a' chóf[h]ra agus thainic sise ar an 
taobh thiar agus chuir sí a lámh leis agus thionn-
tuigh sí é isteach 'sa' chófhra.
“Béidh tusa ansin,” ars' ise, “go dtig 
an Gobán tSaor anall chugam-sa as 
Sasana.”
Fuaidh an sgéal anonn go rabh mac an 
duine uasail 'stigh gaibhte ins a' chóf[h]ra go 
dtigeadh an Gobán tSaor anall 'un a' 
bhaile.  Annsin leigeadh anall an sean-
Ghobán tSaor agus leigeadh anonn mac an 
duine uasail 'un a' bhaile.
NÓTAIDHE.
1  Cuir appears to be universal as the verbal noun in
spoken Irish.  It occurs also in other contributions to
this No.  Is it possible that there is something more than
a solecism in it?
2  Pronounce do dh'aonach; so also, budh dh'e for
budh é as written.
3  As told by another sgéalaidhe afterwards, this part
read : Breallán athar a d'iarr orm, &c.
4 Da mbeithidhe, &c., loosely translated, "If we should
be, &c," by narrator.  Are we to infer from this that the
impersonal (passive) form should be used in Irish where
"we read," "we hear," &c., are used in an indefinite
and general sense in English?
5 = Shiubhail siad leo, bhuail siad reompa.
6  Pron. as if spelt goite.
II. agus III.  Mac Tíre do chuir síos i nGhleann Fhinne
Tíre Conaill ó bhéal-aithris Phádruig Uí Bheirn.
“Le Grádh do Dhia.”
Amhrán naomhtha.