Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalta fá'n nGobán tSaor.

Title
Sgéalta fá'n nGobán tSaor.
Author(s)
Pléimionn, Donnchadh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sgéalta fá'n ngobán tSaor.



1. An Gobán Saor agus Moling Naomh.



Do mhair an Gobán Saor 'san
tseiseadh céad d'aois ár dTigh-
earna. Adeir na seansgrí-
bheanna gurab í an obair is
mó do ghnáthuigh sé bheith ag déanamh team-
pall agus cillíní do ná naomhaibh, agus is cinnte
gurab é thóg cuid de na cloigtheachaibh
iongantacha úd do chuir an oiread sain
díospóireachta ar siubhal i dtosach an chéid
seo, agus 'n-a dtaobh nach misde a chur síos go
mbainid siad le hÉirinn amháin mar ná
fuil a samhail i n-aon áit eile fá'n spéir.
Aithristear a lán de sgéaltaibh grinn i
dtaobh an Ghobáin is na sean-sgríbheannaibh,
agus gidh ná fuil cruth na fírinne ar fad orra,
is deimhnightheach go raibh ughdarthás éigin ag
na sean-ughdaraibh le n-ar chuireadar síos
tímcheall air. Ní h-ionann iad agus na
sgéalta gan bhun gan bhárr gan lár, gan
leith-imeall atá i mbéalaibh na ndaoine air.
Aithristear i gceann de na sgríbheannaibh
úd gur chuir an Naomh Moling fios ar an
nGobán chum teampaill do thógáil dó.
Do tháinig an Gobán fá'n-a dhéin, agus cuid-
eachta ceárdaidhe i n-aoinfheacht leis. Do
bhí ar an gcuideachtain sin ochtar siúinéir
agus a n-ochtar ban agus ochtar garsún. D'fhana-
dar i bhfochair an naoimh ar feadh bhliadhna
gan a n-obair do thosnughadh, ag ithe agus
ag ól, ag luighe agus ag éirghe, agus comhair
comh maith aca uaidh is dá mbeidís ag cur
na h-oibre chum cinn. Bhíodh an Gobán gach
lá dá thathaint orra dul ag obair. “Téimís,”
adeireadh se, “ag obair indiu i n-ainm an
Athar Neamhdha,” acht ní thugadaois aon
toradh air, acht i gcionn na bliadhna d'iarr
sé orra dul ag obair “i n-ainm an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,” agus láith-
reach baill do luigheadar ar obair agus lean-
adar di go raibh an teampall críochnuighthe


L. 192


aca. Chuaidh an Gobán i bhfiadhnuise an
naoimh, agus d'iarr sé a luach-saothair air.
“Dogheobhair breith do bhéil féin,” ars an
naomh. “Bíodh mar sin,” ars' an Gobán,
“Is í breith mo bhéil féin lán an teampaill
de sheagal d'fhágháil uait.” “Dogheobhair
t'éileamh,” ars an naomh, “acht an team-
pall d'iompodh an taobh síos suas dam i
dtreo go mbeidh sé i bhfuirm árthaigh, agus
líonfaidh mé duit é. Do cheap an naomh
go raibh buaidhte aige ar an nGobán leis an
gcoinghioll so. Acht is beag do thuig an
naomh a fheabhas de cheárdaighe an Gobán.
Do rug sé leis a lucht oibre le n-a n-úr-
laisíbh agus is orra ba ghairid a mhoill an
teampall d'iompodh an taobh síos suas agus
sain do dhéanamh gan clár gan taobhán gan
tairnge do chur as ionad ná amháin do
bhogadh. “Anois, a naoimh,” ars an Gobán,
“líon an t-árthach dam.” Do chuir sain an
naomh i gcruadh-chás, mar is ar éigin
d'fhéadfadh sé an teampall do líonadh le
n-a raibh aige féin agus ag a mhuinntir, ní h-é
amháin de sheagal, acht de gach saghas eile
arbhair. Acht do bh'éigean do a choinghioll do
chóimhlíonadh, agus ní raibh aige le déanamh acht a
mhuinighin dochur i nDia, agus d'iarr sé ar a
mhuinntir an teampall do líonadh le gach
saghas arbhair dá raibh aca. Do rinneadar
amhlaidh, agus do hatharruigheadh an t-arbhar go
léir go seagal go míorbhuileach. “Tá breith
do bhéil féin agat anois,” ars an naomh,
“acht is beag d'á thairbhe gheobhair.” Dob'
fhíor sain do, mar ní túisge bhí an seagal sa'
bhaile ag an nGobán ná d'atharruigh sé ar
fad do crumhaibh dreoighte bréana déis-
teanacha.



Donnchadh Pléimhionn.



II. Pósadh a mhic.



An Gobán tSaor budh é an fear budh
ghasda i n-Éirinn é. 'Sé an chéad fhear i
n-Éirinn a rinn seisreach, — dubhshlán duine
ar bith i n-Éirinn a cuir (= cur) amach as
an sgríbh.



Annsin, bhí sé ina fhear ghasda. Bhí mac
aige agus budh mhian leis an mac 'fhagháil
pósta. Annsin, chuir sé an mac 'un
(= chum) aonaigh le dórnán molt. D'iarr
sé ar an mac annsin na muilt a dhíol agus
iad fhéin agus a luach bheith leis ar ais 'na'
(= chum an) bhaile.



Shiubhail an mac, ách a'n (= gach aon)
aonach agus ó aonach go haonach. Ní thiocfadh
leis a bhfágháil díolta.



Fá dheireadh, bhí sé 'teacht anuas sráid a'
bhaile mhóir agus casadh cailín air 'muigh i
ndorus tighe.



“A bhuachaill,” ars'an ghirseach, “an é
nach dtig leat na caoirigh sin a dhíol?”



“Ní thig liom,” arsa mac an Ghobáin
tSaoir.



“God chuige sin?” ars' ise.



“Mar d'iarr m'athair orm na caoirigh a
dhíol agus a luach a bheith liom 'na' bhaile.”



“Maiseadh,” ars' an cailín, “gabh isteach
annseo agus cuirfe mise leat iad fhéin agus a
luach leat 'na' bhaile.”



Thug an cailín léithe na caoirigh isteach i
dteach. Lom sí na caoirigh agus thomhais sí
an olann, agus thug sí dó luach na holna agus
chuir sí annsin na caoirigh lom leis 'na'
bhaile.



Ars' an t-athair, “A mhic, fuair tú na
caoirigh dhíol. Cibé háit i bhfuil an cailín,
gabh go dtí í agus fágh í le pósadh.”



Fuaidh (= chuaidh) an mac go dtí an cailín
agus fuair sé í le pósadh agus annsin thais'eán
an Gobán tSaor cóf[h]ra dí lán óir.



“A nighean (= inghean),” ars' eisean,
“goidé 'ghéanfá leis a' chóf[h]ra sin?”



“Tá, a athair, bheidhinn ag cur ann i
gcomhnaidhe agus gan dadaidh bhaint as.”



“A nighean,” ars' é, “ghéanfaidh sin an
gnaithe. Dhá mbeithidhe ag baint as i
gcomhnaidhe, badh ghoirid go mbéidheadh sé
reaithte (= rithte .i. caithte). A nighean,
sin an dóigh cheart leis an tsaidhbhreas a
choinneáilt (= chongbháil).”


L. 193


III. Cor i n-aghaidh an choim agus cam i
n-aghaidh an chuir.



Chuir duine uasal bhí i Sasana sgéal a
thiocfadh thall anonn go bhfághadh sé a chais-
leán déanta nach mbéidheadh a leitheid eile
ins na trí ríoghachta.



“Maiseadh,” arsa nighean an Ghobáin
tSaoir le n-a fear, “buail suas le cailín
innteach (= éigin) fá'n chaisleán, ná (= nó)
mur ndeánfaidhe, ní thiocfaidh sibh 'na' bhaile
beo.”



Shín siad leobhtha anonn go Sasana go
dtaini' siad go teach an duine uasail.
Thoisigh siad a (= do) dheánamh an chaisleáin.
Bhuail mac an Ghobáin tSaoir suas le
cailín bhí fá'n chaisleán. Bhí an caisleán
le bheith críochnuigh'e lá ar n-a bhárach. Ars'
an cailín leis a' bhuachaill,



“A' bhfuil an caisleán críochnuigh'e?
Nuair a bhéidheas an caisleán críochnuigh'e,
tá 'rún acu mur (= bhur) gcuir 'un báis.
Fiafrachaidh an duine uasal do'n Ghobán
tSaor a' bhfuil aon chaisleán 'sna trí río-
ghachta comh maith leis.”



Lá ar n-a bhárach, fiafruighidh an duine
uasal de'n Ghobán tSaor,



“A' bhfuil aon chaisleán 'sna trí río-
ghachta comh maith leis a' chaisleán so
agam-sa?”



Fhreagair an Gobán tSaor é.



“Ní'l,” ars' an Gobán tSaor, “acht nídh
amháin atá 'sa' bhaile agam, agus ní bhfuighidh
aon dhuine sin acht do mhac-sa agus mo mhac-sa
dhul fá n-a dhéin.”



Chuir an duine uasal anall mac an
Ghobáin tSaoir agus a mhac fhéin. Thainic siad
go dtí teach an Ghobáin tSaoir. Arsa
nighean an Gobáin tSaoir,



“Goidé tá a dhíth air anois?”



“Tá, aon nidh atá annseo ins a' chóf[h]ra,”
arsa mac an Ghobáin tSaoir, “chuir m'athair-
se mise agus mac an duine uasail anall fá
n-a dhéin.”



“C'ainm atá ar an nídh sin?” arsa
nighean an Ghobáin tSaoir.



“Tá, cor i n-aghaidh an choim agus cam i
n-aghaidh an chuir.”



“Tá an nídh chéadna sain ins a' chófhra,”
arsa nighean an Ghobáin tSaoir.



D'fhosgail sí an cóf[h]ra agus d'iarr sí ar mhac
an duine uasail theacht anall agus amharc síos
ins a' chóf[h]ra agus é thógáil. Chrom sé annsin
isteach ins a' chóf[h]ra agus thainic sise ar an
taobh thiar agus chuir sí a lámh leis agus thionn-
tuigh sí é isteach 'sa' chófhra.



“Béidh tusa ansin,” ars' ise, “go dtig
an Gobán tSaor anall chugam-sa as
Sasana.”



Fuaidh an sgéal anonn go rabh mac an
duine uasail 'stigh gaibhte ins a' chóf[h]ra go
dtigeadh an Gobán tSaor anall 'un a'
bhaile. Annsin leigeadh anall an sean-
Ghobán tSaor agus leigeadh anonn mac an
duine uasail 'un a' bhaile.



NÓTAIDHE.



1 Cuir appears to be universal as the verbal noun in
spoken Irish. It occurs also in other contributions to
this No. Is it possible that there is something more than
a solecism in it?



2 Pronounce do dh'aonach; so also, budh dh'e for
budh é as written.



3 As told by another sgéalaidhe afterwards, this part
read : Breallán athar a d'iarr orm, &c.



4 Da mbeithidhe, &c., loosely translated, "If we should
be, &c," by narrator. Are we to infer from this that the
impersonal (passive) form should be used in Irish where
"we read," "we hear," &c., are used in an indefinite
and general sense in English?



5 = Shiubhail siad leo, bhuail siad reompa.
6 Pron. as if spelt goite.



II. agus III. Mac Tíre do chuir síos i nGhleann Fhinne
Tíre Conaill ó bhéal-aithris Phádruig Uí Bheirn.



“Le Grádh do Dhia.”



Amhrán naomhtha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services