Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Dúthchas
Title
An Dúthchas
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">An Dúthchas</title><author><name type="main">Máire Ní Chinnéide</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">NL565</note> <note type="L">3</note> <note type="B">1908</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2013</date><idno>NL565</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><bibl><title>An Dúthchas</title><author>Máire Ní Chinnéide</author><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>1908</date></imprint> </bibl></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Áit — Cathair éigin i n-Éirinn.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Am — An t-am fé láthair.</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>AN DÚTHCHAS.</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>Seomra breagh. Tá bórd 'na lár & é leathta amach i</span> <lb n="8"/><span>gcóir roinnt daoine. Tá cathaoireacha ar gach taobh de'n</span> <lb n="9"/><span>bhórd, & tá lampa ar lár an bhúird, & sgáth síoda ar dhath</span> <lb n="10"/><span>an róis air. Tá an lampa so ar lasadh. Tá roinnt</span> <lb n="11"/><span>earraidhe airgid & gloine ar an mbórd, & iad go geal</span> <lb n="12"/><span>taithneamhach, cé ná fuilid ró-luachmhar. Tá dhá fhuinneoig</span> <lb n="13"/><span>sa tseomra, & cruitínigh lása ortha, & tá pictiúir fir óig</span> <lb n="14"/><span>dhathamhla idir an dá fhuinneoig. Tá doras ar an dtaobh</span> <lb n="15"/><span>chlé & tá bórd éadain fé'n bpictiúir. Tá máthair</span> <lb n="16"/><span>Dhiarmuda, bean mheadhón-aosta, sa tseomra, & í go</span> <lb n="17"/><span>bruideamhail ag socrughadh roinnt bhláthann ar an mbórd.</span> <lb n="18"/><span>Tá sí ag cantain di féin. Tagann cailín óg isteach —</span> <lb n="19"/><span>seirbhíseach 'seadh í. Tá gúna dubh uirthi, & práisgín bán, &</span> <lb n="20"/><span>caipín bán línéadaigh ar a ceann uirthi.</span> <lb n="21"/></p> </div> <pb n="4"/> <div><lb n="22"/><p><span>Máthair Dh. — A Úna, ar tháinig Risteárd Ó Meádhra fós?</span></p> <lb n="23"/> <lb n="24"/><p><span>Úna — Níor tháinig, a mhaighistreás.</span></p> <lb n="25"/> <lb n="26"/><p><span>An Mháthair — Tá go maith. Chomh luath & a thiocfaidh sé,</span> <lb n="27"/><span>tabhair annso aníos chugham é.(Leanann sí ag socrughadh</span> <lb n="28"/><span>na mbláth; tá an cailín ag imtheacht, t'réis cúpla rudaí do</span> <lb n="29"/><span>chur ar cheann an bhúird). Níor tháinig an máighistir óg a</span> <lb n="30"/><span>bhaile fós, is dócha?</span></p> <lb n="31"/> <lb n="32"/><p><span>Úna — Níor tháinig, a mhaighistreás.</span></p> <lb n="33"/> <lb n="34"/><p><span>An Mh. — Féach, a Úna (druideann sí léi). Beidh bean uasal</span> <lb n="35"/><span>'na theannta nuair thiocfaidh sé — & ba cheart dom a</span> <lb n="36"/><span>innsint duit go mbeidh sé 'á pósadh sar a fada.</span></p> <lb n="37"/> <lb n="38"/><p><span>Úna — An máighistir óg le pósadh! Ó is maith é sin!</span> <lb n="39"/><span>(buaileann a dá bois le chéile). Agus ca chuin a bheidh</span> <lb n="40"/><span>an pósadh, ní' fheadar, a mhaighistreás?</span></p> <lb n="41"/> <lb n="42"/><p><span>An Mh. — Ní fheadar-sa acht chomh beag. Caithfimíd é sin</span> <lb n="43"/><span>a fhágaint fútha féin! Acht is dócha go socrócham</span> <lb n="44"/><span>anocht é.</span></p> <lb n="45"/> <lb n="46"/><p><span>Úna — Cad é an saghas mná atá fachta aige, a mhaighistreás?</span> <lb n="47"/><span>Bhfuil sí dathamhail?</span></p> <lb n="48"/> <lb n="49"/><p><span>An Mh. (ag gáiridhe) — Fan go bhfeicfidh tú — acht éist, tá</span> <lb n="50"/><span>duine éigin ag an ndorus. Síos leat ag féachaint</span> <lb n="51"/><span>cia tá ann.</span></p> <lb n="52"/> <lb n="53"/><p><span>(Imthigheann Úna. Tosnuigheann an Mháthair ar na bláthannaibh</span> <lb n="54"/><span>a dheisiughadh arís. I gcionn nóimide, druideann sí siar ó'n</span> <lb n="55"/><span>mbórd, ag féachaint ortha).</span></p> <lb n="56"/> <lb n="57"/><p><span>An Mh. — 'Seadh, déanfaidh soin an gnó, is dócha.(Tarraing-</span> <lb n="58"/><span>eann sí ceann aca níos sia amach annso & annsúd). Tá</span> <lb n="59"/><span>súil agam go dtaithneochaidh siad le Diarmuid!</span> <lb n="60"/><span>Acht cia chuir an fíon annso? (Tógann sí buidéal &</span> <lb n="61"/><span>cuireann go dtí an ceann is sia de'n bhórd é. Ná</span> <lb n="62"/><span>dubhart leo ná beadh éan-ghádh le n-a leithéid sin ar</span> <lb n="63"/><span>an dtaobh seo de'n bhórd — buidheachas le Dia ar a shon</span> <lb n="64"/><span>soin (táid ag féachaint ar an bpictiúir, an fhaid is tá sí 'á</span> <lb n="65"/><span>sádh so). Dearmhad a b'eadh é, is dócha. (Druideann sí</span> <lb n="66"/><span>leis an bhfuinneoig, & í ag labhairt ní thugann sí fé ndeara an</span> <lb n="67"/><span>tarna buidéal ar an mbórd).</span></p> <lb n="68"/> <lb n="69"/><p><span>(Fanann sí ag an bhfuinneoig & a lámh ar an gcruitíneach;</span> <lb n="70"/><span>airightear fothram éigin lasmuich de'n dóras, is guth fir ag</span> <lb n="71"/><span>cainnt go hard).</span> <lb n="72"/></p> </div> <pb n="5"/> <div><lb n="73"/><p><span>An Fear (Lasmuich) — Ní gádh dhuit m'ainm a rádh roimh ré, a</span> <lb n="74"/><span>chailín. (Buaileann sé an dorus isteach, & ritheann anonn chum</span> <lb n="75"/><span>máthair Dhiarmuda. Tá a hata & a mhaide 'na lámhaibh aige).</span> <lb n="76"/><span>Ó, a chara dhílis, cionnus táimíd i n-éan-chor?</span> <lb n="77"/><span>(Cuireann a hata ar chathaoir, & sleamhnuigheann an maide go dtí</span> <lb n="78"/><span>an t-úrlár). Agus cionnus tá an t-oighre óg?</span> <lb n="79"/><span>(Beireann sé ar a dhá láimh uirthi, & féachann idir an dá shúil uirthi).</span> <lb n="80"/><span>Má tá sé chomh breagh deallrathach & tá a mháthair —</span> <lb n="81"/><span>bail ó Dhia uirthi — níl baoghal air!</span></p> <lb n="82"/> <lb n="83"/><p><span>An Mh. (ag gáiridhe, & 'á sgaoileadh féin uaidh) — Ba bhreagh an</span> <lb n="84"/><span>plámásaidhe i gcomhnuidhe tu, a Risteáird! — Á,</span> <lb n="85"/><span>seachain — do hata (tá sé chum suidhe ar an gcathaoir ar a</span> <lb n="86"/><span>bhfuil an hata).</span></p> <lb n="87"/> <lb n="88"/><p><span>Risteárd — Ó — seadh — go raibh maith agat! (Suidheann, &</span> <lb n="89"/><span>coimeádann an hata 'na láimh). An bhfuil gach éinnídh ollamh</span> <lb n="90"/><span>agat? Tá, is dócha?</span></p> <lb n="91"/> <lb n="92"/><p><span>An Mháthair — Ó, tá. 'Bhfuil na páipéir go léir agat-sa?</span></p> <lb n="93"/> <lb n="94"/><p><span>Risteárd (ag cuardach a phócaí dhóibh) — Ó, tá, tá … Cár</span> <lb n="95"/><span>chuireas iad, ní fheadar … Cheapas (é ag síor-chuardach)</span> <lb n="96"/><span>gur chuireas … san bpóca so … iad, acht …</span> <lb n="97"/><span>Ó, seo iad. (Tarraingeann sé beart mór páipeár amach, &</span> <lb n="98"/><span>ceangal ortha. Téidheann sé anonn go dtí an bórd, & leathann</span> <lb n="99"/><span>sé amach ar an mbórd iad). Seo! (cuireann sé a mhéar ar bhall</span> <lb n="100"/><span>áirithe sa pháipéar & léigheann) “Cúig míle púnt … humth,</span> <lb n="101"/><span>humth … nuair shroichfidh sé a chúigeadh bliadhain ar fhichid</span> <lb n="102"/><span>… humth, humth … má's rud é ná fuil éan-chomhartha air</span> <lb n="103"/><span>roimis seo go leanfaidh sé ar shlighe a athar” (go</span> <lb n="104"/><span>féachaint uirthi) — agus tá sé socruighthe ná beidh na</span> <lb n="105"/><span>cúig bliadhna ar fhichid istigh go dtí meadhón-oidhche —</span> <lb n="106"/><span>sin é, go dtí a dó dhéag anocht, tá 'fhios agat. Agus</span> <lb n="107"/><span>seo an páipéar deallraighthe ag taisbeáint go bhfuil</span> <lb n="108"/><span>na cúig bliadhna ar fhichid úd slán aige — nó go mbeidh</span> <lb n="109"/><span>anocht — & (ag tógaint cinn eile) an ceann eile ag</span> <lb n="110"/><span>dearbhadh gur coimhlíonadh an tarna coingheall ('gá</span> <lb n="111"/><span>osgailt). Féach! seo iad ainmneacha na bhfínné.</span></p> <lb n="112"/> <lb n="113"/><p><span>(Cromann Máthair Dhiarmuda os cionn an bhúird & í ag léigheamh</span> <lb n="114"/><span>na n-ainmneacha. Téidheann Risteárd anonn go dtí go mbíonn</span> <lb n="115"/><span>sé fé'n bpictiuir & féachann air).</span></p> <lb n="116"/> <lb n="117"/><p><span>Risteárd — Níl Diarmuid deallrathach le n-a athair i n-éan-</span> <lb n="118"/><span>chor, an bhfuil? (féachann sé ar Mháthair Dh. go haireach acht go</span> <lb n="119"/><span>foluightheach).</span></p> <lb n="120"/> <lb n="121"/><p><span>Máthair Dh. — Níl — buidh — (tá sí chum rud eile do rádh, acht féachann</span> <lb n="122"/><span>sise ar a phictiuir leis & stadann sí).</span></p> <lb n="123"/> <lb n="124"/><p><span>Risteárd (ag teacht fé n-a déin) — A Mháire! bhfuil cead ag</span> <lb n="125"/><span>sean-charaid ceist áirithe do chur ort?</span> <lb n="126"/></p> </div> <pb n="6"/> <div><lb n="127"/><p><span>An Mháthair (gan féachaint air) — Fiafruigh pé rud is maith</span> <lb n="128"/><span>leat.</span></p> <lb n="129"/> <lb n="130"/><p><span>Risteárd — Tá 'fhios agam, a Mháire, ná raibh an iomad</span> <lb n="131"/><span>sonais agat an fhaid is bhí d'fhear 'na bheathaidh —</span> <lb n="132"/><span>d'airigheas soin nuair do thánag thar n-ais ó</span> <lb n="133"/><span>Ameiriocá — acht creidfidh tú go maith nach maith liom</span> <lb n="134"/><span>puinn cheisteanna do chur ar éinne 'na thaobh. Bhí 'fhios</span> <lb n="135"/><span>agam go maith gurab eol do gach éinne i mBaile an</span> <lb n="136"/><span>tSrutháin cad do chuir mé ag rith anonn go hAmeiriocá,</span> <lb n="137"/><span>tá 'fhios agat. Annsoin, nuair fhágais an tSráid</span> <lb n="138"/><span>t'réis bháis dod' athair, níor chuala éan-trácht ort a</span> <lb n="139"/><span>thuilleadh gur thánag féin go dtí an Chathair & annsoin bhí</span> <lb n="140"/><span>d'fhear marbh & Diarmuid 'na fhear óg beagnach.</span> <lb n="141"/><span>Anois — an coingheall úd i n-údhacht t' athar …</span></p> <lb n="142"/> <lb n="143"/><p><span>An Mháthair — 'Seadh, tuigim. (Téidheann sí anonn go dtí ceann</span> <lb n="144"/><span>de na cathaoireachaibh & suidheann). Suidh (suidheann sé os a</span> <lb n="145"/><span>comhair amach). Nuair phósas ar dtúis, ba dhóigh liom ná</span> <lb n="146"/><span>raibh samhail m'fhir le fagháil ar dhruim an domhain, bhí sé</span> <lb n="147"/><span>chomh deas fearamhail grádhmhar soin, & ba dhóigh liom ná</span> <lb n="148"/><span>raibh sa domhan mhór bean chomh hádhmharach & chomh sásta</span> <lb n="149"/><span>liom féin (cuireann Risteárd a aghaidh i bhfolach idir a dhá láimh</span> <lb n="150"/><span>acht ní thugann sise sé ndeara é). Ní rabhas i bhfad</span> <lb n="151"/><span>pósta, ámhthach, nuair fuaras amach an rud ná</span> <lb n="152"/><span>raibh éan-choinne agam leis — an rud do loit an chuid</span> <lb n="153"/><span>eile dem' shaoghal — & dá shaoghal féin chomh maith</span> <lb n="154"/><span>céadna —</span></p> <lb n="155"/> <lb n="156"/><p><span>Ris. — Agus b'é an rud é?</span></p> <lb n="157"/> <lb n="158"/><p><span>An Mh. — Go raibh greim chomh láidir sin ag deamhan an</span> <lb n="159"/><span>ólacháin ar m' fhear pósta gur beag leis a bhean ná a</span> <lb n="160"/><span>naoidheanán, a chlú ná a ainm, 'seadh agus a Dhia féin,</span> <lb n="161"/><span>nuair do fuair an rud so greim air i gcomórtas</span> <lb n="162"/><span>leis. Dochtúir leighis a b'eadh é, mar is eol duit, & bhí</span> <lb n="163"/><span>an-iontaoibh ag na daoinibh breoite as. Bhí sé ag</span> <lb n="164"/><span>tuilleamh roinnt mhaith airgid sa bhliadhain & is deacair</span> <lb n="165"/><span>a rádh cá stadfadh sé, munab é an mí-ádh a bhí air.</span></p> <lb n="166"/> <lb n="167"/><p><span>Risteárd — Agus … nár dhein sé éin-iarracht ar an</span> <lb n="168"/><span>rud so do chur fé chosaibh?</span></p> <lb n="169"/> <lb n="170"/><p><span>An Mh. — Go deimhin do dhein, acht sin a raibh aige dá bhárr.</span> <lb n="171"/><span>Dheineas féin mo dhícheall leis, acht bhí an t-ól níos</span> <lb n="172"/><span>láidre ná sinn araon. Do shíleas go raibh an bhuaidh</span> <lb n="173"/><span>le bheith againn nuair rugadh mo chéad leanbh, acht</span> <lb n="174"/><span>nuair cailleadh é & é 'na naoidheanán, bhí an sgéal níos</span> <lb n="175"/><span>measa ná riamh againn, & nuair a rugadh Diarmuid, ní</span></p> </div> <pb n="7"/> <div><lb n="176"/><p><span>raibh éinnidh 'gár gcoimeád lasmuich de thigh na mbocht</span> <lb n="177"/><span>acht an congnamh do fuaramar óm' athair. Cailleadh</span> <lb n="178"/><span>m' fhear tamaillín 'na dhiaidh sin — d'ól sé buidéal</span> <lb n="179"/><span>nimhe, oidhche, i n-ionad buidéil uisge beathadh — &</span> <lb n="180"/><span>dheineas-sa mo dhícheall chum Diarmuda a choimeád ar</span> <lb n="181"/><span>an slighe cheart — agus buidheachas le Dia ná fuil éan-</span> <lb n="182"/><span>dúil aige san ólachán chéadna!</span></p> <lb n="183"/> <lb n="184"/><p><span>Risteárd — Agus b'in é an fáth gur chuir t' athair an</span> <lb n="185"/><span>coingheall soin isteach!</span></p> <lb n="186"/> <lb n="187"/><p><span>An Mh. — B'in é. Dá mbeadh éan-chomhartha ann go mbeadh</span> <lb n="188"/><span>an greim céadna ag an deamhan úd ar Dhiarmuid &</span> <lb n="189"/><span>bhí ar a athair, ní raibh le bheith againn acht an méid do</span> <lb n="190"/><span>choimeádfadh beo sinn araon — an méid a bhí againn go</span> <lb n="191"/><span>dtí seo.</span></p> <lb n="192"/> <lb n="193"/><p><span>Risteárd — Acht cad 'na thaobh nach agat-sa d' fhág t'athair</span> <lb n="194"/><span>an t-airgead, nuair bhí an droch-iontaoibh aige as</span> <lb n="195"/><span>Diarmuid?</span></p> <lb n="196"/> <lb n="197"/><p><span>An Mh. (ag crothadh a cinn & smigeadh ar a béal) — Agam-sa! Bhí 'fhios</span> <lb n="198"/><span>aige go maith gur mar a chéile é fhágaint agam-sa & é</span> <lb n="199"/><span>fhágaint ag Diarmuid, ná féadfainn diúltadh dhó</span> <lb n="200"/><span>choidhche.</span></p> <lb n="201"/> <lb n="202"/><p><span>Ris, — Agus a bhfuil 'fhios ag Diarmuid cad é an saghas fir</span> <lb n="203"/><span>a athair?</span></p> <lb n="204"/> <lb n="205"/><p><span>An Mh. — Ó níl! Is dóigh leis ná raibh fear chomh maith leis</span> <lb n="206"/><span>ar dhruim talmhan riamh.</span></p> <lb n="207"/> <lb n="208"/><p><span>Risteárd (ag bualadh méireanna a dhá láimh i gcoinnibh a céile & ag</span> <lb n="209"/><span>labhairt go machtnamhail) — Go maith! … Agus …</span> <lb n="210"/><span>bhfuil tú lán deimhnightheach — níl puinn eolais agam-sa</span> <lb n="211"/><span>ar Dhiarmuid, tá 'fhios agat — ná fuil éin-rian de'n</span> <lb n="212"/><span>dúil mhalluighthe seo ann?</span></p> <lb n="213"/> <lb n="214"/><p><span>An Mh. — Ó táim, moladh mór le Dia, táim — lán-</span> <lb n="215"/><span>deimhnightheach! Níor bhlais sé fiú éan-bhraoin amháin</span> <lb n="216"/><span>d'éan-rud níos láidre ná fíoruisge ó bhí sé 'na</span> <lb n="217"/><span>leanbh bheag.</span></p> <lb n="218"/> <lb n="219"/><p><span>Risteárd (ag féachaint uirthi go hobann) — Ó bhí sé 'na leanbh</span> <lb n="220"/><span>bheag, an eadh? Cionnus soin?</span></p> <lb n="221"/> <lb n="222"/><p><span>An Mh. — Chonnac a athair 'á chur ar meisge cúpla uair, nuair</span> <lb n="223"/><span>ná raibh sé acht dhá bliadhain d'aois, & bhí eagla orm go</span> <lb n="224"/><span>mbeadh an dúil nimhneach chéadna aige-sean leis, acht</span> <lb n="225"/><span>anois!</span> <lb n="226"/></p> </div> <pb n="8"/> <div><lb n="227"/><p><span>Risteárd (ag éirghe & ag druidim léi) — Seadh, anois — tá sé chomh</span> <lb n="228"/><span>maith & ba cheart do mhac a bheith go bhfuil a leithéid</span> <lb n="229"/><span>seo de mháthair aige ná fuil?</span></p> <lb n="230"/> <lb n="231"/><p><span>(Beireann sé ar a dhá láimh uirthi acht ar an nóimid seo buaileann</span> <lb n="232"/><span>duine éigin ar dhorus an tseomra, & tagann an cailín aimsire</span> <lb n="233"/><span>isteach, & beart mór bláthann 'na bacalainn aici. Sgaoileann</span> <lb n="234"/><span>R. do Mháthair Dhiarmuda, & tagann an cailín isteach ag iarraidh a</span> <lb n="235"/><span>leigint uirthi ná tugann sí fé ndeara an cheist & an ceann fé atá</span> <lb n="236"/><span>ar an mbeirt eile).</span></p> <lb n="237"/> <lb n="238"/><p><span>An Cailín aimsire — 'Sé an maighistir óg a chuir na bláthanna</span> <lb n="239"/><span>so a bhaile, a mhaighistreás.</span></p> <lb n="240"/> <lb n="241"/><p><span>An Mháthair ('á dtógaint uatha) — Ó nach deas atáid!</span> <lb n="242"/><span>(foluigheann sí a haghaidh ionnta). Faigh árthach éigin dom</span> <lb n="243"/><span>chúcha, a Úna. (Imthigheann an cailín, & iompuigheann an Mháthair</span> <lb n="244"/><span>ar Risteárd, & síneann sí na bláthanna chuige). Féach, a</span> <lb n="245"/><span>Risteáird! nach maith an rud do mhnaoi mac chomh</span> <lb n="246"/><span>haireach soin a bheith aici!</span></p> <lb n="247"/> <lb n="248"/><p><span>Ris. — Seo, leig domh-sa iad do thógaint uait (iarrann iad</span> <lb n="249"/><span>do thógaint as a lámhaibh & leigeann do chuid aca tuitim ar an</span> <lb n="250"/><span>úrlár. Gáireann an bhean fé).</span></p> <lb n="251"/> <lb n="252"/><p><span>An Mh. ('á bpiocadh suas) — Ó mhuise, nach aindeis atá na fir!</span> <lb n="253"/><span>Seo, cuir annso iad. (Téidheann sí anonn go dtí an bórd,</span> <lb n="254"/><span>& leanann Risteárd í). Agus seo chughainn Úna. (Téidheann</span> <lb n="255"/><span>sí anonn go dtí an dorus & tógann sí árthach lán d'uisge ó</span> <lb n="256"/><span>lámhaibh an chailín aimsire). Déanfaidh soin, a Úna — go</span> <lb n="257"/><span>raibh maith agat. (Imthigheann an cailín, téidheann Máthair</span> <lb n="258"/><span>Dhiarmuda anonn go dtí an bórd & cromann ar na bláthannaibh do</span> <lb n="259"/><span>shocrughadh). Caithfead iad so a shocrughadh go han-dheas,</span> <lb n="260"/><span>mar táim chum iad do chur os comhair Dhiarmuda féin,</span> <lb n="261"/><span>nó — (ag iompódh ar R.) an ndubhart leat fós go bhfuil</span> <lb n="262"/><span>sé ar tí pósadh, & go bhfuil an cailín le bheith annso</span> <lb n="263"/><span>'ná theannta indiu?</span></p> <lb n="264"/> <lb n="265"/><p><span>Ris. — Ní dubhrais focal mar gheall air. Ó, is maith liom</span> <lb n="266"/><span>soin a chloisint, is maith liom soin! (ag cuimilt a</span> <lb n="267"/><span>bhasa i gcoinnibh a chéile). Níl éinnídh is fearr liom</span> <lb n="268"/><span>fheicsint ná daoine ag pósadh — & ní hiad na daoine</span> <lb n="269"/><span>óga amháin acht chomh beag. (ag teacht i ngar di). Beidh</span> <lb n="270"/><span>tú féin an-uaigneach, is dócha, nuair bheidh Diarmuid</span> <lb n="271"/><span>imthighthe uait?</span></p> <lb n="272"/> <lb n="273"/><p><span>An Mh. (gan éinnídh a thuigsint uaidh) — Ó ní bhead, ní sgarfar ó</span> <lb n="274"/><span>n-a chéile sinn! Deir sé ná féadfadh sé maireachtaint</span> <lb n="275"/><span>i n-éagmhuis a mháthar, pé saghas mná a bheadh aige</span> <lb n="276"/><span>(ag gáiridhe).</span></p> <lb n="277"/> <lb n="278"/><p><span>Ris. — Humth! Ní fheadar —</span></p> <lb n="279"/> <lb n="280"/><p><span>(Tagann an cailín aimsire isteach).</span> <lb n="281"/></p> </div> <pb n="9"/> <div><lb n="282"/><p><span>An Cailín aimsire — Tá do dhearbhráthai tar éis teacht, a</span> <lb n="283"/><span>mhaighistréas.</span></p> <lb n="284"/> <lb n="285"/><p><span>An Mh. (ag rith anonn chum an doruis) — Mo dhear áthair, an eadh?</span> <lb n="286"/><span>Go maith. (ag iompódh chum R., a lámh ar á ndorus aici)</span> <lb n="287"/><span>Gabhaim párdún agat, a Risteáird; bead tar</span> <lb n="288"/><span>n-ais i gcionn nóimide.</span></p> <lb n="289"/> <lb n="290"/><p><span>(Imthigheann. Siubhlann R. anonn go dtí an pictiúir & fanann ag</span> <lb n="291"/><span>féachaint air, & a lámha fighte 'n-a chéile ar a chúl. Tar éis</span> <lb n="292"/><span>tamaillín, bagrann sé ar an bpictiúir le n-a dhorn dúnta.)</span></p> <lb n="293"/> <lb n="294"/><p><span>Ris. (leis an bpictiúir) — Agus an é sin an saghas fir a bhí ionnat!</span> <lb n="295"/><span>Dá mbeadh a fhios soin agam roimh ré — Acht cad é an</span> <lb n="296"/><span>maitheas bheith ag cainnt!</span></p> <lb n="297"/> <lb n="298"/><p><span>(Iompuigheann sé ó'n bpictiúir & é ag crothadh a chinn go truaigh-</span> <lb n="299"/><span>mhéileach. Tá fothram beag lasmuich de'n dorus, & tagann</span> <lb n="300"/><span>Mháthair Dh. isteach & fear meadhón-aosta 'gá leanmhaint. Is</span> <lb n="301"/><span>fuiriste aithint air súid gur chaith sé tamall dá shaoghal 'na</span> <lb n="302"/><span>shaighdiúir acht go háirithe.)</span></p> <lb n="303"/> <lb n="304"/><p><span>An Mháthair — Seo mo dhearbhráthair, an Captaen, a</span> <lb n="305"/><span>Risteáird. Is dócha gur chualais tracht ar Risteárd</span> <lb n="306"/><span>Ó Meádhra cheana. A Uáitéir (leis an gCaptaen). (Crothann</span> <lb n="307"/><span>an bheirt fhear lámha a chéile). Cad is dóigh leat de'n</span> <lb n="308"/><span>tseomra, a Chaptaen? Ná fuil sé go deas agam?</span></p> <lb n="309"/> <lb n="310"/><p><span>An Cap. — Tá, go deimhin. Tá bhur ndóthain blátha agaibh ar</span> <lb n="311"/><span>éan-chuma (ag féachaint timcheall an tseomra).</span></p> <lb n="312"/> <lb n="313"/><p><span>An Mh. — 'Seadh, cuireann Diarmuid an-tsuim i rudaíbh</span> <lb n="314"/><span>beaga dá leithéid. Féach an beart mór do chuir sé</span> <lb n="315"/><span>féin a bhaile chugham. (Téidheann sí go dtí an bórd; leanann</span> <lb n="316"/><span>an Cap. & Risteárd í. Tógann Risteárd bláth as árthach éigin,</span> <lb n="317"/><span>baineann blúire de'n ghas de, & cromann ar an mbláth do</span> <lb n="318"/><span>shocrughadh 'na chasóig. Tógann an Cap. buidéal de'n bhórd).</span></p> <lb n="319"/> <lb n="320"/><p><span>An Cap. — Humth! cad tá agat le n-ól? (ag léigheamh an</span> <lb n="321"/><span>fhógra atá ar an mbuidéal) “Chateau Lafitte” — humth! —</span> <lb n="322"/><span>níl soin ró-olc. Bíonn eagla orm i gcomhnuidhe</span> <lb n="323"/><span>roimh dinnéir ná bíonn acht mná i bhfeidhilt an dighe</span> <lb n="324"/><span>ann. (le Risteárd) Níl éinnidh is mó 'n-ar chuireamar</span> <lb n="325"/><span>suim san Arm ná i mbraoinín mhaith fíona. Ní dheineann</span> <lb n="326"/><span>fíon maith díoghbháil d'éine. Is minic adubhart le</span> <lb n="327"/><span>céile Mháire annsúd (ag bagairt cum a dheirbhsheathar)</span> <lb n="328"/><span>dá n-iompóchadh sé ar an bhfíon & leigint de'n bhíotaille,</span> <lb n="329"/><span>go bhféadfadh sé an oiread is ba mhaith leis do shlugadh</span> <lb n="330"/><span>síos. Ná raibh an ceart agam, a mhic Uí Mheadhra —</span> <lb n="331"/><span>humth? (an fhaid is tá sé ag caint coimeádann sé an buidéal 'na</span> <lb n="332"/><span>láimh, & é 'a chur idir é féin & an solus, & a leithéid. Cuireann se</span> <lb n="333"/><span>dhe ar an mbórd anois é).</span> <lb n="334"/></p> </div> <pb n="10"/> <div><lb n="335"/><p><span>Ris. — Is dócha go bhfuil an ceart agat, a Chaptaen. Mar</span> <lb n="336"/><span>sin féin, is maith an rud bolmac biotáille anois is</span> <lb n="337"/><span>arís.</span></p> <lb n="338"/> <lb n="339"/><p><span>An Mh. — A Risteáird! Agus do shíleas nár ólais éan-rud</span> <lb n="340"/><span>de'n tsaghas soin!</span></p> <lb n="341"/> <lb n="342"/><p><span>Ris. (go ciontach) — Ní ólaim, leis, acht —</span></p> <lb n="343"/> <lb n="344"/><p><span>An Cap. — Acht ní gádh gach éinnídh d'innsint do-s na mnáibh!</span> <lb n="345"/><span>humth! (díngeann sé a uille idir na heasnachaibh do Ris.</span> <lb n="346"/><span>Preabann sé siúd) Bhí an sgéal céadna againn nuair a</span> <lb n="347"/><span>bhíos-sa san Arm!</span></p> <lb n="348"/> <lb n="349"/><p><span>Tá Ris. chum rud éigin do rádh, nuair thagann an cailín aimsire</span> <lb n="350"/><span>go dtí an dorus, & bagrann sí i leith ar Mháthair Dhiarmuda.</span></p> <lb n="351"/> <lb n="352"/><p><span>An Mh. — Gabhaim párdún agaibh go fóill (imthigheann).</span> <lb n="353"/><span>Ritheann. Ris. chúichi chum an doruis d'osgailt di, acht tá sí ró-</span> <lb n="354"/><span>mhear do.</span></p> <lb n="355"/> <lb n="356"/><p><span>Ris. — Is mór an bród & an t-áthas atá uirthi indiu, an bhean</span> <lb n="357"/><span>bhocht (ag teacht thar n-ais ó'n dorus).</span></p> <lb n="358"/> <lb n="359"/><p><span>An Cap. — Is mór. (Ag socrughadh cathaoireach dó féin). Féach,</span> <lb n="360"/><span>cad is dóigh leat-sa de Dhiarmuid? Ní fheaca-sa le</span> <lb n="361"/><span>roinnt bhliadhan é, tá 'fhios agat.</span></p> <lb n="362"/> <lb n="363"/><p><span>Ris. (ag suidhe leis) — Buachaill breagh ciúin macánta 'seadh é,</span> <lb n="364"/><span>do réir deallraimh, acht níl puinn aithne agam-sa air</span> <lb n="365"/><span>acht chomh beag leat féin.</span></p> <lb n="366"/> <lb n="367"/><p><span>An Cap. — Tá sé loitthe ag á mháthair? Humth? Ní fheaca</span> <lb n="368"/><span>riamh éin-bhean do thuig i gceart cad is fear ann,</span> <lb n="369"/><span>muna mbeadh bean an Chinn Urraidh a bhí againn san</span> <lb n="370"/><span>Arm, & deireadh sí siúd i gcomhnuidhe ná raibh éan-</span> <lb n="371"/><span>mhaitheas i bhfear nárbh' fhéidir leis a chúig buidéil ar a</span> <lb n="372"/><span>laighead do chur siar sar a n-aithneochadh éinne air é.</span> <lb n="373"/><span>Is baoghalach nach é an mianach céadna atá i Máire seo</span> <lb n="374"/><span>againne. (Tá sé á luasgadh féin anonn is anall sa chathaoir an</span> <lb n="375"/><span>fhaid is tá sé ag caint).</span></p> <lb n="376"/> <lb n="377"/><p><span>Ris. — Acht, a Chaptaen, ná dearmhaid an saghas athar a bhí ag</span> <lb n="378"/><span>Diarmuid — ní fuláir bheith cúramach — “Briseann an</span> <lb n="379"/><span>dúthchas” — is cuimhin leat an seanfhocal?</span></p> <lb n="380"/> <lb n="381"/><p><span>An Cap. — Is cuimhin, is cuimhin liom go maith é. (Éirigheann —</span> <lb n="382"/><span>Cromann ar an seomra do shiubhal síos suas). Acht mar</span> <lb n="383"/><span>sin féin, ní dóigh liom go ndeineann sé éan-mhaitheas</span> <lb n="384"/><span>do phreabaire mór garsúin peata cailín a dhéanamh</span> <lb n="385"/><span>de. Ní dhéanfadh braoinín fíona éin-díoghbháil dó</span> <lb n="386"/><span>anois is arís, acht a mhalairt ar fad. An fíor é nár</span> <lb n="387"/><span>bhlais sé braoinín de riamh? (seasann sé os comhair</span> <lb n="388"/><span>Risteáird amach).</span> <lb n="389"/></p> </div> <pb n="11"/> <div><lb n="390"/><p><span>Ris. — Is fíor. Tá an iomad eagla ar a mháthair go</span> <lb n="391"/><span>bhfaigheadh an t-ólachán an greim céadna air a bhí aige</span> <lb n="392"/><span>ar a athair, & —</span></p> <lb n="393"/> <lb n="394"/><p><span>An Cap. (ag siubhal anonn is anall & fuadar fé) — A athair! Ná</span> <lb n="395"/><span>trácht liom ar a athair! 'Sé an iongnadh nár briseadh</span> <lb n="396"/><span>croidhe mo dheirbhsheathar ar fad aige! Acht ní fhágann</span> <lb n="397"/><span>soin nach ceart fear a dhéanamh dá mhac & gan é</span> <lb n="398"/><span>fhágaint fé smacht ban ar feadh a shaoghail. Fan go</span> <lb n="399"/><span>dtí an dínnéir & —</span></p> <lb n="400"/> <lb n="401"/><p><span>Ris. — Ó, a Chaptaen, ar ghrádh t'oinigh, ní dhéanfaidh tú —</span></p> <lb n="402"/> <lb n="403"/><p><span>An Cap. — Éist! Seo chughainn Máire.</span></p> <lb n="404"/> <lb n="405"/><p><span>(Tá fothram lasmuigh, tagann máthair Dhiarmuda isteach, &</span> <lb n="406"/><span>ceathrar nó cúigear ban 'na teannta. Leanann beirt fhear iad).</span></p> <lb n="407"/> <lb n="408"/><p><span>An Cap. — An í siúd Eibhlín Nic Coitir? Humth.</span></p> <lb n="409"/> <lb n="410"/><p><span>(Téidheann an Cap. ag triall ar dhuine de na mnáibh, &</span> <lb n="411"/><span>croitheann an chuid eile lámha le chéile, & mar sin de. Cuireann</span> <lb n="412"/><span>máthair Dhiarmuda Ris. i n-aithne do bheirt nó tríur).</span></p> <lb n="413"/> <lb n="414"/><p><span>Ris. — Ar tháinig Diarmuid fós?</span></p> <lb n="415"/> <lb n="416"/><p><span>An Mh. — Níor tháinig, acht tá súil agam leis láithreach.</span></p> <lb n="417"/> <lb n="418"/><p><span>Duine de na mnáibh — An fíor é go bhfuil sí féin le</span> <lb n="419"/><span>bheith annso indiu — an cailín atá le beith pósta aige?</span></p> <lb n="420"/> <lb n="421"/><p><span>An Mh. — Is fíor. Muna mbeadh soin, do bheadh sé annso</span> <lb n="422"/><span>roimis seo; chuaidh sé fé n-a déin tamall ó shoin.</span></p> <lb n="423"/> <lb n="424"/><p><span>(Tagann an cailín aimsire isteach).</span></p> <lb n="425"/> <lb n="426"/><p><span>An Cailín aimsire — Tá an máighistir óg & cailín uasal thíos,</span> <lb n="427"/><span>a mhaighistreás.</span></p> <lb n="428"/> <lb n="429"/><p><span>An Mh. — Gabhaim párdún agaibh go léir. (Imthigheann).</span></p> <lb n="430"/> <lb n="431"/><p><span>Duine eile de na mnáibh — Cia hí an cailín uasal so,</span> <lb n="432"/><span>a Chaptaen (druideann beirt no triúr eile isteach, ag éisteacht</span> <lb n="433"/><span>leis an bhfreagra. Tá an chuid eile ag cainnt le chéile 'na mbeirt</span> <lb n="434"/><span>nó 'na dtriúr).</span></p> <lb n="435"/> <lb n="436"/><p><span>An Cap. — Cáit Ní Churnáin is ainm di, & airighim go bhfuil sí</span> <lb n="437"/><span>ar na cailíníbh is dathamhla sa chathair í — humth — muna</span> <lb n="438"/><span>mbeadh Diarmuid i n-ann cailín dathamhail do</span> <lb n="439"/><span>bhaint amach dó féin, ní chreidfinn go raibh éan-</span> <lb n="440"/><span>ghaol agam leis. Deiridís i gcomhnuidhe san Arm ná</span> <lb n="441"/><span>raibh éan-fhear ann is mó do chuir suim i mnáibh áilne</span> <lb n="442"/><span>ná mé! (Caitheann sé é féin siar ar a chathaoir, & cromann ar</span> <lb n="443"/><span>a chroimbéal do tharraint).</span></p> <lb n="444"/> <lb n="445"/><p><span>Duine de na mnáibh (ag sgigireacht) — Ó, is mór an náire</span> <lb n="446"/><span>dhuit, a Chaptaen! Acht an bhfuil éin-eolas eile agat</span> <lb n="447"/><span>'na taobh.</span> <lb n="448"/></p> </div> <pb n="12"/> <div><lb n="449"/><p><span>An Cap. — Níl — acht go bhfuil roinnt mhaith maoine aici & go</span> <lb n="450"/><span>bhfuil Diarmuid i ngrádh léi le fada, & ná leigfeadh</span> <lb n="451"/><span>a hathair di é phósadh go dtí go sroichfeadh sé a chúigeadh</span> <lb n="452"/><span>bliadhain ar fhichid — & tá an coingheall soin cóimhlíonta</span> <lb n="453"/><span>aige indiu.</span></p> <lb n="454"/> <lb n="455"/><p><span>Ris. (Tar éis teacht ag triall ortha) — Ní fada go mbeidh an</span> <lb n="456"/><span>pósadh féin againn anois, is dócha.</span></p> <lb n="457"/> <lb n="458"/><p><span>An Cap. — Ní fheadar, acht, mar adeirimís san Arm —</span></p> <lb n="459"/> <lb n="460"/><p><span>Tagann máthair Dhiarmuda isteach, & cailín óg dathamhail 'na</span> <lb n="461"/><span>teannta. Leanann Diar. féin iad. Téidheann sé anonn go dtí</span> <lb n="462"/><span>an Captaen & Risteárd. Cuireann a Mhátair Cáit i n-aithne do</span> <lb n="463"/><span>gach éinne.</span></p> <lb n="464"/> <lb n="465"/><p><span>Diar. — Seadh, má 's eadh, is maith liom sibh fheicsint annso.</span> <lb n="466"/><span>Cad is dóigh libh di? Nach deas an bhean a bheidh agam?</span> <lb n="467"/><span>(féachann sé anonn uirthi go meidhreach. Airigheann sí cad tá 'gá</span> <lb n="468"/><span>rádh aige & bagrann sí air go feargach, mar 'dh eadh).</span></p> <lb n="469"/> <lb n="470"/><p><span>Ris. — Déanaim cóimhgháirdeachas leat, a Dhiarmuid. Tá</span> <lb n="471"/><span>bean áluinn bhanamhail fachta agat — & cogar! airighim</span> <lb n="472"/><span>go bhfuil spré mhaith aici leis! Ó is deas an mac tu!</span> <lb n="473"/><span>is deas an mac tu!</span></p> <lb n="474"/> <lb n="475"/><p><span>An Cap. (ag bualadh a dhroma) — Fan go fóilín, & déanfaidh do</span> <lb n="476"/><span>shean-uncail fear díot fós. Taoi fada do dhóithin fé</span> <lb n="477"/><span>chumhacht bhan. Féach! ní rabhas i ngiorracht cúig mbliadhan</span> <lb n="478"/><span>do bheith comhnaois leat-sa nuair fhéadas a trí nó a</span> <lb n="479"/><span>ceithre 'bhuidéalaibh fíona a ól sa ló, & gan fiú</span> <lb n="480"/><span>luisne do chur im' phluic leis! Tá tú ró-bhog, a</span> <lb n="481"/><span>Dhiairmín.</span></p> <lb n="482"/> <lb n="483"/><p><span>An Cailín aimsire — Tá an dínnéir ollamh, a mhaighistreás.</span></p> <lb n="484"/> <lb n="485"/><p><span>An Mh. — Go maith! Seo, druididh go léir isteach. A</span> <lb n="486"/><span>Dhiarmuid, suidh annso ag ceann an bhúird fé sgáth</span> <lb n="487"/><span>t'athar dhílis, & cuirfimíd Cáit annso ar do láimh dheis.</span></p> <lb n="488"/> <lb n="489"/><p><span>(Suidheann Cáit, acht fanann D. 'na sheasamh i n-aice na cathaoireach,</span> <lb n="490"/><span>& é ag féachaint ar an bpictiúir. Glaodhann an Mháthair ar an</span> <lb n="491"/><span>gCap. chum teacht go dtí an ceann eile de'n bhórd).</span></p> <lb n="492"/> <lb n="493"/><p><span>An Mh. — A Chaptaen — annso.</span></p> <lb n="494"/> <lb n="495"/><p><span>An Cap. — Ní headh, a Mháire! Tá Diarmuid fém' choimirce</span> <lb n="496"/><span>anocht, ó's rud é go bhfuil sé le bheith 'na fhear sa deireadh.</span></p> <lb n="497"/> <lb n="498"/><p><span>(Suidheann sé ar láimh chlé Dhiar. & suidheann an Mháthair ag ceann</span> <lb n="499"/><span>an bhúird). Tá Ris. ar a láimh siúd.</span></p> <lb n="500"/> <lb n="501"/><p><span>Diar. (ag suidhe) — Nach mór an truagh ná fuil m' athair bocht</span> <lb n="502"/><span>annso anocht, a Mhaim! Ba mhór an sólás duit-se é,</span> <lb n="503"/><span>nár mhór?</span> <lb n="504"/></p> </div> <pb n="13"/> <div><lb n="505"/><p><span>An Mh. (go luath) — Ba mhór, a mhic. Acht is mór an sásamh</span> <lb n="506"/><span>croidhe dhúinn go léir thusa fheicsint annsoin anocht,</span> <lb n="507"/><span>mar sin féin.</span></p> <lb n="508"/> <lb n="509"/><p><span>(Le n-a linn seo tá an Captaen 'na luighe siar ar a chathaoir &</span> <lb n="510"/><span>é ag féachaint ar Dh. & ar a Mháthair & saghas gáire air.</span> <lb n="511"/><span>Tagann an cailín aimsire isteach & cuireann sí pláta an bhruithe</span> <lb n="512"/><span>os comhair gach éinne. Cromaid go léir ar a naipicíníbh d'osgailt</span> <lb n="513"/><span>& a leithéid).</span></p> <lb n="514"/> <lb n="515"/><p><span>Diar. — Acht, a Mháthair, nach fearr dá mbeadh an bheirt</span> <lb n="516"/><span>againn ann. Is dóigh liom féin go bhfuil sé an-chruaidh</span> <lb n="517"/><span>ar dhuine nuair ná bíonn a athair beo aige. Is maith an</span> <lb n="518"/><span>rud máthair go deimhin (séideann sé póg chúichi ó bharr</span> <lb n="519"/><span>a mhéireanna) acht mar sin féin is mór an rud athair</span> <lb n="520"/><span>a bheith aige leis chum deagh-shompla do thabhairt dó &</span> <lb n="521"/><span>chum cuidighthe leis. Ná fuil an ceart agam, a Un-</span> <lb n="522"/><span>cail (ag iompódh ar an gCap.)</span></p> <lb n="523"/> <lb n="524"/><p><span>An Cap (go meidhreach). — Tá, go deimhin, tá! Is maith an rud</span> <lb n="525"/><span>do dhuine athair maith do bheith aige. (le na linn seo</span> <lb n="526"/><span>tógann an cailín aimsire na plátaí uatha, & cuireann sí cinn eile</span> <lb n="527"/><span>os a gcomhair).</span></p> <lb n="528"/> <lb n="529"/><p><span>Ris — Acht, a Dhiarmuid — Tá) D. ag cainnt le Cáit & leanann sé</span> <lb n="530"/><span>dá bhfuil 'á rádh aige sar a bhféachann sé ar Ris.)</span></p> <lb n="531"/> <lb n="532"/><p><span>An Mh. (cuireann sí a lám ar a ghéig). — Éist, a Risteáird.</span></p> <lb n="533"/> <lb n="534"/><p><span>Diar — Cad é seo atá agat 'á rádh, a Risteáird?</span></p> <lb n="535"/> <lb n="536"/><p><span>An Cap. — Ná bac é, a Dhiarmuid: tá rud éigin níos</span> <lb n="537"/><span>tábhachtaighe le rádh agam-sa. Humth! humth!</span></p> <lb n="538"/> <lb n="539"/><p><span>(Deineann sé mar a bheidh sé ag iarraidh rud éigin do ghlanadh</span> <lb n="540"/><span>as a sgórnach, & luighid go léir siar ar a gcathaoireachaibh ag súil</span> <lb n="541"/><span>le hóráid. Tá na tarna plátaí imthighthe roimis seo, & tá toradh,</span> <lb n="542"/><span>cáise, & a leithéidí ar an mbórd. Tá fíon nó biotáille i ngloine</span> <lb n="543"/><span>gach éinne acht amháin ag Diarmuid, 'gá Mháthair, & ag Risteárd.</span> <lb n="544"/><span>Tá uisge aige siúd acht tá gloiní na beirte eile folamh).</span></p> <lb n="545"/> <lb n="546"/><p><span>An Cap. (ar éirghe 'na sheasamh.) — A cháirde — ní fear cainnte i</span> <lb n="547"/><span>n-éan-chor mé. Nuair bhíos san Arm, deiridís i</span> <lb n="548"/><span>gcomhnuidhe gur deacra óráid a fhagháilt uaim-se ná</span> <lb n="549"/><span>ó'n bpeata gabhair féin a bhí againn 'n-ár gcipe. Níl</span> <lb n="550"/><span>puinn agam le rádh anocht acht chomh beag, acht ní</span> <lb n="551"/><span>fhéadaim an oidhche seo a leigint tharainn gan 'iarraidh</span> <lb n="552"/><span>oraibh sláinte ár n-oighre óig d'ól. (Tosnuigheann cuid</span> <lb n="553"/><span>aca ar fhíon a líonadh amach, mar is dóigh leo go bhfuil deireadh leis</span> <lb n="554"/><span>an óráid, & deireann duine éigin “'Seadh, sláinte ar n-oighre</span> <lb n="555"/><span>óig!” acht leanann an Cap. dá óráid).</span></p> <lb n="556"/> <lb n="557"/><p><span>An Cap. — … Buachaill maith macánta ciallmhar 'seadh é —</span> <lb n="558"/><span>& ní fheicim féin de locht air acht go bhfuil sé ró-</span> <lb n="559"/><span>chiallmhar, b'fhéidir. Tá sé fém' choimirce anois,</span> <lb n="560"/><span>ámhthach, & muna ndéanfad-sa fear de sar a sgarfad</span> <lb n="561"/><span>leis, ní lá fós é. Seo, sláinte an oighre óig!</span> <lb n="562"/></p> </div> <pb n="14"/> <div><lb n="563"/><p><span>Iad go léir — Seadh! Sláinte an Oighre! (Ólaid).</span></p> <lb n="564"/> <lb n="565"/><p><span>Duine éigin — Óráid ó Dhiarmuid féin anois!</span></p> <lb n="566"/> <lb n="567"/><p><span>Iad go léir — Óráid ó Dhiarmuid! Óráid ó'n Oighre!</span></p> <lb n="568"/> <lb n="569"/><p><span>Diar. (ag éirghe 'na sheasamh, & ceist air) — A cháirde, táim an-</span> <lb n="570"/><span>bhuidheach díobh i dtaobh … e — e — i — dtaobh …</span> <lb n="571"/><span>mo shláinte d'ól … e — e. Níl puinn taithighe</span> <lb n="572"/><span>agam ar chainnt de'n tsaghas so … Ní dóigh liom</span> <lb n="573"/><span>gur dheineas iarracht ar óráid a dhéanamh riamh roimis</span> <lb n="574"/><span>seo … e … e … agus mar sin … guidhim</span> <lb n="575"/><span>oraibh gan a thuilleadh cainnte 'iarraidh orm anocht,</span></p> <lb n="576"/> <lb n="577"/><p><span>(Suidheann).</span></p> <lb n="578"/> <lb n="579"/><p><span>Duine éigin — Mo ghreidhn chroidhe tú, a Dhiarmuid! (buailid</span> <lb n="580"/><span>go léir a mbasa, & buaileann an Cap. a bhas ar ghualainn Dh.</span> <lb n="581"/><span>Deireann Cáit rud éigin go meidhreach leis i gcogar, Éirigheann</span> <lb n="582"/><span>Ris.)</span></p> <lb n="583"/> <lb n="584"/><p><span>Ris. — Tá orm-sa, a cháirde, sláinte duine eile do chur os</span> <lb n="585"/><span>bhur gcomhair. Tá 'fhios agaibh go léir go bhfuil</span> <lb n="586"/><span>Diarmuid le pósadh, & tá 'fhios agaibh, leis, cia hí an</span> <lb n="587"/><span>bhean atá fachta aige. Ní gádh dhom puinn a rádh 'gá</span> <lb n="588"/><span>moladh — dob' amadánta an rud tabhairt fé go deimhin</span> <lb n="589"/><span>& í féin annsoin ós bhur gcomhair amach chomh háluinn</span> <lb n="590"/><span>chomh múinte, chomh grádhmhar soin ná féadfainn leath a</span> <lb n="591"/><span>tréithe do chur i n-iúl daoibh, dá gcaithfinn an bhliadhain</span> <lb n="592"/><span>leis (bualadh mór bas). Acht dá áilne nó dá</span> <lb n="593"/><span>ghrádhmhaire í, aontóchaidh sibh go léir liom go bhfuil a</span> <lb n="594"/><span>dhíol fir fachta aici, & go deimhin, is le mór-áthas croidhe</span> <lb n="595"/><span>iarraim oraibh sláinte na beirte d' ól, & sonas & séan</span> <lb n="596"/><span>do ghuidhe ortha féin & ar a sliocht & ar shliocht a sleachta.</span> <lb n="597"/><span>(Líonaid go leir a ngloiní aris, & buailid i gcoinnibh a chéile</span> <lb n="598"/><span>iad.)</span></p> <lb n="599"/> <lb n="600"/><p><span>Duine éigin — Maith an fear, a Risteáird Uí Mheádhra! Ní</span> <lb n="601"/><span>dhéanfainn amhras díot!</span></p> <lb n="602"/> <lb n="603"/><p><span>(Beireann D. ar an mbuidéal uisge & tá sé chum cuid de a líon</span> <lb n="604"/><span>adh amach 'na ghloine féin, acht bheireann an Cap. ar a láim air).</span></p> <lb n="605"/> <lb n="606"/><p><span>An Cap. — Ó faire go deo! An amhlaidh ataoi chum do</span> <lb n="607"/><span>mhná a bháthadh i n-uisge fuar sar a bhfuil sí agat i</span> <lb n="608"/><span>n-éan-chor fós! Ó mo náire thú. Seo, tóg braoinín de</span> <lb n="609"/><span>seo (beireann sé ar an mbuidéal fíona).</span></p> <lb n="610"/> <lb n="611"/><p><span>Diar. — Acht, a úncail — (Iarrann sé a lámh do chur os cionn an</span> <lb n="612"/><span>ghloine).</span></p> <lb n="613"/> <lb n="614"/><p><span>An Cap. — Ó bíodh ciall agat, a dhuine! Ná dubhart leat</span> <lb n="615"/><span>go rabhas chum fir a dhéanamh díot. Seo, ní dhéanfaidh</span> <lb n="616"/><span>braon de seo éin-díoghbháil duit, acht a mhalairt. Ná</span></p> </div> <pb n="15"/> <div><lb n="617"/><p><span>fuil an ceart agam, a chailín uasail ghleoite? (Le</span> <lb n="618"/><span>Cáit).</span></p> <lb n="619"/> <lb n="620"/><p><span>Cáit (ag gáiridhe.) — Tá, is dócha. Ba cheart go mbeadh 'fhios</span> <lb n="621"/><span>agat acht go háirithe. Deirtear gur — na daoine atá</span> <lb n="622"/><span>san Arm — (sgairtid go leír ag gáiridhe).</span></p> <lb n="623"/> <lb n="624"/><p><span>An Cap. — (ag bagairt a mhéire uirthi) — Taoi ag magadh fúm</span> <lb n="625"/><span>anois, a rógaire, acht bead-sa réidh leat fós. Seo,</span> <lb n="626"/><span>bíodh braon fíona agat-sa uaim leis (tógann sé a ghloine</span> <lb n="627"/><span>'na láim).</span></p> <lb n="628"/> <lb n="629"/><p><span>Cáit — Braoinín an-bheag, a Chaptaen … déanfaidh soin!</span> <lb n="630"/><span>Ó déanfaidh soin! (tógann an gloine uaidh).</span></p> <lb n="631"/> <lb n="632"/><p><span>An Cap. — Sláinte Cháith Ní Churnáin!</span></p> <lb n="633"/> <lb n="634"/><p><span>Iad go léir — Sláinte Cháit & a céile! (ólaid; ólann Diar. an</span> <lb n="635"/><span>fíon chomh maith le cách).</span></p> <lb n="636"/> <lb n="637"/><p><span>An Cap. (i gcogar) — Seadh, ná raibh soin go deas? Nár</span> <lb n="638"/><span>chuir sé do chuid fola ag rith tríod' chuisleannaibh go</span> <lb n="639"/><span>breagh mear te?</span></p> <lb n="640"/> <lb n="641"/><p><span>Diar. (ag líonadh leath-ghloine eile amach dó fhéin & 'á ól go bog réidh) —</span> <lb n="642"/><span>Chuir, go deimhin.</span></p> <lb n="643"/> <lb n="644"/><p><span>An Cailín aimsire — Seo teachtaireacht tinntreach chum an</span> <lb n="645"/><span>mhaighistir óig, a mhaighistreás.</span></p> <lb n="646"/> <lb n="647"/><p><span>Diar. — Chugham-sa? Tabhair dhom é. (Tugann an cailín dó é, &</span> <lb n="648"/><span>imthigheann). Hurá! Bhí cruinniughadh de Chomhaltas</span> <lb n="649"/><span>na Leabharlann indiu & do thoghadar mise mar phríomh-</span> <lb n="650"/><span>leabharlannaidhe.</span></p> <lb n="651"/> <lb n="652"/><p><span>An Cap.</span> <lb n="653"/><span>An Mháthair</span> <lb n="654"/><span>Ris.</span></p> <lb n="655"/> <lb n="656"/><p><span>Fad saoghail chughat, a Dhiarmuid.</span> <lb n="657"/><span>Príomh-leabharlannaidhe! A Dhiarmuid!</span> <lb n="658"/><span>Go mairidh tú é, a bhuachaill!</span></p> <lb n="659"/> <lb n="660"/><p><span>Duine éigin — Ólaimís sláinte an leabharlannaidhe nuaidh!</span></p> <lb n="661"/> <lb n="662"/><p><span>Iad go léir — An leabharlannaidhe nuadh!</span></p> <lb n="663"/> <lb n="664"/><p><span>Diar. — Ólfad féin é sin — (ólann; ólaid go léir).</span></p> <lb n="665"/> <lb n="666"/><p><span>An Cailín aimsire — Tá duine éigin thíos ad' iarraidh,</span> <lb n="667"/><span>a mhaighistreás.</span></p> <lb n="668"/> <lb n="669"/><p><span>An Mh. — Teacht, a Úna (éirigheann). Gabhaim párdún agaibh</span> <lb n="670"/><span>go fóil (imthigheann).</span></p> <lb n="671"/> <lb n="672"/><p><span>Diar. — Ólaimís sláinte an Chomhaltais a dhein leabhar-</span> <lb n="673"/><span>lannaidhe díom (ólaid — nuair atá an gloine folamh aige,</span></p> </div> <pb n="16"/> <div><lb n="674"/><p><span>síneann D. a lámh chum an bhuidéil & tá sé chum tuilleadh fíona do</span> <lb n="675"/><span>líonadh amach do fhéin, acht beireann an Cap. ar a láimh air).</span></p> <lb n="676"/> <lb n="677"/><p><span>An Cap. — Go réidh, a mhic ó, go réidh! Ní leigimís dos</span> <lb n="678"/><span>na daoine boga dul riamh chomh dian air san Arm féin</span> <lb n="679"/><span>& tá 'á dhéanamh agat-sa.</span></p> <lb n="680"/> <lb n="681"/><p><span>Diar. ('á sgaoileadh féin uaidh) — Leig dom, a uncail, leig dom,</span> <lb n="682"/><span>adeirim leat! Dubhrais liom ó chianaibh beag nach</span> <lb n="683"/><span>fear i n-éan-chor fós me. 'Sbeánfad duit anois</span> <lb n="684"/><span>gurab eadh (leis an gcuideachtain). Seo sláinte an</span> <lb n="685"/><span>Chaptaen féin.</span></p> <lb n="686"/> <lb n="687"/><p><span>Cáit (ag breith ar a láimh, & é ag árdughadh an ghloine chum a bhéil) — A</span> <lb n="688"/><span>Dhiarmuid! ná dein!</span></p> <lb n="689"/> <lb n="690"/><p><span>Diar. — Ná bíodh ceist ort, a chroidhe! Ní baoghal dom</span> <lb n="691"/><span>(slugann sé siar a bhfuil san ngloine & líonann sé roinnt eile</span> <lb n="692"/><span>amach. Doirteann sé cuid de ar an mbórd. Éirigheann sé 'na</span> <lb n="693"/><span>sheasamh acht ní fuláir dó breith ar a chathaoir sar a dtuitfeadh sé.</span> <lb n="694"/><span>Cuireann Cáit a haghaidh i bhfolach idir a dá láimh).</span></p> <lb n="695"/> <lb n="696"/><p><span>Diar. — A cháirde — tá 'fhios agaibh go maith … mo</span> <lb n="697"/><span>chara annsúd … Risteárd Ó Meádhra … sláinte</span> <lb n="698"/><span>… ól … Cad chuige go bhfuil tú ag féachaint</span> <lb n="699"/><span>orm mar sin? (le Ristéard go bagarthach). Táim chomh</span> <lb n="700"/><span>maith … d'fhear … leat-sa …</span></p> <lb n="701"/> <lb n="702"/><p><span>(Tá cuid de na mnáibh ag sgigireacht. Tagann an Mháthair isteach,</span> <lb n="703"/><span>& í ag gáiridhe).</span></p> <lb n="704"/> <lb n="705"/><p><span>An Mh. — Cad é an gleó atá agaibh? (tugann sí D. fé</span> <lb n="706"/><span>ndeara) A Thigearna Dia! (beireann sí ar chathaoir 'na haice)</span> <lb n="707"/><span>An é a athair féin atá ann! a Thighearna! (tuiteann sí ar</span> <lb n="708"/><span>an úrlár i laige. Ritheann Ris. ó Meádhra chúichi, & árduigheann sé</span> <lb n="709"/><span>'na lamhaibh í. Ritheann chuid de na mnáibh chúcha leis.)</span></p> <lb n="710"/> <lb n="711"/><p><span>Ris. — Ó, is uathbhásach an rud an t-ólachán! (le n-a linn</span> <lb n="712"/><span>seo, tosnuigheann na mná ar iarrachtaí a dhéanamh chum Máthar D.</span> <lb n="713"/><span>do leigheas. Tá D. féin 'na shámh-chodladh 'na chathaoir, a lámha</span> <lb n="714"/><span>ar an mbórd, & a cheann ar a lámhaibh. Tá Cáit ag gol go bog.</span> <lb n="715"/><span>Seasann an Cap. i lár a tseómra, & féachann sé ar Dhiarmaid &</span> <lb n="716"/><span>ar an bpictiúir).</span></p> <lb n="717"/> <lb n="718"/><p><span>An Cap. (ag crothadh a chinn) — Go deimhin, is fíor é an sean-</span> <lb n="719"/><span>fhocal “Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait.”</span></p> <lb n="720"/> <lb n="721"/><p><span>BRAT ANUAS.</span> <lb n="722"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services