Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Dúthchas

Title
An Dúthchas
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Áit — Cathair éigin i n-Éirinn.



Am — An t-am fé láthair.



AN DÚTHCHAS.



Seomra breagh. Tá bórd 'na lár & é leathta amach i
gcóir roinnt daoine. Tá cathaoireacha ar gach taobh de'n
bhórd, & tá lampa ar lár an bhúird, & sgáth síoda ar dhath
an róis air. Tá an lampa so ar lasadh. Tá roinnt
earraidhe airgid & gloine ar an mbórd, & iad go geal
taithneamhach, cé ná fuilid ró-luachmhar. Tá dhá fhuinneoig
sa tseomra, & cruitínigh lása ortha, & tá pictiúir fir óig
dhathamhla idir an dá fhuinneoig. Tá doras ar an dtaobh
chlé & tá bórd éadain fé'n bpictiúir. Tá máthair
Dhiarmuda, bean mheadhón-aosta, sa tseomra, & í go
bruideamhail ag socrughadh roinnt bhláthann ar an mbórd.
Tá sí ag cantain di féin. Tagann cailín óg isteach —
seirbhíseach 'seadh í. Tá gúna dubh uirthi, & práisgín bán, &
caipín bán línéadaigh ar a ceann uirthi.


L. 4


Máthair Dh. — A Úna, ar tháinig Risteárd Ó Meádhra fós?



Úna — Níor tháinig, a mhaighistreás.



An Mháthair — Tá go maith. Chomh luath & a thiocfaidh sé,
tabhair annso aníos chugham é.(Leanann sí ag socrughadh
na mbláth; tá an cailín ag imtheacht, t'réis cúpla rudaí do
chur ar cheann an bhúird). Níor tháinig an máighistir óg a
bhaile fós, is dócha?



Úna — Níor tháinig, a mhaighistreás.



An Mh. — Féach, a Úna (druideann sí léi). Beidh bean uasal
'na theannta nuair thiocfaidh sé — & ba cheart dom a
innsint duit go mbeidh sé 'á pósadh sar a fada.



Úna — An máighistir óg le pósadh! Ó is maith é sin!
(buaileann a dá bois le chéile). Agus ca chuin a bheidh
an pósadh, ní' fheadar, a mhaighistreás?



An Mh. — Ní fheadar-sa acht chomh beag. Caithfimíd é sin
a fhágaint fútha féin! Acht is dócha go socrócham
anocht é.



Úna — Cad é an saghas mná atá fachta aige, a mhaighistreás?
Bhfuil sí dathamhail?



An Mh. (ag gáiridhe) — Fan go bhfeicfidh tú — acht éist, tá
duine éigin ag an ndorus. Síos leat ag féachaint
cia tá ann.



(Imthigheann Úna. Tosnuigheann an Mháthair ar na bláthannaibh
a dheisiughadh arís. I gcionn nóimide, druideann sí siar ó'n
mbórd, ag féachaint ortha).



An Mh. — 'Seadh, déanfaidh soin an gnó, is dócha.(Tarraing-
eann sí ceann aca níos sia amach annso & annsúd). Tá
súil agam go dtaithneochaidh siad le Diarmuid!
Acht cia chuir an fíon annso? (Tógann sí buidéal &
cuireann go dtí an ceann is sia de'n bhórd é. Ná
dubhart leo ná beadh éan-ghádh le n-a leithéid sin ar
an dtaobh seo de'n bhórd — buidheachas le Dia ar a shon
soin (táid ag féachaint ar an bpictiúir, an fhaid is tá sí 'á
sádh so). Dearmhad a b'eadh é, is dócha. (Druideann sí
leis an bhfuinneoig, & í ag labhairt ní thugann sí fé ndeara an
tarna buidéal ar an mbórd).



(Fanann sí ag an bhfuinneoig & a lámh ar an gcruitíneach;
airightear fothram éigin lasmuich de'n dóras, is guth fir ag
cainnt go hard).


L. 5


An Fear (Lasmuich) — Ní gádh dhuit m'ainm a rádh roimh ré, a
chailín. (Buaileann sé an dorus isteach, & ritheann anonn chum
máthair Dhiarmuda. Tá a hata & a mhaide 'na lámhaibh aige).
Ó, a chara dhílis, cionnus táimíd i n-éan-chor?
(Cuireann a hata ar chathaoir, & sleamhnuigheann an maide go dtí
an t-úrlár). Agus cionnus tá an t-oighre óg?
(Beireann sé ar a dhá láimh uirthi, & féachann idir an dá shúil uirthi).
Má tá sé chomh breagh deallrathach & tá a mháthair —
bail ó Dhia uirthi — níl baoghal air!



An Mh. (ag gáiridhe, & 'á sgaoileadh féin uaidh) — Ba bhreagh an
plámásaidhe i gcomhnuidhe tu, a Risteáird! — Á,
seachain — do hata (tá sé chum suidhe ar an gcathaoir ar a
bhfuil an hata).



Risteárd — Ó — seadh — go raibh maith agat! (Suidheann, &
coimeádann an hata 'na láimh). An bhfuil gach éinnídh ollamh
agat? Tá, is dócha?



An Mháthair — Ó, tá. 'Bhfuil na páipéir go léir agat-sa?



Risteárd (ag cuardach a phócaí dhóibh) — Ó, tá, tá … Cár
chuireas iad, ní fheadar … Cheapas (é ag síor-chuardach)
gur chuireas … san bpóca so … iad, acht …
Ó, seo iad. (Tarraingeann sé beart mór páipeár amach, &
ceangal ortha. Téidheann sé anonn go dtí an bórd, & leathann
sé amach ar an mbórd iad). Seo! (cuireann sé a mhéar ar bhall
áirithe sa pháipéar & léigheann) “Cúig míle púnt … humth,
humth … nuair shroichfidh sé a chúigeadh bliadhain ar fhichid
… humth, humth … má's rud é ná fuil éan-chomhartha air
roimis seo go leanfaidh sé ar shlighe a athar” (go
féachaint uirthi) — agus tá sé socruighthe ná beidh na
cúig bliadhna ar fhichid istigh go dtí meadhón-oidhche —
sin é, go dtí a dó dhéag anocht, tá 'fhios agat. Agus
seo an páipéar deallraighthe ag taisbeáint go bhfuil
na cúig bliadhna ar fhichid úd slán aige — nó go mbeidh
anocht — & (ag tógaint cinn eile) an ceann eile ag
dearbhadh gur coimhlíonadh an tarna coingheall ('gá
osgailt). Féach! seo iad ainmneacha na bhfínné.



(Cromann Máthair Dhiarmuda os cionn an bhúird & í ag léigheamh
na n-ainmneacha. Téidheann Risteárd anonn go dtí go mbíonn
sé fé'n bpictiuir & féachann air).



Risteárd — Níl Diarmuid deallrathach le n-a athair i n-éan-
chor, an bhfuil? (féachann sé ar Mháthair Dh. go haireach acht go
foluightheach).



Máthair Dh. — Níl — buidh — (tá sí chum rud eile do rádh, acht féachann
sise ar a phictiuir leis & stadann sí).



Risteárd (ag teacht fé n-a déin) — A Mháire! bhfuil cead ag
sean-charaid ceist áirithe do chur ort?


L. 6


An Mháthair (gan féachaint air) — Fiafruigh pé rud is maith
leat.



Risteárd — Tá 'fhios agam, a Mháire, ná raibh an iomad
sonais agat an fhaid is bhí d'fhear 'na bheathaidh —
d'airigheas soin nuair do thánag thar n-ais ó
Ameiriocá — acht creidfidh tú go maith nach maith liom
puinn cheisteanna do chur ar éinne 'na thaobh. Bhí 'fhios
agam go maith gurab eol do gach éinne i mBaile an
tSrutháin cad do chuir mé ag rith anonn go hAmeiriocá,
tá 'fhios agat. Annsoin, nuair fhágais an tSráid
t'réis bháis dod' athair, níor chuala éan-trácht ort a
thuilleadh gur thánag féin go dtí an Chathair & annsoin bhí
d'fhear marbh & Diarmuid 'na fhear óg beagnach.
Anois — an coingheall úd i n-údhacht t' athar …



An Mháthair — 'Seadh, tuigim. (Téidheann sí anonn go dtí ceann
de na cathaoireachaibh & suidheann). Suidh (suidheann sé os a
comhair amach). Nuair phósas ar dtúis, ba dhóigh liom ná
raibh samhail m'fhir le fagháil ar dhruim an domhain, bhí sé
chomh deas fearamhail grádhmhar soin, & ba dhóigh liom ná
raibh sa domhan mhór bean chomh hádhmharach & chomh sásta
liom féin (cuireann Risteárd a aghaidh i bhfolach idir a dhá láimh
acht ní thugann sise sé ndeara é). Ní rabhas i bhfad
pósta, ámhthach, nuair fuaras amach an rud ná
raibh éan-choinne agam leis — an rud do loit an chuid
eile dem' shaoghal — & dá shaoghal féin chomh maith
céadna —



Ris. — Agus b'é an rud é?



An Mh. — Go raibh greim chomh láidir sin ag deamhan an
ólacháin ar m' fhear pósta gur beag leis a bhean ná a
naoidheanán, a chlú ná a ainm, 'seadh agus a Dhia féin,
nuair do fuair an rud so greim air i gcomórtas
leis. Dochtúir leighis a b'eadh é, mar is eol duit, & bhí
an-iontaoibh ag na daoinibh breoite as. Bhí sé ag
tuilleamh roinnt mhaith airgid sa bhliadhain & is deacair
a rádh cá stadfadh sé, munab é an mí-ádh a bhí air.



Risteárd — Agus … nár dhein sé éin-iarracht ar an
rud so do chur fé chosaibh?



An Mh. — Go deimhin do dhein, acht sin a raibh aige dá bhárr.
Dheineas féin mo dhícheall leis, acht bhí an t-ól níos
láidre ná sinn araon. Do shíleas go raibh an bhuaidh
le bheith againn nuair rugadh mo chéad leanbh, acht
nuair cailleadh é & é 'na naoidheanán, bhí an sgéal níos
measa ná riamh againn, & nuair a rugadh Diarmuid, ní


L. 7


raibh éinnidh 'gár gcoimeád lasmuich de thigh na mbocht
acht an congnamh do fuaramar óm' athair. Cailleadh
m' fhear tamaillín 'na dhiaidh sin — d'ól sé buidéal
nimhe, oidhche, i n-ionad buidéil uisge beathadh — &
dheineas-sa mo dhícheall chum Diarmuda a choimeád ar
an slighe cheart — agus buidheachas le Dia ná fuil éan-
dúil aige san ólachán chéadna!



Risteárd — Agus b'in é an fáth gur chuir t' athair an
coingheall soin isteach!



An Mh. — B'in é. Dá mbeadh éan-chomhartha ann go mbeadh
an greim céadna ag an deamhan úd ar Dhiarmuid &
bhí ar a athair, ní raibh le bheith againn acht an méid do
choimeádfadh beo sinn araon — an méid a bhí againn go
dtí seo.



Risteárd — Acht cad 'na thaobh nach agat-sa d' fhág t'athair
an t-airgead, nuair bhí an droch-iontaoibh aige as
Diarmuid?



An Mh. (ag crothadh a cinn & smigeadh ar a béal) — Agam-sa! Bhí 'fhios
aige go maith gur mar a chéile é fhágaint agam-sa & é
fhágaint ag Diarmuid, ná féadfainn diúltadh dhó
choidhche.



Ris, — Agus a bhfuil 'fhios ag Diarmuid cad é an saghas fir
a athair?



An Mh. — Ó níl! Is dóigh leis ná raibh fear chomh maith leis
ar dhruim talmhan riamh.



Risteárd (ag bualadh méireanna a dhá láimh i gcoinnibh a céile & ag
labhairt go machtnamhail) — Go maith! … Agus …
bhfuil tú lán deimhnightheach — níl puinn eolais agam-sa
ar Dhiarmuid, tá 'fhios agat — ná fuil éin-rian de'n
dúil mhalluighthe seo ann?



An Mh. — Ó táim, moladh mór le Dia, táim — lán-
deimhnightheach! Níor bhlais sé fiú éan-bhraoin amháin
d'éan-rud níos láidre ná fíoruisge ó bhí sé 'na
leanbh bheag.



Risteárd (ag féachaint uirthi go hobann) — Ó bhí sé 'na leanbh
bheag, an eadh? Cionnus soin?



An Mh. — Chonnac a athair 'á chur ar meisge cúpla uair, nuair
ná raibh sé acht dhá bliadhain d'aois, & bhí eagla orm go
mbeadh an dúil nimhneach chéadna aige-sean leis, acht
anois!


L. 8


Risteárd (ag éirghe & ag druidim léi) — Seadh, anois — tá sé chomh
maith & ba cheart do mhac a bheith go bhfuil a leithéid
seo de mháthair aige ná fuil?



(Beireann sé ar a dhá láimh uirthi acht ar an nóimid seo buaileann
duine éigin ar dhorus an tseomra, & tagann an cailín aimsire
isteach, & beart mór bláthann 'na bacalainn aici. Sgaoileann
R. do Mháthair Dhiarmuda, & tagann an cailín isteach ag iarraidh a
leigint uirthi ná tugann sí fé ndeara an cheist & an ceann fé atá
ar an mbeirt eile).



An Cailín aimsire — 'Sé an maighistir óg a chuir na bláthanna
so a bhaile, a mhaighistreás.



An Mháthair ('á dtógaint uatha) — Ó nach deas atáid!
(foluigheann sí a haghaidh ionnta). Faigh árthach éigin dom
chúcha, a Úna. (Imthigheann an cailín, & iompuigheann an Mháthair
ar Risteárd, & síneann sí na bláthanna chuige). Féach, a
Risteáird! nach maith an rud do mhnaoi mac chomh
haireach soin a bheith aici!



Ris. — Seo, leig domh-sa iad do thógaint uait (iarrann iad
do thógaint as a lámhaibh & leigeann do chuid aca tuitim ar an
úrlár. Gáireann an bhean fé).



An Mh. ('á bpiocadh suas) — Ó mhuise, nach aindeis atá na fir!
Seo, cuir annso iad. (Téidheann sí anonn go dtí an bórd,
& leanann Risteárd í). Agus seo chughainn Úna. (Téidheann
sí anonn go dtí an dorus & tógann sí árthach lán d'uisge ó
lámhaibh an chailín aimsire). Déanfaidh soin, a Úna — go
raibh maith agat. (Imthigheann an cailín, téidheann Máthair
Dhiarmuda anonn go dtí an bórd & cromann ar na bláthannaibh do
shocrughadh). Caithfead iad so a shocrughadh go han-dheas,
mar táim chum iad do chur os comhair Dhiarmuda féin,
nó — (ag iompódh ar R.) an ndubhart leat fós go bhfuil
sé ar tí pósadh, & go bhfuil an cailín le bheith annso
'ná theannta indiu?



Ris. — Ní dubhrais focal mar gheall air. Ó, is maith liom
soin a chloisint, is maith liom soin! (ag cuimilt a
bhasa i gcoinnibh a chéile). Níl éinnídh is fearr liom
fheicsint ná daoine ag pósadh — & ní hiad na daoine
óga amháin acht chomh beag. (ag teacht i ngar di). Beidh
tú féin an-uaigneach, is dócha, nuair bheidh Diarmuid
imthighthe uait?



An Mh. (gan éinnídh a thuigsint uaidh) — Ó ní bhead, ní sgarfar ó
n-a chéile sinn! Deir sé ná féadfadh sé maireachtaint
i n-éagmhuis a mháthar, pé saghas mná a bheadh aige
(ag gáiridhe).



Ris. — Humth! Ní fheadar —



(Tagann an cailín aimsire isteach).


L. 9


An Cailín aimsire — Tá do dhearbhráthai tar éis teacht, a
mhaighistréas.



An Mh. (ag rith anonn chum an doruis) — Mo dhear áthair, an eadh?
Go maith. (ag iompódh chum R., a lámh ar á ndorus aici)
Gabhaim párdún agat, a Risteáird; bead tar
n-ais i gcionn nóimide.



(Imthigheann. Siubhlann R. anonn go dtí an pictiúir & fanann ag
féachaint air, & a lámha fighte 'n-a chéile ar a chúl. Tar éis
tamaillín, bagrann sé ar an bpictiúir le n-a dhorn dúnta.)



Ris. (leis an bpictiúir) — Agus an é sin an saghas fir a bhí ionnat!
Dá mbeadh a fhios soin agam roimh ré — Acht cad é an
maitheas bheith ag cainnt!



(Iompuigheann sé ó'n bpictiúir & é ag crothadh a chinn go truaigh-
mhéileach. Tá fothram beag lasmuich de'n dorus, & tagann
Mháthair Dh. isteach & fear meadhón-aosta 'gá leanmhaint. Is
fuiriste aithint air súid gur chaith sé tamall dá shaoghal 'na
shaighdiúir acht go háirithe.)



An Mháthair — Seo mo dhearbhráthair, an Captaen, a
Risteáird. Is dócha gur chualais tracht ar Risteárd
Ó Meádhra cheana. A Uáitéir (leis an gCaptaen). (Crothann
an bheirt fhear lámha a chéile). Cad is dóigh leat de'n
tseomra, a Chaptaen? Ná fuil sé go deas agam?



An Cap. — Tá, go deimhin. Tá bhur ndóthain blátha agaibh ar
éan-chuma (ag féachaint timcheall an tseomra).



An Mh. — 'Seadh, cuireann Diarmuid an-tsuim i rudaíbh
beaga dá leithéid. Féach an beart mór do chuir sé
féin a bhaile chugham. (Téidheann sí go dtí an bórd; leanann
an Cap. & Risteárd í. Tógann Risteárd bláth as árthach éigin,
baineann blúire de'n ghas de, & cromann ar an mbláth do
shocrughadh 'na chasóig. Tógann an Cap. buidéal de'n bhórd).



An Cap. — Humth! cad tá agat le n-ól? (ag léigheamh an
fhógra atá ar an mbuidéal) “Chateau Lafitte” — humth! —
níl soin ró-olc. Bíonn eagla orm i gcomhnuidhe
roimh dinnéir ná bíonn acht mná i bhfeidhilt an dighe
ann. (le Risteárd) Níl éinnidh is mó 'n-ar chuireamar
suim san Arm ná i mbraoinín mhaith fíona. Ní dheineann
fíon maith díoghbháil d'éine. Is minic adubhart le
céile Mháire annsúd (ag bagairt cum a dheirbhsheathar)
dá n-iompóchadh sé ar an bhfíon & leigint de'n bhíotaille,
go bhféadfadh sé an oiread is ba mhaith leis do shlugadh
síos. Ná raibh an ceart agam, a mhic Uí Mheadhra —
humth? (an fhaid is tá sé ag caint coimeádann sé an buidéal 'na
láimh, & é 'a chur idir é féin & an solus, & a leithéid. Cuireann se
dhe ar an mbórd anois é).


L. 10


Ris. — Is dócha go bhfuil an ceart agat, a Chaptaen. Mar
sin féin, is maith an rud bolmac biotáille anois is
arís.



An Mh. — A Risteáird! Agus do shíleas nár ólais éan-rud
de'n tsaghas soin!



Ris. (go ciontach) — Ní ólaim, leis, acht —



An Cap. — Acht ní gádh gach éinnídh d'innsint do-s na mnáibh!
humth! (díngeann sé a uille idir na heasnachaibh do Ris.
Preabann sé siúd) Bhí an sgéal céadna againn nuair a
bhíos-sa san Arm!



Tá Ris. chum rud éigin do rádh, nuair thagann an cailín aimsire
go dtí an dorus, & bagrann sí i leith ar Mháthair Dhiarmuda.



An Mh. — Gabhaim párdún agaibh go fóill (imthigheann).
Ritheann. Ris. chúichi chum an doruis d'osgailt di, acht tá sí ró-
mhear do.



Ris. — Is mór an bród & an t-áthas atá uirthi indiu, an bhean
bhocht (ag teacht thar n-ais ó'n dorus).



An Cap. — Is mór. (Ag socrughadh cathaoireach dó féin). Féach,
cad is dóigh leat-sa de Dhiarmuid? Ní fheaca-sa le
roinnt bhliadhan é, tá 'fhios agat.



Ris. (ag suidhe leis) — Buachaill breagh ciúin macánta 'seadh é,
do réir deallraimh, acht níl puinn aithne agam-sa air
acht chomh beag leat féin.



An Cap. — Tá sé loitthe ag á mháthair? Humth? Ní fheaca
riamh éin-bhean do thuig i gceart cad is fear ann,
muna mbeadh bean an Chinn Urraidh a bhí againn san
Arm, & deireadh sí siúd i gcomhnuidhe ná raibh éan-
mhaitheas i bhfear nárbh' fhéidir leis a chúig buidéil ar a
laighead do chur siar sar a n-aithneochadh éinne air é.
Is baoghalach nach é an mianach céadna atá i Máire seo
againne. (Tá sé á luasgadh féin anonn is anall sa chathaoir an
fhaid is tá sé ag caint).



Ris. — Acht, a Chaptaen, ná dearmhaid an saghas athar a bhí ag
Diarmuid — ní fuláir bheith cúramach — “Briseann an
dúthchas” — is cuimhin leat an seanfhocal?



An Cap. — Is cuimhin, is cuimhin liom go maith é. (Éirigheann —
Cromann ar an seomra do shiubhal síos suas). Acht mar
sin féin, ní dóigh liom go ndeineann sé éan-mhaitheas
do phreabaire mór garsúin peata cailín a dhéanamh
de. Ní dhéanfadh braoinín fíona éin-díoghbháil dó
anois is arís, acht a mhalairt ar fad. An fíor é nár
bhlais sé braoinín de riamh? (seasann sé os comhair
Risteáird amach).


L. 11


Ris. — Is fíor. Tá an iomad eagla ar a mháthair go
bhfaigheadh an t-ólachán an greim céadna air a bhí aige
ar a athair, & —



An Cap. (ag siubhal anonn is anall & fuadar fé) — A athair! Ná
trácht liom ar a athair! 'Sé an iongnadh nár briseadh
croidhe mo dheirbhsheathar ar fad aige! Acht ní fhágann
soin nach ceart fear a dhéanamh dá mhac & gan é
fhágaint fé smacht ban ar feadh a shaoghail. Fan go
dtí an dínnéir & —



Ris. — Ó, a Chaptaen, ar ghrádh t'oinigh, ní dhéanfaidh tú —



An Cap. — Éist! Seo chughainn Máire.



(Tá fothram lasmuigh, tagann máthair Dhiarmuda isteach, &
ceathrar nó cúigear ban 'na teannta. Leanann beirt fhear iad).



An Cap. — An í siúd Eibhlín Nic Coitir? Humth.



(Téidheann an Cap. ag triall ar dhuine de na mnáibh, &
croitheann an chuid eile lámha le chéile, & mar sin de. Cuireann
máthair Dhiarmuda Ris. i n-aithne do bheirt nó tríur).



Ris. — Ar tháinig Diarmuid fós?



An Mh. — Níor tháinig, acht tá súil agam leis láithreach.



Duine de na mnáibh — An fíor é go bhfuil sí féin le
bheith annso indiu — an cailín atá le beith pósta aige?



An Mh. — Is fíor. Muna mbeadh soin, do bheadh sé annso
roimis seo; chuaidh sé fé n-a déin tamall ó shoin.



(Tagann an cailín aimsire isteach).



An Cailín aimsire — Tá an máighistir óg & cailín uasal thíos,
a mhaighistreás.



An Mh. — Gabhaim párdún agaibh go léir. (Imthigheann).



Duine eile de na mnáibh — Cia hí an cailín uasal so,
a Chaptaen (druideann beirt no triúr eile isteach, ag éisteacht
leis an bhfreagra. Tá an chuid eile ag cainnt le chéile 'na mbeirt
nó 'na dtriúr).



An Cap. — Cáit Ní Churnáin is ainm di, & airighim go bhfuil sí
ar na cailíníbh is dathamhla sa chathair í — humth — muna
mbeadh Diarmuid i n-ann cailín dathamhail do
bhaint amach dó féin, ní chreidfinn go raibh éan-
ghaol agam leis. Deiridís i gcomhnuidhe san Arm ná
raibh éan-fhear ann is mó do chuir suim i mnáibh áilne
ná mé! (Caitheann sé é féin siar ar a chathaoir, & cromann ar
a chroimbéal do tharraint).



Duine de na mnáibh (ag sgigireacht) — Ó, is mór an náire
dhuit, a Chaptaen! Acht an bhfuil éin-eolas eile agat
'na taobh.


L. 12


An Cap. — Níl — acht go bhfuil roinnt mhaith maoine aici & go
bhfuil Diarmuid i ngrádh léi le fada, & ná leigfeadh
a hathair di é phósadh go dtí go sroichfeadh sé a chúigeadh
bliadhain ar fhichid — & tá an coingheall soin cóimhlíonta
aige indiu.



Ris. (Tar éis teacht ag triall ortha) — Ní fada go mbeidh an
pósadh féin againn anois, is dócha.



An Cap. — Ní fheadar, acht, mar adeirimís san Arm —



Tagann máthair Dhiarmuda isteach, & cailín óg dathamhail 'na
teannta. Leanann Diar. féin iad. Téidheann sé anonn go dtí
an Captaen & Risteárd. Cuireann a Mhátair Cáit i n-aithne do
gach éinne.



Diar. — Seadh, má 's eadh, is maith liom sibh fheicsint annso.
Cad is dóigh libh di? Nach deas an bhean a bheidh agam?
(féachann sé anonn uirthi go meidhreach. Airigheann sí cad tá 'gá
rádh aige & bagrann sí air go feargach, mar 'dh eadh).



Ris. — Déanaim cóimhgháirdeachas leat, a Dhiarmuid. Tá
bean áluinn bhanamhail fachta agat — & cogar! airighim
go bhfuil spré mhaith aici leis! Ó is deas an mac tu!
is deas an mac tu!



An Cap. (ag bualadh a dhroma) — Fan go fóilín, & déanfaidh do
shean-uncail fear díot fós. Taoi fada do dhóithin fé
chumhacht bhan. Féach! ní rabhas i ngiorracht cúig mbliadhan
do bheith comhnaois leat-sa nuair fhéadas a trí nó a
ceithre 'bhuidéalaibh fíona a ól sa ló, & gan fiú
luisne do chur im' phluic leis! Tá tú ró-bhog, a
Dhiairmín.



An Cailín aimsire — Tá an dínnéir ollamh, a mhaighistreás.



An Mh. — Go maith! Seo, druididh go léir isteach. A
Dhiarmuid, suidh annso ag ceann an bhúird fé sgáth
t'athar dhílis, & cuirfimíd Cáit annso ar do láimh dheis.



(Suidheann Cáit, acht fanann D. 'na sheasamh i n-aice na cathaoireach,
& é ag féachaint ar an bpictiúir. Glaodhann an Mháthair ar an
gCap. chum teacht go dtí an ceann eile de'n bhórd).



An Mh. — A Chaptaen — annso.



An Cap. — Ní headh, a Mháire! Tá Diarmuid fém' choimirce
anocht, ó's rud é go bhfuil sé le bheith 'na fhear sa deireadh.



(Suidheann sé ar láimh chlé Dhiar. & suidheann an Mháthair ag ceann
an bhúird). Tá Ris. ar a láimh siúd.



Diar. (ag suidhe) — Nach mór an truagh ná fuil m' athair bocht
annso anocht, a Mhaim! Ba mhór an sólás duit-se é,
nár mhór?


L. 13


An Mh. (go luath) — Ba mhór, a mhic. Acht is mór an sásamh
croidhe dhúinn go léir thusa fheicsint annsoin anocht,
mar sin féin.



(Le n-a linn seo tá an Captaen 'na luighe siar ar a chathaoir &
é ag féachaint ar Dh. & ar a Mháthair & saghas gáire air.
Tagann an cailín aimsire isteach & cuireann sí pláta an bhruithe
os comhair gach éinne. Cromaid go léir ar a naipicíníbh d'osgailt
& a leithéid).



Diar. — Acht, a Mháthair, nach fearr dá mbeadh an bheirt
againn ann. Is dóigh liom féin go bhfuil sé an-chruaidh
ar dhuine nuair ná bíonn a athair beo aige. Is maith an
rud máthair go deimhin (séideann sé póg chúichi ó bharr
a mhéireanna) acht mar sin féin is mór an rud athair
a bheith aige leis chum deagh-shompla do thabhairt dó &
chum cuidighthe leis. Ná fuil an ceart agam, a Un-
cail (ag iompódh ar an gCap.)



An Cap (go meidhreach). — Tá, go deimhin, tá! Is maith an rud
do dhuine athair maith do bheith aige. (le na linn seo
tógann an cailín aimsire na plátaí uatha, & cuireann sí cinn eile
os a gcomhair).



Ris — Acht, a Dhiarmuid — Tá) D. ag cainnt le Cáit & leanann sé
dá bhfuil 'á rádh aige sar a bhféachann sé ar Ris.)



An Mh. (cuireann sí a lám ar a ghéig). — Éist, a Risteáird.



Diar — Cad é seo atá agat 'á rádh, a Risteáird?



An Cap. — Ná bac é, a Dhiarmuid: tá rud éigin níos
tábhachtaighe le rádh agam-sa. Humth! humth!



(Deineann sé mar a bheidh sé ag iarraidh rud éigin do ghlanadh
as a sgórnach, & luighid go léir siar ar a gcathaoireachaibh ag súil
le hóráid. Tá na tarna plátaí imthighthe roimis seo, & tá toradh,
cáise, & a leithéidí ar an mbórd. Tá fíon nó biotáille i ngloine
gach éinne acht amháin ag Diarmuid, 'gá Mháthair, & ag Risteárd.
Tá uisge aige siúd acht tá gloiní na beirte eile folamh).



An Cap. (ar éirghe 'na sheasamh.) — A cháirde — ní fear cainnte i
n-éan-chor mé. Nuair bhíos san Arm, deiridís i
gcomhnuidhe gur deacra óráid a fhagháilt uaim-se ná
ó'n bpeata gabhair féin a bhí againn 'n-ár gcipe. Níl
puinn agam le rádh anocht acht chomh beag, acht ní
fhéadaim an oidhche seo a leigint tharainn gan 'iarraidh
oraibh sláinte ár n-oighre óig d'ól. (Tosnuigheann cuid
aca ar fhíon a líonadh amach, mar is dóigh leo go bhfuil deireadh leis
an óráid, & deireann duine éigin “'Seadh, sláinte ar n-oighre
óig!” acht leanann an Cap. dá óráid).



An Cap. — … Buachaill maith macánta ciallmhar 'seadh é —
& ní fheicim féin de locht air acht go bhfuil sé ró-
chiallmhar, b'fhéidir. Tá sé fém' choimirce anois,
ámhthach, & muna ndéanfad-sa fear de sar a sgarfad
leis, ní lá fós é. Seo, sláinte an oighre óig!


L. 14


Iad go léir — Seadh! Sláinte an Oighre! (Ólaid).



Duine éigin — Óráid ó Dhiarmuid féin anois!



Iad go léir — Óráid ó Dhiarmuid! Óráid ó'n Oighre!



Diar. (ag éirghe 'na sheasamh, & ceist air) — A cháirde, táim an-
bhuidheach díobh i dtaobh … e — e — i — dtaobh …
mo shláinte d'ól … e — e. Níl puinn taithighe
agam ar chainnt de'n tsaghas so … Ní dóigh liom
gur dheineas iarracht ar óráid a dhéanamh riamh roimis
seo … e … e … agus mar sin … guidhim
oraibh gan a thuilleadh cainnte 'iarraidh orm anocht,



(Suidheann).



Duine éigin — Mo ghreidhn chroidhe tú, a Dhiarmuid! (buailid
go léir a mbasa, & buaileann an Cap. a bhas ar ghualainn Dh.
Deireann Cáit rud éigin go meidhreach leis i gcogar, Éirigheann
Ris.)



Ris. — Tá orm-sa, a cháirde, sláinte duine eile do chur os
bhur gcomhair. Tá 'fhios agaibh go léir go bhfuil
Diarmuid le pósadh, & tá 'fhios agaibh, leis, cia hí an
bhean atá fachta aige. Ní gádh dhom puinn a rádh 'gá
moladh — dob' amadánta an rud tabhairt fé go deimhin
& í féin annsoin ós bhur gcomhair amach chomh háluinn
chomh múinte, chomh grádhmhar soin ná féadfainn leath a
tréithe do chur i n-iúl daoibh, dá gcaithfinn an bhliadhain
leis (bualadh mór bas). Acht dá áilne nó dá
ghrádhmhaire í, aontóchaidh sibh go léir liom go bhfuil a
dhíol fir fachta aici, & go deimhin, is le mór-áthas croidhe
iarraim oraibh sláinte na beirte d' ól, & sonas & séan
do ghuidhe ortha féin & ar a sliocht & ar shliocht a sleachta.
(Líonaid go leir a ngloiní aris, & buailid i gcoinnibh a chéile
iad.)



Duine éigin — Maith an fear, a Risteáird Uí Mheádhra! Ní
dhéanfainn amhras díot!



(Beireann D. ar an mbuidéal uisge & tá sé chum cuid de a líon
adh amach 'na ghloine féin, acht bheireann an Cap. ar a láim air).



An Cap. — Ó faire go deo! An amhlaidh ataoi chum do
mhná a bháthadh i n-uisge fuar sar a bhfuil sí agat i
n-éan-chor fós! Ó mo náire thú. Seo, tóg braoinín de
seo (beireann sé ar an mbuidéal fíona).



Diar. — Acht, a úncail — (Iarrann sé a lámh do chur os cionn an
ghloine).



An Cap. — Ó bíodh ciall agat, a dhuine! Ná dubhart leat
go rabhas chum fir a dhéanamh díot. Seo, ní dhéanfaidh
braon de seo éin-díoghbháil duit, acht a mhalairt. Ná


L. 15


fuil an ceart agam, a chailín uasail ghleoite? (Le
Cáit).



Cáit (ag gáiridhe.) — Tá, is dócha. Ba cheart go mbeadh 'fhios
agat acht go háirithe. Deirtear gur — na daoine atá
san Arm — (sgairtid go leír ag gáiridhe).



An Cap. — (ag bagairt a mhéire uirthi) — Taoi ag magadh fúm
anois, a rógaire, acht bead-sa réidh leat fós. Seo,
bíodh braon fíona agat-sa uaim leis (tógann sé a ghloine
'na láim).



Cáit — Braoinín an-bheag, a Chaptaen … déanfaidh soin!
Ó déanfaidh soin! (tógann an gloine uaidh).



An Cap. — Sláinte Cháith Ní Churnáin!



Iad go léir — Sláinte Cháit & a céile! (ólaid; ólann Diar. an
fíon chomh maith le cách).



An Cap. (i gcogar) — Seadh, ná raibh soin go deas? Nár
chuir sé do chuid fola ag rith tríod' chuisleannaibh go
breagh mear te?



Diar. (ag líonadh leath-ghloine eile amach dó fhéin & 'á ól go bog réidh) —
Chuir, go deimhin.



An Cailín aimsire — Seo teachtaireacht tinntreach chum an
mhaighistir óig, a mhaighistreás.



Diar. — Chugham-sa? Tabhair dhom é. (Tugann an cailín dó é, &
imthigheann). Hurá! Bhí cruinniughadh de Chomhaltas
na Leabharlann indiu & do thoghadar mise mar phríomh-
leabharlannaidhe.



An Cap.
An Mháthair
Ris.



Fad saoghail chughat, a Dhiarmuid.
Príomh-leabharlannaidhe! A Dhiarmuid!
Go mairidh tú é, a bhuachaill!



Duine éigin — Ólaimís sláinte an leabharlannaidhe nuaidh!



Iad go léir — An leabharlannaidhe nuadh!



Diar. — Ólfad féin é sin — (ólann; ólaid go léir).



An Cailín aimsire — Tá duine éigin thíos ad' iarraidh,
a mhaighistreás.



An Mh. — Teacht, a Úna (éirigheann). Gabhaim párdún agaibh
go fóil (imthigheann).



Diar. — Ólaimís sláinte an Chomhaltais a dhein leabhar-
lannaidhe díom (ólaid — nuair atá an gloine folamh aige,


L. 16


síneann D. a lámh chum an bhuidéil & tá sé chum tuilleadh fíona do
líonadh amach do fhéin, acht beireann an Cap. ar a láimh air).



An Cap. — Go réidh, a mhic ó, go réidh! Ní leigimís dos
na daoine boga dul riamh chomh dian air san Arm féin
& tá 'á dhéanamh agat-sa.



Diar. ('á sgaoileadh féin uaidh) — Leig dom, a uncail, leig dom,
adeirim leat! Dubhrais liom ó chianaibh beag nach
fear i n-éan-chor fós me. 'Sbeánfad duit anois
gurab eadh (leis an gcuideachtain). Seo sláinte an
Chaptaen féin.



Cáit (ag breith ar a láimh, & é ag árdughadh an ghloine chum a bhéil) — A
Dhiarmuid! ná dein!



Diar. — Ná bíodh ceist ort, a chroidhe! Ní baoghal dom
(slugann sé siar a bhfuil san ngloine & líonann sé roinnt eile
amach. Doirteann sé cuid de ar an mbórd. Éirigheann sé 'na
sheasamh acht ní fuláir dó breith ar a chathaoir sar a dtuitfeadh sé.
Cuireann Cáit a haghaidh i bhfolach idir a dá láimh).



Diar. — A cháirde — tá 'fhios agaibh go maith … mo
chara annsúd … Risteárd Ó Meádhra … sláinte
… ól … Cad chuige go bhfuil tú ag féachaint
orm mar sin? (le Ristéard go bagarthach). Táim chomh
maith … d'fhear … leat-sa …



(Tá cuid de na mnáibh ag sgigireacht. Tagann an Mháthair isteach,
& í ag gáiridhe).



An Mh. — Cad é an gleó atá agaibh? (tugann sí D. fé
ndeara) A Thigearna Dia! (beireann sí ar chathaoir 'na haice)
An é a athair féin atá ann! a Thighearna! (tuiteann sí ar
an úrlár i laige. Ritheann Ris. ó Meádhra chúichi, & árduigheann sé
'na lamhaibh í. Ritheann chuid de na mnáibh chúcha leis.)



Ris. — Ó, is uathbhásach an rud an t-ólachán! (le n-a linn
seo, tosnuigheann na mná ar iarrachtaí a dhéanamh chum Máthar D.
do leigheas. Tá D. féin 'na shámh-chodladh 'na chathaoir, a lámha
ar an mbórd, & a cheann ar a lámhaibh. Tá Cáit ag gol go bog.
Seasann an Cap. i lár a tseómra, & féachann sé ar Dhiarmaid &
ar an bpictiúir).



An Cap. (ag crothadh a chinn) — Go deimhin, is fíor é an sean-
fhocal “Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait.”



BRAT ANUAS.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services