Réamhrádh do'n dara chur amach.
Cuireadh an Leabhar seo i gclódh an cheud uair ins
an bhliadhain 1915; rinneadh ath-chlódhadh air trí bliadhna
'na dhiaidh sin; agus seo anois an dara cur amach.
Má's comhartha maith ar leabhar ceannach maith ba
chóir go mbéadh an sgríbhneoir sásta. Agus an
dream áirid sin ar luigh an mhór-chuid de'n gnóthughadh
aca, a's a rinn foghmhar i n-áit nach ndéarnadar
curaidheacht, dar ndóigh, ba cheart go mbéadh siad-
san an-sásta.
Ní dhéarnas athrughadh ar bith ar leagan an leabhair
nó ar an chanamhain. Agus i taoibh an litrighthe
tá na focla go h-uile go díreach mar bhidheadar ach
amháin gur fágas an “t” amuigh as an fhocal “acht,”
agus an “dh” lár amuigh as modh choingheallach na
mbriathar. Sin a bhfuil d' athrughadh déanta, agus
ní mó ná gur fiú trácht air.
Ba mhaith an sgeul do'n teangaidh dá mbéimís gan
iomrádh do chloistin ariamh ar litriughadh shimplidhe,
ar litrighadh bheárnach, nó ar na h-abhlóiríbh do bhunuigh
an ghlagaireacht sin. Ach thárlaidh ann iad caithfear
a gceannsughadh, agus gan leigint dóibh cúigeadhachas
a chongbháil beo, a's an Ghaedhealg a ghearradh suas
'na giotáibh beaga. Ní fhuil dóigh ar bith le seo do
dhéanamh acht glacadh leis an litriughadh cheudna ó
chionn go cionn na h-Éireann.
Tá an leabhar seo ar liosta na leabhar fá choinne
na Sgoltach Náisiúnta; tá sé i n-úsáid ins na
Sgoltachaibh Eadar-mheadhona; agus mar an gceudna
tá sé ar na cúig nó sé 'cheannaibh atá ainmnighthe do
na h-Árd-Rangaibh ins na Coláistidhibh Samhraidh.
Seaghan Mac Meanman.
Iorrus,
Cluain Máine,
Inis Eoghain.
An Mhí Buidhe, 1922.
Réamhrádh
do'n cheud chur amach.
Tá súil agam go dtaitneochaidh na sgeulta nuaidh-
dhéanta seo leis an léightheoir. Baineann an t-iomlán
aca le saoghal na h-Éireann agus na n-Éireannach, a's
ó thús go deireadh tá iarraidh tugtha na modha smuainte,
na beusa, agus na cora cainnte do bhíodh ag ár sean-
aithreachaibh a's ár ngar-aithreachaibh do tharraingt asteach
ins an innsin. Na seanóiridhe Gaedhealacha seo a
d'imthigh go formhothuighthe mar sneachta earraigh le fiche
bliadhain do bhí mórán mór nós agus abairteach aca
nach bhfuil ag na sóisearaibh leath-Ghallda. Do bhí
Gaedhealg bhríoghmhar bheacht aca fosta, acht tá sí ag
meath, a's ag crupadh, a's ag gannadh i mbeul na
ndaoineadh do tháinig 'na ndiaidh. Agus i n-áit an
chreidimh láidir do bhí aca-san i neachaibh spioradálta
agus i ngníomhachas do-fhaicseana, síodhuidhthe,
taidhbhsidhe, taiseacha, áidhbheirseoiridhe, Liamanna
Sopóg, samhailteacha, ádh, dán, a's cinneamhain, ní
fhuil ag cuid againne acht creideamhnas marbhánta
nach síneann leathórdlach taobh thall d'amharc ar súl.
Sgríobhadh na sgeulta seo eadar amannaibh le
cupla bliadhain. Cuireadh cuid aca chuig an Oireachtas,
a's cuid chuig na páipéir nuaidheachta. Mar sin de, do
bhí an t-iomlán aca i gclódh cheana féin. Dá n-éireochadh
liom cead 'fhagháil ó Choiste Fheise Thír-Chonaill do béadh
cupla ceann de na sgeultaibh do chuireas chuig a
bhFeis-sean ins an tiomsughadh so.
I dtaoibh an litrighthe, gidh go bhfuil dhá chumadh ar
chúig nó sé d'fhoclaibh, do rinneas úsáid de na
fuirmeachaibh atá ag na h-ughdaraibh is feárr a's is
beichte. De mo dheoin féin ní dheárnas aithghiorra ar
na briathraibh, a's níor fhágas na mion-fhocla nó na noda
sin amuigh do ba cheart bheith astigh do réir riaghlach
gramadaighe.
I dtaoibh na canamhna tá súil agam go dtuigfidh an
Muimhneach a's an Connachtach an cainnt chomh réidh
agus chomh maith leis an Ultach nó an Iniscaoileach. Ba
deacair aontughadh leis na sgríbhneoiridhibh sin nach
dtógann súil ó n-a gceanntar nó a bparóiste féin,
a's a fhágas canamhain na gceanntar nGaedhealach
eile ar dearmad. Tig le duine úsáid do dhéanamh
de choraibh cainnte agus d'abairteachaibh a chúigidh féin
agus ins an am cheudna gleus labhartha agus caoi
focal na gcúigeadh n-eile do tharraingt asteach nuair
bhíos siad-seo ceart do réir litridheachta.
Tá muinighin agam go mbéidh an ghluais agus an
foclóir tairbheach do'n mhórán sin atá ag foghluim na
Gaedhilge. Gheobhthar ionnta, mar gheibhthear i measg
na ndaoineadh, focla nach hfuil tugtha ag Ua Raghallaigh
nó ag Ua Duinnín.
Tairgim mo bhuidheachas do'n “Weekly Freeman”
a's do'n Chlaidheamh Soluis ar son a gcead, a tugadh
go toilteanach, na sgeulta so d'athchlodhadh. 'Fhobair
go gcaithfinn buidheachas do thabhairt do Choiste Fheise
Thír-Chonaill fosta.
Táim faoi oibliogáid mhóir do mo charaid Seosamh
Laoide. Do léigh sé na fromhtha go dúthrachtach, a's
gidh nach rabhamar ar aon-intinn i gcorr-phuinnte, ba
mhaith cuideadh an Laoidigh ag tabhairt fá deara
earráideacha clódh a's ag cur dlúthais leis an obair.
Seaghán Mac Meanman.
Ceann Garbh,
Loch Finne,
i dTír Chonaill.
Eanair, 1915.
SGÉALTA GOIRIDE GHEIMHRIDH. T
Toghadh as Sgríbhneoireacht Sheagháin Mhic Mheanman.
“Ní bhfuighidh fear ar bith m'inghean-sa,” arsa Seumas, “acht
an fear a mbéidh dhá phunta dheug ar á laighead 'san bhanc aige.”
Páidín Ua Duinnín.
I.
Nuair a fuair sean-Ruaidhrí Ua Duinnín do bhí 'na
chomnuidhe thall ins na Cruachaibh Gorma bás (go
ndéanaidh an Rí grásta air, má's é a thoil é), d'fhág
sé an giota talaimh do bhí aige, an teach, an tsean-
spáid, an maide pota, an píopa, agus an meud eile
nár bh'féidir leis áirdiughadh leis ag n-a mhac Páidín.
Agus bhí Páidín an-chosmhail le n-a athair. Duine
sásta soineannda do bhí ann nach nglacfadh corruighe
le rud ar bith nó in áit ar bith acht nuair do bhéadh
sé 'na sheasamh ar shráid aonaigh na nGleanntach nó na
Brocaighe, agus braon beag a bhárraidheacht ólta aige.
Agus bhí Páidín cosmhail le n-a athair ar dhóigheannaibh
eile. Bhíodh a theach i gcomhnuidhe fosgailte do lucht
siubhail aige. An Bacach Mór do thigeadh aníos as na
Rosaibh, Bacach na hÁidhbhéile anuas as Connachtaibh,
an Bacach Ruadh anoir as Gleann Fhinne, agus Bacach
na bPaidrín aniar as Gleann Cuilm Cille, gan trácht
ar meud radairidhe eile do thigeadh an bealach — do
ghoireadh an t-iomlán aige, do-gheibhidís uile lóistín
oidhche aige, agus go leor préataidhe agus mine le
cur i na gcuid bagáistidhe ar maidin.
Oidhche amháin, nuair do bhí Páidín Ua Duinnín 'na
shuidhe ag an teinidh, ag caiteamh an phíopa mar ba
ghnáthach leis, cia phreab asteach acht Bacach na hÁidh-
bhéile.
“Go mbeannuighidh Dia annso,” arsa an Bacach go
dána.
“Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, agus 'sé
do bheatha,” arsa Páidín go humhal; “tarraing aníos
comhgarach do'n teinidh.”
Acht ní raibh cuireadh ar bith a dhíth ar an Bhacach.
Chaith sé a chuid sean-mhalaidhe ins an gcoirnéal,
tharraing cathaoir chuige, chuir sé a chuid spág asteach
ins an luaith, agus b'éigean do Pháidín é féin do
chruinniughadh asteach le h-áit téighte d'fhágáil ag an
strainséir stráiceamhail.
“An bhfuil sgeul úr ar bith leat, a Bhacaigh,” arsa
Páidín.
“Dheamhan faic,” ars' an Bacach, “acht gur pósadh
cupla lánamhain ar na Gleanntaíbh indé, go bhfuil
Seumas Maguidhir ag teacht as an Óileán Úr, agus
chuala mé indiu go bhfuiltear ag cainnt ar bhealach
traen do dhéanamh thríd Bhaile na gCreach.”
“Bhal! Bhal!”
“A's tá an sgeula ag 'ul thart fosta,” ars' an
Bacach, “go bhfuil coileach ar an Ghrafadh atá ag
sgairtigh d'ló agus oidche gan stad, agus bhí fear ag
innsin aréir domh go bhfuil taidhbhse Mhín an Líonacháin
le feiceáil arís.”
“Bhal! Bhal!”
Acht níor chuir na sgeulta so leath-oiread iongantais
ar Pháidín agus bhí sé a leigint air féin. Bhí 'fhios
aige gurbh' é Bacach na hÁidbhéile a sgeulaidhe, agus
ba mhinic roimhe d'éist sé le neithibh chomh hiongantach nó
ní b'iongantaighe, ó'n fhear cheudna.
“An bhfuil fhios agat, a Pháidín,” ars' an Bacach,
“goidé bhím ag smuainiughadh air anois agus aríst,
agus goidé bhíos ag smuainiughadh air indé nuair
chonnaic mé na lánamhna?”
“Dheamhan 'fhios agam, a Bhacaigh,” arsa Páidín.
“Bhal, dubhairt mé liom féin,” ars' an Bacach,
“gur chóra dhuit-se pósadh 'ná do mhórán, agus gur
mhó bhí bean a dhíth ort 'ná ar mhórán; go gcuirfeadh
bean mhaith gné eile ort féin agus ar do thoigh, agus
annsin, gur bh'fhusa do strainséir dóigheamhail ar bith
theacht asteach agus oidhche chaitheamh agat.”
“Dheamhan greim de'n fhírinne nach bhfuil agat,”
arsa Páidín, ag tabhairt an phíopa do'n Bhacach.
“Mar sin de,” ars' an Bacach, “craith suas thú
féin agus dearc thart go bhfeicidh tú goidé thaitneochadh
leat;” agus chuir sé cuma shúgach air féin ag tarraingt
an phíopa.
“Bhal anois, a Bhacaigh chóir,” arsa Páidín, “b'fhéidir
go mbéitheá ag 'ul thríd Bhaile na gCreach i mbárach nó
anóirthear.”
“Béidh, i mbárach.”
“Bhal, thig leat iarraidh ar Dhomhnall na Dála theacht
annseo oidhche Luain seo chugainn, go bhfuil obair bheag
eadar lámhaibh agam-sa, agus go bhfuil a chuideadh agus
a chuideachta a dhíth orm.”
“Ó, dar a' leabhra iarrfaidh agus go rathuighidh an
Rí an obair sin,” óir bhí 'fhios ag an Bhacach i n-a
chroidhe astigh, goidé 'n obair í do bhí i n-a cheann.
Bhí 'fhios aige gur fear mór cleamhnas do bhí i
nDomhnall na Dála, agus gur mheas na buachaillí óga
nárbh' fhéidir dhul ar aghaidh ins na neithibh sin gan a
chuideadh.
“A Bhacaigh, tá mé ag cur rúin ort gan labhairt air.”
“Leabhra! cuirfidh mé an t-iomlán faoi mo chois.”
Chuadar a chodladh annsin, agus ar maidin i ndiaidh
a dhá sháith 'ithe, agus neart mine agus préataidhe do
chur i n-a mhálaidhibh, chruinnigh Bacach na hÁidhbhéile suas
a chuid bagáistidhe, d'fhág slán ag Páidín, agus
d'imthigh leis ag portaidheacht agus ag crónánacht go
haigeantach. Agus ba hé sin féin an Bacach dána!
Chuaidh an t-am thart gan mhothughadh. Agus ní raibh
an píopa lasta i gceart ag Páidín oidhche Luain nuair
a fosgladh an doras agus léim Domhnall na Dála
asteach. Bheannuigh sé do Pháidín agus chuir Páidín na
mílte fáilte roimhe, fuair sé suidhisteog dó, agus
shín an píopa chuige.
“Bhal, dar mo chubhais!” arsa Domhnall, eadar na
séideánaibh, “tá áthas orm (puf) go bhfuil tú (puf,
puf) ag musgladh suas (puf).”
“Thug Bacach na hÁidhbhéile sgeula duit,” arsa
Páidín.
“Dar an leabhra thug (puf), agus táim de'n
bharamhail (puf, puf), gur innis sé do thuilleadh é
(puf).”
“Maise, chuir mise rún air.”
“Och! go bhfóiridh (puf) an Rí ort! Rún ar an
tsean-chabaire sin! Bhéadh (puf, puf) sé chomh maith
agat bheith amuigh ag bagairt ar an ghaoith (puf).”
Shín Domhnall an píopa chum Pháidín, agus chaith an
bheirt tamall ag amharc ar an chat a bhí 'na shuidhe agus
a dhruim leis an teinidh.
“Goidé 'nois?” arsa Páidín fá dheireadh.
“Tá,” arsa Domhnall, “goidé 'n cailín a raibh tú
ag smaoitiughadh uirthi?”
“Máirín Ní Mhannacháin i Mín an Líonacháin,” arsa
Páidín go bródamhail.
“Cáilín maith a bhfuil dul ar aghaidh innti,” a Pháidín.
“Fuair a hathair, sean-Seumas, oighreacht mhór as an
Oileán Úr ar na mallaibh, agus ní dhéanfaidh sin dochar
ar bith dó'n inghin. Le n-a chois sin ní fhuil áireamh ar
bith ar a chuid caorach. An bhfuil biotáilte ar bith
agat?”
“Tá buidéal chúig naigín agam.”
Fuair Páidín an buidéal agus thug sé do Dhomhnall
é. D'ól Domhnall steall beag as, ag rádh — “Do
shláinte, a Pháidín, bean mhaith, saoghal sámh fada
chugat, agus ádh mhór ar ar shiubhal.”
“Amén, a Thighearna!”
D'ól Páidín sláinte Dhomhnaill annsin. D'iarr
Domhnall air deifir a dhéanamh, agus i gceann tamaill
bhí sé ullmhuighthe le himtheacht, agus ó thárla nach raibh
duine ar bith le beannacht do chur leobhtha, dubhairt
siad an rann so —
“I n-ainm an Athar ar leis an bhuaidh,
Agus an Mhic a d'fhulaing an phian;
Muire Mhór 's an naomh-shluagh
Go raibh linn i n-ár dtriall!”
Annsin tharraing siad an doras amach 'na ndiaidh,
rinne siad aithghiorra treasna na gcnoc, agus nuair
shroich siad teach Sheumais Uí Mhannacháin, bhí a n-anál
ar bhárr a nguib leobhtha. Bhí Seumas 'na shuidhe ar
thaoibh amháin de'n teinidh, ag caitheamh a shean-dúidín,
agus gan dadaidh eile ag cur bhuaidheartha air ach ag
coimheád goidé 'n bealach a rachfadh an toit nuair a
thigeadh sí amach as a bheul. Bhí a bhean 'na suidhe os a
choinne anonn, agus í ag cniteáil, agus bhí a inghean ag
sníomh ar an túirne bheag le taoibh an dreisiúir.
Nuair tháinig Domhnall agus Páidín asteach, chuir bunadh
an toighe fíor-fháilte rómpa, agus rinneadh réidhteach ag
an teinidh dóibhthe. Chaith siad tamall ag stánughadh ar
a chéile, agus fá dheireadh thug Domhnall aghaidh ar
Sheumas, agus arsa seisean — “Tháinig mise annso
anocht, a dh'iarraidh mná do Pháidín Ua Duinnín
annso.”
Stad Seumas ag coimheád toite 'n tobaca agus
thoisigh sé ag amharc ar an teinidh, d'fhag an tsean-bhean
a cuid cniteála ar an bhac agus d'amharc sí ar Pháidín,
agus rinne an cailín óg sgíth bheag ag an túirne;
acht níor labhair ceachtar aca.
“Á! buachaill maith macánta é,” arsa Domhnall,
“buachaill a bhfuil caoi mhaith air.”
Sul a dtug sé faill do dhuine ar bith eile labhairt,
d'iarr sé buidéal na gcúig naigin ar Pháidín. Acht
ní bhlasfadh bunadh an toighe aon deor de. B'olc an
comhartha sin, agus bhí 'fhios ag Páidín agus a
chomráduidhe gurbh' eadh. Fá dheireadh thall, d'fhág
Seumas an dúidín ar an bhac, agus leag sé a dhá
shúil gheura ar Pháidín agus arsa seisean — “A Pháidín,
an bhfuil airgead ar bith 'san bhanc agat?”
“Leoga, ní fhuil, a Sheumais,” arsa Páidín, “nó
mórán 'san bhaile ach a oiread.”
“Bhal, a Pháidín, a thaisgidh!” arsa Seumas go ciuin,
“bhí mé an-mhór le d'athair agus do mhátháir (go
ndéanaidh an Rí grást' orra), agus tá mé an-mhór le
Domhnall annsin, agus tá mo sháith lúthgháire orm sibh
fheiceáil in mo thoigh anocht. Acht ní fhuil súil agam
m'inghean 'thabhairt do fhear ar bith acht an fear a
mbéidh dhá phunta dheug ar a laighead 'san bhanc aige.”
Bhí an breitheamhnas tugtha anois. Deurfadh
Domhnall tuilleadh i leith Pháidín, acht ní raibh gar ar
bith leis ann, agus d'éirigh an bheirt agus dubhairt go
raibh an t-am imtheacht. Chuaidh Seumas agus a bhean
leobhtha 'fhad leis an doras, agus chuir siad slán agus
beannacht leobhtha.
“Anois, a Domhnaill,” arsa Páidin nuair a bhí an
bheirt giota maith ar shiubhal ó'n toigh, “goidé do
bharamhail de sin?”
“Tá, maise,” arsa Domhnall go heagnaidheach, “dá
mbéadh Seumas gan an oighreacht ní bhéitheá-sa gan
a inghin.”
“Dar a' leabhra, sin an chainnt atá fíor go leor,”
arsa Páidín, “acht goidé dhéanfar anois?”
“Tá,” arsa Domhnall, “rachfaidh mise abhaile,
agus gabh thusa abhaile, agus oidhche Dhomhnaigh seo
chugainn bhéarfaidh mise ruaig 'un toighe s'agat-sa go
leagamuid neitheanna amach.”
Annsin d'fhág an bheirt slán ag n-a chéile agus ghlac
gach duine aca a bhealach féin. Agus ba hí siud an
oidhche dhorcha uaigneach. Bhí an ghaoth ag déanamh
cogarnaighe uaignighe i measg dosann fraoich agus
raideoige. Ar na léantaibh glasa comhthroma eadar
na Cruachaibh Gorma bhí an Sluagh Sídhe ag iomáin, agus
Liam na Sopóige ag congbháil solais dóibhthe.
II.
Oidhche lá ar n-a bhárach, nuair a bhí Páidín ag cur
mónadh ar an teinidh, cia tháinig asteach acht an Bacach
Ruadh. Chuir Páidín oiread fáilte roimhe agus dá
mbéadh sé gan a fheiceál le seacht mbliadhnaibh thart,
agus d'iarr air gan coimthigheas ar bith do dhéanamh
i n-a thoigh. Acht ní raibh feidhm iarraidh air, óir ba
hé sin an rud deireannach do dhéanfadh an Bacach i
dtoigh ar bith.
“Agus a Bhacaigh, goidé mar tá tú?” arsa Páidín,
ag fagháil suidhistín dó.
“Uch! tá, ag troid leis an tsaoghal,” arsa 'n
Bacach Ruadh, nuair fuair sé é féin suidhte 'san
choirnéal, agus a chuid sean-mhálaidhe caithte ar gach
taoibh de, “lá níos sine agus lá níos measa. Acht
'fhad agus tá duine i n-innmhe bogadh thart, ní fhuil
ádhbhar ar bith gearáin aige. Goidé mar tá tú féin?”
Agus cinnte go leor bhí cuma ar an Bhacach go raibh sé
ag troid leis an tsaoghal nó le rud éigin do bhí ní ba
láidre 'ná é féin, óir bhí a chuid eudaigh uile stróctha
stiallta, cuid 'na phollaibh agus cuid 'na paistidhibh,
agus níorbh' fhurus dhéanamh amach cá raibh an cheud
eudach.
“Tá mé go measardha, a Bhacaigh,” arsa Páidín go
modhamhail, “cá raibh tú ar aoidheacht aréir?”
“Thoir i dtoigh Mhaghnuis Mhóir Uí Fhrighill ag an
Droichead Úr,” arsa 'n Bacach.
“An gcuala tú dadaidh úr nó iongantach ar do
bhealach?”
“Dheamhan mórán, a Pháidín, acht is breágh an bheirt
ingheanach atá ag Maghnus Mór. Creidim go bhfuil
aithne mhaith agat orra.”
“Leabhra, tá, a Bhacaigh.”
“Feudaim innse dhuit, a Páidín, go gcuala mé an
ceann is sine ag rádh aréir leis an cheann is óige gur
chóir do dhuine éigin aca geasróg Shamhna do leagaint
oidhche Shamhna. Bhí mise ag cúil-éisteacht leobhtha.”
“‘Leag thusa geasróg,’” arsa Méadhbha, “‘is
tusa is sine, a Chaitlín.’”
“‘Maise,’” arsa Caitlín, “‘rinne mé dearmad
de'n mhodh do b'fhearr le geasróig mhaith do leagaint.’”
“‘Is furus a dhéanamh,’” arsa Méadhbha, “‘ní fhuil
agat acht dhul amach chum an sgiobóil ar an mheadhón
oidhche, solas agus súiste leat, agus toiseach do
bhualadh arbhair. Nuair bhéas punnann amháin buailte
agat, caith i bhfogus do'n doras í, agus an comrádhuidhe
atá le bheith agat, tiocfaidh sé asteach, sgiobfaidh sé
an phunnann leis, agus ar shiubhal.’”
“‘A Mhéadhbha,’” arsa Caitlín, “‘bhéadh critheagla
orm sin a dhéanamh liom féin.’”
“‘Rachfaidh mise leat,’” arsa Méadhbha, “‘acht
caithfidh tú dallóg do chur orm, óir ní fhuil duine ar
bith leis na neithibh d'fheiceáil acht thú féin.’”
“‘Ceart go leor,’” arsa Caitlín, “‘ní fhuil
dóchas nó creideamh agam féin ann, acht 'ar ndóigh
tig linn a dhéanamh mar ghreann.’”
“Bhal, bhal,” arsa Páidín, nuair do chuala sé
comhrádh na gcailín; “tá sin sómhraidheach. Chá fhad
go hOidhche Shamhna?”
“O! béidh sé ann 'san oidhche i mbárach,” arsa 'n
Bacach.
Agus d'éirigh Páidín ní ba tostaighe 'ná ba ghnáthach
leis. Chaith an Bacach Ruadh an oidhche sin aige, agus
ar maidin, i ndiaidh a sháith d'ithe, agus a chuid sean-
mhálaidhe dhéanamh ní ba truime, d'imthigh sé leis le
tuilleadh cnuasaigh agus tuilleadh stocaireachta do
dhéanamh i gcoirnéal éigin eile.
Tháinig Oidhche Shamhna. Agus nuair mheas Páidín
go raibh sé mall go maith 'san oidhche, do choigil sé an
teine, do tharraing an doras amach 'na dhiaidh, agus thug
a aghaidh ar an Droichead 'Ur le dearg-dheifir. Fágaim
le h-údhacht gur oidhche ghaothach dhorcha do bhí ann!
Ba mheasa 'ná sin an t-uaigneas do tháinig anuas ó
na Cruachaibh móra Gorma — síor-chomhnuidhe an uaignis —
ar na bóithribh agus comhgarach do na toighthibh. Ní raibh
oiread a's sidheog féin le feiceáil. Do bhí Sluagh
Sídhe na gCruach ar shiubhal ag cnódhaireacht i gcnó-
choilltibh i gcéin. Do bhí Liam na Sopóige, an
seachránach bocht, ar foluamhain eadar na bogaighibh
agus na seasgánaibh, agus é ag tabhairt a sháith le
déanamh dó an sop do chongbháil lasta.
Shiubhail Páidín Ua Duinnín leis trés an dorchadas
agus an uaigneas agus, nuair do shroich sé sráid thoighe
Mhaghnuis Mhóir, rinn sé moill, óir thug sé fá deara
an doras dá fhosgailt, agus toirt beirte agus solas
leo ag teacht amach, agus ag déanamh go ciuin ar an
sgioból, agus níorbh' fhada go gcualaidh Páidín an
tsúisteacht éadtrom astigh. Bhí 'fhios aige go maith
goidé b'ádhbhar dó sin. Dhruid sé anonn chun an
sgiobóil, agus nuair do caitheadh an phunnann anall i
n-aice 'n dorais, mar chomhartha go raibh sí súistrighthe,
do léim sé asteach, thóg an phunnann anall agus chuir
faoi n-a oscaill go fadálach í, le faill 'thabhairt
do'n tsúisteoir dearcadh air, agus gan focal do
lábhairt, amach leis agus ar shiubhal, agus ní dheárnadh
moill nó comhnaidhe leis gur shroich sé an baile, agus
gur shuidh sé síos ar an tsúisteoig i n-a choirnéal féin.
III.
Tháinig oidhche Dhomhnaigh. Agus go gearr i ndiaidh
clapsholais do shuidh Páidín síos ar an tsean-
tsúisteoig, le comhrádh beag do bheith aige le duine
stuamdha céillidhe, i. é féin. Do bhí cuma chuimeir ar
gach uile rud ins an toigh agus do bhí na comhnuigh-
theoiridhe uile suaimhneach síothchánta. An madadh
breac agus an cat riabhach do bhíodh i gcomhnuidhe ag
troid agus ag ciapáil nuair do bhídheadar óg,
dásachtach, bhí siad anois carthannach go leor le 'chéile;
thug aois a's creapaltacht na haoise fá deara orra
bhruigheanta na sean-laethe do thabhairt i ndearmad,
agus anois do bhí druim an mhadaidh mar leabaidh ag
an chat.
“Dar mo chubhais!” arsa Páidín leis féin, “is
breágh an cailín Caitlín agus ba mhaith an ghné do bhí
uirthi le solas na coinnle gidh go raibh a haghaidh odhar.”
Agus sul má raibh faill aige a bharamhail do
dhéanamh ní ba dhaingne le hath-rádh, do chuala sé
coiscéim ag an doras, agus ar fheuchaint thart dó,
chonnaic sé Domhnall na Dála ag spaisteoireacht
aníos an t-urlár. Sin an áit i n-a raibh an beannughadh
agus an fháilte. Shuidh Domhnall síos go sócamhlach ar
an taoibh eile de'n teinidh.
“Agus a Domhnaill,” arsa Páidín, i ndiaidh tamaill
bhig do chaitheamh ag feuchaint ar an gcat, “an bhfuil
sgeul úr ar bith leat?”
“Dheamhan faic na frighde de sgeul úr nó sean
liom,” arsa Domhnall, “ach amháin go bhfuil ar gcuairt
go toigh Sheumais Uí Mhannacháin 'na sgeul reatha trés
an tír, agus asteach le sin do casadh Bacach na
hÁidhbhéile orm ar fágáil an bhaile domh i ndiaidh luighe
gréine, agus bhí geur-bharamhail aige goidé fáth mo
shiubhail, agus táim cinnte go bhfuil cupla sgeul
breugach earballach cumtha aige fúinn araon fá'n
taca seo.”
“Bhal! Bhal!” arsa Páidín.
“Dá nglacfá mo chomhairle-se,” arsa Domhnall,
“d'fheuchfá thart anois, agus b'fhéidir go mbéadh
oireadh ádha ort agus go bhfuightheá bean oireamhnach
sul má n-éirighidh na sgeulta níos leitheadaighe.”
“Tá sin ceart,” arsa Páidín, “acht ní fhuil moill
ar bith orm ceann do thoghadh, óir tá an obair sin
deunta cheana;” agus annsin d'innis sé sgeul an
Bhacaigh Ruaidh, agus a eachtra féin Oidhche Shamhna, agus
nuair do chuala Domhnaill an t-iomlán do rinn sé a
sháith gáiridhe.
“Maise, go marbhuighidh an sioc mé,” arsa
Domhnall, “má chuala mé a leithéid sin ariamh! Sháruigh
sé troid choileach agus rásaidhe cearc!”
Cinneadh leo annsin dhul go toigh Mhaghnuis Mhóir
Uí Fhrighill an oidhche sin. Do chóirigh Páidín é féin go
maith, do chuir sé buidéal chúig naigín i n-a phóca, agus
i gceann tamaill dubhairt sé le Domhnall go raibh sé
ullmhuighthe, a's ó thárla nach raibh duine ar bith i láthair
le beannacht do chur leo, chan siad an rann so nuair
do bhíodar 'na seasamh eadar dhá ursain an dorais —
"I n-ainm an Athar a fuair an bhuaidh,
Agus an Mhic a d'fhulaing an phian;
Muire Mhór 's an naomh-shluagh
Go raibh linn i n-ár dtriall."
Annsin do tharraing siad an doras amach 'na
ndiaidh agus trasna na gcnoc leo ag deunamh ar an
Droichead Úr.
Do bhí oidhche chiuin gheál aoibhinn ann. Do bhí an
ghealach agus na milliúna de reultaibh ins an spéir.
Ar chiumhsaibh na gcnoc, agus ar thaoibh amháin
d'árdánaibh do bhí sgáilidhe dubha fada. Ar mhachaire
uaigneach eadar na Cruachaibh Gorma agus Cruach an
Airgid do bhí an Sluagh Sídhe ag iomáin. Ní raibh
Liam na Sopóige i n-a measg anois. Ní fheicfidhe
eisean ag comhoibhriughadh leis an ngealaigh ag tabhairt
solais agus d'imthigh sé leis go réagún éigin eile.
Do bhí an tsídh-bhean 'na suidhe ar uaigh shean-laoich
éigin, ag géar-chaoineadh agus ag cíoradh a cinn
ór-bhuidhe le cíorán óir. Agus muna bhfuil seo uilig
amhlaidh tá muinntear na gCruach nGorm uilig breugach.
Nuair do shroich Páidín agus a chomráduidhe teach
Mhaghnuis Mhóir, bhuaileadar an doras agus le sin do
thosuigh an madadh ag tathfann astigh. D'éirigh Maghnus
Mór agus i ndiaidh bagairt ar an mhadadh, d'fhosgail
sé an doras agus do chuir na mílte fáilte roimh an
dís, agus níor dhoicheallaighe ar dhóigh ar bith an fháilte
do chuir bean Mhaghnus agus a bheirt ingheanach rómpa.
Do shuidh an bheirt do tháinig asteach le taoibh na
teineadh agus fá dheireadh nuair do stad an comhrádh
i dtaoibh na haimsire agus na margaidhe do thug
Domhnall fáth a shiubhail ar aghaidh, agus ar a shálaibh sin
an buidéal. D'ól Maghnus agus a bhean braon beag
agus annsin cuireadh an buidéal i leathtaoibh, agus do
lean Domhnall do'n obair do bhí eadar lámhaibh aige.
Ach leis an sgeul fhada do dhéanamh goirid agus an
sgeul goirid do dhéanamh maith, do bhí spéis mhór ag
Caitlín Ní Fhrighill i bPáidín, agus mar sin d'fhág sé
féin agus Domhnall an oidhche sin agus iad breágh
sásta.
Seachtmhain 'na dhiaidh seo do bhí bainis mhór shuairc
i dtoigh Mhaghnuis Uí Frighill. Do bhí lán an toighe ann
eadar sean agus óg, agus an Píobaire Ruadh ag
déanamh ceoil dóibh.
Níor bh'fhurus triúr ar bith de'n chuideachtain
ghreannmhair sin na bainse do chruinniughadh i gceann
a chéile indiu. An chuid ba sine díobh táid sínte go
suaimhneach ar bruach Locha Finne nó i sean-reilig
Cille Thaobhóg; tá mórán de'n chuid a b'óige thall i
gcathrachaibh móra an Oileáin Úir. Acht má tá faill
aca suidhe síos anois agus arís ní fuláir dóibh tamall
do chaitheamh ag smuaineadh ar shiamsaidhibh na gCruach
nGorm agus ar bhainis Pháidín Uí Dhuinnín.
Seachránuidhthe Nachar Cailleadh.
Do chomhnuigheadh Flann Mac an Bháird i mbothán i
bhfogus do'n mhainistrigh i nDún na nGall. Do bhí sé
leis féin ar an tsaoghal so; fuair a mháthair bás nuair
do bhí sé 'na naoidheanán, agus ba mhinic do chuala sé
ó na bráithribh agus ó dhaoinibh eile nár fhill a athair
riamh ó'n oidhche do chuaidh sé féin agus fear eile amach
d'iasgaireacht. Uime sin, do bhí Flann gan athair, gan
mháthair, gan deirbhshiair, gan dearbhráthair.
Nuair do bhí sé 'na leanbh lag do bhíodh na bráithre
an-chineálta dó, d'á bheathughadh agus d'á theagasg, óir
ba hí an mhainistir sin tobar na féile agus na
flaitheamhlachta. Agus nuair d'éirigh Flann mór
láidir do théidheadh sé chum na mainistreach gach uile
lá le freasdal do thabhairt ar an mhuileann.
Tráthnóna amháin nuair do bhí Flann i lár a chuid
oibre do tháinig fear de na bráithribh chuige.
“A Mhic an Bháird,” ars' an bráthair go ciúin, “is
minic do chualas thú ag gearán nár thuit sé ar do
chrann riamh casadh ar Shagsanach aghaidh ar aghaidh.”
“Och! a bhráthair ionmhuin!” arsa Mac an Bháird,
“sin í an chainnt atá fíor. Níor casadh Gall orm
riamh, mar nár hiarradh orm fós craoiseach nó claidheamh
do thógáil.”
“Is dóigh,” ars' an bráthair, “nach mbéidh an
leithsgéal sin agat feasta, a Mhic an Bháird. Do
tháinig sgéala an lá fá dheireadh chum Uí Néill agus
Uí Dhomhnaill ag iarraidh ortha deifir do dhéanamh suas
go Cúigeadh Mumhan chum tárrthála do thabhairt ar na
Spáinnighibh atá glasta suas i mbaile Chinn tSáile agus
na Gaill ar gach taoibh díobh. Tá teachtairidhe Aodha
Ruaidh amuigh d'ló agus d'oidhche ag riarughadh an airm
agus ag cruinniughadh fear. Ní fhuil dadaidh le feicsin
ó seo go Leithbhearr, nó ó Leithbhearr go hÁth Seanaigh,
acht craoiseacha agus claidhimhthe.”
“Seo nuaidheacht mhór iongantach,” arsa Mac an
Bháird, “rachfad féin leis an gcéad teachtaire chasfar
orm muna stopaidh sibh-se mé.”
“Go deimhin, a Mhic an Bháird,” ars' an bráthair,
“do-bhéarfamuid cead do chinn duit. Acht ná saoil
go bhfuilmid tuirseach dhíot; ní fhuil agus ní bhéidh.
Má théidhir le hAodh Ruadh cuirfimid míle beannacht
leat agus le do chuideachtain, agus má thigir thar ais
slán cuirfimid míle fáilte romhat.”
Ar maidin lá ar n-a bhárach d'fhág Mac an Bháird
slán ag lucht na mainistreach, agus ag fagháil greama
maith ar a chraoisigh agus ar a chlaidheamh do bhuail sé
asteach le druing de ghallóglaighibh do bhí ag triall
chum champa Uí Dhomhnaill.
Nuair shroicheadar an longphort níor léir dóibh rud
ar bith acht gallóglaigh agus ceithearnaigh, lucht
bagáistidhe agus lucht capall. Do bhí sagairt agus
bráithre, píobairidhe agus cláirseoiridhe ann; gaisgidhigh
as na Rosaibh, as Fánaid, as Inis Caoil, as Ráith
Mhaoláin, as Cill Bharroin, agus as fiche áit eile.
I gceann tamaill bhig bhí gach uile rud riaruighthe
aca, agus annsin ghluaiseadar ar aghaidh, agus ar
aghaidh, agus ar aghaidh. Do chuadar thar shléibhtibh árda
gorma, agus tré choilltibh dorcha imeaglacha, agus
gleanntaibh glasa uaigneacha. Do ghlac na sionnaigh
agus na bruic sgannradh rómpa agus theicheadar
chum na mbroclach. B'éigean do na cataibh fiadhaine
agus do na madaidhibh allta an bealach d'fhágáil agus
a sáith deifre ortha. D'éirigheadh sgaoth de choileachaibh
agus de chearcaibh fraoich, do leigidís an gháir dhearg
asta agus iad ag eiteall agus ag teicheadh mar shluagh
claoidhte.
Níorbh' fhada go dtángadar anuas ar an talamh
chomhthrom an áit i n-a raibh comhnuightheoiridhe. Nuair
mhothóchadh na daoine do bhí sínte i n-a gcuid bothán
an torann ag dul thart 'san oidhche do choisreacadh siad
iad féin ag rádh “Coimirce Dé chugainn! sin an
Sluagh Sídhe!” ach nuair do-chífeadh siad na gallóglaigh
i lár an lae ghil d'aithnigheadh siad iad agus do chuirfidís
coimirce Dé leobhtha.
Do shiubhail Aodh Ruadh agus a chuid fear leo, agus
ní dheárnadar mórán moille go rángadar Tiobruid
Árann. Do chualadar annsin go raibh Careú agus
sluagh mór Sagsanach leis, 'na luighe rómpa i bhfogus
do Chaiseal. Mar nár mhaith le hUa Domhnaill troid
go mbéadh sé ag Ceann tSáile do chor sé siar agus
do chuaidh trasna Sléibhe Féidhlime oidhche chruaidh
shiocáin, agus i ndiaidh mórán laethe agus mórán
siubhail do bhuail sé féin agus Aodh Ua Néill a gcuid
sluaighte i gceann a chéile comhgarach do Cheann tSáile.
Ar feadh an ama sin fuair Mac an Bháird a sháith le
siubhal agus le feicsint. D'éirigh se aitheantach ar
ghallóglach darbh' ainm an Radaire Mac Suibhne agus
do bhíodh an bheirt i gcomhnuidhe i gcuideachtain a chéile.
Oidhche amháin bhí an bheirt 'na gcodladh i gcoill bhig
le taoibh an champa. I lár na hoidhche d'éirigh Mac an
Bháird agus é sgannruighthe amach, agus do mhúsgail
sé a chomráduidhe.
“Éirigh, a Radaire,” arsa Mac an Bháird.
“Goidé tá ort?” ars' an Radaire.
“Tá,” arsa Mac an Bhaird, “do chualas trí
hosnaidhe troma 'san tom sin thoir anois.”
“Coimirce Dé chugainn!” ars' an Radaire.
I lár na cainnte d'éirigh osna eile, agus ceann eile,
agus ceann eile. Do choisreac an bheirt iad féin,
agus annsin fuair gach duine aca a chraoiseach féin agus
soir chum an tuim leis an mbeirt, acht ní fhaca siad
dadaidh ann. I gceann tamaill d'éirigh trí hosnaidhe
ar an taoibh thiar díobh; siar leis an mbeirt, acht ní
fhacadar aon rud. Annsin d'éirigh trí hosnaidhe ar
an taoibh thuas díobh, acht ní raibh dadaidh le feicsin.
I gceann tamaill bhig eile do chualadar trí hosnaidhe
ar an taoibh thiar, acht ní dheachadar dá lorg, óir bhí
'fhios aca anois gurbh' í an bhean sídhe do bhí ann.
“Tá sé chomh maith againn gan trácht air,” arsa
Mac an Bháird.
“Tá,” ars' an Radaire, “acht tá eagla mhór orm
nach tuar ró-mhaith é do'n am atá le theacht.”
Ó sin amach do choinnigh Flann Mac an Bháird agus
an Radaire Mac Suibhne i gcuideachtain a chéile chomh
maith agus do tháinig leo. Oidhche an aisdir fhada
trés an dorchadas agus an bhfliuchlach, lá an chatha
dhona trés an troid agus an ár, bhí an bheirt fá ghiota
dá chéile. Agus nuair goineadh an Radaire ins an
teicheadh, do chuir a chomhráduidhe ar mhuin eich é, agus
do thiomáin an t-each chum toighe bhig do bhí astigh i lár
coilleadh, míle ó páirc an bhuailte.
Do cheangail Mac an Bháird an t-each do chrann,
agus d'iomchar an Radaire go doras an toighe. Do
tháinig fear críon cam amach agus féasóg fhada liath air.
“A dhuine chóir,” arsa Mac an Bháird, “an
dtabharfaidh tú fasgadh do thoighe dúinn go ceann
tamaill? Briseadh an cath ar Ghaedhealaibh, goineadh
mo chomrádaidhe annseo, agus b'éigean dúinn araon
sgaramhaint ó'n chuid eile de'n tsluagh ins an teicheadh.”
Do chaith fear críon cam na féasóige tamall ag
smuaineadh agus ag féachaint ar an mbeirt.
“O!” arsa seisean 'san deireadh, “tigidh asteach
agus fáilte.”
“Ach a dhuine chóir,” arsa Mac an Bháird, “b'féidir
go dtiocfadh na Sagsanaigh an bealach so agus go
ndóighfeadh siad an teach mar do-ghnidhid i n-áiteachaibh
eile.”
“Ní heagal dóibh,” arsa fear na féasóige, “is
Sagsánach mé féin agus tá tearmann agam ó Chareú
agus Mountjoy nach mbaineann dadaidh liom féin nó
le mo thoigh.”
“Agus an Gall thú?” arsa Mac an Bháird ag
tarraing ar gcúl ó'n doras.
“'Seadh cinnte,” arsa fear na féasóige, “agus ní
measa dhíbh sin. Tigidh asteach agus cuirfead i bhfolach
sibh go dtéidhidh an chontabhairt thart agus m'fhocal díbh
nach dtig dadaidh olc oraibh.”
Ní raibh dadaidh le rádh ag an mbeirt anois. Do
chuadar asteach go lúthgháireach i ndiaidh fhir na féasóige
agus do shuidheadar síos i gcoirnéal dorcha. Níorbh'
fhada annsin iad go dtáinig cailín óg fíor-áluinn
asteach agus ualach mór brosna léithi. D'fheann fear
na féasóige gearrfhiadh do bhí crochta i n-áirde, do
chuir ar bhearaibh é, agus níorbh' fhada go raibh proinn
mhaith rómpa uile. Nuair do bhí a sáith ithte aca chuaidh
an cailín óg amach, do thug sí asteach luibheanna ícthe
agus fíor-uisge, agus do chóirigh sí cneadh an Radaire.
“A Shagsanaigh,” arsa Mac an Bháird le fear na
feasóige, “ó thárla go bhfuilmid ag déanamh dána
ort tá sé chomh maith againn fiafruighe dhíot, cá ainm
atá ort?”
“Is é an t-ainm atá orm,” arsa fear na féasóige,
“Tomás Marc.”
“Maise, a Thomáis Mharc,” ars' an Radaire, “is
maith an éadáil duit inghean mhaith do bheith agat mar
an cailín sin.”
“Go deimhin,” arsa Tomás Marc, “is í sin mo
bhean; ní fhuil inghean ar bith agam ná mac ach a
oiread.”
Do bhí a sáith iongantais ar an Radaire agus ar a
chomráduidhe.
“An Sagsanach thusa?” arsa Mac an Bháird le
mnaoi Thomáis Mharc.
“Ní headh,” arsa sise, “is fíor-Ghaedheal mé, agus
b'fhíor-Ghaedhil mo shinnsear rómham.”
“O! támuid 'san mbaile,” arsa Mac an Bháird,
“goidé 'n cineadh ar de thú, a bhean uasal?”
“De Chloinn Mhóráin mé,” arsa bean an
tSagsanaigh, “Maighréad Ní Mhóráin m'ainm agus mo
shloinneadh.”
“Bhur n-ainmneacha féin le bhur dtoil?” arsa
Tomás.
“Flann Mac an Bháird m'ainm féin agus an
Radaire Mac Suibhne ainm mo chomráduidhe,” arsa
Mac an Bháird.
Do thaisbeáin Marc seomra beag dorcha do bhí amach
as cúl an toighe dóibh, agus d'iarr ar an mbeirt dul
ann, an áit nach bhfeicfidhe iad, dá mbadh i ndán agus
go seolfadh an cat mara saighdeoiridhe ar bith de chuid
Chareú asteach. Do chuaidh an bheirt chum an tseomra
agus chodladar go suaimhneach an oidhche sin ann.
Ní mó ná go raibh faill aca greim d'ithe ar maidin
lá ar n-a bhárach nuair do rith bean Thomáis, .i.
Maighréad áluinn Ní Mhóráin asteach chuca agus í ag gul.
“O, teichidh! teichidh!” arsa sise, “teichidh nuair
atá uain agus faill agaibh, agus ná fanaidh le fiafruighe
dhíom cad chuige!”
“A Rí na Glóire!” arsa 'n Radaire, “goidé so?”
“A Mhaighréad Ní Mhóráin,” arsa Mac an Bháird,
“goidé tá cearr nó an bhfuil na Gaill d'ár lorg?”
“Is goirid go raibh,” arsa Maighréad, “thug m'fhear
aghaidh ar champa na nGall anois chum sgéala do
thabhairt dóibh go bhfuil bhur leithéidí i bhfolach annseo,
mar shúil go bhfuigheadh sé cuid d'éadáil an chogaidh
ar son a chuid seanchais. Do rinn mise mo dhícheall
a chur de'n tsiubhal sin, acht ní raibh gar bheith ag cainnt
leis. Nuair do chonnarcas sin chinn mé fios do
thabhairt dhíbh-se goidé 'n ghuais i n-a bhfuil sibh.”
“A Mhaighréad, is maith thú agus is fial an croidhe
atá agat,” ars' an dá ghallóglach, “tá tú dod' chur
féin i gcontabhairt mar mhaithe linne.”
“Go deimhin,” arsa Maighréad, “is maith atá 'fhios
agam nach bhfeicfead an lá i mbárach. Béidh 'fios ag
m'fhear agus béidh 'fhios ag an dream bhéas leis go
dtugas rabhadh dhíbh-se, agus dhéanfaidh siad coir bháis
de. Acht is cuma liom, óir ní fearr domh beo 'ná
marbh.”
“Bhí 'do seasamh, a Radaire,” arsa Mac an Bháird,
“go rabhmuid imthighthe sul a dtigidh siad.”
“Ní fhuilim i n-innmhe seasamh ar mo dhá chois,” ars'
an Radaire, “tá mé lag tinn gointe, agus cibé
thiocfas orm ní fhuil mé ábalta corrughadh amach as an
tseomra so.”
“Maise, fanfad-sa annseo,” arsa Mac an Bháird,
“sul a n-imthighidh mé agus tusa d'fhágáil lag tinn
gointe 'mo dhiaidh i gcrúbaibh na mbitheamhnach sin.”
“A Mhic an Bháird, ná bí amaideach,” ars' an
Radaire, “teich, agus ná fan annseo mar mhaithe
liom-sa. Nach fearr duine amháin againn 'ná sinn
araon do bheith gabhtha? agus fiafruighim díot goidé
an mhaith dhéanfaidh sé dhúinn bheith ag féachaint ar a
chéile ag dul chum an bháis? Bí ag imtheacht, agus go
soirbhighidh Dia dhuit!”
Ní raibh gar ar bith do Mhac an Bháird bheith ag cainnt.
D'éirigh sé ar an mball agus i ndiaidh slán agus
beannacht d'fhágáil ag an Radaire agus ag Maighréad
do thug sé leis a chraoiseach agus a each agus ar shiubhal
leis ag gul roimhe, agus ag fágáil beirte ag gul
'na dhiaidh.
Do thug sé a aghaidh siar. Chaith sé os cionn
seachtmhaine ar seachrán eadar na sléibhtibh agus na
splinncidhibh ag iarraidh dul i bhfolach ó na daoinibh.
Ar feadh an ama so bhí tubaiste roimhe agus 'na
dhiaidh. Do chaill sé a each i mbogach, chaill sé a
chraoiseach ag snámh trasna abhann dó, agus annsin
amhail agus dá mbéadh sgéala ag na beathaidheachaibh
fiadhaine ó Chareú, tháinig an mactíre, an cat fiadháin,
agus an broc, agus do chuireadar an tóir amach as na
sléibhtibh air. Ní dheárna sé moill ar bith ar na
hísleánaibh, acht do shiubhail leis gur shroich sé cladach
na fairrge. Do chaith sé trí lá ag spaisteoireacht ar
an duirling agus gan de bhiadh aige acht na ruacáin.
Tráthnóna an tríomhadh lae do thug sé fá deara long
i bhfad amach 'san bhfairrge agus í ag déanamh ar an
tír go luath. D'aithin Mac an Bháird ar an mball
gur long Spáinneach do bhí inntí agus do smuainigh sé
go mb'héidir gur ag teacht go tír do chuartughadh
fíor-uisge do bhí muinntir na luinge. B'fhíor dó, óir
i gceann tamaill do chonnaic sé bád ag teacht ó'n
luing agus ag déanamh ar an gcladach. Nuair do
shroich sé an tír chuaidh Mac an Bháird síos agus
bheannuigh do na bádóiridhibh. Do bhí Éireannach amháin
ortha agus d'innis Mac an Bháird dó méad do thárlaidh
dó féin ó d'fhág sé Tír Chonaill. Do thug na bádóiridhe
a gcuid soitheach leo agus do líon le fíor-uisge iad.
Nuair do bhíodar ullmhuighthe le himhtheacht d'fhiafruigh
Mac an Bháird díobh an leigfeadh siad leo é. Adubh-
radar go leigfeadh agus fáilte. Annsin d'fhág sé
céad slán ag Éirinn, agus ba ghairid go raibh sé féin
agus lucht an bháid astigh ar an luing.
Do bhí an ghaoth leo, agus bhí an fhairrge breagh
ciúin, agus i gceann chupla lá do chuadar i dtír ag
an Chruinne ins an Spáinn. Ní raibh Mac an Bháird i
bhfad ins an gcathair sin gur chas sé ar mhuinntir Aodha
Ruaidh Uí Dhomhnaill. Do bhí áthas mór ortha so tuitim
asteach le duine dá sliocht féin, agus bhí lúthgháir
ar Aodh Ruadh fós a fheicsint. D'nnis Mac an Bháird
dóibh méad dá dtáinig sé thríd ó'n lá troideadh cath
Chinn tSáile. Nuair do chuala Aodh Ruadh fá Thomás
Marc agus a mhnaoi, is é adubhairt sé:
“Ní thiocfadh rud ní b' fhéarr teagmháil do do
chomráduidhe agus is iongantach nach dtáinig tuilleadh
tubaiste ort-sa, óir tá sé 'na shean-rádh i nÉirinn nach
cóir do dhuine choimhightheach oidhche do chaitheamh i dtoigh
'n-a bfuil sean-fhear féasógach pósta le mnaoi óig
áluinn.”
Do thug Aodh Ruadh a aghaidh anois ar árd-chathair na
Spáinne chum comhráidh do bheith aige le Righ Philip,
agus lean Mac an Bháird dó. Ach nuair do shroicheadar
Simancas do bhuail tinneas Ua Domhnaill agus fuair
sé bás. Do chuala Mac an Bháird an dream do
chonnaic ar leabaidh an bháis é, ag rádh gur de chumhaidh
agus brón d'éag sé. Acht is feas dúinn uile anois
go dtug Séamus a Bláca, fó-dhuine de chuid Chareu,
ádhbhár a bháis dó i bhfuirm nimhe. I n-aon chor d'éirigh
gáir ochbhaidh ó chroidhthibh Gaedheal i nÉirinn agus ins
an Spáinn nuair do chualadar iomrádh ar bás an
phrionnsa.
Nuair do hadhlacadh Aodh Ruadh, do bhuail Mac an
Bháird an bóthar agus níor stad sé go raibh sé tar ais
arís ins an Chruinne. Acht do bhí sé go huaigneach i
lár ghliadh na sráideann. Ní raibh aithne aige ar duine
ar bith, agus ní raibh aithne ag duine ar bith air. Níor
dhearc fear nó bean nó páisde air. Acht cé nár
shonnruigh na daoine é do shonnruigh na madaidhe é,
óir bhí siad le n-a shálaibh ó maidin go dtí 'n oidhche ag
tóraidheacht air agus ag tathfann leis.
Lá amháin do chuaidh sé asteach go mainistrigh
d'iarraidh déirce. Nuair do bhí sé 'na shuidhe ar
chathaoir ag ithe an bhídh a tugadh dó, do tháinig sean-
mhanach chuige agus do chaith tamall ag féachaint air.
“An as Éirinn thusa, a óigfhir?” ars' an sean-
mhanach fá dheireadh.
“'Seadh cinnte,” arsa Mac an Bháird ag amharc
suas air.
“Go deimhin, is Éireannach mé féin,” ars' an manach,
“agus tá dáimh mhór agam leis na seachránachaibh
bochta as Éirinn a chastar orm 'san tír seo.”
“Buidheachas do Dhia,” arsa Mac an Báird, “gur
casadh do leithéid orm.”
“Anois, a óigfhir,” ars' an sean-mhanach ag ísliughadh
a ghlóir, “is gnáth liom-sa i gcomhnuidhe mórán
ceisteann do chur ar na hÉireannachaibh a chastar orm
agus cuirfead na ceisteanna céadna ort-sa. Cad is
ainm agus sloinneadh duit? Goidé 'n ceanntar i
nÉirinn ar de thú? Goidé do chuid eachtraidhe sul ar
shroich tú an Spáinn? Acht b'fhéidir go bhfuilim ró-
fhiafruightheach.”
“Ní fhuilir ró-fhiafruightheach,” arsa Mac an Bháird,
“agus le taisbeáint duit goidé mo mheas ort ní
cheilfead dadaidh ort. Is é an t-ainm atá orm
Flann Mac an Bháird. Rugadh i bhfogus do'n mhainis-
trigh i nDún na nGall mé dhá bhliadhain agus fiche ó
shoin. Fuair mo mháthair bhocht (go ndéanaidh Dia
trócaire uirthi!) bás nuair do bhidheas trí bliadhna
d'aois, agus go gairid 'na dhiaidh sin do chuaidh m'athair
bocht (go ndéanaidh Dia trócaire air-sean fosta, má
tá sé a dhíth air) agus fear eile amach d'iasgaireacht
oidhche amháin, agus níor fhill ceachtar aca ní ba mhó.”
Nuair do bhí an oiread seo inniste ag Mac an Bháird,
do thug sé fá deara go raibh an manach ag sileadh na
ndeor, agus do rinne sé stad ins an tseanchas.
“O! innis leat, innis leat,” ars' an manach. Agus
do lean Mac an Bháird do'n sgéal agus níor stad sé
gur innis sé méad do thárlaidh dó ó d'fhág sé Dún na
nGall gur shroich sé an Spáinn.
“Buidheachas do Dhia,” ars' an manach go díochra
nuair do chuala sé an t-iomlán, “go bhfuilim beo le
thú d' fheicsin arís, óir is mise d' athair — is mise
Cormac Mac an Bháird,” agus do chuir sé a lámh fá
mhuinéal a mhic agus do chaith an bheirt tamall ag gul.
Agus fá dheireadh d'fhiafruigh Flann d'á athair goidé
tháinig air nuair do thug sé a chúl le hÉirinn, agus
goidé shlánuigh é, “óir,” arsa Flann, “síleadh i
nDún na nGall gurab é an rud a báitheadh thú féin
agus do chomráduidhe.”
“Glóir agus buidheachas do Dhia,” arsa Cormac,
“níor báitheadh sinn gidh go bhfuaramar siocair ar
mbáidhte. Is maith an chuimhne atá agam ar an oidhche
úd do chuaidh mé féin agus Colm Ua Luingsigh amach
d' iasgaireacht. Ní rabhamar os cionn leath-mhíle amach
ó'n talmhain, nuair do tháinig trí séideáin sídhe ceann
i ndiaidh an chinn eile anoir ó Bheárnas Mór. Tiománadh
amach ar an bhfairrge mhóir sinn. Annsin do thosuigh
an ghaoth, ag teacht as gach uile áird acht an áird do
b'ait linne, agus nuair do shocruigh an ghaoth, do
chruinnigh an dubh-dhorchadas. Do chaitheamar an oidhche
sin anonn agus anall ó thuinn go tuinn, agus ag
feitheamh gach nóimid go gcuirfidhe an bád faoi uisge.
Le breacadh an lae do chonnaic sinn long Spáinneach
ag seoladh ó dheas mhar bhéadh sí ag fágáil cuain na
gCeall mBeag. Do ghlaodhamar ar mhuinntir na
luinge. Cualathas sinn, agus ba ghairid go raibh sinn
le taoibh na luinge. Tugadh asteach sinn agus fuair
sinn biadh agus deoch agus faill le n-a nglacadh.
Annsin d'innis sinn ar n-eachtra d'Éireannach do bhí
ar an luing agus d'innis seisean do'n cheannphort é.
Acht níor b'fhéidir dúinn fagháil thar ais go talmhain:
do bhí an fhairrge ag éirghe garbh, bhí droch-dhath ag
teacht ar an spéir, bhí deifir ar lucht na luinge,
agus mar sin ní raibh dadaidh eile againn le déanamh
acht fanamhaint ar an luing go dtí gur shroich sí an
Spáinn.
“Nuair do shroicheamar an Chruinne chaitheamar
ráithe no tuilleadh, b'fhéidir, 'nár suidhe ar an gcuan
gach uile lá, ag feitheamh le luing do bhéadh ag dul
go hÉirinn. Acht ní dheachaidh long ar bith go hÉirinn
ar feadh an ama sin, ná má chuaidh d'fhág sí an cuan i
lár na h-oidhche. Ní raibh a fhios againn goidé b'fheárr
a dhéanamh; ní raibh sinn sásta fanamaint, agus ní
rabhamar ag fagháil caoi imtheacht.
“‘A Chormaic,’” arsa Colm liom féin lá amháin,
bhuail smuaineadh anois mé goidé badh chóir dhúinn
araon a dhéanamh.’
“‘Goidé sin, a Chuilm?’” arsa mise ag amharc air.
“‘Tá, maise,’” arsa seisean, “‘badh chóir dhúinn
dhul chum na Frainnce agus ó sin go Sasain. Thiocfadh
linn ár n-éideadh agus ár n-ainmneacha d'athrughadh
agus éideadh agus ainmneacha Sasanach do ghlacadh,
agus b'fhurus dúinn annsin fhagháil trasna ó Shasain go
hÉirinn.’”
“‘Níor mhaith liom,’” arsa mise, “‘dhul thríd
Shasain nó a cuid éididh chaitheamh, nó m'ainm do chur
ar malairt le hainm Sasanach ar eagla go dtiocfadh
droch-athrughadh ar mo chroidhe.’”
“‘A! ní fhuil annsin acht glagaireacht,’” arsa
seisean, “‘imtheochad-sa ar maidin i mbárach agus
leanfaidh mé do'n tslighidh agus do'n mhodh adubhairt
mé leat. Is é an t-ainm a thoghfas mé Tomás
Marc.’”
“Ar maidin lá ar n-a bhárach d'fhág sé slán agus
beannacht agam i ndiaidh a dhícheall do dhéanamh mo
thabhairt leis, agus ní fhaca mé amharc ní ba mhó air.”
“A athair,” arsa Flann, “an Tomás Marc adubhairt
tú an t-ainm do bhí sé le tabhairt air féin?”
“'Seadh, cinnte,” ars' an manach, “Tomás Marc.”
Annsin d'innis Flann d'á athair um an Tomás Marc
do bhí 'na chomhnuidhe i bhfogus do Cheann tSáile, agus
goidé thárlaidh dó féin agus d'á chomhráduidhe i n-a
thoigh; agus nuair do chuala an manach cosamhlacht an
duine adubhairt sé gur Colm Ua Luingsigh do chaith-
feadh bheith ann.
“Agus, a mhic dhílis,” ars' an manach, “goidé mar
thig an saoghal thart! Goidé an t-athrughadh a thig i
n-am ghairid! Acht leanfad dom' sgéal. Nuair
d'imthigh Colm Ua Luingsigh do chaitheas-sa mí agus
tuilleadh ag spaisteoireacht ó shráid go sráid. Do bhí
na manaigh annseo an-chineálta domh agus bhí an tír
ag taitneamh liom. Acht lá amháin i ndiaidh tamaill
bhig do chaitheamh ag siubhal trés an reilig, do ghlacas
fuath do'n tsaoghal agus do neithibh saoghalta. Lá ar
n-a bhárach thug mé m' aghaidh ar an mainistrigh seo
lem' saoghal do chaitheamh i seirbhís Dé, agus ní fhágfad
í go dtugaidh an bás leis mé. Do-ghnidhim mórán
oibre éadtruime astigh agus amuigh, acht táim sonasta
sásta annseo, agus ní dhéanfainn malairt beathadh nó
áite le Rígh Philip nó le rígh ar bith eile.”
Nuair do chuala Flann iomlán sgéil a áthar bhí a
sháith iongantais agus áthais air. Acht níor stad an
comhrádh annsin, óir chuireadar mórán cainnte i
dtaoibh na hÉireann agus Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
thársta.
Ba ghairid 'na dhiaidh seo gur lean Flann Mac an
Bháird sompla a athar, agus gur chuir sé culaidh an
mhanaigh air féin. Ní fhuil iomrádh ar bith eile air ó
shoin i leith. Do rinn an saoghal dearmad de, acht
ní iongantas ar bith sin, óir d'fhág seisean slán ag
an tsaoghal i bhfad sul a bhfuair sé bás.
An Chreach Ghoidte.
Ní fhaca duine ar bith d'á bhfuil beo anois agus atá
faoi dheich mbliadhna agus ceithre fichid d'aois, Pádhra
Óg Ua Domhnaill. Bacach na hÁidhbhéile do bhíodh
aniar agus siar eadar dhá cheann an chonntae seo ag
cruinniughadh buidéal, ag moladh agus ag cáineadh,
agus ag ithiomrádh, adeireadh sé (go maithidh Dia a
chuid breug dó, tá sé marbh!) go bhfaca sé féin Pádhra
Óg, ach go deimhin níor chreid duine ar bith é. Ach
ní bhaineann sin do'n sgeul, agus tá sé chomh maith
agam a innsin sul a ndéanaidh mé dearmad de.
Do bhí Pádhra Óg Ua Domhnaill agus a mháthair 'na
gcomhnuidhe ar Chnoc an tSlánluis eadar Abhainn na
Marbh agus an Clochán Liath. Do bhíodar leo féin,
agus do bhí cuma ortha go mbéadh; óir gidh go raibh
Pádhra i n-aois na discréide go maith ní raibh rún ar
bith aige a shaoghal d' athrughadh. Is cinnte go bhfuair
sé am cruaidh: bhí a mháthair ag iarraidh air pósadh —
bhí congnamh agus cuideachta a dhíth uirthi; bhí aos
óg na tíre ag iarraidh air pósadh — bhí oidhche mhór a
dhíth ortha-san; agus bhí na seanóiridhe ag comhairliughadh
dó pósadh — do bhí ingheanacha aca-san. Agus eatorra
uile b'éigean do Phádhra Óg géilleadh, agus a bheith
sásta leis an rud nárbh' fhéidir leis do sheachnadh.
Agus oidhche amháin go gairid i ndiaidh Sean-Lá Samhna
nuair do bhí na bóithre uile uaigneach agus leath a
raibh 'san tír 'na gcodladh, do chuir Pádhra buidéal
maith póitín i n-a phóca, fuair sé greim daingean
ar a bhata draighin, agus i ndiaidh seacht mbeannacht
d'fhagháil ó n-a mháthair do tharraing sé an doras amach
'na dhiaidh, agus do shiubhail sé leis go luath go raibh
sé astigh i dtigh Mhaghnuis na Bruighne do bhí 'na
chomhnuidhe ar an taobh thiar de Chnoc an tSlánluis.
Dar ndóigh, do bhí fáilte mhór ag Maghnus agus ag a
mhnaoi roimhe. Fuarthas suidhisteog dó, agus do
cuireadh 'san áit ba sheascaire agus ba teo 'san
toigh é. Annsin do thosnuigheadar ag cainnt fá
bhárr na bliadhna agus fá'n aimsir; agus trés an
gcomhrádh uile do chongbhuigh Maghnus a shúil ar Phádhra,
agus níorbh' fhada go dtug sé fá deara sgóig buidéil
ag beul a phóca, agus bhí a fhios aige an t-iomlán
annsin. Nuair do b'fhada le fear an toighe do bhí
Pádhra gan labhairt ar ádhbhar a chuarta, chuir sé roimhe
féin lámh chuidighthe do thabhairt dó leis an oighir do
bhriseadh, agus arsa seisean:
“A Phádhra chroidhe, is fada na daoine ag rádh
leat, agus is fada do mháthair féin ag rádh leat gur
chóir dhuit pósadh.”
“Bhal, dar mo chubhais!” arsa Pádhra, ag cur a
láimhe i n-a phóca go bhfeicfeadh sé an raibh an buidéal
ann, “ní dhéarfaidh siad sin liom i ndiaidh na hoidhche
anocht.”
“Maise, mo chúig céad beannacht ort!” arsa
Maghnus.
D'fhiafruigh bean Mhaghnuis de Phádhra an raibh sé
dá ríribh, agus ba hé an freagra do thug Pádhra
uirthi an buidéal do tharraing amach agus a thaisbeáin
dí. Ba hé sin an comhartha.
“Anois, a Mhaghnuis,” arsa seisean, i ndiaidh
braoin bhig d'fhuráil d'fhear an toighe agus d'á mhnaoi,
“ughmuigh suas thú féin go raibh tú liom a dh'iarraidh
na mná.”
“Agus an bhfuil tuairim ar bith agat cá bhfuighidh
tú í?” arsa Maghnus.
“Bhal, maise,” arsa Pádhra, “ó mhaidin indiu do
bhíos ag smuainiughadh ar Shorcha Ní Channain; acht
dar ndóigh muna bhfaghmuid í thig linn dhul giota eile.”
“Á!” arsa Maghnus, “do-gheobhaidh tú í agus
fáilte.”
“Ba hé mo bharamhail féin i gcomhnuidhe,” arsa
bean Mhaghnuis, “gur dream bródamhail Clann
Channain sin; agus go mbíonn sé doiligh a sásughadh i
bhfir agus i mnáibh; acht dar ndóigh ní fhuil an tír
folamh go dtí iad, agus, mar deireadh mo sheanathair
sean-Mhícheál Mac Lochlainn (go ndéanaidh an Rí
grásta air, duine céillidhe dearcasach do bhí ann),
‘is feárr eitiughadh mná ná eitiughadh speile lá
foghmhair.’”
“Seo, seo,” arsa Maghnus, “ná bí ag cur dí-
mhisnigh orainn. A Phádhra, ná tug áird uirthi, óir atá
sí anuas ar na Cannanaibh go mór, de bhrígh go mbíonn
sí féin agus iad féin ag cóimhlint le 'chéile cia is
feárr ag sníomh agus ag déanamh bracháin.”
Ba ghairid go raibh Maghnus gléasta suas agus é
féin agus Pádhra ag an doras. Do chraith bean an
toighe an t-uisge coisreachta ortha le n-a sábháil ar
sheachránuidhthibh spioradálta na oidhche agus ar
náimhdibh anma agus cuirp; agus ar imtheacht ó'n
doras dóibh do chaith sí an maide briste 'na ndiaidh
le hádh do chur ortha. Do shiubhail Maghnus agus a
chomráduidhe leo, agus ní dheárnadar mórán cainnte
nó moille go rabhadar astigh i dtigh Bhilí Uí Channain.
Dar a bhfeicim! bhí fáilte fhíor chroidheamhail rómpa,
agus buaileadh a dhá sháith ar an madadh ar shon a bheith
ag tafann leo. Do bhí teaghlach na gCannan uile
cruinnighthe, agus gach duine dóibh gnóthach le rud
éigin. Do bhí Bilí é féin 'na shuidhe i gcoirnéal amháin,
cos ós cionn na coise eile, agus a shean-dúidín i n-a
bheul; bhí a bhean 'san gcoirnéal eile agus í ag fuagháil;
bhí a bheirt mhac ar a ndícheall ag déanamh coinneal
feaga agus ag cóiriughadh cromán; agus i dtaoibh
a thriúr ingheanach, bhí Sorcha ag sníomh, bhí Meadhbh ag
cárdáil, agus bhí Máirín ag cniotáil, agus iad uile
ag crónánacht seanamhrán éigin ó'n tsean-aimsir.
Do rinneadh réidhteach ag an teinidh do'n bheirt do
tháinig isteach, agus níorbh' fhada gur thosnuigh an
comhrádh i dtaoibh Dhomhnaill Uí Chonaill agus na
haimsire — an dá ádhbhar cainnte ba mhó d'á raibh i
nÉirinn ariamh, b'fhéidir. I lár an chomhráidh seo
tharraing Pádhra an buidéal amach agus rinn sé
cineáltas beag ar an tsean-lánamhain. Annsin
thoisigh Maghnus ag moladh Shorcha agus Phádhra agus
'na dhiaidh sin do léig sé amach i gcupla focal cad
thug é féin agus a chomráduidhe annsin an oidhche sin.
I dtionntódh na boise stad an fhuagháil, an sníomh,
an chárdáil agus an chniotáil; d'fheuch bean an tighe ar
fhear an tighe agus d'fheuch fear an tighe asteach 'san
teinidh: bhí súile Shorcha ar Phádhra agus bhí súile
Phádhra ar an chat do bhí 'na shuidhe ar an teallach
agus a dhruim leis an teinidh. I gceann tamaill bhig
do chraith Bilí é féin suas, agus d'fheuch sé anonn ar a
mhnaoi go bhfeiceadh sé cad adéarfadh sise, acht ó
thárla nach labharfadh sise do labhair sé féin.
“A Phádhra, a rúin,” arsa seisean, “ní fhuil ionnat
acht fear maith macánta cneasta — ní fhuil níos feárr
ó seo go Poll Tighe Liabáin, cibé fad uainn an áit
sin, agus dar ndóigh, má tá Sorcha í féin sásta tá
mise sásta. Acht b'fhéidir nach dtaitnigheann an
rud bean an toighe acht go measardha.”
Acht dubhairt bean an toighe go raibh sí féin sásta
go leor dá mbéadh a hinghean sásta, agus anois
d'iompuigheadar uile a súile ar Shorcha. Do las sise
suas mar ghníos na cailínidhe óga uile i n-a leithéid
de chás, agus adubhairt sí go nglacfadh sí Pádhra.
Do hiarradh uirthi annsin suidhe ag a thaoibh, agus
thoisigh an dream ba sine ag toghadh lae an phósta
agus ag leagaint amach gnóithe na bainse. Annsin do
hullmhuigheadh séire do'n iomlán, agus nuair do bhí
gach uile rud socruighthe aca d'éirigh Maghnus agus
Pádhra agus d'imthigheadar, gach fear aca chum a bhaile
féin.
Dhá lá 'na dhiaidh seo do pósadh Pádhra Óg
Ua Domhnaill agus Sorcha Ní Channain, agus an oidhche
sin chruinnigh na daoine a fuair cuireadh chum na bainse
go toigh na gCannan. Ba mhór shultmhar an bhainis
í. Do bhídheadar ann anoir agus aniar, fir agus
mná, buachaillidhe agus cailínidhe. Do bhí teine
'san tseomra agus teine eile 'san gcistinigh do
rósfadh torc. Do bhí neart bídh agus dighe ann:
caoirfheoil, iasg, préataidhe, arán coirce, bainne agus
póitín. Ba chliste shúgach na damhsóiridhe (uch! is deas
an rud bheith óg agus croidheamhail,) agus b'fhíor-mhaith
sean-Seumas Ua Mannachain ag na píobaibh. Do bhí an
sagart é féin 'na shuidhe i gcoirnéal amháin agus é ag
sgéalaidheacht ar Pháras na Frainnce agus ar na
neithibh do chonnaic sé ann; agus bhí an máighistir
sgoile 'na shuidhe 'san gcoirnéal eile ag trácht ar na
hiongantasaibh do chonnaic sé féin i nDoire. Do bhí trí
seandaoine ag cóimhlint le 'chéile cia aca do-bhéarfadh
an cunntas do b'fheárr ar an oidhche do shnámh an
Sagart Ua Galchobhair trasna Locha Bearra agus an
dá shaighdiúir 'na dhiaidh. Do bhí cuid de'n dream ba
sine ag cainnt ar an aimsir, do bhí cupla sean-bhan ag
déanamh uchbhaidh ar Boney (.i. Bonaparte) do chuaidh
ar shluagh na marbh tamall roimhe sin; agus dá
mbéadh Domhnall Ua Conaill ag an doras bhéadh a
sháith bróid air mar gheall ar an urraim do bhí d'á
ainm agus chomh minic agus do hóladh a shláinte.
I ndiaidh an mheadhón-oidhche do cuireadh beirt fhear
darbh' ainm Mícheál Ua Muirigh agus Féidhlim Mac
Pháidín go cró na stilleadh leis an bpóitín do fágadh
ann ó'n lá roimhe sin do thabhairt go toigh na bainse
d'eagla go dtiocfadh lucht coimhéadta an Chlocháin Léith
an bealach. Do bhí oidhche bhreágh gheal ann agus nuair
do shroich Mícheál agus Féidhlim an cró do chonnacadar
Pádhra Óg Ua Domhnaill, an fear nuadh-phósta, 'na
sheasamh 'san doras rómpa. Do bhí Mícheál ar tí
labhairt leis acht i bpreabadh súile d'imthigh Pádhra as
amharc.
“Faoi 'n spéir cá ndeachaidh sé?” arsa Mícheál.
“Go bhfóiridh Dia agus Muire orainn uile!” arsa
Féidhlim. “Dar ndóigh d'fhágamar Pádhra Óg 'nár
ndiaidh i dtigh na bainse agus é féin agus Bilí agus
cupla duine eile 'na suidhe ag comhrádh ag teinidh an
tseomra, a's is é a thaise do bhí annsin. Ó! a Dhia na
trócaire, taise an duine bheo!”
“Go sábháilidh an Rí Pádhra Óg agus a bhean Sorcha
agus a mbaineann dóibh!” arsa Mícheál, “acht is mór
m'eagla gur gairid an réim saoghail bhíos roimh dhuine
ar bith a mbíonn a thaise le feiceáil.”
Adubhairt an bheirt Paidir agus Áibh Maria annsin,
agus do chinneadar gan labhairt ar rud ar bith d'á
bhfacadar, óir go mbéidhfidhe ag déanamh ádhbhair
magaidh díobh, agus ag rádh go rabhadar ar meisge.
Asteach chum an chró leo annsin, thugadar an cheig
póitín leo, agus tar ais go toigh na bainse le deirg
dheifir. Do sgab na daoine uile ar maidin eadar
moch-thráth agus éirghe gréine, gach duine ag déanamh
ar a bhaile féin.
Seachtmhain 'na dhiaidh sin thug Pádhra a bhean leis
a bhaile go tigh a mháthar. An tráthnóna ceudna sin
tháinig Maghnus na Bruighne agus ceathrar fear eile
leis asteach go toigh na lánamhan óige. Do bhí fáilte
mhór rómpa, agus do hiarradh ortha suidhe ag an
teinidh; acht adubhairt Maghnus nach raibh faill aca
suidhe nó seasamh.
“A Phádhra,” arsa seisean, “creidim go gcuala
tú gur goideadh dhá bhuin bhainne uaim lá aonaigh na
nGleanntach.”
“Do-chualas sin go deimhin,” arsa Pádhra, “agus
ní háidhbhéil ar bith domh 'rádh go rabhas buaidheartha a
leithéid de mhí-ádh do theacht in do bhealach.”
“Do bhíomar uile buaidheartha,” arsa máthair
Phádhra, “agus tchím féin i gcomhnuidhe nuair a thig
tubaiste ar bith gur ar an duine bhocht chneasta thig
sí.”
“Atáim buidheach díbh,” arsa Maghnus, “ach mar
dubhras goideadh an dá bhuin bhainne uaim lá aonaigh na
nGleanntach. Bhal, do-chualas indiu ar ughdarthás
an-mhaith go bhfuil mo chreach bó ag Seumas Mac Cába
atá 'na chomhnuidhe thuas a nGleann tSaileog. Anois,
tá sé leagtha amach agam féin agus ag na fearaibh
seo dhul suas go Gleann tSaileog anocht, agus an
chreach do thabhairt linn agus badh mhaith liom tusa do
theacht linn. Béidh seisear againn ann annsin, agus
níor mhaith liom dhul ar a leithéid d'aistear ar níos
lugha cuididh.”
“Go deimhin ní thiocfadh liom d'eitiughadh,” arsa
Pádhra, “rachfad leat go cinnte.”
“Ach b'fhéidir go bhfuil contabhairt éigin ar an
bhealach,” arsa máthair Phádhra, “agus is cinnte nach
bhfuil tógáil na creiche saor ó chontabhairt.” Agus
bí Sorcha ag éirghe mío-shuaimhneach mar an gceudna.
“Tá a fhios ag gach uile duine,” arsa sise, “go
bhfuil an dligheadh anuas go mór ar shiubhal oidhche, agus
go bhfuil cead ag na constáblaidhibh duine ar bith a
tchí siad amuigh eadar luighe agus éirghe gréine a
mharbhadh; agus dar ndóigh aeir na bacaigh nach rachfadh
dreoilín thart 'san oidhche i gan 'fhios do lucht
coimhéadta Mhíne Eich Dhuinn.”
“Airiú! ní fhuil contabhairt ar bith ann,” arsa
Maghnus, “rachfamuid soir tré Mhín Eich Dhuinn nuair
bhéas na constáblaidhe 'na gcodladh agus ag briong-
lóideadh; bheurfamuid an chreach linn amach as
an mbóitheach agus Seumas Mac Cába sínte ar a
leabaidh; agus béimid anuas thar Bhárr an Ghaoith sul
a músglaidh duine ins an tír, agus go cinnte ní fhuil
dochar ar bith domhsa iarraidh a thabhairt mo chuid bó
d'hagháil thar ais.”
Ní thiocfadh leis na mnáibh ní ba mhó do rádh anois.
Do chóirigh Pádhra é féin suas, do chuir sé casóg de
bháinín bhán air féin, agus fuair sé a bhata draighin. Do
crathadh an t-uisge coisreactha go dúthrachtach, phóg
Sorcha Pádhra, thoisigh na hurchuileanna ar a gceol
nimhe agus annsin le teacht chlapsholais chuaidh Maghnus
na Bruighne agus a chuid fear do bhualadh an bhóthair.
Do shiubhladar leo le deirg-dheifir gidh go raibh an
oidhche dorcha agus an bealach fada, garbh agus
uaigneach. Anois agus arís do thigeadh madaidhe amach
as na toighthibh do bhí ar thaoibh an róid, chuiridís fáilte
chonfadhach roimh na strainséiridhibh, agus leanadaois
giota de'n bhóthar iad. Acht shiubhladar-san leo,
agus ní thugadar áird ar bith ar thafann na madadh.
Ins an am úd bhí teaghlach uallach ceann-árd de
Chloinn Mhic Shearraigh 'na gcomhnuidhe i Mín Eich Dhuinn.
Do bhí ceathrar dearbhráitheach díobh ann: Feardorcha,
Naos, Conall agus Mícheál, agus bhí a ndeirbhshiúr
óg dhóigheamhail darbh' ainm Sighle Dhonn ag congbháil
tighe dóibh. Gidh go raibh an teaghlach seo Gaedhealach
go smior, bhíodar i seirbhís an Ghobhernment ag congbháil
síos stilleoireacht agus ag cosgadh ceannairce
agus siubhail oidhche. Do thigeadh geocaigh agus
diúgairidhe Ghleanna tSaileog go toigh Chloinne
tSearraigh anois agus arís — an chuid ba sine díobh le
braon de'n phóitín ghabhtha d'fhagháil (óir bhí na con-
stáblaidhe agus a ndeirbhshiúr an-fhial), agus an chuid
a' óige le hamharc d'fhagháil ar Shighle Dhuinn. Do bhí
duine de na geocaighibh seo darbh' ainm Micí Mac
Síthigh ag teacht ar céilidhe go toigh Chloinne tSearraigh
an oidhche áirithe seo nuair do casadh Maghnus na
Bruighne agus a pháirtidhe air leath bealaigh eadar
Mín Eich Dhuinn agus Gleann tSaileog. Do bheannuigh
Micí d'á Mhaghnus agus d'á dhream agus bheannuigh
Maghnus agus a dhream d'á Mhicí. Do sheasuigh Micí
suas agus chuir sé cuma comhráidh air féin.
“A fheara,” arsa seisean, “an bhfuil dochar
fiafruighe díbh cia'n áit ar de sibh?”
“Ní fhuil dochar ar bith,” arsa Maghnus, “acht ní
d'áit ar bith an taobh so de Bhárr an Ghaoith sinn, agus
támuid 'nár strainséiridhibh 'san áit seo gidh go bhfuil
ár ngnótha ann.”
“B'fhéidir gur ag dul chum an bhaisdidh atá thoir i
dtoigh Sheumais Mhic Cába atá sibh,” arsa Micí, “táim-
se i ndiaidh bheith ann agus táim ag dul ar céilidhe go
toigh Chloinne tSearraigh anois.”
Nuair do chuala Maghnus agus a chomráduidhthe seo
do rinneadar amach go mb'fheárr mionna rúin do chur
ar an fhear do casadh ortha gan innsin do na constáb-
laidhibh gur casadh dream ar bith air. Agus do ghlac
Micí an mionna so go fonnmhar, agus d'ainmnigh sé
Dia mar fhiadhnaise. Do sgaradar ó 'chéile annsin.
Do shiubhail Micí leis agus a sháith deifre air go
Mhíne Eich Dhuinn. Do bhí sé leagtha amach aige a rún
do leigean le Cloinn tSearraigh ar mhodh nach mbrisfidhe
a mhionna. Do bhí cor sceachach ag fás ag doras thoighe
na gconstáblaidhe agus nuair do shroich Micí an doras
leig sé béic as do bhain biodhgadh as na cailleachaibh
oidhche agus do sgannruigh na cearca fraoich i n-a
gcuid neadrach: labhair sé go hárd annsin, agus
d'innis sé do'n chor sgeachach go ndeachaidh cúig nó sé
radairidhe as na Rosaibh síos an bóthar go Gleann
tSaileog, agus gan fhios ag duine ar bith cad do bhí
d'á dtabhairt an bealach. Do chuala na constáblaidhe
astigh gach focal d'ar dhubhairt Micí leis an sceachach,
agus do bhí a sáith iongantais ortha. Do tháinig Micí
asteach iar sin, agus do shuidh sé síos ag an teinidh.
Do beannuigheadh dó, agus chuir Feardorcha cupla
ceisteann air i dtaoibh a chainnte amuigh ag an doras.
Acht níor dhubhairt Micí aon fhocal amháin; chraith sé
a cheann, agus d'fheuch sé ar an urlár. Annsin
chaith Feardorcha agus a chuid dearbhráithreach tamall
ag comhrádh. Ach ba hé an deireadh do bhí ar an
gcomhrádh go bhfuair an ceathrar a gcuid gunnaidhe
agus amach leo. Tamall beag 'na dhiaidh sin fuair
Sighle Dhonn trí gugáin, agus do chuaidh sí amach chum
an bhóithighe do bhlighe na mbó; acht mo chreach agus mo
chrádh! ní raibh dadaidh ag na buaibh acht fuil — fuil
dhearg reamhar! Do leig Sighle aon gháir amháin
caointe aisti, agus asteach chum an tighe léithi!
Iomthúsa Mhaghnuis na Bruighne agus a chuid comh-
ráduidhthe, iar sgaramhain le Micí Mac Síthigh dóibh do
bhíodar eadar dhá chomhairle filleadh a bhaile tar ais nó
dhul giota eile. Ach do bhí rud éigin nach bhfuil ainm
ar bith dó 'ghá dtarraing soir go Gleann tSaileog;
agus soir leo le dearg-luas, agus ní dheárnadar
moill ar bith go rabhadar 'na seasamh ar shráid thoighe
Sheumais Mhic Chába. Do bhí an doras druidte, acht
b'fhurus déanamh amach go raibh an teach lán de dhaoinibh
— cuid 'san gcistinigh agus cuid 'san tseomra. Do
bhí fear éigin ag gabháil cheoil agus ar dteacht chum
na sráide do Mhaghnus agus dá dhream do bhí an
ceolruidhe ar cheathramhain deireannaigh an tsean-
amhráin bhinn sin do bhí an-choitcheannta 'san gconntae
seo tuilleadh agus ceithre fichid bliadhain ó shoin:
“Is doiligh liom trácht ar aicíd an ghráidh —
Is leannán domh é nach sgaoileann;
A's ní fhuil aon duine 'san áit do chluinfeadh mo chás
Nach gcuirfeadh 'gosárd mo chaoineadh:
Is doiligh dómh an pháirt sin adhradh go bráth
Le hainnir na seád nár síolruigheadh,
Acht dá dtógfá do lámh agus mo thabhairt ó'n bhás,
Do mhalairt go bráth a's níor mhian liom.’
D'éirigh an tuile chainnte anois ag moladh an té do
bhí ag gabháil cheoil.
“Ara! a Mhuire! a Thaidhg, munab agat atá an
sean-amhrán maith agus an guth binn?” arsa duine
amháin.
“Rama! dá mbéadh do mháthair ag éisteacht leat
bhéadh bród uirthi asat,” arsa duine eile.
“Tabhair dhamh do lámh, a Thaidhg,” ars' an tríomhadh
duine, “agus tusa, a fhir an toighe, tabhair anall an
buidéal sin go n-ólamuid sláinte Thaidhg Uí Rabhartaigh
agus Dhomhnaill Uí Chonaill (go saoghluighidh Dia iad!)
agus Boney (go ndéanaidh Dia grásta air!).”
Do thoisigh Maghnus na Bruighne ag cogarnaigh le
n-a chuid comráduidhe amuigh ar an tsráid.
“Chuala sibh an fear do casadh orainn ag rádh go
bhfuil baisdeadh ann,” arsa seisean, “agus is dóigh
go bhfuil muinntear an ghleanna uile cruinnighthe ann,
agus an mhór-chuid aca ar na stealltrachaibh meisge,
agus dá mothóchaidís troipleasg ar bith 'san bhóitheach
do thiocfaidís uile amach, agus ní fhúigfidhe greim dínn
le 'chéile. Uime sin, is feárr dúinn an bóthar do
bhualadh agus teicheadh a bhaile nuair atá an bealach
réidhtighthe. Acht tógfar an chreach go fóill: is iomdha
oidhche fhada dhorcha ins na seacht mbliadhna, agus ní thig
le Seumas Mac Cába baisdeadh do bheith aige gach
uile oidhche.
Do thángadar anoir ag déanamh ar an bhaile chomh
gasta agus tháinig leo. Acht bhí Clann tSearraigh
ag feitheamh leo ag droichead Mhíne Eich Dhuinn. Do
léigeadh do na Rosannachaibh theacht anoir thar an
droichead, agus annsin thóg na constáblaidhe a
gcuid gunnaidhe agus sgaoileadar leo. Do thuit
Pádhra Óg Ua Domhnaill — an t-aon duine amháin de'n
dream ar a raibh báinín bán — marbh ar an bhall, agus
rith a chuid comráduidhthe meud do bhí i n-a gcorpaibh,
agus iad ag sgairtigh ar Dhia agus ar Mhuire agus ag
ceasnaighil rómpa.
Lá ar n-a bhárach do tháinig comhursana agus daoine
muinnteardha Phádhra Óig aníos ar lorg a chuirp; agus
ar an uair cheudna do tháinig na saighdiúiridhe
dearga aníos as Leitir Ceanainn do chrochadh agus do
dhícheannadh cuirp Croppy do réir “reachta an Tríomhadh
Sheoirse atá le grásta Dé 'na Rígh ar an mBreatain
Mhóir agus ar Éirinn.” Do bhí an obair ar tí a
déanta nuair do chaith Sighle Dhonn Nic Shearraigh í
féin ar a dá ghlúin gheala thárnochta ag cosaibh oifigigh
na saighdiúiridhe, agus ghuidh sí é corp an Chroppy
leigean le n-a mhuinntir féin. Agus thug an t-oifigeach
a hathchuinghe dí, agus fuair an dream thíos cead
corp Phádhra Óig do bhreith leo.
Ní bhéidhead ag baint deor as mo shúilibh féin nó
as súilibh an léightheora ag trácht ar fhaire agus ar
thórramh Phádhra Óig Uí Dhomhnaill, ar chaoineadh a mhná
nuadh-phósta, ar uchbhadh a mháthar, nó ar bhuaidhreadh
dheágh-dhaoine Chnuic an tSlánluis. B'fhéidir go
dtráchtfainn ar na neithibh seo am éigin eile, nó
b'fhéidir go bhfanfainn go dtógfaidhe an chreach. Má
fhanaim, a léightheoir, béidh fanacht fhada againn araon.
Níor tógadh creach Mhaghnuis go fóill, agus ó thárla
nár tógadh, béidh sí mar sin go lá Thaidhg na dTadhgann.
An Bhean agus an Rún.
Ins an tsean-am bhí iasgaire bocht d'ar bh'ainm
Séamas Ua Frighill 'na chomhnuidhe i ngar do'n fhairrge
mhóir ins na Rosaibh i gCondae Dhúin na nGall. Do bh
sé an-bhocht mar bhíos na hiasgairidhe uile, gidh nach
raibh de mhuirighin aige acht aon mhac amháin, Páidín. Is
minic adeireadh sé le n-a mhnaoi nuair bhíodh an bheirt
'na suidhe cois na teineadh ins an oidhche:
“A Mháire, a rúin, dá dtiocfadh liom beagán airgid
do chruinniughadh suas ar dhóigh éigin stadfainn féin
d'iasgaireacht.”
“Bí 'do thost, a dhuine,” déarfadh Máire, “caith-
fimid bheith gnóthach ar feadh an ama bhéas sinn ar
an tsaoghal, agus ní'l slighe bheathadh ar bith eile ins
na Rosaibh.”
Aon oidhche amháin i nDeireadh Foghmhair nuair do bhí
Séamas a's a bhean a's a mhac 'na suidhe ag an teinidh
ag cainnt mar seo, cia phreab isteach acht bean siubhail.
“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a bhean chóir,” ar
Séamas.
“Go mbeannuighidh Dia is Muire dhuit féin, agus go
gcuiridh Sé gach uile rath agus beannacht ar gach uile
dhuine atá romham ins an toigh so,” ar an bhean siubhail.
“Amén, agus gurab é dhuit, a bhean chóir,” ar
Séamas.
“An bhfuighead lóistín annso go maidin?” ar an
bhean siubhail.
“Gheobhair agus fáilte,” ar Séamas, “níor chuireas
bean siubhail no fear siubhail amach as mo thoigh riamh.”
“Maith thú!” ar an bhean siubhail, “ní ins na
Rosaibh gheobhas deagh-chlú a's féile na hÉireann an
cheud bhuille.”
Leis an sgeul do dhéanamh gearr chodail an bhean
siubhail i dtoigh Shéamais Uí Fhrighill an oidhche úd, agus
fuair sí neart de'n chineál bídh agus dighe do bhí le
fagháil.
Ar maidin lá ar n-a bhárach nuair do bhí sí ag
imtheacht labhair sí le Séamas agus le n-a mhnaoi,
agus is eadh adubhairt sí:
“A Shéamais, nuair do bhidheas ar leic an dorais
ag teacht isteach chum do thighe-se aréir, chualas tú
ag cainnt fá'n díoghbháil airgid atá ort agus an áird
atá agat air, agus an mhaith do dhéanfadh sé dhuit dá
mbéadh agat. Anois, do thugais lóistín dhomh-sa
aréir, acht táim-se ábalta 'rádh indiu go dtig liom
díolaidheacht a thabhairt dhuit, agus is maith do cheart
díolaidheacht a fhagháil. Oidhche Shamhna so chugainn
fágh seamróg na gceithre nduille agus bíodh sí fá do
cheann agat nuair rachfas tú a chodladh. I lár na
hoidhche béidh brionglóid agat, agus má tá ór nó stór
i bhfolach in áit ar bith fá'n talmhain ins na Rosaibh,
do-chífir ins an mbrionglóid cia'n áit í.”
“An bhfuilir cinnte go bhfuil ciste i bhfolach fá'n
talmhain ins an tír so?” ar Séamas.
“Measaim go bhfuil,” ar an bhean siubhail, “nó
bhí taoiseach Lochlannach ann fad ó; bhí seacht bpotaidhe
lán d'ór aige, agus nuair do bhí sé ag eitealladh ó
na hÉireannachaibh, chuir sé fá'n talmhain in áit éigin
ins na Rosaibh iad, de bhrígh nár mhaith leis a chuid óir
do bheith ag a náimhdibh. Ach, a Shéamais, ná bain do'n
ór agus ná gabh i ngar do'n áit in a bhfuil sé go dtí
Oidhche Nodlag má's mian leat ádh agus rath do bheith
ort féin agus ar d'obair. Agus rud eile, eadar an
dá am, sin mar adéarfá, eadar Oidhche Shamhna agus
Oidhche Nodlag congbhuighidh an gnó seo agaibh féin,
agus ná tráchtadh duine agaibh le duine beo air, ar
eagla go rachfadh an sgeula trés an tír, agus dá
mbéadh sin amhlaidh do b'fhearr dhíbh féin ar bhur son
féin bheith 'nbhur dtost. Caithfidh mé bheith ag imtheacht
anois.”
“Támuid an-bhuidheach díot,” ar Séamas.
“Sul má n-imthighir,” ar Máire, “innis dúinn cia
thú féin agus cia'n áit ar de thú?”
“Ban-fhlaith de Shluagh Sídhe an Dúin mé,” ar an
bhean siubhail, “agus táim ag triall trés an tír mar
seo fá chruth mná siubhail ag déanamh deagh-ruid do'n
té nach dtuilleann droch-rud. Is mithid domh bheith ag
imtheacht anois. Slán agus beannacht libh!”
“Go soirbhighidh Dia agus Muire dhuit,” ar Séamas.
Nuair do bhí an bhean siubhail imthighthe, is eadh
adubhairt Séamas Ua Frighill le n-a mhnaoi agus
lúthgháir ar a ghuth, “ní fada go rabhmuid saidhbhir, a
Mháire.”
“Is fada liom an t-am go dtigidh Oidhche Shamhna,”
ar Máire, “is nuair thiocfas Oidhche Shamhna is fada
liom an t-am ar ais go dtigidh Oidhche Nodlag.”
“Bíodh foighid againn araon,” ar Séamas, “níl
acht seachtmhain go hOidhche Shamhna, agus is beag le
seacht seachtmhainidhibh ó Oidhche Shamhna go hOidhche
Nodlag. Ar an ádhbhar sin ní bhéidh fanamhain mhór
againn ó thús go deireadh.”
An tráthnóna roimh Oidhche Shamhna bhí Séamus amuigh
ag siubhal trés na gortaibh ag cuartughadh seamróige
na gceithre nduille. Ar feadh tamaill fhada níorbh'
fhéidir dhó ceann ar bith d'fhagháil acht fá dheireadh do
sheol an t-ádh go dtí carraig mhór é. Ar mhullach na
cairrge sin do bhí an tseamróg ag fás go húr glas
agus gan freumh nó cré fúithi. Do thug Séamus a
bhaile leis í agus nuair do bhí sé ag dul a chodladh
chuir sé fá n-a cheann í.
Go moch ar maidin lá ar n-a bhárach do dhúisigh Máire
Séamus a's d'fhiafruigh sí dhe, “a Shéamais, an raibh
brionglóid ar bith agat aréir?”
“Go deimhin, bhí brionglóid mhaith agam,” ar
Séamus, “a's tá a fhios agam indiu cá bhfuil na seacht
bpotaidhe óir i bhfolach.”
“A Rí na Glóire!” ar Máire go lúthgháireach, “cá
bhfuilid, a Shéamuis?”
“Tá na seacht bpotaidhe óir,” ar Séamus go
bródamhail, “curtha slat fá'n talmhain, díreach faoi'n
gcrann cuill atá ag fás le taoibh an ghrianáin sin
atá ar bhárr mo chnuic féin. Do bhí an Lochlannach do
chuir ann iad 'na dhraoi mhór, agus ar bheul gach pota
aca do chuir sé croiceann caorach, agus ar gach
croiceann aca atá pioctúir na gealaighe a's í ins an
gceud cheathramhain agus níorbh' fhéidir, ar an ádhbhar
sin, an t-ór d'fhagháil go sásta, am ar bith trés an
mbliadhain acht Oidhche Nodlag ar uair an mheadhon-
oidhche. Anois, a Mháire, nach mbéimid saidhbhir gan
mhoill?”
“Béimid,” ar Máire agus do thug sí féin agus a
fear buidheachas mór do Dhia agus do Naomh Colmchille.
Cibé duine adubhairt an cheud uair, “ní thig le
mnaoi rún do chongbháil,” duine fíor-bhriathrach eolgach
do bhí ann go cinnte, de bhrígh go raibh an seanfhocal
úd fíor riamh, agus tá sé fíor indiu, agus béidh sé
fíor, atá eagla orm, go deireadh an tsaoghail.
Cosamhail leis na mnáibh uile, do bhí Máire, bean
Shéamuis Uí Fhrighill, 'na mnaoi do bhíodh i gcomhnuidhe
ag cainnt agus ag clabaireacht. Aon lá amháin
seachtmhain roimh Oidhche Nodlag do bhí sí féin is bean
na comhursanachta 'na suidhe ar theallach na teineadh ag
cainnt le n-a chéile agus gan duine ar bith eile i
láthair. Do bhíodar ag déanamh malairt sgeulta
agus nuaidheacht, ag tabhairt agus ag fagháil ó n-a
céile mar dhá cheannuidhe. Acht ins an deireadh, gan
bheith buailte, léig Máire iorball an sgéil do b'fhearr
do bhí aici féin, mar rún, leis an mnaoi eile. Agus
nuair do léig sí an t-iorball amach b'éigin dhí
tuilleadh do leigean uaithi, agus nuair d'imthigh bean
na comhursanacht' bhí rún Mhaire Ní Fhrighill go
hiomlán léithi. Annsin d'innis an bhean úd mar rún
do mhnaoi eile é, agus d'innis sí annsin mar rún do
mhnaoi eile é, agus fuair bean eile annsin é. Do
chuaidh sé ó mhnaoi go mnaoi agus ó bheul go beul,
agus roimh dhá lá bhí sé 'na sgeul reatha trés an
mbaile, agus dálta na sgeulta reatha uile níor chaill
sé dadaidh acht cuireadh mórán leis.
Nuair do bhí comhursana Shéamuis Uí Fhrighill ag
cogarnaigh eatorra féin, agus nuair do thúsuigh an
t-éad agus an tnúth ag éirghe i n-a gcroidhthibh tháinig
rud do chreathnuigh iad. Oidhche roimh Oidhche
Nodlag do thúsuigh an bhean sídhe ag caoineadh ar
chladach na fairrge. Do mhair an caoineadh uathbhásach
sin ar feadh na hoidhche. Anois shaoilfeadh na daoine
gur ar chladach na fairrge do bhí an caoineadh, annsin
arís shaoilfeadh siad gur thuas ar na cnocaibh do bhí
sé. Adubhairt an sean-Sagart Ua Domhnaill nach
raibh ann acht an ghaoth ag séideadh trés na crannaibh.
Adubhairt an sean-bhráthair Mac an Bháird mar an
gcéadna. Acht adubhairt na tuataidhe uile go rachfadh
duine éigin agus sloinneadh fíor-uasal air faoi na
fódaibh roimh mhórán laetheadh. Sloinnte móra uaisle
go huile do bhí ins na Rosaibh agus dá bhrígh sin bhí
eagla mhór ar gach duine. Is beag nach ndeárnadar
uile dearmad d'Oidhche Nodlag agus d'ór Shéamuis
Uí Fhrighill acht Séamus é féin. Do chuimhnigh Séamus
ar an ór agus b'éigin dhó annsin cuimhniughadh ar an
oidhche do bhí le n-a fhagháil. Agus rinn sé sin.
“Is dóigh nach mbéidh mórán daoineadh ar a gcois
anocht,” ar Máire le Séamus agus í ag ullmhughadh an
tséire Oidhche Nodlag.
“Measaim, a Mháire,” ar Séamus, “nach mbéidh
daoine saoghalta ar bith ar a gcois anocht 'san mheadhon-
oidhche, acht mé féin agus Páidín, agus an caoineadh
do bhí ann aréir.”
“Caithfidh mé deifir do dhéanamh leis an tsuipeur,”
ar Máire. “Nuair bhéas tú féin agus Páidín
ulmhuighthe, ní bhéidh sé i bhfad ó'n mheadhon-oidhche.
Agus rinn Máire deifir mhór le gach nidh, agus
nuair do bhí an séire ithte aca, thug Séamus
piocóid do Pháidín agus thug sé dhá ráin leis féin
ceann i ngach láimh, agus a n-aghaidh leis an gcnoc.
D'fheuch Máire 'na ndiaidh go lúthgháireach, agus
adubhairt sí leo deifir do dhéanamh, acht rinn sí
dearmad beannacht Dé do chur leo.
Do bhí oidhche bhreágh gheal ghlórmhar ann. Ní raibh
gruaim nó fuaim ar thalmhain nó fairrge.
“Ní raibh deor ar dhúil nó fód
Ná ar mhuir nó aer aon sgáil.”
Do bhí an ghealach agus na milliúin de reultaibh ag
lonnradh anuas ar shaoghal shíothchánta. Do bhí an oidhche
úd mar do badh chóir d'Oidhche Nodlag do bheith, acht
nach raibh sneachta ar an talmhain. Do bhí sí 'na
Nodlaig ghlais agus creidim nach raibh Críostaidhe ar
bith trés an tsaoghal nár mhaith leis í do bheith bán acht
amháin Séamus Ua Frighill, agus bhí a fhios aige féin
cad fáth.
Dá mbíodh duine ar bith ag amharc ar Sheumas agus
Páidín ag siubhal suas an cnoc an oidhche úd,
d'fhéadfadh sé fiach dubh d'fheuchain agus é d'á leana-
mhain. Ní fhacadar féin é, nó má chonnaic níor chuir-
eadar suim ar bith ann. Do shiubhladar leo go dian go
dtángadar go dtí an grianán. Do tharraingeadar
an crann cuill amach as an talmhain, agus annsin
thúsuigh siad ag tochailt, agus fá dheireadh do thángadar
go dtí leac fhada leathan thanaidh. Do chuir an bheirt
a lámha fá'n leic, agus do thógadar amach í. Fá'n leic
bhí seacht gcroiceann caorach, agus fá na seacht
gcroiceannaibh fuaireadar na seacht bpotaidhe óir.
Ba mhór lúthgháir Sheumais agus é ag feuchain ar an
ór mbreágh mbuidhe le solus na gealaighe! Ba mhór
lúthgháir Pháidín agus é ag tógáil an dá phota dhéidheanach
amach as an bpoll!
“Anois, a Pháidín chroidhe,” ar Seumas, “tá an
t-ór againn fa dheireadh.”
“Labhair go híseal, a athair,” ar Páidín. “Do
shaoileas anois go bhfacas ceann duine ag éirghe ó
chúil na túrtóige sin thall.”
“Tá rud éigin ar do shúilibh,” ar Seumas; “tá a
fhios agat nach bhfuil duine saoghalta ar a chois an
taca so d'oidhche, agus má's rud neamhshaoghalta atá
ar a chois níl dochar leis.”
“A athair,” ar Páidín, “do rinneamar dearmad
málaidhe do bheith linn leis an ór d'iomchar abhaile.”
“A Rí na Glóire,” ar Séamus, “rinneamar
dearmad mór, acht níl neart air. Fanfad-sa annso
agus gabh a bhaile leat go luath agus tabhair leat dá
mhála. Abair le do mháthair go bhfuil neart óir os
cionn talmhan annso. Deun deifir.”
D'imthigh Páidín síos an cnoc, agus níorbh' fhada go
raibh sé 'san mbaile. Do bhí lúthgháir mhór ar a mháthair
roimhe nuair do tháinig sé asteach agus é ag gáiridhe,
ach do bhí dhá oiread lúthgháire uirthi roimhe nuair do
chuala sí an sgeula maith do bhí leis. Fuair sé an dá
mhála agus thug sé a aghaidh ar an gcnoc arís. Níor
chaith sé mórán ama ar an mbealach, acht munar chaith
féin, bhí athrughadh mór roimhe ar a theacht ar ais.
Nuair do tháinig sé go bun an ghrianáin ní thiocfadh leis
a athair d'fhagháil. D'fheuch sé timcheall an ghrianáin
annsin, a's chonnaic sé go raibh na potaidhe óir uile
imthighthe mar an gceudna. “A Dhia dhílis!” ar
seisean leis féin, “tá an droch-rud ar a chois anocht.”
D'fheuch sé timcheall na háite arís, acht ní fhaca sé a
athair agus ní bhfuair sé an t-ór. Annsin do thóg sé
a ghlór, a's ghoir sé amach: “A athair, tá na málaidhe
annso, agus tá mé féin annso.”
Ní bhfuair sé freagra ar bith, acht do chuir an fiach
dubh do bhí 'na shuidhe anois ar mhullach an ghrianáin gíog
as, agus d'imthigh trés an aer. Do sgairt Páidín
amach arís: “A athair, cá bhfuil tú nó cá ndeachaidh
tú?” Ní tháinig freagra ar bith, acht cogar na
gaoithe ag séideadh trés an raideoig, agus guth tuinne
bige ag bualadh ar an tráigh chairrgigh. Le súil deoraigh,
d'fheuch Páidín fá dheireadh asteach ins an bpoll i n-a
raibh an t-ór, is do chonnaic sé duine 'na luighe ann.
Do tharraing Páidín amach é agus chonnaic sé
annsin le solas na gealaighe gurbh' é a athair do bhí
ann; acht, faraor! do bhí sé chom marbh le cloich. Do
bhí a chloigeann briste asteach, agus a chuid fola uile
ar a aghaidh agus ar a chuid eudaigh. Ar an gcnoc
uaigneach annsin d'éirigh an caoineadh do ba bhrónaighe
do chuala duine beo riamh — caoineadh an bheo os cionn
an mhairbh — caoineadh mic ghrádhmhair os cionn cuirp a
athar.
Nuair do thuirsigh Páidín é féin ag caoineadh ar an
gcnoc do tháinig sé a bhaile agus d'innis sé an sgeul
brónach d'á mháthair. Annsin do shuidh an bheirt cois
na teineadh ag sileadh deor ar deor agus ag bualadh
a n-ucht go dtáinig an lá. Nach dall na daoine iad
síol Ádhmha! agus nach beag a bhfios ar an am bhíos
rómpa! Do chonnaic Máire Ní Fhrighill agus a mac
Nodlaig lúthgháireach sámh rómpa, acht do rinneadh
brón de'n tsáimhe agus dólás d'á lúthgháir.
Nuair do chuaidh sgeul báis Shéamuis trés an mbaile,
do chruinnigh na comhursana asteach le sólás do
thabhairt d'á mhnaoi, agus leis an té do bhí marbh do
thórramh agus d'adhlacadh. Is iomdha dath cuireadh ar
chaoi a bháis ag an bhfaire.
Adeurfadh duine amháin, “do thuit sé asteach ins
an bpoll agus briseadh a chloigeann,” agus adeurfadh
duine eile, “d'innis ainspiorad éigin dó go raibh
ór i bhfolach annsúd agus nuair do tháinig seisean d'á
chuartughadh do mharbh an t-ainspiorad é;” acht
adubhairt siad uile: “Do bhí sé i ndán do dhuine éigin
de shíol uasal bás d'fhagháil nuair do bhí an bhean sídhe
ag caoineadh athrughadh aréir. Beannacht Dé agus
guidhe Chuilm Cille le hanam Shéamuis Uí Fhrighill.”
Nuair do bhíodar ag adhlacadh an chuirp i sean-
roilig Leitir' Mhic an Bháird, thóg na daoine an sean-
chaoineadh Gaedhealach, agus annsin thug siad a n-aghaidh
ar an mbaile.
Do bhí Máire Ní Fhrighill agus a mac uaigneach anois,
agus is iomdha duine adeurfadh nach raibh neart ag
Máire ar an mí-ádh agus an donas do tháinig ar a
toigh, acht do bhí neart aici féin air, agus do bhí a fhios
aici féin go raibh, agus is iomdha am adubhairt sí le
n-a mac eadar deoraibh agus osnaidhibh, “Faraor! a
Pháidín! muna mbéadh gur innis mé fá'n ór do bhí
fá'n talmhain, ní bhéadh Seumas d'athair (Dia le n-a
anam) fá na fódaibh indiú! Faraor geur! Is cuimh-
neach liom anois gur dhubhairt an bhean siubhail linn,
da mbadh mhian linn ádh agus rath do bheith ar an obair
agus ar an ór, gan trácht air le duine ar bith go dtí
go bhfuighmís é. Ach mo leun geur! Léigeas an
sgeul agus an rún amach le mnaoi eile, agus fágann
sin d'athair bocht 'san gcré indiú, agus fágann sé mé
féin eadar bheith beo agus a bheith marbh.”
Ní luaithe théid duine as amharc ná théid sé as
cuimhne. Meud de dhaoinibh móra do bhí ar an tsaoghal
so riamh do rinneadh dearmad dhíobh nuair fuaradar
bás, agus do bhí sé mar an gceudna ag Seumas
Ua Frighill. Do chuimhnigh a bhean agus a mhac air i n-a
n-urnuighthibh go deireadh a mbeathadh, acht amháin sin,
níor smuain siad acht go hannamh air d'éis an gheimhridh
sin.
Nuair thig an t-earrach agus an samhradh tig athrughadh
leo. Cuireann áilne an earraigh an ruaig ar an
bhrón bhidheas ins an gcroidhe, agus tiormuigheann
teas an tsamhraidh na deora bhíos ar an aghaidh.
Do bhíodh Páidín Ua Frighill ag iasgaireacht i mbád
a athar, agus a mháthair ag déanamh neithe beaga fá'n
toigh. Mar so do chaith an bheirt an samhradh, an
fóghmhar, agus tús an gheimhridh. Do bhí Oidhche Nodlag
eile ag teacht anois arís. Do bhí sé bliadhain anois ó
d'eug Seumas acht rinneadh dearmad de féin agus
d'á chuid óir agus de chaoineadh na mná sídhe.
Nuair do bhí sé ag éirghe an-mhall ar an oidhche
mbeannuighthe so chuaidh Páidín Ua Frighill síos go
cladach na fairrge le cuid de na hiasgaibh d'fhág sé
ann a bhád ó'n oidhche roimhe do thabhairt a bhaile le
haghaidh an cheudlongaidh ar maidin Lá Nodlag.
Do bhí oidhche bhreagh gheal ghlórmhar ann. Ní raibh
gruaim nó fuaim ar thalmhain nó fairrge.
“Ní raibh deor ar dhúil nó fód
Ná ar mhuir nó aer aon sgáil.”
Do bhí an ghealach agus na milliúin de reultaibh ag
lonnradh anuas ar shaoghal shíothchána. Do bhí an oidhche
úd mar do badh chóir d'Oidhche Nodlag do bheith acht
nach raibh sneachta ar an talmhain.
Do chaith Páidín tamall beag ag siubhal ar an tráigh.
Do chuaidh sé go mullach cairrge, agus d'fheuch sé amach
ar an aigéin, agus do shaoil sé go bhfaca sé rud éigin
leath-mhíle nó mar sin amach ar an uisge. D'fheuch sé
arís, do bhí an rud ag teacht níos goire, agus do bhí
a fhios aige anois gur curach do bhí ann agus é ag
déanamh ar an tír móir go luath.
“Dar m'anam!” ar seisean leis féin, “tá an
curach mar do bhéadh sé ag teacht as Árainn Mhóir
nó b'fhéidir as Inis Fraoich no Toraigh. Cia bhéadh
ar an mhuir chomh mall so? Cibé iad féin chífidh mise
iad-san sul a bhfeicidh siad-san mise. Rachfad i
bhfolach.” Do rinn sé mar adubhairt. Astigh eadar
dhá charraig do shuidh sé. Fá dheireadh tháinig an curach
go tráigh. Ní raibh ann acht beirt fhear, agus léimeadar
amach as. Do thugadar asteach ar an gcladach dhá
chomhrain mhóra do bhí leo agus d'fhágadar slat nó dhá
shlait ó'n áit i n-a raibh Páidín i bhfolach iad. Do shuidh
an bheirt annsin ar mhullach an dá chomhrain. Do bhí a
gcainnt árd agus do bhí cuma ortha go raibh braon
beag biotáilte ólta aca. Do bhí an oidhche ciuin, agus
ar an ádhbhar sin b'fhurus dó Pháidín a gcomhrádh do
chloistin.
“Bliadhain 's an oidhche so,” ar fear aca, “fuair
Seumas Ua Frighill an t-ór faoi'n talmhain ag an
tseanghrianán, bliadhain 's an oidhche so do mharbh
sinne é, agus bliadhain 's an oidhche so do rinneadh
saidhbhir sinn.”
“Tá an t-am agam bheith ag imtheacht,” ar an fear
eile, “is fada ó so go Leitir Mhic an Bháird, agus
caithfimid dul ar ais go hÁrainn Mhóir 'san oidhche i
mbárach. Tig linn an t-ór do chur i bhfolach 'san uaimh
uaignigh úd thíos, agus gan pioc de thabhairt linn acht
mar bhéas sé a dhíth orainn.”
“Caithfimid deifir do dhéanamh,” ar an ceud fhear,
“má's mian linn teach éigin do sgrios i Leitir Mhic
an Bháird roimh éirghe gréine.”
Thug an bheirt fhear an dá chomhrain leo anois agus
d'fhágadar i bhfolach ins an uaimh iad, agus chuireadar
cloch mhór i mbeul na huaimhe. D'imthigh an bheirt
annsin go luath ag déanamh ar Leitir Mhic an Bháird.
Nuair do bhídheadar as amharc tháinig Páidín amach
ó'n áit i n-a raibh sé i bhfolach.
“Á!” ar seisean leis féin, “tá fhios agam an
t-iomlán anois.”
Do chuaidh sé go dtí an uaimh annsin, thóg sé an
chloch mhór agus chuaidh asteach. Do bhí an dá chomhrain
astigh, acht níorbh' fhéidir iad d'fhosgailt, óir bhí glais
orra. Do tháinig sé amach annsin, do chuir sé an
chloch mhór i n-a h-áit, do thug sé cuid de na hiasgaibh
leis, agus do tháinig a bhaile. Níor labhair sé aon
fhocal amháin le n-a mháthair fá'n rud do chuala sé nó
fá'n rud do chonnaic sé. Bhí codladh síothchánta agus
aisling aoibhneach ag Páidín an oidhche úd — rud nach
raibh aige le bliadhain a roimhe. Nuair a d'éirigh sé lá
ar n-a bhárach ar seisean leis féin, “Goidé dhéanfas
mé anois? Má théidhim i lár an lae ghil le casúr leis
na comhrannaibh do bhriseadh agus le mála leis an ór
do thabhairt a bhaile do-chídhfidh na daoine mé, agus má
théidhim 'san oidhche anocht tiocfaidh na gaduidhthe orm.”
Do chaith sé tamall fada ag smuaineadh. “Á!” ar
seisean fá dheireadh, “tá 'fhios agam anois cad
dhéanfas mé.”
Nuair d'éirigh sé mall an oidhche sin thug Páidín
mála agus casúr leis, agus thug a aghaidh ar an tráigh.
Do thóg sé an chloch as beul na huaimhe agus chuaidh sé
asteach. Do bhris sé leis an chasúr an dá ghlas. I
mbeul comhran amháin aca fuair sé na seacht gcroicne
caorach. Do chuir sé na croicne ins an mhála, a's
annsin líon sé an mála le hór. Do shuidh sé ar cheann
de na comhrannaibh annsin. “Á!” arsa seisean leis
féin, “bliadhain a's an oidhche aréir marbhuigheadh
m'athair le gaduidhthibh; bliadhain 's an oidhche 'réir
tugadh a chuid óir uaidh le gaduidhthibh; acht buidheachas
do Dhia tán t-ór agam-sa anocht!”
Fá dheireadh chualaidh Páidín fuaim éigin amuigh,
agus ní luaithe chualaidh 'ná tógadh an chloch mhór do
chuir sé féin i mbeul na h-uaimhe nuair do tháinig sé
asteach, a's tháinig an bheirt fhear cheudna do chonnaic
sé an oidhche roimhe, asteach; acht ní fhacadar fad a
lámh uatha, óir bhí an uaimh chomh dorcha le poll mónadh.
Léig Páidín osna neamh-shaoghalta as anois, agus léim
an bheirt fhear ar gcúl go beul na h-uaimhe le heagla.
Annsin chuir Páidín béic bhrónach as, agus d'imthigh an
bheirt fhear amach as an uaimh. Do sheas siad amuigh ag
cainnt tamall. Fá dheireadh do tháinig fear aca ar
ais go beul na huaimhe agus do labhair sé mar so agus
eagla ar a ghuth: “I n-ainm Dé do chruthuigh na diabhail
chomh maith leis na hainglibh, ifreann chomh maith leis na
flaitheasaibh, innis domh cia thú féin agus cad tá uait?”
Do chuir Páidín béic as do mhúsglóchadh na mairbh
atá 'na luighe i sean-roilig Leitre Mhic an Bháird agus
do ghoir sé amach: “Is mise spiorad an fhir bhoicht do
mharbh sibh anuraidh!”
Ní túisce do bhí na focla as a bheul 'ná d'imthigh
an fear ag béicfigh, “Taidhbhse! taidhbhse! taidhbhse!”
Do rith an bheirt fhear go luath agus Páidín 'na
ndiaidh. Do thuit fear aca ar na carraigeachaibh
cruaidhe, agus briseadh a mhuineál agus fuair sé bás
ar an mball. D'imthigh an fear eile mar an ngaoith
agus ní fhaca duine ar bith ins ná Rosaibh ní ba mhó é.
Nuair do chaith Páidín corp an fhir, a fuair a chloigeann
briste, isteach 'san bhfairrge, thug sé ualach beag
óir a bhaile leis. Annsin do thug sé dhá ualach eile.
Do bhí trí hualaighe go léir ann. Do bhí a mháthair 'na
codladh ins an am so. Nuair d'éirigh sí ar maidin lá
ar n-a bhárach, do bhí iongantas mór uirthi nuair
d'fheuch sí ar an gcarn mbreagh óir a's do bhí tuilleadh
iongantais uirthi nuair do chuala sí sgeul Pháidín ó
tús go deireadh.
“Nach iongantach,” ar sise fá dheireadh, nuair do
thug sí buidheachas do Dhia, “nár innis tú domh nuair
do tháinig tú a bhaile Oidhche Nodlag meud do chuala
tú agus meud do chonnaic tú, agus annsin do
chuideochainn leat leis an ór do thabhairt a bhaile aréir?”
“Dá n-innseochainn,” ar Páidín, “bhéadh an sgeul
thríd an tír roimh luighe gréine aréir, agus b'fhéidir
go mbéadh daoine eile ag an ór romham, óir ní thig
le mnaoi rún do chongbháil!”
Do chaith Páidín Ua Frighill beatha fhada aoibhneach
anois, agus b'fhurus dó, óir bhí sonas, síothcháin,
sláinte, agus saidhbhreas aige, gidh gurab annamh
bhíos na ceithre neithe so ag aon duine amháin.
Maghnus Mac Cormaic agus
Cormac Mac Maghnuis.
Caib. I.
Na Síodhuidhthe a's na Naoidheanáin.
Ní fhuil sé i bhfad ó shoin — ní fhuil sé acht céad go
leith bliadhain ó shoin, nó fá'n tuairim sin — ó bhí an
Dall Mac Ciaragáin 'na chomhnuidhe i mBaile Chiaragáin,
i nGleann Fhinne. Riamh roimhe sin, nó ó shoin, b'fhéidir,
ní raibh duine ar bith 'san gceanntar sin chomh húsáideach
nó chomh hiomráidhteach leis an Dall so. Do bhí sé 'na
sheanchuidhe, 'na luibheolaidhe, agus 'na liaigh shídhe; do
bhí leigheasanna aige do'n ruaidhe, do leonadh, do
chait-bhrághad, d'fhiabhras croidhe, do chléithínidhibh, agus
do mhórán d'aicideachaibh eile; agus cinnte go leor,
muna bhfeicfidhe acht gearrfhiadh ins na cuibhreannaibh ar
maidin lae Bealtaine, nó dá sáróchadh sé ar na mnáibh
im d'fhagháil ar an mhaistriughadh ní dhéanfaidhe dadaidh
acht sgéala do thabhairt do'n Dall, agus ba ghairid go
rachfadh an tóir ar an ngearrfhiadh, agus go dtiocfadh
im ar an gcuinneoig.
Do bhí an sgeula ag dul thart gur chaill Mac
Ciaragáin radharc a shúl i n-óige, agus mar sin tugadh
“an Dall” air; acht cá bith ba chiall dó d'aithnigheadh
sé i gcomhnuidhe eadar na bealaighibh móra agus na
díogachaibh nuair do bhidheadh sé ag cóistireacht ó cheann
go ceann an pharáiste. Do tháinig sé anuas mar
bharamhail ó dhaoinibh do chonnaic é, agus a raibh a fhios
aca níos mó fá dtaoibh de 'ná mise nach bhfaca a riamh
é, nach raibh sé i muinighin na gcúig gcéadfadh; acht
go raibh an seiseadh céadfadh a's an seachtmhadh céadfadh
aige má bhidheadar ag duine beo a riamh. Agus sin
an cineál duine do bhí 'san Dall Mac Ciaragáin.
Maidin amháin nuair do bhí Mac Ciaragáin an-
ghnóthach ag bruith luibheann i n-a bhothán i mBaile
Chiaragáin, do tháinig fear óg asteach, a aghaidh lasta
suas, agus a anál ag imtheacht air le deifir agus
sgaoll.
“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a dhuine mhodhamhail,”
arsa 'n Dall.
“Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a dhuine
chóir,” ars' an strainséir; “goidé 'n áit annseo a
bhfuil an fear a dtugthar an Dall Mac Ciaragáin air
'na chomhnuidhe?”
“Tá tú 'san áit cheirt,” arsa 'n Dall, “is mise
an fear sin agus 'seo mo chomhnuidhe. Suidh síos ar
an tsuidhisteoig seo go gcluinidh mé uait cia thú féin,
agus goidé atá ag cur bhuaidheartha ort.”
“'Sé an t-ainm atá orm,” ars' an strainséir nuair
do shuidh sé síos, “Maghnus Mac Cormaic a's táim
'mo chomhnuidhe i Loch Finne. Do pósadh anuraidh mé;
agus tráthnóna indé d'éagcaoin mo bhean tinneas
cloinne, agus d'iarr sí orm-sa dhul ar lorg cnáimhsighe.
Do bhí tuairim againn go raibh ceann 'na comhnuidhe
thiar ar na Gleanntaibh; agus go díreach i ndiaidh
clapsholais do bhuail mé féin an bóthar méad do bhí in
mo chorp. Ag dul siar ag na Beannaibh Buidhe domh
do casadh fear breágh dóigheamhail orm agus culaidh
mhaith éadaigh air. Do sheasuigh sé agus do chuir sé
furán orm.
“‘A dhuine mhacánta,’ arsa seisean, ‘is mór an
rud atá ag cur on oiread sin deifre ort.’
“‘Is mór gan amhras, a dhuine uasail,’ arsa mise,
‘acht má's eadh féin, ní rún ar bith é. Táim go díreach
ag dul siar chum na nGleanntach ar lorg cnáimhsighe.’
“‘Ná bíodh a shaothar sin ort,’ arsa seisean, ‘óir
do chualas iar bhfágáil na nGleanntach domh go dtáinig
dhá ghairm uirthi ó thráthnóna; agus mar sin de, ní fhuil
faic de ghar dhuit bheith ag cur an tsiubhail ort féin.’
“‘Faoi 'n spéir cá rachfaidh mé?’ arsa mise.
“‘Ó, thárlaidh go han-mhaith duit,’ arsa seisean,
‘tá mise 'mo dhoctúir! Fuair mé mo chuid oidis agus
mo chuid eolais thall ins an Spáinn, an áit a ndeachaidh
mé féin agus m'athair agus mo mháthair cúig bliadhna
ficheadi ó shoin nuair do bhí am cruaidh ins an tír seo.
Is fada é leagtha amach agam cuairt do thabhairt ar
an tsean-tír, agus bean Ghaedhealach do phósadh sul a
mbainfinn fúm ins an Spáinn; a's is leis na rúnaibh
seo d'fhágas an Chruinne tá coicthigheas ó shoin ar luing
smuglála do bhí ag teacht chum na gCeall mBeag; agus
táim ag siubhal thart i measg na ndaoine anois, ag
déanamh doctúireacht dóibhthe, agus gan ag iarraidh
díolaidheachta ar bith acht greim bídh a's lóistín oidhche.’
“‘'Sí an Mhaighdean Mhuire do sheol an bealach so
thú,’ arsa mise.
“Aniar leis an bheirt againn annsin le lán-luas.
Ar an bhealach d'innis sé domh gur de Chloinn Dálaigh é,
go raibh sé muinnteardha do'n dá Easbog Ua Domhnaill
do bhí ar an díoghóiste seo; go raibh gaol beag aige le
Dálach Beag na Glaisighe, agus go raibh gaol mór aige
le Dálaighibh Móra na Spáinne. Nuair do shroicheamar
an teach s'agam-sa i Loch Finne, fuaramar cuid de
mhnáibh na gcomhursan cruinnighthe annsin romhainn,
agus do bhí áthas mór ortha uilig ar cluinstin go
raibh dochtúir Spáinneach liom i n-ionad sean-
chnáimhsighe. Ní raibh an dochtúir i bhfad 'san láthair
gur rugadh cúpla — gasúr agus girrseach. Ní fhanfadh
an dochtúir le dadaidh d'ithe nó d'ól, acht d'imthigh
sé fá dheifir mhóir. Do bhí an póitín fairsing; do bhí
na mná ag cainnt agus ag ciapáil agus ag díospóir-
eacht fá siúd agus fá seo; agus mar sin de níor
sonnruigheadh go dtí éirghe gréine go raibh an gasúr
beag — an naoidheanán do ba mhó de'n chúpla —
fuaduighthe, agus go raibh malartán crágach crúbach
agus aghaidh sean-duine air fágtha i n-'áit. Uch! do
bhí 'fhios againn annsin gur síodhuidhe do bhí 'san
dochtúir, gur chuir sé é féin in mo bhealach-sa agus gur
chuir sé i gcéill domh gur liaigh Spáinneach do bhí ann,
ionnus go bhfuigheadh sé faill leanbh d'fhuadach. Ba
ghairid go raibh teach callánach againn; máthair na
naoidheanán ag caoineadh an dá shúl amach as a ceann,
agus an spairn ag éirghe eadar na mnáibh eile — gach
bean aca ag rádh gur ceart do'n mhnaoi eile
cuimhniughadh luachair Bhrighde do chur os cionn an
dorais sul a leigfidhe strainséir ar bith asteach.
D'imthigh mé féin i lár an ghliadh, agus do thug mé
m'aghaidh ar an áit seo go gcluininn uait-se an féidir
an leanbh d'fhagháil tar ais, agus goidé dhéanfar leis
an deamhanlach úd do fágadh againn mar mhalairt.”
“A Mhaghnuis Mhic Chormaic,” arsa Mac Ciaragáin,
i ndiaidh tamaill do chaitheamh ag meabhrughadh, “an
bhfuil 'fhios agat ar gearradh an Chroch Chéasta ar an
naoidheanán sin sul ar fuaduigheadh é?”
“Do chualas na mná ag rádh go ndeárnadh, cinnte,”
arsa Maghnus.
“Is maith sin,” ars' an Dall. “Tá do leanbh ceart
go leor i n-áit éigin; agus fúigfear tar ais agat é i
n-am éigin eadar an lá indiu a's lá do báis. Iomorro,
do mholfainn duit turas Thobair na n-Aingeal do
dhéanamh dó taca an lae indiu gach uile bhliadhain go
ceann seacht mbliadhan. Agus i dtaoibh an mhalartáin
bídhidh chomh cineálta dó agus chomh cúramach fá dtaoibh
de go ceann seacht mbliadhan agus dá mbadh libh féin
é. Ar feadh an ama sin ná faghadh sé amharc ar
ruacánaibh nó ar phréataidhibh; acht i ndeireadh na
tréimhse sin cuiridh gugán de shligeánaibh ruacán a's
de chroicnibh préataidhe roimhe, agus abraidh leis gur
sin an cineál bídh a gheobhas sé ó sin amach. B'fhéidir
go dtabharfadh sin air imtheacht leis. Acht rud amháin:
ná déanaidh dearmad nuair bhéas sé ar tí imtheacht
an clóca beag glas atá air do sgiobadh de, agus a
chongbháil. Sin a tig liom-sa innsin duit; agus ní
fhuil sé ar mo chumas níos mó do rádh, acht amháin a
iarraidh ort féin agus ar do mhnaoi bheith foighdeach,
agus glacadh le gach uile rud mar thig sé.”
Do thug Maghnus anois buidheachas mór do'n Dall
ar son a chuid comhairleach, agus i ndiaidh sláin agus
beannacht d'fhágáil aige agus a bhfagháil uaidh, d'imthigh
sé leis trasna na gcnoc ag déanamh ar Loch Finne.
Do chrom Mac Ciaragáin ar a ghnó féin anois, acht
ba ghairid aige é go dtáinig fear eile asteach, agus é
ag beannughadh roimhe. Do bheannuigh Mac Ciaragáin
dó, agus d'iarr air suidhe síos agus a sgíste do
dhéanamh.
“A Mhic Uí Chiaragáin,” ars' an fear do tháinig
asteach, “tá lúthgháir mhór orm go bhfuaras 'san
mbaile thú.”
“Sul a bhfiafruighidh mé díot cad chuige sin,” ars'
an Dall, “caithfidh mé admháil go bhfuil an bhuntáiste
agat orm: aithnigheann tusa mise, acht ní aithnighim-se
thusa gidh go bhfuil tuairim agam gur de'n pharáiste
seo thú, agus go sílim go bhfaca mé roimhe thú.”
“Tá an ceart agat,” ars' an fear do tháinig
asteach, “is de'n pharáiste seo mé, agus do chonnaic
tú roimhe mé. Is mise Cormac Mac Maghnuis, agus
táim 'mo chomhnuidhe ar an Mhóinín.”
“Gan amhras chonnaic mé thú anuraidh,” arsa
Mac Ciaragáin, “agus chualas gur pósadh thú cupla
lá roimhe sin. Goidé mar tá tú féin agus do
chomráduidhe ag déanamh amach?”
“Uch, go measardha, go raibh maith agat,” arsa
Mac Maghnuis, “ach tháinig tubaiste mhór i n-ár
mbealach; agus sin an rud do thug annseo mé indiu.”
“Ó, goidé sin?” arsa Mac Ciaragáin.
“Uch, tá,” arsa Cormac, “rud do bhí i ndán dúinn
b'fhéidir. Do bhí mise amuigh ag Dubhghlaise indé le
sochraid. Do bhí sé mall tráthnóna ag fágáil na
reilge domh; chuaidh mé thart Bealach an Chinn Ghairbh;
agus bhí an meadhon-oidhche go maith liom ag teacht
anuas eadar Leitir Bric agus an Mhóinín domh. Ar
an bhealach bhuail an smuaineadh mé nach mbéadh dochar
ar bith sgéal mór bréagach do chumadh fá'n tSluagh
Sídhe agus fá'n chrochlán: go bhfaca mé iad, go
dtáinig siad rómham, go raibh naoidheanán leobhtha agus
bean a fuair bás i Srath na Brághad cupla lá ó shoin,
gur léig mé féin rois mhaith mallacht ortha, agus gur
iarr mé ortha cuimhniughadh ar an seachtmhadh haithne,
‘Ná déan goid’ — do chinn mé seo agus a dhá oiread
eile 'innsin do mhuinntir an Mhóinín le hiongantas
agus eagla do chur ortha agus le taisbeáint dóibhthe go
bhfuil saighdiuireacht ionnam. Acht mo bhrón! nuair do
bhidheas ag dul soir ag árdán atá ar an cheann thiar
de'n Mhóinín, agus mé ag smuaineadh goidé an
t-uathbhás do bhéadh ar óg a's sean ag éisteacht le
mo chuid sgéalta bréagach mhothuigh mé an séideán
umghaoithe ag tarraingt orm; mhothuigheas sodar
capall 'na dhiaidh sin; agus ba ghairid go bhfacas
na marcaigh agus an eachraidh gheal-bhán ag teacht chugam
anoir. Do bhí an oidhche breágh geal, agus nuair do
thángadar comhgarach chugam thugas fá dear naoidheanán
ar bhéalaibh an mharcaigh do bhí i lár báire. Do
chuaidh mé uilig ar crith le heagla. Do thuit an
droighneán as mo láimh. Ní raibh uchtach agam paidir
nó mallacht do chur asam; a's sgeinn na marcaigh
thart ag mo thaoibh — gach aon fhear aca ag tabhairt
amharc mhagamhail orm. Nuair do tháinig mé chugam
féin bhog mé liom agus an t-allus fuar ag sileadh
anuas ó mo chuid malacha. Acht ar rochtain an bhaile
domh fuaras amharc iongantach annsin romham, agus
chualas sgeul do chuir uathbhás agus brón orm. Do
bhí cuid de mhnáibh na comharsnachta cruinnighthe ann —
cuid aca ag urnuighe agus tuilleadh aca ag ciapáil
agus ag cur trom ar a chéile.
“‘Goidé is ciall do'n chabhlachas so i n-am an-tráth
mar so nó goidé tá cearr?’” arsa mise nuair do
chuaidh mé asteach.
“‘Ó, tá,’ arsa bean aca, ‘do bhean féin annseo
a raibh cúpla — gasúr a's girrseach — aici i ndiaidh
clapsholais anocht. Is cosmhail go ndeárnadh faillighe,
nó nach ndéarnadh coimheád go leor tamall beag ó
shoin. Ar aon chor do tháinig an eachraidh sídhe chum an
dorais agus d'fhuaduigh siad an ghirrseach bheag, agus
níor fhágadar dadaidh i n-a háit acht an tsean-sguab
sin do-chidh tú caithte ar an urlár annsin.’
“Nuair do chualas goidé thárlaidh agus goidé bhí
déanta bhí mé chomh buadhartha sin nach raibh a fhios
agam cia aca mo cheann nó mo chosa bhí ar an talamh.
Do smuain mé fosta go dtáinig an tubaiste seo
mar chineál breitheamhnais orm féin mar gheall ar na
sgéaltaibh bréagacha do bhidheas a chumadh ar an bhealach
le hinnsin do mhuinntir an Mhóinín chum uathbháis do
chur ortha. Do chuireamar ar n-intinn le chéile ar
maidin, agus ba léir dúinn uilig gur chóir theacht agus
do bharamhail-se 'fhagháil an bhfuighthear an leanbh tar ais
a choidhche, nó goidé dhéanfar leis an tsean-sguaib.”
“Chidhim,” ars' an Dall; agus do chaith sé tamall ag
smuaineadh ar méad do chuala sé.
“A Chormaic,” arsa seisean ins an deireadh, “an
dtig leat innsin domh ar gearradh an Chroch Chéasta ar
do naoidheanán bheag sul ar fuaduigheadh í?”
“Do hinnseadh domh gur gearradh cinnte,” arsa
Cormac.
“Ó is maith sin,” arsa Mac Ciaragáin, “óir
gearrfaidh an comhartha sin bealach dí go fóill amach
as braighdeanas na mbitheamhnach úd. Acht mar sin
féin, ba chóir dhuit Turas Thobair na n-Aingeal do
dhéanamh dí taca an lae indiu gach aon bhliadhain go
ceann seacht mbliadhain. Agus i dtaoibh na sean-
sguaibe cuimhnigh go gcaithfidh tú faire na haon-oidhche
do dhéanamh uirthi, agus a cur lá ar n-a bhárach ar an
taoibh amuigh de'n reilig; óir muna ndéanfaidhe a
faireadh sul a gcuirfidhe as amharc í bhéadh sí tar
ais arís in do choirneál roimhe luighe gréine. Sin a
dtig liom-sa a rádh; agus tá súil agam go mbéidhir
beo le d'inghin bhig d'fheiceáil arís!”
Do thug Cormac anois buidheachas mór do Mhac
Ciaragáin ar son a chuid comhairleach, agus i ndiaidh
sláin agus beannacht d'fhágáil aige, agus a bhfagháil
uaidh, d'imthigh sé leis ag tarraingt ar an Mhóinín.
Caib. II.
Faire na Sguaibe agus Imtheacht an Mhalartáin.
Nuair do chuaidh Cormac Mac Maghnuis 'fhad leis
an Mhóinín chuir sé teachtairidhe annsiúd agus annseo
ag innsin goidé thárlaidh, goidé dubhradh leis, agus
ag rádh go mbéadh faire aige an oidhche sin. Agus
go deimhin ba hí sin an teachtaireacht a fuair an
chluas! Ba bheag de'n oidhche do bhí caithte go raibh
cistineach Chormaic lán ó'n bhac go dtí an doras. Do
bhí seandaoine ann do bhí sean go leor le bás d'fhagháil,
agus gan cuma ar bith báis ortha; do bhí fir ann do
bhí i bhfad tar aois an phósta, agus gan iomrádh ar bith
pósta aca; agus asteach le sin do bhí dornán breágh
cailín ann — an mhór-chuid aca an-dóigheamhail, agus iad
so nach raibh 'fhobair go mbéidheadh. Do bhí corr-ghasúr
le feiceáil thall agus abhus. Ógánaigh do bhí ionnta so
a fuair cead theacht amach an oidhche seo ar geallamhain
nach bhfanfadh siad acht tamall beag — geallamhain nár
congbhuigheadh agus nach raibh intinn a congbháil. Do bhí
bean Chormaic thíos ins an tseomhra, a naoidheanán ar
a glúin, agus í ag déanamh daonáin i ndiaidh an
naoidheanáin eile do bhí fuaduighthe. Do bhí bean nó
beirt d'á ciuiniughadh agus ag tabhairt sóláis dí;
agus i dtaoibh na mban eile do bhí 'san tseomra ba hé
an sean-am aca é ag caitheamh snaoisín, ag conspóid
agus ag socrughadh gnóthaidhe na tíre i gcogaraibh.
Ach do bhí an mór-chuid de na daoinibh ins an chistinigh.
Do bhí Cormac é féin 'na shuidhe ag an teinidh, a chuid
uilleann ag a ghlúnaibh, a cheann crom, a lámha ar a
leicnibh, agus osna ag imtheacht air anois agus aríst.
Do bhí an chuid eile 'na suidhe in 'ach aon áit ó'n doras
aníos, ar phlainceannaibh, ar shuidhisteogaibh agus ar
fhódaibh mónadh.
Go dtí ar na fíor-mhallaibh do bhíodh fairidheacha na
hÉireann i bhfad níos tarraingtighe agus corr-uair i
bhfad níos greannmhaire 'ná na bainseacha. Agus go
deimhin níor bhris an fhaire seo cheann ar bith de na
riaghlachaibh do-ghnidheadh faire níos tarraingtighe 'ná
bainis. As goidé 'n fáth go mbrisfeadh, agus gur
faire sguaibe do bhí ann, agus na deora do sileadh
gur i ndiaidh naoidheanáin nach bhfuair bás ar chor ar bith
a sileadh iad? Do chaith na seandaoine an cheud trian
de'n oidhche ag sgeulaidheacht, ag fiannaidheacht, ag
trácht ar thairngaireacht Chuilim Chille agus ag díospóir-
eacht cia aca nathracha neimhe nó cistidhe atá faoi na
croimleacaibh sin atá i bhfogus do'n Bhrocaigh. Ar an
mheadhon-oidhche do thug seanóir cráibhtheach paidrín mór
fada amach “ar son na ndaoine atá annseo i láthair
acht go speisialta ar son an naoidheanáin bhig do
fuaduigheadh amach as an tigh seo aréir, ionnus go
dtabharfadh Dia ar an dream d'fhuaduigh í a fágáil
tar ais ins an áit cheudna a bhfuair siad í roimh
sheachtmhain ó indiu.” Do ghuidh sé ar son na marbh
mar an gceudna, agus chuir sé suas mórán
paidreach fosta do dhaoinibh annsiúd agus annseo do
bhí do réir a bharamhla ag fuaradh 'san chreideamh, nó
do bhí ró-thugtha do'n ól. Do bhí cuid de na daoinibh
seo 'san láthair, agus nuair do bhí an seanóir ag guidhe
ar a son do mheas sé go mb'fheárr labhairt faoi n-a
anáil. Nuair do bhí an paidrín thart rannadh biadh ar
an iomlán aca. Is iad na cineáil do bhí ann;
préataidhe, cáthbhruith, agus arán coirce. Iar sin
rinneadh réidhteach ar an urlár agus do chaith an t-aos
óg an dara trian de'n oidhche ag “dallóig,” “thart
an bhróg,” “fear an toighe,” agus mireoga de'n
tseort sin. Ag breacadh an lae, do chuaidh fir agus
buachaillidhe amach chum na léanta d'imirt na gcluithche
gcaointe .i. iomáin, coraidheacht, léimneach, agus folach
cruach. I ndiaidh éirghe gréine, sgaib lucht na faire
uilig acht amháin comhursana agus daoine a raibh muinn-
teardhas aca le Cloinn Mhaghnuis. Nuair do tháinig
sé tamall 'san lá cuireadh an sguab asteach i mbocsa,
agus do chuaidh Cormac agus iad so d'fhan agus do
chuireadar an bocsa faoi'n talamh ar an taoibh amuigh
de shean-reilig Chille Taobhog.
Iomthúsa Mhaghnuis Mhic Cormaic, nuair do tháinig sé
a bhaile fuair sé a bhean 'na suidhe thíos ins an tseomra
ag oileamhain a hinghine bige, agus bean de chuid na
comharsnachta ag congbháil cuideachtan léithi; agus an
malartán 'na shuidhe thuas ag teinidh na cistinighe, a dhá
spáig astigh 'san luaith, agus é ag gearradh litreach
innti le n-a ladhair mhóir. D'innis Maghnus d'á mhnaoi
meud do chuala sé ag an Dall agus chinn an bheirt
a ndícheall do dhéanamh le hórdughadh Mhic Uí Chiaragáin
d'iomchar amach chomh maith agus do b'fhéidir. Agus go
deimhin níorbh' fhurus sin do dhéanamh, nó ar aon chor
meud de do bhain de'n mhalartán, óir ba doiligh cur
suas le n-a chuid uilc agus a chuid cleasaidheachta.
Ní raibh lá ar bith nó oidhche ar bith nár imir sé cleas
úr éigin do mheas sé do chuirfeadh fearg ar Mhaghnus
agus ar a mhnaoi. Nuair do thigeadh an lánamhain
suaimhneach so asteach 'ach aon oidhche, i ndiaidh bheith ag
obair go cruaidh ins na cuibhreannaibh ó mhaidin,
gheibheadh siad i gcomhnuidhe gach uile rud ins an toigh
bun ós cionn nó amach as áit. Do bhéadh doras an
tseomra fosgailte, agus an mhuc thíos ag déanamh
tochaltáin ins an urlár; bhéadh an cat astigh 'san
chuinneoig báidhte, b'fhéidir, agus bhéadh an madadh
ag ciseán an ime; bhéadh na gugáin agus na spiúnóga
thiar faoi na leabthachaibh, agus bhéadh fóda mónadh
thuas ar an dreisiúr; bhéadh na suidhisteoga agus na
stólta amuigh ar an charn aoiligh, agus bhéadh leagan
úr ar mhaididhibh na leabthach, ar mhodh agus go dtuitfeadh
an chéad duine do rachfadh asteach i gceann aca síos;
bhéadh an teine athruighthe anuas go dtí lár an urláir;
bhéadh an pota astigh 'san ghríosaigh agus a bheul faoi;
bhéadh an maide pota agus an crochadh ag iarraidh;
agus bhéadh ceann an mhaide bhriste dearg-the ionnus
go ndóighfidhe lámh an cheud duine do gheobhadh greim
air. Agus nuair do thiocfadh Maghnus agus a bhean
asteach agus an leanbh beag ar iomchar leo (óir bhíodh
an leanbh i gcomhnuidhe amuigh leo), do gheibheadh siad
an malartán 'na shuidhe ar an bhac, agus é ag amharc
thart go bródamhail ar a chuid oibre. A's le feirg
do chur ar bhean Mhaghnuis déarfadh sé léithi corr-
uair: —
“A mháthair, is iongantach nach bhfuil tú dom'
oileamhain-se anois agus aríst, agus ag tabhairt cíche
domh mar táir ag tabhairt do mo dheirbhshiair bhig.
Dár ndóigh, tá a fhios agat go bhfuil mise choimh muinn-
teardha chugat agus tá sise. Uch! ní fhuil iongantas
go bhfuil sise ag fás suas agus go bhfuil mise ag éirghe
níos lugha 'ach aon lá!”
Acht níorbh' é seo deireadh. Bhéadh sé ag gabháil
cheoil rith na h-oidhche le Maghnus agus a mhnaoi do
chongbháil musgailte. Agus ní bhéadh i n-a bheul ó
thús go deireadh acht rann amháin as an tsean-amhrán
sin, “Tá mé 'mo chodladh a's má tá ní fhuil neul:”
“Long agus bád i lár na fairrge,
Agus ceann aca lán de mhnáibh breághtha Sasanach',
Dá mbéidhinn-se 'san bhád bhéadh báb aca i n-aice liom
Tá mé 'mo chodladh 's má tá ní fhuil neul!
Tá, etc.”
“Go bhfóiridh Dia orainn!” déarfadh bean Mhaghnuis
i gcogar le n-a fear nuair do bhéadh an bheirt
tamall ag éisteacht leis an cheolruidhe do bhí 'na luighe
ar shraideoig 'san choirneál, “ba mhinic do chuirfeadh
an t-amhrán sin a chodladh sinn nuair do bhidheamar
'nár bpáisdidhibh; anois 'sé tá dár gcongbháil mús-
gailte.”
Agus so an cineál ama do bhí i dtigh Mhaghnuis
Mhic Chormaic ar feadh seacht mbliadhain. Agus
d'fhuiling Maghnus agus a bhean an t-iomlán chomh
foighdeach a's do dhéanfadh Seob é féin dá mbéadh
sé i n-a n-áit. Acht do-gheibh foighide furtacht 'san
deireadh. Nuair do tháinig an lá a raibh na seacht
mbliadhna astigh bhruith bean Mhaghnuis dornán
préataidhe agus dornán eile ruacán. Annsin bhain
sí na croicne de na préataidhibh, agus chuir sí ar
phláta iad, agus chaith sí iomlán an laoidhin amach
ar an charn aoiligh. Mar an gceudna chongbuigh sí
sligeáin na ruacán agus chaith sí an muarach amach
'san tsinc. Do bhí an malartán 'na shuidhe ós a
coinne, agus é d'á coimheád mar bhéadh cat ar feadh
an ama do bhí sí ar an obair seo.
“A mháthair,” arsa seisean ins an deireadh, “tá
tú ag cur iongantais mhóir orm indiu. Do chaith tú
amach biadh na bpréataidhe, — an laoidhean, agus biadh
na ruacán, — an muarach, agus chongbhuigh tú na croicne
a's na sligeáin. Ní fhuil tú agat féin.”
“A rúin,” arsa bean Mhaghnuis, go ciuin, óir bhí
eagla uirthi labhairt leis ar dóigh ar bith eile, “a
rúin, tá mealladh ort agus tá tú ag magadh orm.
Dár ndóig, tá 'fhios ag gach uile dhuine a bhfuil 'fhios
aige dadaidh gurab é an croiceann an chuid is feárr
de'n phréata agus gurab é an sligeán an chuid is feárr
de'n ruacán. Do bhí fear thiar annseo ar na Gleann-
taighibh agus thoisigh sé ag rádh na rudaí adeir tusa
.i. gur ins an laoidhean agus ins an mhuarach atá
iomlán an chothuighthe agus nach bhfuil maith ar bith ins
na croicnibh nó ins na sligeánaibh; agus ar feadh chúpla
bliadhan ba h-é an t-ádhbhar gáire ba mhó é d'á raibh
'san tír. Acht bhí 'fhios ag 'ach aon duine nach raibh
neart aige air, óir go raibh sé éadtrom 'san cheann.”
Annsin líon sí gugán le croicnibh agus le sligeánaibh,
agus thug sí do'n mhalartán é. Do thoisigh sé a dh'ithe,
acht ba ró-ghairid gur thuirsigh sé, agus gur chaith sé
an gugán agus meud do bhí ann asteach san teinidh.
“A rúin,” arsa bean Mhaghnuis, “níor cheart duit
an biadh do chaitheamh 'san teinidh. Sin an cineál bidh
gheobhas tú ó seo suas.”
“Imtheochaidh mé,” ars' an malartán, ag éirghe agus
ag dul síos 'fhad leis an doras; “ní thig liom so do
sheasamh. Rachfaidh mé siar chum na nGleanntach, an
áit a bhfuil fear amháin céillidhe.”
Do rith bean Mhaghnuis síos agus do sgiob sí an
clóca beag glas de, agus do chongbuigh sí é. Do
shíl an malartán gurab é an rud do bhí sí ag cur
roimpi féin é féin do chongbháil i n-aghaidh a thola
agus arsa seisean:
“Imtheochaidh mé; ní fhuil gar dhuit bheith ag brath
mo chongbháil.”
Agus d'imthigh sé siar le taoibh an locha, agus
Maghnus é féin 'na sheasamh 'san doras, agus é ag
glaodhach amach 'na dhiaidh: “Nár phillidh tú choidhche!”
Go deimhin ba hí sin an athchuinge nár thuit 'un talaimh.
Cá bith áit a ndeachaidh an malartán níor phill sé ar
thoigh Mhaghnuis Mhic Chormaic ní ba mhó.
Caib. III.
An Bróinteoir agus an Sníomhadóir.
Ar feadh na seacht mbliadhan do bhí Maghnus
Mac Cormaic ag déanamh na dturus mbliadhantamhail
go Tobar na nAingeal do bhí muinighin láidir aige
féin agus ag a mhnaoi go bhfaoigfidhe a naoidheanán
tar ais aca maidin éigin. Acht nuair nár thárlaidh seo
le linn an turuis deireannaigh agus imtheacht an
mhalartáin chuaidh a muinighin síos ina mbrógaibh.
Do chuaidh seacht mbliadhna eile thart annsin, a's annsin
seacht mbliadhna eile, acht rith an ama sin níor fágadh
an leanbh tar ais, agus ní raibh iomrádh ar bith go
bhfaoigfidhe. Do bhain Maghnus agus a bhean dúil de
anois, agus adubhradar leo féin agus le n-a gcuid
comharsan nach bhfeicfidís a mac go dtí Lá an Luain,
nó an lá sin ach' a oiread, b'fhéidir.
Acht ní raibh Maghnus agus a bhean leo féin ina
dtigh bheag i Loch Finne. Do bhí a n-inghean, Brighid,
'na cailín sgiamhach, a's í bliadhain agus fiche d'aois
anois; agus ó thárla nach raibh aca acht í, bhidheadar
chomh cúramach fá dtaoibh dí agus do bhí siad fá na
súilibh do bhí i n-a gcloigeann; agus d'ár ndóigh fuair
sí iomlán na haire a's an mhór-chuid de'n ghallaidheacht
sin a thuiteas anuas ar na girrseachaibh so ag nach
bhfuil deirbhshiúr nó dearbhráthair.
Maidin aoibhinn amháin fuair Brighid Nic Chormaic
gugán, agus do chuaidh sí amach do chruinniughadh sméar
dubh i measg na ndriseog do bhí ag fás ar bhruach an
locha. Do bhí deireadh foghmhair ann an t-am sin, agus
bhí cuma shuaimhneach áluinn ar ísleánaibh agus ar
árdánaibh, ar chnocaibh agus ar ghleanntánaibh. Do bhí
mincheo ag cruinniughadh ar bhárr na Sgreige agus ar
bhárr na hEachla, a's Loch Finne aniar agus siar ag a
mbun, agus é chomh huaigneach agus chomh loinneardha
agus bhí sé an lá do báitheadh Finngheal ann. Ní
raibh dadaidh le cloistin acht “cá! cá!” na bpréachán,
agus iad ag eitealladh anonn agus anall, agus ag
coimhlint cia 'mbéadh an sgidín aige.
Ba ghairid Brighid Nic Chormaic ag cruinniughadh na
sméar dubh go gcuala sí an-chaoineadh fá ghiota dí.
Do thionntuigh sí thart agus a sáith sgaoill uirthi; agus
goidé chí sí acht óigfhear 'na seasamh fá chúig nó sé
déag de shlataibh dí, agus é ag gul go truaighmhéileach.
Chomh luath agus thug sé fá deara go bhfaca sí é thoisigh
sé ag crathadh a láimhe uirthi. Do dhruid sise anonn
comhgarach chuige, agus do labhair sí leis.
“A bhuachaill chóir,” arsa sise, “goidé bheir ort
bheith ag caoineadh?”
“Maise, ní brón nó pian atá orm,” ars' an
buachaill; “acht ní fhuil a fhios agam cá bhfuil mé nó
cá rachfaidh mé.”
“Agus cárab as thú, nó goidé 'n bealach a dtáinig
tú?” arsa sise.
“Go deimhin, ní fhuil a fhios agam faoi 'n ghréin ghil
cárab as mé, nó goidé 'n bealach a dtáinig mé,”
arsa seisean; “agus asteach le sin ní fhuil a fhios
agam cá ainm atá orm. An dream a raibh mé aca
ó tháinig cuimhne chugam ní dheárnadar mórán cainnte
liom a riamh, ach choinnigh siad mé ag bróinteoracht
ó mhaidin go dtí 'n oidhche le deich mbliadhnaibh agus
tuilleadh, b'fhéidir. Adubhradar liom ar maidin indiu
gur mé an bróinteoir do b'fheárr d'á raibh aca a riamh;
go ndeárna mé oiread mine coirce dóibh agus go
mbéadh cupla sac d'fhuigheall aca ag an lá deireannach;
agus mar sin de, nach raibh gnóithe ar bith aca liom ó
seo amach, agus go dtabharfadh siad cead mo chinn
domh. Dubhradh liom mar an gcéadna go bhfuighinn
an bhró sin do-chí tú ar an talamh annsin mar luach
saothair ar son mo chuid oibre. Iar sin chuir fear
aca dallóg orm, cuireadh mé féin agus an bhró ar
dhruim eich, agus nuair do baineadh an dallóg díom
is annseo do bhí mé; agus ní fhuilim ábalta déanamh
amach cia aca soir, siar, ó dheas, nó ó thuaidh ba chóir
domh dhul. Cá ainm atá ar an loch dheas sin agus ar
an dá chnoc úd thall?”
“Strainséir mór thú gan amhras,” arsa Brighid,
“nuair nach bhfuil 'fhios agat gur Loch Finne ainm an
locha sin, agus gurab iad ainmneacha na gcnoc úd thall
an Sgreag agus an Eachla.”
“B'fhéidir go mb'fheárr dhuit,” arsa sise arís i
ndiaidh bheith 'na tost tamall, “agus is feárr duit
theacht liom-sa go dtí an teach s' againne go ndéanaidh
tú do sgíste, agus go bhfaghaidh tú rud éigin le hithe
sul a mbuailidh tú an bóthar.”
“Rachfad agus fáilte,” ars' an buachaill. Annsin
chuir sé an bhró ar a dhruim, agus bhog sé féin agus
Brighid leo go rabhadar i dtoigh athar agus máthar
Bhrighde. Nuair do chualaidh Maghnus agus a bhean gur
seachránach do bhí 'san bhuachaill thoisigh siad ag coimhlint
le 'chéile ag déanamh cineálas air. Do thug Maghnus
air suidhe ar stól na dtrí gcos ins an choirnéal,
agus thug sé lán copáin de phóitín dó; agus ba
ghairid gur chuir bean an tighe gugán maith brúightín
ós a choinne. Acht cheana, ba bheag le leath-uair
do chuaidh thart go dtáinig gasúr breágh dóigheamhail
asteach agus gruag dheas ruadh air.
“A Mhaghnuis Mhic Chormaic,” ars' an gasúr, “ó
fuair tú do mhac tabhair domh mo chlóca beag glas.”
Dá mbéadh bunadh an tighe 'na seasamh do thuitfeadh
siad le heagla agus le hiongantas ar fheicsin an
ghasúir ruaidh agus ar chloistin a chuid cainnte dóibh;
acht thárlaidh 'na suidhe iad.
“Ní fhuil sé acht tamall beag ó chualas gur annseo
atá mo chlóca,” arsa 'n gasúr arís; “agus dar
ndóigh is é mo dhearbhráthair d'fhág 'na dhiaidh é, i
ndearmad, b'fhéidir. Ach is cuma sin: tá sé dona
go leor agam-sa bheith ar shiubhal faoi fhearthainn agus
faoi shioc agus mo chlóca ag daoinibh eile.”
D'éirigh bean Mhaghnuis anois agus thoisigh sí do
chuartughadh.
“A bhean mhodhamhail,” arsa 'n gasúr, “ní fhuil faill
agam-sa fanacht go dtéighidh agat-sa an clóca d'fhagháil;
tá deifir orm: caithfidh mé bheith soir leis an tséideán
gaoithe atá ag teacht aniar ar an loch anois. Ach nuair
gheobhas sibh an clóca tig libh dul soir go Béal Átha an
Dúin agus a chaitheamh asteach 'san dún.”
Nuair do bhí an oiread so ráidhte ag an ghasúr ruadh
d'imthigh sé amach ar an doras, agus ní bhfuarthas an
dara hamharc air. D'aithin muinntear an toighe anois
gur leo féin an seachránach óg do bhí 'san choirnéal;
a's thuig an seachránach go maith anois go raibh sé i
dtoigh a athar agus a mháthar. Agus ar feadh tamaill
fhada ní raibh dadaidh fá theallach na teineadh acht pógadh
a's gul a's gáirdeachas.
“A mhic, a rúin!” arsa bean Mhaghnuis i ndiaidh
mórán cainnte agus cúig nó sé thaomanna de lúthgháir
do chur thairsti, “an bhfaca tú duine ar bith eile de'n
chineadh daonna i ngéibheannas ag na huaislibh?”
“Chonnaic,” arsa 'n mac; “bhí cailín breágh,
spéireamhail annsiúd; agus bhí sí an-chosmhail le mo
dheirbhshiuir annseo, agus fá'n aois chéadna. Do bhí sí
ann ó tháinig cuimhne chugam-sa; agus do bhí an bheirt
againn an-mhór le 'chéile de bhrígh gur fhásamar suas i
gcuideachtain a chéile, agus go rabhamar i gcomhnuidhe
gnóthach — mise ag an bhróin agus ise ag an túirne
bheag, óir bhí sí 'na sníomhadóir. Sílim gur leigeadh
ise amach indiu fosta; agus go deimhin, bhéarfainn
seacht mbliadhna de mo shaoghal dá mbíodh 'fhios agam
goidé 'n áit ar de í nó cár fhágadar í.”
Do thoisigh bean Mhaghnuis do chuartughadh anois, agus
níorbh' fhada go bhfuair sí an clóca glas do bhí
an gasúr ruadh a dh'iarraidh.
“Dá luas a fhaoigfear an tsean-bhratóg so thoir
i mBéal Átha an Dúin is amhlaidh is feárr é,” arsa
sise. “Cia rachfas?”
“Rachfaidh mise,” arsa Maghnus. Ámhach, ní thiocfadh
bean an tighe le seo ar chor ar bith. Níor mhaith léithi
Maghnus do leigint as an bhaile leis féin, agus níor
leig ariamh acht ar ócáid speisialta éigin nuair nach
mbéadh ní b'fheárr le déanamh. Do bhí réasún beag
aici le seo; a's tá sé chomh maith an réasún sin d'innsin
mar gheall ar na mnáibh seo a bhfuil fir faoi n-a
gcúram agus a smacht. Nuair do théidheadh Maghnus
amach, agus gan duine ar bith leis do chuirfeadh cúl
air, ní stadfadh sé go mbéadh sé astigh i gceann de na
crodhannaibh stilleadh do bhí thall agus i bhfus ar dhá
thaoibh Abhann na Finne. Do bhéarfadh na stilléaruidhthe
neart le hól dó; acht an duine bocht, ní bhéadh 'fhios
aige-sean nuair do bhéadh a sháith aige. Mar sin
de, ní leigfeadh a bhean amach leis féin é, nidh nach
iongnadh.
“Má théid tusa,” arsa sise, ag tabhairt a haghaidh
ar a fear, “tá sé lán chomh maith agam-sa bheith leat.”
“Maise, má's mar sin atá,” arsa Brighid, “rachfaidh
mise agus mo dhearbhráthair annseo libh mar an
gcéadna, óir ní fhuilmid ag déanamh dadaidh indiu
agus badh mhaith liom-sa an áit sin d'fheicsin.”
Dubhradh go raibh sin fíor, agus go dtiocfadh leo an
doras do dhruid 'na ndiaidh, agus an t-iomlán aca
dhul. Annsin chuach bean Mhaghnuis suas an clóca,
chuir faoi n-a hosgaill é, agus bhóg sí féin agus a
fear agus a clann leo ag tarraing soir ar Bhéal
Átha an Dúin.
An mhaidin cheudna so bhí Cormac Mac Maghnuis
agus a bhean agus a aon-mhac 'na suidhe ag comhrádh
ag a dteallach féin ar an Mhóinín. Do bhí an aois ag
luighe go mór ar Chormac anois, agus bhí a bhean ag
dul anonn ins na bliadhantaibh mar an gceudna.
A chiacáis! goidé 'n t-athrughadh do tháinig ar an
lánamhain seo ó'n oidhche do ghoid an Sluagh Sídhe a
n-inghean! Acht ní ortha-san amháin do bhí athrughadh mór
le feicsin. A mac, nach raibh acht 'na naoidheanán
bheag an oidhche do tháinig an eachraidh sídhe ar lorg a
dheirbhshiúire bige, bhí sé anois 'na bhuachaill mhór
chumasach agus é bliadhain agus fiche d'aois. Agus ó
thárla nach raibh ag Cormac agus a mhnaoi acht an
t-aon-eun amháin seo, agus gné mhaith ar an eun, is
iomdha óigbhean tarraingteach do bhí ag déanamh a
seacht dícheall leis an choimeadar do chur air.
Adubhras go raibh an triúr ag comhrádh. Do bhí,
cinnte; agus ba hé an t-ádhbhar comhráidh do bhí aca
rud atá 'na ádhbhar comhráidh i nGleann Fhinne go dtí
an lá indiu, agus gan an t-iomlán ráidhte go fóill —
an aimsear. Do mhair seo tamall; acht fá dheireadh
thionntuigh bean Chormaic sruth na cainnte.
“A Mhaghnuis chroidhe,” arsa sise le n-a mac, “tá
tusa bliadhain agus fiche d'aois anois. Bliadhain agus
fiche is an oidhche aréir do tháinig tú ar an tsaoghal;
agus bliadhain agus fiche is an oidhche aréir do tháinig
na huaisle fá dhéin do dheirbhshiúire do rugadh an oidhche
cheudna. Uch! ní fhuil sé i ndán dúinn an leanbh sin
d'fheicsin a choidhche — ar an tsaoghal so nó ar an
tsaoghal eile! Agus dar ndóigh, dá mbéadh sí
baisdighthe féin níor mhiste do'n chás é.”
“Seo, seo, bí 'do thost, a bhean na gcarad,” arsa
a fear. “B'fhéidir go bhfeicfimís go fóill í, agus
muna bhfeicidh féin caithfimid bheith sásta le toil Dé,
mar deir na comharsana uile.”
“Ach! is dóibhthe is fusa sin do rádh,” arsa sise.
“Níor thuit an tubaiste ar a gcrann-san.”
“Dá dtuitfeadh,” arsa Cormac, “bhéadh sinne
ag tabhairt na comhairle ceudna dóibh-sean atá
siad-san a thabhairt dhúinne. Agus dar ndóigh,
adeireadh an tEasbog Ua Galchobhair go bhfuil d'fhiachaibh
orainn cur suas le gach uile chrois a thiocfas i n-ar
mbealach. Ní fhuil neart ar bith air seo. Do chaith
mise seacht mbliadhna ag déanamh turuis Thobair na
n-Aingeal 'ach aon bhliadhain; agus go deimhin, rinne
mé na turuis sin chomh dúthrachtach agus do rinneadh
turuis ar bith ariamh ó bhí Ádhamh 'na ghasúr. Arbh'
fhéidir ní ba mhó do dhéanamh?”
D'admhuigh bean an toighe go raibh sin fíor. Annsin
do chrom sí a ceann, agus do thoisigh sí do chrónán
sean-mharbhna go binn-bhrónach — dá bogadh féin anonn
agus anall ag congbháil ama leis an luinneoig. Fá
dheireadh d'iarr Cormac ar a mhac dhul amach agus cliabh
mónadh do thabhairt asteach. Do chuir Maghnus
cliabh ar a dhruim agus amach leis.
Do bhí maidin chiuin áluinn ann, agus bhí gné
shuanmhar ghlórmhar ar neimh agus ar thalamh. Do bhí
grian an fhoghmhair ag taitneamh anuas go neamhghruamdha
ar thír shámhaigh. Siar, fad amhairc siar, bhí bárr na
gCruach nGorm le feicsin ag briseadh amach trés an
bhrat cheoigh do bhí crochta ortha ó oidhche. Aniar ní ba
chomhgaraighe bhí Cnoc Ailt na Péiste 'na sheasamh
mar chineál dídin geimhridh do na daoinibh bhí 'na
gcomhnuidhe fá n-a bhun. Soir i bhfad soir, ar áird
na troighne do bhí giotaidhe beaga le feicsin de'n
dá áit sin ar a dtug na sean-Ghaedhil — nuair do rith
ainmneacha amach ortha nó nuair do bhidheadar ar na
stealltrachaibh — an Chearc agus an Coileach. Thart
comhgarach bhí drúcht na maidne le feiceáil ar an
fheur ghlas, agus gach deor de ag drithliughadh le solas
na gréine. Do bhí an lusraidh ag éirghe buidhe, a's
annsiúd agus annseo bhí na crainn ag cailleadh a
mbláth agus a ndath, agus lán duirn de'n duilleabhar
ag tuitim anuas díobhtha anois agus arís. Do bhí
uaigneas mór — uaigneas na sean-aimsire — ann acht
go raibh tafann madaidh agus sgairt choiligh le cloistin
corr-uair. Fá bhárr na n-árdán, fad radhairc ar
shiubhal, d'fhéadfadh corr-dhuine bheith le feicsin 'ghá
streachlughadh féin trés na haithghearraidhibh a bhaile i
ndiaidh an oidhche do chaitheamh ag stillearacht nó ag
déanamh cnuasaigh síos fá'n cheanntar Ghallda.
Ach 'fhobair go mbrisfinn ar an sgeul. Do chuaidh
Maghnus Mac Maghnuis chum an phortaigh, líon sé
a chliabh, chuir sé ar a dhruim é, agus bhog sé leis ag
tarraingt ar an bhaile. Ach nuair do bhí sé fá ghiota
do'n tigh bhuail tuirse é, agus shuidh sé síos ar árd
bheag do dhéanamh sgíste. Ní raibh sé i bhfad 'na
shuidhe gur mhothuigh sé osna ag éirghe ar a chúl agus
nuair do thionntuigh sé thart goidé chí sé acht cailín
óg 'na seasamh fá chupla slat dó, agus í ag cuimilt
a súl le láimh amháin, agus an lámh eile ar chuigil
thúirne bhig do bhí 'na sheasamh le n-a taoibh. Do
baineadh bíodhg mór as Maghnus, phreab sé 'na
sheasamh, agus thoisigh sé ag cur eagair ar na fódaibh
mónadh do bhí fá bheul an chléibh le taisbeáint nach
raibh sé ar dhóigh ar bith sgannruighthe. Do tharraing
an cailín óg ní ba chomhgaraighe, agus labhair sí.
“A bhuachaill mhodhamhail,” arsa sise go ciuinchritheach,
“goidé 'n áit í seo ar chor ar bith, nó cia 'n cnoc é
siúd thiar?”
“Dar Fiadh!” arsa Maghnus agus é ag stánughadh
uirthi le hiongantas, “caithfidh sé gur as an Domhan
Thoir thú, nó as áit éigin níos faide ar shiubhal, nuair
nach bhfuil 'fhios agat gurab é seo an Móinín, agus
gurab é siúd thiar Cnoc Ailt na Péiste! An bhfuil
dochar fiafruighe díot cia thú féin nó goidé 'n áit ar
de thú?”
“Ní fhuil faic de dhochar ann,” arsa sise, “ach go
deimhin, ní fhuil 'fhios agam cia mé féin nó goidé 'n áit
ar de mé. Ó tháinig cuimhne chugam bhí mé ag sníomh
gach aon lá ó'n chamhaoir go clapsholas; agus an dream
a raibh mé ag obair dóibhthe ní raibh ainm ar bith aca
orm acht an sníomhadóir. Ní leigfeadh siad mise leo
nuair do bhéidís ag dul amach do chruinniughadh olna,
lín, agus canaigh bháin, agus mar sin de ní raibh 'fhios
agam cá raibh mé. Ar maidin indiu adubhradar liom
gur mé sgoth sníomhadóiridhe na hÉireann; gur shníomh
mé oiread dóibhthe agus do dhéanfadh iad go réabfaidhe
a gcuid bruighean; nach raibh gnóithe ar bith aca liom
ní ba mhó; agus uime sin, go leigfidhe domh imtheacht,
agus go dtabharfaidhe an túirne beag domh mar luach
saothair. Annsin chuaidh duine aca ar dhruim eich,
cuireadh mise suas mar chúlóig, ceangladh an túirne
do'n diallaid, agus d'imthigh sinn le luas con, agus
brat ceoigh i n-ár dtimcheall. 'Seo an áit ar fágadh
mé; agus go deimhin ní áidhbhéil ar bith domh rádh
nach bhfuil brón ar bith orm sgaramhaint leo. Gidheadh,
tá 'fhios agam go bhfuilim 'mo strainséir anois i measg
dreama úir daoine; acht ní fhuil 'fhios agam faoi'n
ghréin cá rachfaidh mé nó cia feárr domh dhul.”
“A chailín chóir,” arsa Maghnus, “tháinig tú thríd
mhórán agus do chonnaic tú mórán. Tá tú 'do
strainséir 'san áit seo agus in 'ach aon áit eile, ach
tá fáilte agat theacht go dtí an teach s' againne,
agus cúpla lá do chaitheamh ann. Gheobhaidh tú an
dídean agus an fhéile sin do gheibh gach uile dheoraidhe
a's seachránach do thig an bealach.”
Do thug an cailín buidheachas mór dó, agus d'aontuigh
sí a chuireadh 'ghlacadh. Annsin chuir Maghnus cliabh
na mónadh ar a dhruim, chuir sé an túirne beag ar
a ghualainn, agus ba ghairid go raibh sé féin agus an
strainséir geanamhail 'san tigh. Goidé chomh cineálta
agus bhí Cormac agus a bhean dí nuair do chualadar
gur strainséir agus seachránach do bhí innti! Do bhrón
Cormac tuilleadh mine ar eagla go raibh sean-bhlas ar
an mhin do bhí déanta, agus chuaidh a bhean amach agus
thug sí asteach gugán breágh leamhnachta ó na buaibh.
Ach i lár an tsaothair mhothuigh siad coiscéim ag an
doras, agus cia thig asteach acht geirrseach ghleoite
dhóigheamhail, agus a cuid gruaige fada ruaidhe ag
tuitim anuas 'na fáinneogaibh ar a muineál agus
ar a cuid guailneach.
“A Chormaic Mhic Mhaghnuis,” ars' an gheirrseach
ruadh ag tabhairt aghaidh ar fhear an toighe, “tá m'urlár
gan sguabadh a's tá mo shráid gan glanadh le bliadhain
is fiche!”
“Maise,” arsa Cormac ag cromadh a chinn, “goidé
sin domh-sa?” Do bhí ní ba mhó saighdiúireachta i
gCormac 'san lá 'ná bhí ann 'san oidhche.
“'Seadh, goidé sin duit-sé!” arsa sise ag déanamh
aithrise air. “Goidé sin duit-se luaithreadh bheith ar
m'urlár-sa agus lábán ar mo shráid, agus mo sguab
i bhfolach faoi thalamh agat le bliadhain agus fiche?
Anois ó fágadh d'inghean tar ais agat tabhair domh
mo sguab.”
Dá gcluinfeadh Cormac agus a bhean go dtáinig
Balldearg Ó Domhnaill as an Spáinn agus go raibh
sé ag teacht aníos ag Leithbhearr ní bhéadh oiread
iongantais nó oiread lúthgháire ortha agus do bhí ortha
ar cloistin ó'n gheirrsigh ruaidh go raibh a n-inghean ag
a dtaoibh. Ní raibh dadaidh 'san tigh ar feadh tamaill
fhada acht focla fáilte agus pógadh, óir bhí gáirdeachas
Chormaic agus a mhná agus a mhic do-choimsighthe, agus
níor lugha ar dhóigh ar bith an t-áthas do bhí ar an
tsníomhadóir nuair do chonnaic sí go raibh sí i n-a
baile neitheamhail féin, agus ag a bunadh féin. Fá
dheireadh labhair an gheirrseach ruadh arís.
“Caithfidh mise bheith leis an tséideán sídhe atá ag
teacht aniar ag an Bhrocaigh anois,” arsa sise; “agus
mar sin de, ní fhuil faill agam fanacht go bhfaghthar
an sguab. Acht nuair a gheobhas sibh í ná déanaidh
dearmad dhul síos annsin go Beul Átha an Dún,
agus a caitheamh asteach 'san dún.”
Iar rádh na bhfocal so dí, amach ar an doras léithi
le luas eilte, agus ní fhacthas ní ba mhó í.
“A inghean, a rúin,” arsa bean Chormaic i ndiaidh
imtheacht na geirrsighe ruaidhe, “goidé 'n cineál daoine
na huaisle sin ar chor ar bith?”
“Tá, a mháthair, a rúin,” arsa 'n inghean, “daoine
beaga lúthmhara agus cinn ruadha ar an iomlán aca.
Tá siad cionntach i mórán de rudaíbh iongantacha do
thig i gcúrsa gach aon lá.”
“Uch! sin an chainnt atá fíor,” ars' an mháthair.
“Ach, anois an bhfaca tú duine ar bith eile de
mhuinntir an tsaoghail seo aca? Creidim gur bh'
fhurus a n-aithne i measg na síodh-bhruinneall agus
na síodh-bhuachall?”
“Chonnaic,” arsa 'n inghean. “Do bhí buachaill
breágh gnéadhamhail annsiúd, agus bhí sé an-chosamhail
le mo dhearbhráthair annseo — chomh cosamhail leis agus
tá sgadán amháin le sgadán eile. Do bhí sé ann ó
tháinig cuimhne chugam-sa, agus é ag bróinteoracht gach
aon lá ó mhaidin go dtí 'n oidhche. D'fhás mise agus
é féin suas i gcuideachtain a chéile, agus ar an ádhbhar
sin bhidheamar an-charthannach le chéile; agus is iomdha
comhrádh fada do bhíodh againn agus sinn ag ar gcuid
oibre — mise ag an túirne agus eisean ag an bhróin.
Sílim gur tugadh cead a chinn dó-san indiu fosta, acht
ní fhuil 'fhios agam cár fhágadar é.”
“Ara! buidheachas do Dhia agus do Mhuire go bhfuair
tú féin cead do chinn,” ars' an mháthair; “agus go
bhfuil sinne beo le d'fheiceáil. Is orainn atá an
lúthgháir indiu!”
B'fhíor dí go deimhin. Do bhí a lúthgháir chomh mór
sin agus go dtug an dearmad ortha mórán d'á gcuid
oibre do dhéanamh ar dhóigh chontráilte. Do chuaidh
Cormac amach do thabhairt sgeula a inghine do na
comharsanaibh, agus an taobh chontráilte d'á chasóig
amuigh; d'fhág bean Chormaic an t-im ar an taoibh
amuigh de'n doras, i ndearmad, go dtáinig sgaifte
madadh agus gur alp siad suas é; agus nuair do
chuaidh Maghnus d'ughmughadh an chapaill le haghaidh lóid
arbhair a thabhairt ó'n chuibhreann chuir sé na hamaidhe
faoi'n tsúgán muineáil.
Acht cheana, ba ghairid go raibh an sgeula i n-'ach aon
áit ó'n Mhóinín siar (chan síos ar chor ar bith) go
hIfreann gur fágadh inghean Chormaic Mhic Mhaghnuis
tar ais agus go raibh sí 'na cailín fhásta. Agus dar
ndóigh, thóg an nuaidheacht so gáir iongantais nach
gcualathas a leithéid riamh san gceanntar sin ó'n am
do chuaidh caora soir ag an Bhrocaigh agus madadh
léithi i n-a beul.
I lár an gháirdeachais do chuimhnigh Cormac Mac Maghnuis
ar an sguaib. Agus níorbh' fhada go raibh sé féin,
agus a bhean, agus a mhac, agus a inghean, agus duine
de na comharsanaibh ar an bhealach go Cill Taobhóg.
Nuair do shroicheadar an áit sin thoisigh siad ag tochailt,
agus i mbeagán ama thugadar aníos an tsean-sguab
do bhí adhlaicthe annsin le bliadhain agus fiche. Annsin
bhog siad leo agus níor stad siad go rabhadar ag
Beul Átha an Dúin, agus gur chaitheadar an sguab
asteach 'san tsean-dún do bhí 'san áit sin 'san am úd.
Acht ní mó 'ná go raibh sin déanta aca go bhfacadar
fear, agus bean, agus buachaill, agus cailín, ag
tarraing aniar chúca; agus an bean ag teacht ar
aghaidh agus ag caitheamh asteach 'san dún ball eudaigh
do bhí cuachta suas aici. Ba hiad so Maghnus Mac
Cormaic agus a bhean agus a chlann, agus chomh luath
agus thángadar i láthair luchta an Mhóinín tháinig
inghean Chormaic Mhic Mhaghnuis 'un tosaigh agus chuir
sí cupla míle fáilte roimh mhac Mhaghnuis Mhic Chormaic;
agus ba ghairid gur thuig an dá dhream go raibh aithne
mhaith ag an bheirt óga sin ar a chéile, óir gur chaitheadar
a leanbhánacht agus a n-óige 'san áit amháin, ag sníomh
agus ag bróinteoracht d'uaislibh na gcnoc. Do
thoisigh an t-iomlán aca anois ag cur agus ag fagháil
aithne ar a chéile; agus i n-am ghairid fuair fear
Loch Finne a's fear an Mhóinín amach gurbh' é ainm
baistidh gacha fir aca sloinneadh an fhir eile. Acht
níorbh' é seo amháin do chuir iongantas mór ortha:
tugadh fá deara go raibh a mbeirt mhac chomh cosamhail
le chéile, agus a mbeirt ingheanach chomh cosamhail le
chéile — duine leis an duine eile — go ndeachaidh a
gcosamhlacht tar mheasardhacht. Do chualadar eacht-
raidhe a chéile anois, agus dar ndóigh mheuduigh sin a
gcarthannas, agus tharraing sé ní ba chomhgaraighe
chum a chéile iad.
Daoine ar bith do tháinig i gcuideachtain a chéile ar
dóigh chomh hiongantach, agus a raibh a mbeatha, a
ndreacha, a n-eachtaidhe, agus a n-ainmneacha chomh
cosamhail le chéile níor bh'fhéidir dóibhthe sgaramhaint
i n-obainne, agus níor sgar. Do chuir Cormac
Mac Maghnuis duine go síbín Thomáis Bhrúnaigh fá
dhéin cárta póitín, agus annsin thug sé cuireadh do
bhunadh Locha Finne theacht agus an lá do chaitheamh
ar an Mhóinín. Do chuaidh an dream do tháinig aniar,
dar ndóigh, agus chaitheadar tamall suairceach i
dtoigh Chormaic — an mhuinntear ba sine ag déanamh
crathadh lámh le chéile ós cionn na gcorn, agus an
mhuinntear óg ag tógáil oiread súgachais agus do
tháinig leobhtha. Acht ba ghairid cruinnighthe i gceann a
chéile iad go dtug na máithreacha (ara! is cosmhail go
raibh na máithreacha faireach i bhfad ó shoin féin) fá
deara go raibh a gcuid mac agus a gcuid ingheanach
ag éirghe an-charthannach ar fad le chéile. Thárlaidh as
seo go deachaidh an bheirt bhan agus a gcuid fear
síos chum an tseomra, agus gur dhruideadar aníos an
doras. Ba mhaith do bhí 'fhios ag an cheathrar óga do
bhí i bhfus ins an chistinigh goidé bhí ar siubhal agus go
deimhin níor chuir sé míoshásamh ar bith ortha. Do bhí
comhrádh mór ag an dream do bhí 'san tseomra:
corr-uair bhéadh duine amháin ag cainnt, agus corr
uair an ceathrar; anois ní bhéadh ann acht cogarnach
cluas agus arís do bhéidheadh sé 'na aighneas aonaigh.
Agus, nidh nach iongnadh, do chuala na buachaillidhe agus
na cailínidhe do bhí 'san chistinigh cuid de'n agallaimh,
gidh gur dhoiligh rádh go minic cia bhí ag cainnt.
“Nach bhfuil tú ag 'ul trí ba, colpach, agus dhá
mhuic a thabhairt dí?”
“M'anam nach bhfuil!”
“Seo, seo, béidhmid ag tabhairt dí i gcomhnuidhe!”
“Agus gan agat acht í! Ba leor duit dá
mbéadh seachtar ingheanach agat le cur i gcrích, agus
le deis do chur ortha!”
“Dar ndóigh, ní fhuil agat féin acht aon inghean
amháin, agus deir tú nach dtugann tú dí acht fiche
ceann caorach.”
“Sin a bhfuighidh sí, agus sin a sáith.”
“Seo, seo, nach mbéidh sí sin ag fagháil ar fad?
Nach mbéidhmid ag tabhairt dí i gcomhnuidhe?”
“Uch! a bhean mhodhamhail, bí 'do thost! Is iomdha
duine a mealladh a riamh leis na foclaibh meangacha
sin, ‘béidhmid ag tabhairt dí i gcomhnuidhe.’ Is fada
ó fuair mise amach ar dtús gur geall é sin nach
gcóimhlíontar a choidhche.”
“Maise, tá do bhean féin i ndiaidh na bhfocal ceudna
a rádh; agus go deimhin má rinn mise úsáid díobhtha
féin ní le hintinn gan a gcóimhlíonadh.”
“Anois, fágaidh sin annsin. Nach bhfuil sé dona go
leor agat-sa atá 'do chomhnuidhe i dtalamh mhaith ghlas
chomthrom mar an Mhóinín nach bhfuil tú sásta na
ceithre cinn eallaigh sin agus an dá mhuic do thabhairt
do d'inghin?”
“Agus nach bhfuil sé lán chomh dona agat-sa a bhfuil
sléibhte táinteacha Locha Finne fút nach mian leat
'thabhairt do d'inghin féin acht sgór caorach?”
Ní raibh ann ó seo amach acht cogarnach. Cibé méid
eallaigh fuair cailín amháin nó cibé méid caorach fuair
an cailín eile badh deacair 'innsin anois; acht is
cosamhail go dtáinig leobhtha theacht le chéile ar
shocrughadh éigin 'san deireadh, óir fosgladh an doras
i gceann tamaill, tháinig an ceathrar aníos, agus
chuir Cormac Mac Maghnuis teachtaireacht chum an
Bhrúnaigh ag iarraidh air cúig cheig póitín do dhéanamh
i n-aithghearracht, le haghaidh an dá bhainis do bhí le
bheith i n-a thoigh-sean, seachtmhain ó'n oidhche sin. (Sibh-
se, a Ghaedheala truailleanta na haimsire seo, ar a
mbéidheadh aoibhneas an pháirt sin de'n tSoisgéal i n-a
bhfuil trácht ar an bhainis do bhí i gCana d'fheicsin
stróicthe amach, agus nach dtugann oiread biotáilte
ag bhur gcuid bainseacha féin agus do bháidhfeadh
míoltóg dearcaidh air sin, agus déanaidh admháil nach
bhfuil focal agaibh le rádh ar bhur son féin).
Do cuaidh bunadh Locha Finne siar a bhaile annsin.
Seachtmhain ó'n lá sin chuaidh siad soir chum an Mhóinín
arís, agus baicle mhór daoine leobhtha a fuair cuireadh
chum na mbainseach. Annsin tháinig sagart do bhí
ar a sheachnadh fá chnoc na Glaisighe, agus phós sé mac
Mhaghnuis Mhic Chormaic agus inghean Chormaic Mhic
Mhaghnuis; a's 'na dhiaidh sin, mac Chormaic Mhic Mhagh-
nuis agus inghean Mhaghnuis Mhic Chormaic. Caitheamh an
dá bhainis i dtoigh Chormaic Mhic Mhaghnuis an oidhche
cheudna sin, agus cinnte go leor, dá ndéarfadh
duine ar bith gur oidhche bheag shuarach do bhí innti
badh mhór do-mhaithte an bhreug dó é. Ní raibh oidhche
chomh maith nó chomh mór nó chomh sámhach ar an Mhóinín
nó i nGleann Fhinne riamh roimhe sin, agus nuair nach
raibh roimhe sin ní thiocfadh bheith ó shoin. Do choinnigh
bean Chormaic agus a cuid éanlaith deamhan an ocrais
ar shiubhal ó'n doras; agus go deimhin níor leig an
Brúnach agus a chuid biotáilte do dheamhan an tairt
teacht asteach ar an bhaile ar chor ar bith.
Cúpla lá 'na dhiaidh sin chuaidh lánamhain óg
amháin siar go Loch Finne, agus d'fhan an lánamhain
óg eile thoir ar an Mhóinín.
Ní fhuil mórán iomráidh anois goidé mar chaith an dá
dhream a saoghal 'na dhiaidh sin. Ámhach, tá sé agam-sa
ar ughdarthás nach dtig a bhreugnughadh nach dtáinig 'na
ndiaidh acht ingheanacha uilig. Agus dar ndóigh, tá
sin cosamhail leis an fhírinne, a's chomh dóigh leis an
Cháisg ar an Domhnach, óir ní fhuil oiread a's duine
amháin de na sloinntibh úd i gceachtar de'n dá áit
anois.
Ní hIonann Áit agus a Iomrádh.
“I lár na sléibhte lom úd thoir
Faoi phortach a's léan a's fearthainn bhuig
Tá baile an fhraoich d'á ngoirthear Cearc:
A's má's fíor an sgéal is bocht an cruth,
A's nach cruaidh an cás bheith ag tarraingt air?”
Seo na focla do bhí Mícheál Mac Eidhin a chur i n-alt
a chéile agus a dhranntán nuair do bhí sé ag fágáilt
an bhaile maidin Domhnaigh amháin, i ndeireadh an
Mhárta, le ruaig do thabhairt 'na Circe .i. áit chúil-
riasgmhar shléibhteamhail atá ar an cheann thoir de
pharáiste Chille Taobhóg. Do chualaidh Mac Eidhin
iomrádh, mar chualamar uilig, go raibh seanchaidhe
céimeamhail darbh' ainm Séamas Ua Ceallaigh 'na
chomhnuidhe ar an Chirc, agus go raibh lán mála de
shean-amhránaibh, de shean-dántaibh, agus de laoithibh
Fiannaidheachta aige. Acht do chualaidh Mícheál fosta
mar chualaidh cách gur áit iargcúlta do bhí 'san Chirc,
go raibh na daoine leath-chumhnáilte leis an tsíor-
fhuacht, go raibh cuma corr ar na beathaidheachaibh uilig
ó na buaibh go dtí na cait, nach dtéidheadh duine ar bith
ann acht an té do chaillfeadh caora, agus go mbéadh
cuma chorr air féin, a's ar an chaoraigh nuair do thioc-
faidís tar ais. Mar sin de níorbh' iongantas ar
bith go raibh Mícheál Mac Eidhin ar throm-mheabhrughadh
ag imtheacht ó'n toigh dó an mhaidin úd. Agus go
deimhin do bhéinn féin mar Mhícheál dá mbéinn i n-a
bhrógaibh agus an siubhal céadna romham, agus gan mé
pioc níos eolaighe ar an áit 'ná bhí seisean ins an am.
Acht ní raibh Mac Eidhin le bheith leis féin. A chara
agus a chomráduidhe Tomás Mac Cuill do bhí 'na
chomhnuidhe fá ghiota dó, bhí sé le bheith leis agus bhí
súil agus rún ag an bheirt lá maith do dhéanamh de,
rud nach furust do dhéanamh de lá fhuar cheathaideach
'san Mhárt.
Creidim gur shíl an bheirt nuair nach raibh an tríomhadh
duien leo nach bhfuighfidhe amach a choidhche iomlán d'á
dtángadar thríd an lá sin; acht fuair mise amach é,
a's ó fuair, ní chuirfidh mé lá stopaidh orm féin acht a
innsint.
Nuair do bhí an bheirt ag fágáilt toighe Thomáis Mhic
Cuill ar an charr d'iarr Mícheál Mac Eidhin ar chailín
óg do bhí san toigh an maide briste do chaitheamh 'na
ndiaidh le hádh do chur ortha. Anois b'fhéidir go bhfuil
go leor nach gcreideann 'san mhaide bhriste go díreach
mar tá go leor nach gcreideann i nDia; acht adeir
Mícheál Mac Eidhin, agus tá an fhírinne aige, gur air-
tiogal an-úsáideach atá ann, go socruigheann sé neithe
nach dtiocfadh 'shocrughadh ar dhóigh ar bith eile, agus
nach bhfuilthear ag baint úsáid go leor as ar an
tsaoghal dheireannach so. Cia aca rinn an maide briste
maith ar bith dó-san agus d'á chomráduidhe an lá sin
bíodh sé ar an sgéal 'innsin.
Do thiomáineadar leo síos Srath an Arbhair agus
soir Leitir Bric agus ní dheárnadar moill ar bith go
rabhadar ar an Chlochán. D'fhág siad an beathach agus
an carr annsin, agus bhogadar leo d'éisteacht Aifrinn
ag teach phobail Bhéil Átha an Dúin. Ní rabhadar acht
ag 'ul 'na Circe: sin agus uilig adubhradar a gcuid
urnaighthe chomh dúthrachtach agus dá mbeadh siad ag
'ul trasna fásaigh Sahára! I ndiaidh an Aifrinn
bhuail siad asteach i gcomhrádh le cuid de'n phobal.
Do bhí aithne ag an tsaoghal mhór ar Thomás Mac Cuill
de bhrígh go raibh sé i measg a chuid carad 'san áit, agus
go mbíodh sé ag deánamh taithigheachta ann. Mar sin
de, béidh pian i n-a ghualainn go ceann fada go leor,
fuair sé an oiread sin crathadh lámh. Ní raibh aithne
ar bith ar Mhícheál Mac Eidhin de bhrígh nach raibh sé
'san áit riamh roimhe, acht nuair do thuig cáirde agus
lucht aitheantais Thomáis gurbh é Mícheál Mac Eidhin
do bhí leis do bhíodar an-charthannach ar fad le Mícheál.
Ó seo amach bhí aoibh an gháire ar fad ar Mhac Cuill agus
an siocair aige: cailínidhe sgafánta dóigheamhla ag
sméideadh air agus ag crathadh a gcuid ciarsúiridhe
air, agus iad ag imtheacht nó ag teacht ar a gcuid
carrann, agus seandaoine fiala ag tabhairt curthai-
dheach dó (a's do Mhac Eidhin) chum a gcuid toighthe.
Do bhí aoibh mhaith ar Mhac Eidhin mar an gcéadna, acht
is dóigh gur smuainigh sé ar an asal úd ins an tsean-
sgéal do bhí ag iomchar an iodhail thríd an bhaile mór
a raibh na daoine ag adhradh roimhe. Ba mhaith do
Mhac Eidhin (agus adeir sé féin sin) go raibh Mac Cuill
leis, acht ar an taoibh eile ba mhaith do Mhac Cuill gur
smuainigh Mac Eidhin an maide briste d'fhagháil
caithte 'na ndiaidh ar maidin.
Ba ghoirid go raibh an dá sgafaire tar ais i dtoigh
ósta an Chlocháin. Do bhí lúthgháir mhór ar mháighistreas
an toighe ósta rómpa, agus bhí sí an-chineálta ar
fad dóibhthe. D'innis Mac Eidhin 'san toigh ósta (go
maithidh Dia a chuid bréag dó; is iomdha ceann sub-
stainnteach d'innis sé a riamh), go raibh sé féin agus a
chomráduidhe ag 'ul a dh'iarraidh ban. Creideadh é ar
ndóigh. Do bhí an sgéal cosmhail leis an fhírinne, agus
do réir mar deir Mícheál Mac Eidhin bhí an bealach
a raibh sé féin agus a chomráduidhe ag 'ul air 'na
lorgachaibh uilig ó roimh an Chorgas ag daoinibh do bhí
ag iarraidh dairíribh. Acht nuair cheannuigh fear de
na sgafairidhibh buidéal maith uisge beatha agus chuir
asteach i dtaisge i lár an chairr é níor cuireadh amhras
ar bith 'san sgéal acht 'oiread leis an tSoisgéal.
Ghléas an bheirt ortha annsin, agus soir thríd an
Mhullachán, an Mhóinín, agus Mín-nach-cruaidh leo.
Ó Mhín-nach-cruaidh do chonnaic siad an Coileach (ainm
chnuic mhóir giobaigh) agus d'aithin siad annsin nach
dtiocfadh leis an Chirc do bheith i bhfad ar shiubhal. Do
bhí an bóthar bog, clábarach — chomh bog, clábarach sin
agus go n-abrann Mícheál Mac Eidhin nach bhfuil
aimsear na míorbhailte thart ar chor ar bith nuair nár
slogadh é féin agus Mac Cuill agus an beathach agus
ann carr suas ins an lábán.
“Rud ar bith,” arsa Mac Eidhin le Tomás, “acht
a bheith plúchta i gclábar choimhightheach. Ar ndóigh dá
bfuighfidhe sinn féin ní aithneochaidhe eadrainn, a's
dá bhfeicfidhe ar cuid taidhbhsidhe bhéadh cuma chlábarach
mhío-maiseamhail ortha, agus déarfadh na daoine gur
mheasa stáid dheireannach na beirte sin 'ná a gcéad
stáid.”
Ní raibh dadaidh ar gach taoibh de'n bhóthar acht mínte
boga, móinte, glaiseacha, eabracha, portach, seasgáin
agus sgratha luinge. Dá dtéidhtheá síos i gceann
aca so shábhlóchthá costas tórraidh do do chuid daoine
muinnteardha, chomh cinnte agus tá cos ins an tuairnín.
Rith an bhealaigh uilig bhí sé ag dórtadh amhail agus
dá mbéadh sé gan aon deor do chur a riamh a roimhe;
agus mar gheall air seo, chinn an dá sgafaire aithris do
dhéanamh ar Charles James Fox agus fiafrughadh de
dhuine ar bith as an cheanntar úd a casfar ortha i
gceann fiche bliadhain eile: ar stad an cioth mór úd
nó an ndeárna sé faoiseamh ar bith go fóill.
Tamall maith ndiaidh an mheadhoin lae nuair do bhí
Mac Cuill agus Mac Eidhin ag díospóireacht an
raibh i bhfad aca le dhul anois tháinig siad 'fhad le
gasúr do bhí ag 'ul an bealach céadna agus basgáid
uibheach ar a uillinn leis. Go deimhin, bhí lúthgháir
mhór ar an bheirt aghaidh duine saoghalta 'fheiceáilt
aríst, agus chuireadar an gasúr ar an charr. Ní raibh
Gaedhealg ar bith ag an ghasúr, acht bhí sé úsáideach
le n-a chuid Béarla, óir thaisbeáin sé do Mhac Cuill
agus d'á chomráduidhe teach Shéamais Uí Cheallaigh
agus an camhsa atá ag 'ul síos go dtí é. Nuair do
tháinig an carr go dtí an tsráid do tháinig Séamas
amach agus chuir sé fáilte chroidheamhail Ghaedhealach
roim an dá strainséir neamhfhaiteacha, óir bhí thuairim
aige go raibh a leitéididhe ag teacht. Cuireadh an
seathach 'na stábla, agus d'fhág Mac Uí Cheallaigh
bac mór coirce faoi Mhac Cuill agus d'iarr air gan
coigilt nó spáráil do dhéanamh ar an each. Asteach
chum an toighe leo annsin, agus ba bheag a b'fhiú an
fáilte a bhí rómpa amuigh le taoibh na fáilte do bhí
rómpa astigh. Do bhí cailín donn-ruadh gorm-rosgach
annsin, gnúis chiúin mhacánta uirthi, agus í ag cur
eagair ar an toigh. Do shuidh Mac Cuill ag an teinidh,
agus shuidh Mac Eidhin agus Ua Ceallaigh ag an tábla.
Do thoisigh an seanduine ag cantain seandánta,
sean-laoithe, agus sean-amhrán, agus thoisigh Mac
Eidhin ag sgríobhadh, agus leanadar do'n obair sin
go ceann dhá uair. Annsin do bhí tae réidh ag an
chailín óg, agus cuireadh an dá strainséir síos 'un
tseomra.
“Tá an seanduine sin chomh croidheamhail agus tá
sé Gaedhealach, agus is é is Gaedhealaighe dár casadh
orm a riamh,” arsa Mac Eidhin le Mac Cuill nuair do
shuidh an bheirt asteach a dh'ól an tae.
“Tá,” arsa Mac Cuill, “agus tá a inghean chomh
fial a's atá sí dóigheamhail, agus is í is dóigheamhla dár
casadh orm-sa a riamh.” Le cois a bheith fíor bhí an
freagra so bríoghmhar.
Nuair do bhí a gcuid tae ólta ag an bheirt aníos 'na
cisteanaighe leo, agus chuaidh Mac Eidhin i gceann
oibre aríst ar feadh leath-uaire. Annsin stad sé
agus chuir sé a leabhar i n-a phóca. Do bhí sé ag
éirghe mall 'san tráthnóna; bhí bóthar fada roimhe
féin agus a chomráduidhe; agus asteach le sin ní i
gcúpla uair ó i gcúpla lá nó i seachtmhain do b'fhéidir
méad sean-amhrán agus dánta agus laoithe atá ag
Séamas Ua Ceallaigh do sgríobhadh síos. Adubhairt
Ua Ceallaigh leo go dtiocfadh leo theacht tar ais ins an
samhradh nuair do bhéadh an lá fada agus an aimsir
maith, agus adubhairt siad-san go dtiocfadh, óir bhí
an cuireadh sin mar phréata rósta aca. Tiocfaidh
Mac Eidhin cinnte, agus tiocfaidh Mac Cuill cuid de'n
bhealach ar sgor ar bith.
“Do bhí Stíophan Guinn annseo trí lá i ndiaidh a
chéile ag sgríobhadh Laoithe Fiannaidheachta,” ars' an
seanchaidhe, nuair do bhí Mac Cuill ag cur an bheathaigh
'san charr.
Sin anois chuig na daoine seo adeir nach dtéid duine
ar bith 'na Circe acht an té chailleas caora. Ar ndóigh
níor chaill Stíophan Guinn aon chaora, agus ní mó 'ná
sin a chaill an péire deireannach so do bhí an bealach aon
ceann. Cinnte go leor áit dheas atá 'san Chirc, agus
ní raibh aon duine ann ar cuairt a riamh nach rachfadh ann
aríst. Do bhí baramhail ní b'fheárr ag Mac Cuill agus
ag a chomráduidhe de'n áit an tráthnóna sin 'ná bhí aca
ar maidin, agus adeir an bheirt go raibh muinntir an
toighe i n-a raibh siad ar na daoinibh ba chineálta a
casadh ortha a riamh. Adeir Mac Cuill gur dubhairt
Mac Eidhin go raibh brón mór air féin nach raibh mise
agus Séamas Ó Searcaigh ins an chuideachtain.
Creidim gurbh' í an chiall do bí aige le seo gurbh'
fheirrde do'n fhoirinn searcach a's gurb' fheirrde
do'n tsearcach meanma.
D'fhág Mícheál agus a chomráduidhe slán a's beannacht
ag Ua Ceallaigh agus ag a inghin anois; agus adeir
Mícheál, cibé ba chiall dó, go raibh obair mhór aige féin
Mac Cuill d'fhagháil leis. Dá ndearcfadh duine
asteach air ní raibh iongantas ar bith annseo. Do
thiomáineadar leo anoir annsin, Mac Cuill ag amharc
'na dhiaidh go minic, agus Mac Eidhin ag sméideadh
agus ag leigint air féin nach raibh sé féin acht ag
féachaint anonn ar Chnoc an Choiligh.
“Is mór an lán sean-laoithe atá ag Ua Ceallaigh”
arsa Mac Cuill.
“Ní fhuil a shárughadh i nÉirinn nó i nÁrainn,” arsa
Mac Eidhin. “Níor casadh a leithéid orm a riamh agus
ní chasfar go bhfeicidh mé aríst é. Tá mo leabhar
leath-lán agus ní fhuil an dá fhichideadh cuid d'á bhfuil
aige agam. 'Sí mo bharamhail go gcoinneochadh sé mé
ag sgríobhadh go ceann míosa. Tá dánta aige nár
cruinnigheadh a riamh, agus nach bhfuil 'fhios cia chum iad,
sean-laoithe atá chomh sean leis an chnoc úd thall agus
iad lán d'fhuirimeachaibh na sean-Ghaedhilge, agus
daithte le béasaibh agus modhaibh smuainte na sean-
Ghaedheal, agus asteach le sin focla, abairteacha, agus
cora cainnte atá as úsáid leis na céadtaibh
bliadhan. Taradh Nóm Rúl nó ná taradh, póstar thusa
nó ná póstar, má bíonn sinn beo agus slán go
dtigidh an samhradh rachfamuid 'na Circe aríst.”
Ar an bhealach anoir do bhí Mac Cuill ag cantain
corr-líne annsúd agus annseo as amhrán sin an
Mhúraigh, “By Feal's wave benighted,” agus duine
ar bith atá chomh maol-aigeanta agus nach dtuigeann
sé goidé b'ádhbhar do seo léigheadh sé an t-amhrán úd
ó thús go deireadh, agus an fáth fá'r deárnadh é, agus
béidh 'fhios aige an t-iomlán.
Ag teacht anoir dóibh ar an cheann i bhfus de'n Chirc
fuair diúlach dreachamhail 'fhad leo agus é ag 'ul an
bealach céadna. Cuireadh ar an charr é ar dóigh, agus
thiomáineadar leo. Ba de bhunadh Chineadh Eidhin an buachaill
seo, agus cinnte go leor, thug seo ar Mhícheál Mac
Eidhin agus é féin bheith ag stánughadh ar a chéile corr-
uair amhail a's dá bhfeiceadh gach aon duine aca adharca
ar an duine eile. Nuair do thángadar anoir 'fhad leis
an Mhóinín do stopadar ag bun casáin do bhí ag 'ul
suas go dtí teach do bhí fá thuairim dhá fhichid slat ó'n
bhealach mhór. Ba hé seo áit chomhnuidhe Cloinne
hEidhin na háite sin d'ar díobhtha an diúlach. Ar
dteacht anuas ó'n charr do'n diúlach thug sé cuireadh
do'n dá sgafaire dul suas 'un toighe agus tamall do
chaitheamh ann. B'fhurust aithne go raibh fonn a sháith ar
Mhac Cuill dul suas, agus ar an taoibh eile do bhí sé
doiligh go leor aithne go mb'fheárr le Mhícheál Mac
Eidhin tiomáint leo cá bith ba chiall dó, acht creidim go
raibh réasún aige féin leis. Ar sgor ar bith ní cotughadh
nó cúthaltacht do bhí air: tá aithne mhaith agam-sa air;
tá eolas cruinn agam ar a bhéasaibh agus a nádúir;
agus tig liom a rádh nach bhfaca mé dadaidh d'á cuid
cotuighthe nó a chuid cúthaltacht a riamh. Acht ba hé an
deireadh do bhí ar an eadar-chomhairleach (má's eadar-
chomhairleach do bhí ann) go ndeachaidh an t-iomlán suas.
Ar dteacht chum an sráide dóibh do tháinig fear an
toighe agus a mhac eile amach agus do bhí lúthgháir mór
ortha roimh Thomás Mac Cuill ar a raibh sean-aithne ins
an áit; agus go deimhin níor lugha ar dhóigh ar bith an
fháilte do bhí roimh Mícheál Mac Eidhin nuair do chuir
Tomás a n-aithne ar a chéile. Ní raibh Mícheál saor
gan áthas do bheith air an t-Eidhean do bheith chomh fairsing
agus bhí sé. Do chuadar asteach 'un toighe go neamh-
fhaitcheach annsin, agus bhí crathadh lámh mór ag cailín
deagh-ghnúiseach ciuin-rosgach do bhí astigh roimh Thomás,
agus roimh Mhícheál fosta ar fagháil aithne dí air. Tugadh
ar an dís do tháinig asteach dul suas 'fad leis an
teinidh. Do shnidheadar annsin, — duine aca ag muir-
niughadh gasúir bhig do bhí 'san toigh agus ag cur
neitheann i n-a cheann, agus an duine eile ag comhrádh
leis an tseanduine, ag congbháil súil amháin ar a inghin
do bhí gnoitheach aníos agus síos, agus an tsúil eile ar
phioctúir Sheosaomh Uí Dhoibhleáin do bhí os cionn na
teineadh go díreach agus dá mbéadh sé ag dúil go raibh
an pioctúir ar tí óráide do dhéanamh. Anois cia aca
de'n bheirt a b'fheárr do bhí ag cur a amha asteach nó a
ba mhó do bhí d'á dheánamh féin 'san baile? I gceann
tamaill fuair siad cuireadh síos chum an tseomra,
agus síos leo ar an dara hiarraidh. Goidé bhí réidh
thíos ag an chailín dóibh acht dinnéar, agus níor luaithe
'na suidhe iad 'ná dhá ghloine uisge beatha amuigh ar an
tábla aici dóibh. Acht ní raibh siad-san ag ól; agus do
bhíodar buadhartha i n-a gcroidhe astigh, mar bhéinn féin
dá gcasfaidhe ann mé, nach rabhadar ábalta traet
beag biotáilte do ghlacadh ó láimh chailín agus i dtoigh
chomh fial. Dar a leabhra! ní i ngach uile áit a gheobhadh
siad é.
I ndiaidh an iomláin caithfidh sé gur rud an-mhaith
uisge beatha; óir an síleann duine ar bith go mbéadh
an t-ainm sin air ach go bé gurab eadh? Gan amhras,
ní ólfaidhe oireadh i nÉirinn ach go bé an t-ainm agus
go dtí go n-athruighthear teideal na dighe béidh corr-
ghloine d'á leigint síos thall a's i bhfus. Daoine atá
tugtha do shúghmaireacht agus nach bhfuil ábalta stad de
féadann siad bheith 'na dtruaighe; acht an bhfuil truagh
Mhuire ar an tsaoghal so chomh mór leis an té a bhfuil
an-dúil aige ann agus nach bhfuil ábalta a fhagháil?
Sgríbhneoiridhe, cainnteoiridhe, agus daoine de'n
tseort sin atá ag sileadh a gcuid deor go frasamhail
os cionn na bpótairidhe gach uile lá, ní fhuil oiread a's
deor amháin aca do na míltibh agus na míltibh sin do
bhéadh 'na bpótairidhibh dá dtiocfadh leobhtha é.
I dtaoibh Thomáis Mhic Chuill agus Mhícheáil Mhic Eidhin
má bhí rún deánta aca i n-aghaidh braoin ól ní raibh
rún ar bith deánta aca i n-aghaidh greama ithe, agus
níorbh' fhada go rabhadar ar obair ag dearbughadh
fírinne na mbriathar sin, — “Ní ar arán amháin a
maireas an duine.” Nuair do bhí an dinnéar glacuighthe
aca do shuidheadar thart fá'n teinidh ag comhrádh agus
ag díospóireacht. Ins an áit dheireannaigh i n-a
rabhadar do bhí Mac Eidhin gnoitheach ag sgríobhadh, agus
ar an ádhbhar sin do bhí an saoghal ar a chomhairle féin
ag Mac Cuill. Acht ní raibh bac ar bith ar Mhac Eidhin
annseo; ní raibh dada eile eadar lámhaibh aige; agus
le comhthrom na Féinne do thuit togha na gcrann agus
rogha na ndílsidhe air. Mar sin de ní raibh iongantas
ar bith nuair do bhíodar ar tí imtheacht go raibh oiread
saothair ar Thomás Mícheál 'fhagháil leis agus do bhí
ar Mhícheál Tomás 'fhagháil leis as an áit eile.
Fá dheireadh thall nuair do bhí sé ag tarraingt suas
leis a haon déag a chlog adubhairt Mac Cuill go raibh
sé i n-am dóibh imtheacht, mara bhfanfadh siad leis an
Phaidrín, agus le sin do chuaidh sé féin agus an dá
bhuachaill do bhí san toigh amach dh'ughmughadh an bheathaigh.
Ba é sin go díreach an t-am adubhairt fear an toighe
le Mac Eidhin dá mbéadh sé ag 'ul 'na Circe aríst
ins an tsamhradh le tuilleadh dánta do sgríobhadh síos
ó Ua Ceallaigh go dtiocfadh leis oidhche do caitheamh
aca-san. Nár chineálta é cuireadh de'n tseort do
thabhairt do dhuine nach bhfaca sé a riamh a roimhe?
Agus nidh nach iongnadh, tá sé d'fhiachaibh ar Mhícheál
síor-bhuidheachas do bheith aige ar an fhear so a
chomhshloinneadh. Dobheir sé an chraobh dó féin agus d'á
chloinn go bhfuilid ar an daoinibh is féile agus is
tarraingtighe 'san chonndae.
I n-áit mhaith is iomdha moill bhidheas eadar ceileabhradh
agus imirce. Mar sin de, ní raibh sé i bhfad ó'n
mheadhon oidhche nuair d'fhág Mac Cuill agus Mac
Eidhin an Móinín ag tarraingt ar an bhaile. Do bhí
oidhche dheas chiuin ann — chomh deas agus chomh ciuin sin
agus bhéadh ann i nDeireadh Foghmhair. Ach do bhí sé
an-uaigneach de bhrígh go raibh an trup ar shiubhal ó na
bealaighibh móra agus na solais as ins an toighthibh.
Ámhach, ní raibh an dá charaid ag smuainiughadh ar
uaigneas na huaire nó ag tabhairt fá dear áilneacht
na hoidhche. Do bhidheadar ag meabhrughadh. Agus
thríd an mheabhrughadh fhobair go toiseochadh Mac
Eidhin ag canadh “By Feal's wave benighted,” go
díreach mar thoisigh Mac Cuill ar an amhrán chéadna
iar bhfágáil na Circe dóibhthe. Acht fuair Mícheál é
féin do stopadh go díreach sul ar aithin a chomráduidhe
goidé bhí ag teacht, óir níor mhaith leis a chara fagháil
amach gur éirigh an rud céadna dó-san d'éirigh dó
féin. Anoir leo thríd an Chlochán, an Árd Leathan, an
Gall-bhaile (bíodh 'fhios agat, a léightheoir, go bhfuil
a leithéid d'áit ann) agus Leitir Bric, baile a fuair
an t-ainm ó bhreac leathtromach a fuaras ar mhullach
cnuic ann i ndiaidh trághadh na Díleann. Do tháinig
an dá charaid anoir Mín na Gualann agus iad breágh
sásta de'n lá, de'n aistear, agus de mhéad daoine
do casadh ortha. Fuaradar amach go bhfuil níos mó
ná aon chiall amháin leis an tseanfhocal sin: “Is
glas na cnuic i bhfad uainn,” agus sgar siad le chéile
leis an bharamhail seo nach ionann áit agus a iomrádh.
Agus ó thárla go dtáinig na neitheanna mar thángadar
ní raibh iongantas ar bith go raibh Mac Eidhin ag cur
i n-alt a chéile, agus ag canadh mar seo ar a bhealach
a bhaile:-
“I lár na sléibhteadh fraochach glas
Tá áilneacht, féile a's caoimheas deas,
Nuair thiocfas séasúr gréine a's teas
Mac Cuill a's mé féin go bpillidh 'r ais.”
Sin anois chugaibh gan bhréig, gan áidhbhéil, gan
chamadh, méad a dtáinig Mícheál Mac Eidhin agus
Tomás Mac Cuill thríd an lá úd, agus tá dúil agam
go mbéidh oiread lúthgháire ortha anois 'ghá léigheadh
agus tá orm-sa 'ghá innsin.