Réamhrádh do'n dara chur amach.    
Cuireadh an Leabhar seo i gclódh an cheud uair ins  
an bhliadhain 1915; rinneadh ath-chlódhadh air trí bliadhna  
'na dhiaidh sin; agus seo anois an dara cur amach.   
Má's comhartha maith ar leabhar ceannach maith ba  
chóir go mbéadh an sgríbhneoir sásta.  Agus an  
dream áirid sin ar luigh an mhór-chuid de'n gnóthughadh  
aca, a's a rinn foghmhar i n-áit nach ndéarnadar  
curaidheacht, dar ndóigh, ba cheart go mbéadh siad- 
san an-sásta.    
Ní dhéarnas athrughadh ar bith ar leagan an leabhair  
nó ar an chanamhain.  Agus i taoibh an litrighthe  
tá na focla go h-uile go díreach mar bhidheadar ach  
amháin gur fágas an “t” amuigh as an fhocal “acht,”  
agus an “dh” lár amuigh as modh choingheallach na  
mbriathar.  Sin a bhfuil d' athrughadh déanta, agus  
ní mó ná gur fiú trácht air.    
Ba mhaith an sgeul do'n teangaidh dá mbéimís gan  
iomrádh do chloistin ariamh ar litriughadh shimplidhe,  
ar litrighadh bheárnach, nó ar na h-abhlóiríbh do bhunuigh  
an ghlagaireacht sin.  Ach thárlaidh ann iad caithfear  
a gceannsughadh, agus gan leigint dóibh cúigeadhachas  
a chongbháil beo, a's an Ghaedhealg a ghearradh suas  
'na giotáibh beaga.  Ní fhuil dóigh ar bith le seo do  
dhéanamh acht glacadh leis an litriughadh cheudna ó  
chionn go cionn na h-Éireann.    
Tá an leabhar seo ar liosta na leabhar fá choinne  
na Sgoltach Náisiúnta; tá sé i n-úsáid ins na  
Sgoltachaibh Eadar-mheadhona; agus mar an gceudna  
tá sé ar na cúig nó sé 'cheannaibh atá ainmnighthe do  
na h-Árd-Rangaibh ins na Coláistidhibh Samhraidh.    
Seaghan Mac Meanman.
Iorrus,  
Cluain Máine,  
Inis Eoghain.    
An Mhí Buidhe, 1922.    
Réamhrádh  
do'n cheud chur amach.    
Tá súil agam go dtaitneochaidh na sgeulta nuaidh-
dhéanta seo leis an léightheoir.  Baineann an t-iomlán  
aca le saoghal na h-Éireann agus na n-Éireannach, a's  
ó thús go deireadh tá iarraidh tugtha na modha smuainte,  
na beusa, agus na cora cainnte do bhíodh ag ár sean-
aithreachaibh a's ár ngar-aithreachaibh do tharraingt asteach  
ins an innsin.  Na seanóiridhe Gaedhealacha seo a  
d'imthigh go formhothuighthe mar sneachta earraigh le fiche  
bliadhain do bhí mórán mór nós agus abairteach aca  
nach bhfuil ag na sóisearaibh leath-Ghallda.  Do bhí  
Gaedhealg bhríoghmhar bheacht aca fosta, acht tá sí ag  
meath, a's ag crupadh, a's ag gannadh i mbeul na  
ndaoineadh do tháinig 'na ndiaidh.  Agus i n-áit an  
chreidimh láidir do bhí aca-san i neachaibh spioradálta  
agus i ngníomhachas do-fhaicseana, síodhuidhthe,  
taidhbhsidhe, taiseacha, áidhbheirseoiridhe, Liamanna  
Sopóg, samhailteacha, ádh, dán, a's cinneamhain, ní  
fhuil ag cuid againne acht creideamhnas marbhánta  
nach síneann leathórdlach taobh thall d'amharc ar súl.    
Sgríobhadh na sgeulta seo eadar amannaibh le  
cupla bliadhain.  Cuireadh cuid aca chuig an Oireachtas,  
a's cuid chuig na páipéir nuaidheachta.  Mar sin de, do  
bhí an t-iomlán aca i gclódh cheana féin.  Dá n-éireochadh  
liom cead 'fhagháil ó Choiste Fheise Thír-Chonaill do béadh  
cupla ceann de na sgeultaibh do chuireas chuig a  
bhFeis-sean ins an tiomsughadh so.    
I dtaoibh an litrighthe, gidh go bhfuil dhá chumadh ar  
chúig nó sé d'fhoclaibh, do rinneas úsáid de na  
fuirmeachaibh atá ag na h-ughdaraibh is feárr a's is  
beichte.  De mo dheoin féin ní dheárnas aithghiorra ar  
na briathraibh, a's níor fhágas na mion-fhocla nó na noda  
sin amuigh do ba cheart bheith astigh do réir riaghlach  
gramadaighe.    
I dtaoibh na canamhna tá súil agam go dtuigfidh an  
Muimhneach a's an Connachtach an cainnt chomh réidh  
agus chomh maith leis an Ultach nó an Iniscaoileach.  Ba  
deacair aontughadh leis na sgríbhneoiridhibh sin nach  
dtógann súil ó n-a gceanntar nó a bparóiste féin,  
a's a fhágas canamhain na gceanntar nGaedhealach  
eile ar dearmad.  Tig le duine úsáid do dhéanamh  
de choraibh cainnte agus d'abairteachaibh a chúigidh féin  
agus ins an am cheudna gleus labhartha agus caoi  
focal na gcúigeadh n-eile do tharraingt asteach nuair  
bhíos siad-seo ceart do réir litridheachta.    
Tá muinighin agam go mbéidh an ghluais agus an  
foclóir tairbheach do'n mhórán sin atá ag foghluim na  
Gaedhilge.  Gheobhthar ionnta, mar gheibhthear i measg  
na ndaoineadh, focla nach hfuil tugtha ag Ua Raghallaigh  
nó ag Ua Duinnín.    
Tairgim mo bhuidheachas do'n “Weekly Freeman” 
a's do'n Chlaidheamh Soluis ar son a gcead, a tugadh  
go toilteanach, na sgeulta so d'athchlodhadh.  'Fhobair  
go gcaithfinn buidheachas do thabhairt do Choiste Fheise  
Thír-Chonaill fosta.    
Táim faoi oibliogáid mhóir do mo charaid Seosamh  
Laoide.  Do léigh sé na fromhtha go dúthrachtach, a's  
gidh nach rabhamar ar aon-intinn i gcorr-phuinnte, ba  
mhaith cuideadh an Laoidigh ag tabhairt fá deara  
earráideacha clódh a's ag cur dlúthais leis an obair.    
Seaghán Mac Meanman.
Ceann Garbh,  
Loch Finne,  
i dTír Chonaill.
   
Eanair, 1915.     
SGÉALTA GOIRIDE GHEIMHRIDH. T
Toghadh as Sgríbhneoireacht Sheagháin Mhic Mheanman.
“Ní bhfuighidh fear ar bith m'inghean-sa,” arsa Seumas, “acht  
an fear a mbéidh dhá phunta dheug ar á laighead 'san bhanc aige.”      
Páidín Ua Duinnín.
I.
Nuair a fuair sean-Ruaidhrí Ua Duinnín do bhí 'na  
chomnuidhe thall ins na Cruachaibh Gorma bás (go  
ndéanaidh an Rí grásta air, má's é a thoil é), d'fhág  
sé an giota talaimh do bhí aige, an teach, an tsean- 
spáid, an maide pota, an píopa, agus an meud eile  
nár bh'féidir leis áirdiughadh leis ag n-a mhac Páidín.   
Agus bhí Páidín an-chosmhail le n-a athair.  Duine  
sásta soineannda do bhí ann nach nglacfadh corruighe  
le rud ar bith nó in áit ar bith acht nuair do bhéadh  
sé 'na sheasamh ar shráid aonaigh na nGleanntach nó na  
Brocaighe, agus braon beag a bhárraidheacht ólta aige.   
Agus bhí Páidín cosmhail le n-a athair ar dhóigheannaibh  
eile.  Bhíodh a theach i gcomhnuidhe fosgailte do lucht  
siubhail aige.  An Bacach Mór do thigeadh aníos as na  
Rosaibh, Bacach na hÁidhbhéile anuas as Connachtaibh,  
an Bacach Ruadh anoir as Gleann Fhinne, agus Bacach  
na bPaidrín aniar as Gleann Cuilm Cille, gan trácht  
ar meud radairidhe eile do thigeadh an bealach — do  
ghoireadh an t-iomlán aige, do-gheibhidís uile lóistín  
oidhche aige, agus go leor préataidhe agus mine le  
cur i na gcuid bagáistidhe ar maidin.    
Oidhche amháin, nuair do bhí Páidín Ua Duinnín 'na
shuidhe ag an teinidh, ag caiteamh an phíopa mar ba  
ghnáthach leis, cia phreab asteach acht Bacach na hÁidh- 
bhéile.    
“Go mbeannuighidh Dia annso,” arsa an Bacach go  
dána.    
“Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, agus 'sé  
do bheatha,” arsa Páidín go humhal; “tarraing aníos  
comhgarach do'n teinidh.”    
Acht ní raibh cuireadh ar bith a dhíth ar an Bhacach.   
Chaith sé a chuid sean-mhalaidhe ins an gcoirnéal,  
tharraing cathaoir chuige, chuir sé a chuid spág asteach  
ins an luaith, agus b'éigean do Pháidín é féin do  
chruinniughadh asteach le h-áit téighte d'fhágáil ag an  
strainséir stráiceamhail.    
“An bhfuil sgeul úr ar bith leat, a Bhacaigh,” arsa  
Páidín.    
“Dheamhan faic,” ars' an Bacach, “acht gur pósadh  
cupla lánamhain ar na Gleanntaíbh indé, go bhfuil  
Seumas Maguidhir ag teacht as an Óileán Úr, agus  
chuala mé indiu go bhfuiltear ag cainnt ar bhealach  
traen do dhéanamh thríd Bhaile na gCreach.”    
“Bhal! Bhal!”
“A's tá an sgeula ag 'ul thart fosta,” ars' an  
Bacach, “go bhfuil coileach ar an Ghrafadh atá ag  
sgairtigh d'ló agus oidche gan stad, agus bhí fear ag  
innsin aréir domh go bhfuil taidhbhse Mhín an Líonacháin  
le feiceáil arís.”    
“Bhal! Bhal!”
Acht níor chuir na sgeulta so leath-oiread iongantais  
ar Pháidín agus bhí sé a leigint air féin.  Bhí 'fhios  
aige gurbh' é Bacach na hÁidbhéile a sgeulaidhe, agus  
ba mhinic roimhe d'éist sé le neithibh chomh hiongantach nó  
ní b'iongantaighe, ó'n fhear cheudna.    
“An bhfuil fhios agat, a Pháidín,” ars' an Bacach,  
“goidé bhím ag smuainiughadh air anois agus aríst,  
agus goidé bhíos ag smuainiughadh air indé nuair  
chonnaic mé na lánamhna?”    
“Dheamhan 'fhios agam, a Bhacaigh,” arsa Páidín.
“Bhal, dubhairt mé liom féin,” ars' an Bacach,  
“gur chóra dhuit-se pósadh 'ná do mhórán, agus gur  
mhó bhí bean a dhíth ort 'ná ar mhórán; go gcuirfeadh  
bean mhaith gné eile ort féin agus ar do thoigh, agus  
annsin, gur bh'fhusa do strainséir dóigheamhail ar bith  
theacht asteach agus oidhche chaitheamh agat.”    
“Dheamhan greim de'n fhírinne nach bhfuil agat,”  
arsa Páidín, ag tabhairt an phíopa do'n Bhacach.    
“Mar sin de,” ars' an Bacach, “craith suas thú  
féin agus dearc thart go bhfeicidh tú goidé thaitneochadh  
leat;” agus chuir sé cuma shúgach air féin ag tarraingt  
an phíopa.    
“Bhal anois, a Bhacaigh chóir,” arsa Páidín, “b'fhéidir  
go mbéitheá ag 'ul thríd Bhaile na gCreach i mbárach nó  
anóirthear.”    
“Béidh, i mbárach.”
“Bhal, thig leat iarraidh ar Dhomhnall na Dála theacht  
annseo oidhche Luain seo chugainn, go bhfuil obair bheag  
eadar lámhaibh agam-sa, agus go bhfuil a chuideadh agus  
a chuideachta a dhíth orm.”    
“Ó, dar a' leabhra iarrfaidh agus go rathuighidh an  
Rí an obair sin,” óir bhí 'fhios ag an Bhacach i n-a  
chroidhe astigh, goidé 'n obair í do bhí i n-a cheann.   
Bhí 'fhios aige gur fear mór cleamhnas do bhí i  
nDomhnall na Dála, agus gur mheas na buachaillí óga  
nárbh' fhéidir dhul ar aghaidh ins na neithibh sin gan a  
chuideadh.    
“A Bhacaigh, tá mé ag cur rúin ort gan labhairt air.”    
“Leabhra! cuirfidh mé an t-iomlán faoi mo chois.”
Chuadar a chodladh annsin, agus ar maidin i ndiaidh  
a dhá sháith 'ithe, agus neart mine agus préataidhe do  
chur i n-a mhálaidhibh, chruinnigh Bacach na hÁidhbhéile suas  
a chuid bagáistidhe, d'fhág slán ag Páidín, agus  
d'imthigh leis ag portaidheacht agus ag crónánacht go  
haigeantach.  Agus ba hé sin féin an Bacach dána!    
Chuaidh an t-am thart gan mhothughadh.  Agus ní raibh  
an píopa lasta i gceart ag Páidín oidhche Luain nuair  
a fosgladh an doras agus léim Domhnall na Dála  
asteach.  Bheannuigh sé do Pháidín agus chuir Páidín na  
mílte fáilte roimhe, fuair sé suidhisteog dó, agus  
shín an píopa chuige.    
“Bhal, dar mo chubhais!” arsa Domhnall, eadar na  
séideánaibh, “tá áthas orm (puf) go bhfuil tú (puf,  
puf) ag musgladh suas (puf).”    
“Thug Bacach na hÁidhbhéile sgeula duit,” arsa  
Páidín.    
“Dar an leabhra thug (puf), agus táim de'n  
bharamhail (puf, puf), gur innis sé do thuilleadh é  
(puf).”    
“Maise, chuir mise rún air.”
“Och! go bhfóiridh (puf) an Rí ort!  Rún ar an  
tsean-chabaire sin!  Bhéadh (puf, puf) sé chomh maith  
agat bheith amuigh ag bagairt ar an ghaoith (puf).”    
Shín Domhnall an píopa chum Pháidín, agus chaith an  
bheirt tamall ag amharc ar an chat a bhí 'na shuidhe agus  
a dhruim leis an teinidh.    
“Goidé 'nois?” arsa Páidín fá dheireadh.
“Tá,” arsa Domhnall, “goidé 'n cailín a raibh tú  
ag smaoitiughadh uirthi?”    
“Máirín Ní Mhannacháin i Mín an Líonacháin,” arsa  
Páidín go bródamhail.    
“Cáilín maith a bhfuil dul ar aghaidh innti,” a Pháidín.
“Fuair a hathair, sean-Seumas, oighreacht mhór as an  
Oileán Úr ar na mallaibh, agus ní dhéanfaidh sin dochar  
ar bith dó'n inghin.  Le n-a chois sin ní fhuil áireamh ar  
bith ar a chuid caorach.  An bhfuil biotáilte ar bith  
agat?”    
“Tá buidéal chúig naigín agam.”
Fuair Páidín an buidéal agus thug sé do Dhomhnall  
é.  D'ól Domhnall steall beag as, ag rádh — “Do  
shláinte, a Pháidín, bean mhaith, saoghal sámh fada  
chugat, agus ádh mhór ar ar shiubhal.”    
“Amén, a Thighearna!”
D'ól Páidín sláinte Dhomhnaill annsin.  D'iarr  
Domhnall air deifir a dhéanamh, agus i gceann tamaill  
bhí sé ullmhuighthe le himtheacht, agus ó thárla nach raibh  
duine ar bith le beannacht do chur leobhtha, dubhairt  
siad an rann so —    
“I n-ainm an Athar ar leis an bhuaidh,   
Agus an Mhic a d'fhulaing an phian;   
Muire Mhór 's an naomh-shluagh   
Go raibh linn i n-ár dtriall!”    
Annsin tharraing siad an doras amach 'na ndiaidh,  
rinne siad aithghiorra treasna na gcnoc, agus nuair  
shroich siad teach Sheumais Uí Mhannacháin, bhí a n-anál  
ar bhárr a nguib leobhtha.  Bhí Seumas 'na shuidhe ar  
thaoibh amháin de'n teinidh, ag caitheamh a shean-dúidín,  
agus gan dadaidh eile ag cur bhuaidheartha air ach ag  
coimheád goidé 'n bealach a rachfadh an toit nuair a  
thigeadh sí amach as a bheul.  Bhí a bhean 'na suidhe os a  
choinne anonn, agus í ag cniteáil, agus bhí a inghean ag  
sníomh ar an túirne bheag le taoibh an dreisiúir.   
Nuair tháinig Domhnall agus Páidín asteach, chuir bunadh  
an toighe fíor-fháilte rómpa, agus rinneadh réidhteach ag  
an teinidh dóibhthe.  Chaith siad tamall ag stánughadh ar  
a chéile, agus fá dheireadh thug Domhnall aghaidh ar  
Sheumas, agus arsa seisean — “Tháinig mise annso  
anocht, a dh'iarraidh mná do Pháidín Ua Duinnín  
annso.”    
Stad Seumas ag coimheád toite 'n tobaca agus  
thoisigh sé ag amharc ar an teinidh, d'fhag an tsean-bhean  
a cuid cniteála ar an bhac agus d'amharc sí ar Pháidín,  
agus rinne an cailín óg sgíth bheag ag an túirne;  
acht níor labhair ceachtar aca.    
“Á! buachaill maith macánta é,” arsa Domhnall,  
“buachaill a bhfuil caoi mhaith air.”    
Sul a dtug sé faill do dhuine ar bith eile labhairt,  
d'iarr sé buidéal na gcúig naigin ar Pháidín.  Acht  
ní bhlasfadh bunadh an toighe aon deor de.  B'olc an  
comhartha sin, agus bhí 'fhios ag Páidín agus a  
chomráduidhe gurbh' eadh.  Fá dheireadh thall, d'fhág  
Seumas an dúidín ar an bhac, agus leag sé a dhá  
shúil gheura ar Pháidín agus arsa seisean — “A Pháidín,  
an bhfuil airgead ar bith 'san bhanc agat?”    
“Leoga, ní fhuil, a Sheumais,” arsa Páidín, “nó  
mórán 'san bhaile ach a oiread.”    
“Bhal, a Pháidín, a thaisgidh!” arsa Seumas go ciuin,  
“bhí mé an-mhór le d'athair agus do mhátháir (go  
ndéanaidh an Rí grást' orra), agus tá mé an-mhór le  
Domhnall annsin, agus tá mo sháith lúthgháire orm sibh  
fheiceáil in mo thoigh anocht.  Acht ní fhuil súil agam  
m'inghean 'thabhairt do fhear ar bith acht an fear a  
mbéidh dhá phunta dheug ar a laighead 'san bhanc aige.”    
Bhí an breitheamhnas tugtha anois.  Deurfadh  
Domhnall tuilleadh i leith Pháidín, acht ní raibh gar ar  
bith leis ann, agus d'éirigh an bheirt agus dubhairt go  
raibh an t-am imtheacht.  Chuaidh Seumas agus a bhean  
leobhtha 'fhad leis an doras, agus chuir siad slán agus  
beannacht leobhtha.    
“Anois, a Domhnaill,” arsa Páidin nuair a bhí an  
bheirt giota maith ar shiubhal ó'n toigh, “goidé do  
bharamhail de sin?”    
“Tá, maise,” arsa Domhnall go heagnaidheach, “dá  
mbéadh Seumas gan an oighreacht ní bhéitheá-sa gan  
a inghin.”    
“Dar a' leabhra, sin an chainnt atá fíor go leor,”  
arsa Páidín, “acht goidé dhéanfar anois?”    
“Tá,” arsa Domhnall, “rachfaidh mise abhaile,  
agus gabh thusa abhaile, agus oidhche Dhomhnaigh seo  
chugainn bhéarfaidh mise ruaig 'un toighe s'agat-sa go  
leagamuid neitheanna amach.”    
Annsin d'fhág an bheirt slán ag n-a chéile agus ghlac  
gach duine aca a bhealach féin.  Agus ba hí siud an  
oidhche dhorcha uaigneach.  Bhí an ghaoth ag déanamh  
cogarnaighe uaignighe i measg dosann fraoich agus  
raideoige.  Ar na léantaibh glasa comhthroma eadar  
na Cruachaibh Gorma bhí an Sluagh Sídhe ag iomáin, agus  
Liam na Sopóige ag congbháil solais dóibhthe.     
II.
Oidhche lá ar n-a bhárach, nuair a bhí Páidín ag cur  
mónadh ar an teinidh, cia tháinig asteach acht an Bacach  
Ruadh.  Chuir Páidín oiread fáilte roimhe agus dá  
mbéadh sé gan a fheiceál le seacht mbliadhnaibh thart, 
agus d'iarr air gan coimthigheas ar bith do dhéanamh  
i n-a thoigh.  Acht ní raibh feidhm iarraidh air, óir ba  
hé sin an rud deireannach do dhéanfadh an Bacach i  
dtoigh ar bith.    
“Agus a Bhacaigh, goidé mar tá tú?” arsa Páidín,  
ag fagháil suidhistín dó.    
“Uch! tá, ag troid leis an tsaoghal,” arsa 'n  
Bacach Ruadh, nuair fuair sé é féin suidhte 'san  
choirnéal, agus a chuid sean-mhálaidhe caithte ar gach  
taoibh de, “lá níos sine agus lá níos measa.  Acht  
'fhad agus tá duine i n-innmhe bogadh thart, ní fhuil  
ádhbhar ar bith gearáin aige.  Goidé mar tá tú féin?”  
Agus cinnte go leor bhí cuma ar an Bhacach go raibh sé  
ag troid leis an tsaoghal nó le rud éigin do bhí ní ba  
láidre 'ná é féin, óir bhí a chuid eudaigh uile stróctha  
stiallta, cuid 'na phollaibh agus cuid 'na paistidhibh,  
agus níorbh' fhurus dhéanamh amach cá raibh an cheud  
eudach.    
“Tá mé go measardha, a Bhacaigh,” arsa Páidín go  
modhamhail, “cá raibh tú ar aoidheacht aréir?”    
“Thoir i dtoigh Mhaghnuis Mhóir Uí Fhrighill ag an  
Droichead Úr,” arsa 'n Bacach.    
“An gcuala tú dadaidh úr nó iongantach ar do  
bhealach?”    
“Dheamhan mórán, a Pháidín, acht is breágh an bheirt  
ingheanach atá ag Maghnus Mór.  Creidim go bhfuil  
aithne mhaith agat orra.”    
“Leabhra, tá, a Bhacaigh.”
“Feudaim innse dhuit, a Páidín, go gcuala mé an  
ceann is sine ag rádh aréir leis an cheann is óige gur  
chóir do dhuine éigin aca geasróg Shamhna do leagaint  
oidhche Shamhna.  Bhí mise ag cúil-éisteacht leobhtha.”    
“‘Leag thusa geasróg,’” arsa Méadhbha, “‘is  
tusa is sine, a Chaitlín.’”    
“‘Maise,’” arsa Caitlín, “‘rinne mé dearmad  
de'n mhodh do b'fhearr le geasróig mhaith do leagaint.’”    
“‘Is furus a dhéanamh,’” arsa Méadhbha, “‘ní fhuil  
agat acht dhul amach chum an sgiobóil ar an mheadhón  
oidhche, solas agus súiste leat, agus toiseach do  
bhualadh arbhair.  Nuair bhéas punnann amháin buailte  
agat, caith i bhfogus do'n doras í, agus an comrádhuidhe  
atá le bheith agat, tiocfaidh sé asteach, sgiobfaidh sé  
an phunnann leis, agus ar shiubhal.’”    
“‘A Mhéadhbha,’” arsa Caitlín, “‘bhéadh critheagla  
orm sin a dhéanamh liom féin.’”    
“‘Rachfaidh mise leat,’” arsa Méadhbha, “‘acht  
caithfidh tú dallóg do chur orm, óir ní fhuil duine ar  
bith leis na neithibh d'fheiceáil acht thú féin.’”    
“‘Ceart go leor,’” arsa Caitlín, “‘ní fhuil  
dóchas nó creideamh agam féin ann, acht 'ar ndóigh  
tig linn a dhéanamh mar ghreann.’”    
“Bhal, bhal,” arsa Páidín, nuair do chuala sé  
comhrádh na gcailín; “tá sin sómhraidheach.  Chá fhad  
go hOidhche Shamhna?”    
“O! béidh sé ann 'san oidhche i mbárach,” arsa 'n  
Bacach.    
Agus d'éirigh Páidín ní ba tostaighe 'ná ba ghnáthach  
leis.  Chaith an Bacach Ruadh an oidhche sin aige, agus  
ar maidin, i ndiaidh a sháith d'ithe, agus a chuid sean- 
mhálaidhe dhéanamh ní ba truime, d'imthigh sé leis le  
tuilleadh cnuasaigh agus tuilleadh stocaireachta do  
dhéanamh i gcoirnéal éigin eile.    
Tháinig Oidhche Shamhna.  Agus nuair mheas Páidín  
go raibh sé mall go maith 'san oidhche, do choigil sé an  
teine, do tharraing an doras amach 'na dhiaidh, agus thug  
a aghaidh ar an Droichead 'Ur le dearg-dheifir.  Fágaim  
le h-údhacht gur oidhche ghaothach dhorcha do bhí ann!   
Ba mheasa 'ná sin an t-uaigneas do tháinig anuas ó  
na Cruachaibh móra Gorma — síor-chomhnuidhe an uaignis —  
ar na bóithribh agus comhgarach do na toighthibh.  Ní raibh  
oiread a's sidheog féin le feiceáil.  Do bhí Sluagh  
Sídhe na gCruach ar shiubhal ag cnódhaireacht i gcnó- 
choilltibh i gcéin.  Do bhí Liam na Sopóige, an  
seachránach bocht, ar foluamhain eadar na bogaighibh  
agus na seasgánaibh, agus é ag tabhairt a sháith le  
déanamh dó an sop do chongbháil lasta.    
Shiubhail Páidín Ua Duinnín leis trés an dorchadas  
agus an uaigneas agus, nuair do shroich sé sráid thoighe  
Mhaghnuis Mhóir, rinn sé moill, óir thug sé fá deara  
an doras dá fhosgailt, agus toirt beirte agus solas  
leo ag teacht amach, agus ag déanamh go ciuin ar an  
sgioból, agus níorbh' fhada go gcualaidh Páidín an  
tsúisteacht éadtrom astigh.  Bhí 'fhios aige go maith  
goidé b'ádhbhar dó sin.  Dhruid sé anonn chun an  
sgiobóil, agus nuair do caitheadh an phunnann anall i  
n-aice 'n dorais, mar chomhartha go raibh sí súistrighthe,  
do léim sé asteach, thóg an phunnann anall agus chuir  
faoi n-a oscaill go fadálach í, le faill 'thabhairt  
do'n tsúisteoir dearcadh air, agus gan focal do  
lábhairt, amach leis agus ar shiubhal, agus ní dheárnadh  
moill nó comhnaidhe leis gur shroich sé an baile, agus  
gur shuidh sé síos ar an tsúisteoig i n-a choirnéal féin.     
III.
Tháinig oidhche Dhomhnaigh.  Agus go gearr i ndiaidh  
clapsholais do shuidh Páidín síos ar an tsean- 
tsúisteoig, le comhrádh beag do bheith aige le duine  
stuamdha céillidhe, i. é féin.  Do bhí cuma chuimeir ar  
gach uile rud ins an toigh agus do bhí na comhnuigh- 
theoiridhe uile suaimhneach síothchánta.  An madadh  
breac agus an cat riabhach do bhíodh i gcomhnuidhe ag  
troid agus ag ciapáil nuair do bhídheadar óg,  
dásachtach, bhí siad anois carthannach go leor le 'chéile;  
thug aois a's creapaltacht na haoise fá deara orra  
bhruigheanta na sean-laethe do thabhairt i ndearmad,  
agus anois do bhí druim an mhadaidh mar leabaidh ag  
an chat.    
“Dar mo chubhais!” arsa Páidín leis féin, “is  
breágh an cailín Caitlín agus ba mhaith an ghné do bhí  
uirthi le solas na coinnle gidh go raibh a haghaidh odhar.”    
Agus sul má raibh faill aige a bharamhail do  
dhéanamh ní ba dhaingne le hath-rádh, do chuala sé  
coiscéim ag an doras, agus ar fheuchaint thart dó,  
chonnaic sé Domhnall na Dála ag spaisteoireacht  
aníos an t-urlár.  Sin an áit i n-a raibh an beannughadh  
agus an fháilte.  Shuidh Domhnall síos go sócamhlach ar  
an taoibh eile de'n teinidh.    
“Agus a Domhnaill,” arsa Páidín, i ndiaidh tamaill  
bhig do chaitheamh ag feuchaint ar an gcat, “an bhfuil  
sgeul úr ar bith leat?”    
“Dheamhan faic na frighde de sgeul úr nó sean  
liom,” arsa Domhnall, “ach amháin go bhfuil ar gcuairt  
go toigh Sheumais Uí Mhannacháin 'na sgeul reatha trés  
an tír, agus asteach le sin do casadh Bacach na  
hÁidhbhéile orm ar fágáil an bhaile domh i ndiaidh luighe  
gréine, agus bhí geur-bharamhail aige goidé fáth mo  
shiubhail, agus táim cinnte go bhfuil cupla sgeul  
breugach earballach cumtha aige fúinn araon fá'n  
taca seo.”    
“Bhal! Bhal!” arsa Páidín.
“Dá nglacfá mo chomhairle-se,” arsa Domhnall,  
“d'fheuchfá thart anois, agus b'fhéidir go mbéadh  
oireadh ádha ort agus go bhfuightheá bean oireamhnach 
sul má n-éirighidh na sgeulta níos leitheadaighe.”    
“Tá sin ceart,” arsa Páidín, “acht ní fhuil moill  
ar bith orm ceann do thoghadh, óir tá an obair sin  
deunta cheana;” agus annsin d'innis sé sgeul an  
Bhacaigh Ruaidh, agus a eachtra féin Oidhche Shamhna, agus  
nuair do chuala Domhnaill an t-iomlán do rinn sé a  
sháith gáiridhe.    
“Maise, go marbhuighidh an sioc mé,” arsa  
Domhnall, “má chuala mé a leithéid sin ariamh!  Sháruigh  
sé troid choileach agus rásaidhe cearc!”    
Cinneadh leo annsin dhul go toigh Mhaghnuis Mhóir  
Uí Fhrighill an oidhche sin.  Do chóirigh Páidín é féin go  
maith, do chuir sé buidéal chúig naigín i n-a phóca, agus  
i gceann tamaill dubhairt sé le Domhnall go raibh sé  
ullmhuighthe, a's ó thárla nach raibh duine ar bith i láthair  
le beannacht do chur leo, chan siad an rann so nuair  
do bhíodar 'na seasamh eadar dhá ursain an dorais —    
"I n-ainm an Athar a fuair an bhuaidh,   
Agus an Mhic a d'fhulaing an phian;   
Muire Mhór 's an naomh-shluagh   
Go raibh linn i n-ár dtriall."    
Annsin do tharraing siad an doras amach 'na  
ndiaidh agus trasna na gcnoc leo ag deunamh ar an  
Droichead Úr.    
Do bhí oidhche chiuin gheál aoibhinn ann.  Do bhí an  
ghealach agus na milliúna de reultaibh ins an spéir.   
Ar chiumhsaibh na gcnoc, agus ar thaoibh amháin  
d'árdánaibh do bhí sgáilidhe dubha fada.  Ar mhachaire  
uaigneach eadar na Cruachaibh Gorma agus Cruach an  
Airgid do bhí an Sluagh Sídhe ag iomáin.  Ní raibh  
Liam na Sopóige i n-a measg anois.  Ní fheicfidhe  
eisean ag comhoibhriughadh leis an ngealaigh ag tabhairt  
solais agus d'imthigh sé leis go réagún éigin eile.   
Do bhí an tsídh-bhean 'na suidhe ar uaigh shean-laoich  
éigin, ag géar-chaoineadh agus ag cíoradh a cinn  
ór-bhuidhe le cíorán óir.  Agus muna bhfuil seo uilig  
amhlaidh tá muinntear na gCruach nGorm uilig breugach.    
Nuair do shroich Páidín agus a chomráduidhe teach  
Mhaghnuis Mhóir, bhuaileadar an doras agus le sin do  
thosuigh an madadh ag tathfann astigh.  D'éirigh Maghnus  
Mór agus i ndiaidh bagairt ar an mhadadh, d'fhosgail  
sé an doras agus do chuir na mílte fáilte roimh an  
dís, agus níor dhoicheallaighe ar dhóigh ar bith an fháilte  
do chuir bean Mhaghnus agus a bheirt ingheanach rómpa.   
Do shuidh an bheirt do tháinig asteach le taoibh na  
teineadh agus fá dheireadh nuair do stad an comhrádh  
i dtaoibh na haimsire agus na margaidhe do thug  
Domhnall fáth a shiubhail ar aghaidh, agus ar a shálaibh sin  
an buidéal.  D'ól Maghnus agus a bhean braon beag  
agus annsin cuireadh an buidéal i leathtaoibh, agus do  
lean Domhnall do'n obair do bhí eadar lámhaibh aige.   
Ach leis an sgeul fhada do dhéanamh goirid agus an  
sgeul goirid do dhéanamh maith, do bhí spéis mhór ag  
Caitlín Ní Fhrighill i bPáidín, agus mar sin d'fhág sé  
féin agus Domhnall an oidhche sin agus iad breágh  
sásta.    
Seachtmhain 'na dhiaidh seo do bhí bainis mhór shuairc  
i dtoigh Mhaghnuis Uí Frighill.  Do bhí lán an toighe ann  
eadar sean agus óg, agus an Píobaire Ruadh ag 
déanamh ceoil dóibh.    
Níor bh'fhurus triúr ar bith de'n chuideachtain  
ghreannmhair sin na bainse do chruinniughadh i gceann  
a chéile indiu.  An chuid ba sine díobh táid sínte go  
suaimhneach ar bruach Locha Finne nó i sean-reilig  
Cille Thaobhóg; tá mórán de'n chuid a b'óige thall i  
gcathrachaibh móra an Oileáin Úir.  Acht má tá faill  
aca suidhe síos anois agus arís ní fuláir dóibh tamall  
do chaitheamh ag smuaineadh ar shiamsaidhibh na gCruach  
nGorm agus ar bhainis Pháidín Uí Dhuinnín.      
Seachránuidhthe Nachar Cailleadh.
Do chomhnuigheadh Flann Mac an Bháird i mbothán i  
bhfogus do'n mhainistrigh i nDún na nGall.  Do bhí sé  
leis féin ar an tsaoghal so; fuair a mháthair bás nuair  
do bhí sé 'na naoidheanán, agus ba mhinic do chuala sé  
ó na bráithribh agus ó dhaoinibh eile nár fhill a athair  
riamh ó'n oidhche do chuaidh sé féin agus fear eile amach  
d'iasgaireacht.  Uime sin, do bhí Flann gan athair, gan  
mháthair, gan deirbhshiair, gan dearbhráthair.    
Nuair do bhí sé 'na leanbh lag do bhíodh na bráithre  
an-chineálta dó, d'á bheathughadh agus d'á theagasg, óir  
ba hí an mhainistir sin tobar na féile agus na  
flaitheamhlachta.  Agus nuair d'éirigh Flann mór  
láidir do théidheadh sé chum na mainistreach gach uile  
lá le freasdal do thabhairt ar an mhuileann.    
Tráthnóna amháin nuair do bhí Flann i lár a chuid  
oibre do tháinig fear de na bráithribh chuige.    
“A Mhic an Bháird,” ars' an bráthair go ciúin, “is  
minic do chualas thú ag gearán nár thuit sé ar do  
chrann riamh casadh ar Shagsanach aghaidh ar aghaidh.”    
“Och! a bhráthair ionmhuin!” arsa Mac an Bháird,  
“sin í an chainnt atá fíor.  Níor casadh Gall orm 
riamh, mar nár hiarradh orm fós craoiseach nó claidheamh  
do thógáil.”    
“Is dóigh,” ars' an bráthair, “nach mbéidh an  
leithsgéal sin agat feasta, a Mhic an Bháird.  Do  
tháinig sgéala an lá fá dheireadh chum Uí Néill agus  
Uí Dhomhnaill ag iarraidh ortha deifir do dhéanamh suas  
go Cúigeadh Mumhan chum tárrthála do thabhairt ar na  
Spáinnighibh atá glasta suas i mbaile Chinn tSáile agus  
na Gaill ar gach taoibh díobh.  Tá teachtairidhe Aodha  
Ruaidh amuigh d'ló agus d'oidhche ag riarughadh an airm  
agus ag cruinniughadh fear.  Ní fhuil dadaidh le feicsin  
ó seo go Leithbhearr, nó ó Leithbhearr go hÁth Seanaigh,  
acht craoiseacha agus claidhimhthe.”    
“Seo nuaidheacht mhór iongantach,” arsa Mac an  
Bháird, “rachfad féin leis an gcéad teachtaire chasfar  
orm muna stopaidh sibh-se mé.”    
“Go deimhin, a Mhic an Bháird,” ars' an bráthair,  
“do-bhéarfamuid cead do chinn duit.  Acht ná saoil  
go bhfuilmid tuirseach dhíot; ní fhuil agus ní bhéidh.   
Má théidhir le hAodh Ruadh cuirfimid míle beannacht  
leat agus le do chuideachtain, agus má thigir thar ais  
slán cuirfimid míle fáilte romhat.”    
Ar maidin lá ar n-a bhárach d'fhág Mac an Bháird  
slán ag lucht na mainistreach, agus ag fagháil greama  
maith ar a chraoisigh agus ar a chlaidheamh do bhuail sé  
asteach le druing de ghallóglaighibh do bhí ag triall  
chum champa Uí Dhomhnaill.    
Nuair shroicheadar an longphort níor léir dóibh rud  
ar bith acht gallóglaigh agus ceithearnaigh, lucht  
bagáistidhe agus lucht capall.  Do bhí sagairt agus  
bráithre, píobairidhe agus cláirseoiridhe ann; gaisgidhigh  
as na Rosaibh, as Fánaid, as Inis Caoil, as Ráith  
Mhaoláin, as Cill Bharroin, agus as fiche áit eile.    
I gceann tamaill bhig bhí gach uile rud riaruighthe  
aca, agus annsin ghluaiseadar ar aghaidh, agus ar  
aghaidh, agus ar aghaidh.  Do chuadar thar shléibhtibh árda  
gorma, agus tré choilltibh dorcha imeaglacha, agus  
gleanntaibh glasa uaigneacha.  Do ghlac na sionnaigh  
agus na bruic sgannradh rómpa agus theicheadar  
chum na mbroclach.  B'éigean do na cataibh fiadhaine  
agus do na madaidhibh allta an bealach d'fhágáil agus  
a sáith deifre ortha.  D'éirigheadh sgaoth de choileachaibh  
agus de chearcaibh fraoich, do leigidís an gháir dhearg  
asta agus iad ag eiteall agus ag teicheadh mar shluagh  
claoidhte.    
Níorbh' fhada go dtángadar anuas ar an talamh  
chomhthrom an áit i n-a raibh comhnuightheoiridhe.  Nuair  
mhothóchadh na daoine do bhí sínte i n-a gcuid bothán  
an torann ag dul thart 'san oidhche do choisreacadh siad  
iad féin ag rádh “Coimirce Dé chugainn! sin an  
Sluagh Sídhe!” ach nuair do-chífeadh siad na gallóglaigh 
i lár an lae ghil d'aithnigheadh siad iad agus do chuirfidís  
coimirce Dé leobhtha.    
Do shiubhail Aodh Ruadh agus a chuid fear leo, agus  
ní dheárnadar mórán moille go rángadar Tiobruid  
Árann.  Do chualadar annsin go raibh Careú agus  
sluagh mór Sagsanach leis, 'na luighe rómpa i bhfogus  
do Chaiseal.  Mar nár mhaith le hUa Domhnaill troid  
go mbéadh sé ag Ceann tSáile do chor sé siar agus  
do chuaidh trasna Sléibhe Féidhlime oidhche chruaidh  
shiocáin, agus i ndiaidh mórán laethe agus mórán  
siubhail do bhuail sé féin agus Aodh Ua Néill a gcuid  
sluaighte i gceann a chéile comhgarach do Cheann tSáile.    
Ar feadh an ama sin fuair Mac an Bháird a sháith le  
siubhal agus le feicsint.  D'éirigh se aitheantach ar  
ghallóglach darbh' ainm an Radaire Mac Suibhne agus  
do bhíodh an bheirt i gcomhnuidhe i gcuideachtain a chéile.   
Oidhche amháin bhí an bheirt 'na gcodladh i gcoill bhig  
le taoibh an champa.  I lár na hoidhche d'éirigh Mac an  
Bháird agus é sgannruighthe amach, agus do mhúsgail  
sé a chomráduidhe.    
“Éirigh, a Radaire,” arsa Mac an Bháird.
“Goidé tá ort?” ars' an Radaire.
“Tá,” arsa Mac an Bhaird, “do chualas trí  
hosnaidhe troma 'san tom sin thoir anois.”    
“Coimirce Dé chugainn!” ars' an Radaire.
I lár na cainnte d'éirigh osna eile, agus ceann eile,  
agus ceann eile.  Do choisreac an bheirt iad féin,  
agus annsin fuair gach duine aca a chraoiseach féin agus  
soir chum an tuim leis an mbeirt, acht ní fhaca siad  
dadaidh ann.  I gceann tamaill d'éirigh trí hosnaidhe  
ar an taoibh thiar díobh; siar leis an mbeirt, acht ní  
fhacadar aon rud.  Annsin d'éirigh trí hosnaidhe ar  
an taoibh thuas díobh, acht ní raibh dadaidh le feicsin.   
I gceann tamaill bhig eile do chualadar trí hosnaidhe  
ar an taoibh thiar, acht ní dheachadar dá lorg, óir bhí  
'fhios aca anois gurbh' í an bhean sídhe do bhí ann.    
“Tá sé chomh maith againn gan trácht air,” arsa  
Mac an Bháird.    
“Tá,” ars' an Radaire, “acht tá eagla mhór orm  
nach tuar ró-mhaith é do'n am atá le theacht.”    
Ó sin amach do choinnigh Flann Mac an Bháird agus  
an Radaire Mac Suibhne i gcuideachtain a chéile chomh  
maith agus do tháinig leo.  Oidhche an aisdir fhada  
trés an dorchadas agus an bhfliuchlach, lá an chatha  
dhona trés an troid agus an ár, bhí an bheirt fá ghiota  
dá chéile.  Agus nuair goineadh an Radaire ins an  
teicheadh, do chuir a chomhráduidhe ar mhuin eich é, agus  
do thiomáin an t-each chum toighe bhig do bhí astigh i lár  
coilleadh, míle ó páirc an bhuailte.    
Do cheangail Mac an Bháird an t-each do chrann,  
agus d'iomchar an Radaire go doras an toighe.  Do  
tháinig fear críon cam amach agus féasóg fhada liath air.    
“A dhuine chóir,” arsa Mac an Bháird, “an  
dtabharfaidh tú fasgadh do thoighe dúinn go ceann  
tamaill?  Briseadh an cath ar Ghaedhealaibh, goineadh  
mo chomrádaidhe annseo, agus b'éigean dúinn araon  
sgaramhaint ó'n chuid eile de'n tsluagh ins an teicheadh.”    
Do chaith fear críon cam na féasóige tamall ag  
smuaineadh agus ag féachaint ar an mbeirt.    
“O!” arsa seisean 'san deireadh, “tigidh asteach  
agus fáilte.”    
“Ach a dhuine chóir,” arsa Mac an Bháird, “b'féidir  
go dtiocfadh na Sagsanaigh an bealach so agus go  
ndóighfeadh siad an teach mar do-ghnidhid i n-áiteachaibh  
eile.”    
“Ní heagal dóibh,” arsa fear na féasóige, “is  
Sagsánach mé féin agus tá tearmann agam ó Chareú  
agus Mountjoy nach mbaineann dadaidh liom féin nó  
le mo thoigh.”    
“Agus an Gall thú?” arsa Mac an Bháird ag  
tarraing ar gcúl ó'n doras.    
“'Seadh cinnte,” arsa fear na féasóige, “agus ní  
measa dhíbh sin.  Tigidh asteach agus cuirfead i bhfolach  
sibh go dtéidhidh an chontabhairt thart agus m'fhocal díbh  
nach dtig dadaidh olc oraibh.”    
Ní raibh dadaidh le rádh ag an mbeirt anois.  Do  
chuadar asteach go lúthgháireach i ndiaidh fhir na féasóige  
agus do shuidheadar síos i gcoirnéal dorcha.  Níorbh'  
fhada annsin iad go dtáinig cailín óg fíor-áluinn  
asteach agus ualach mór brosna léithi.  D'fheann fear  
na féasóige gearrfhiadh do bhí crochta i n-áirde, do  
chuir ar bhearaibh é, agus níorbh' fhada go raibh proinn  
mhaith rómpa uile.  Nuair do bhí a sáith ithte aca chuaidh  
an cailín óg amach, do thug sí asteach luibheanna ícthe  
agus fíor-uisge, agus do chóirigh sí cneadh an Radaire.    
“A Shagsanaigh,” arsa Mac an Bháird le fear na  
feasóige, “ó thárla go bhfuilmid ag déanamh dána  
ort tá sé chomh maith againn fiafruighe dhíot, cá ainm  
atá ort?”    
“Is é an t-ainm atá orm,” arsa fear na féasóige,  
“Tomás Marc.”    
“Maise, a Thomáis Mharc,” ars' an Radaire, “is  
maith an éadáil duit inghean mhaith do bheith agat mar  
an cailín sin.”    
“Go deimhin,” arsa Tomás Marc, “is í sin mo  
bhean; ní fhuil inghean ar bith agam ná mac ach a  
oiread.”    
Do bhí a sáith iongantais ar an Radaire agus ar a  
chomráduidhe.    
“An Sagsanach thusa?” arsa Mac an Bháird le  
mnaoi Thomáis Mharc.    
“Ní headh,” arsa sise, “is fíor-Ghaedheal mé, agus  
b'fhíor-Ghaedhil mo shinnsear rómham.”    
“O! támuid 'san mbaile,” arsa Mac an Bháird,  
“goidé 'n cineadh ar de thú, a bhean uasal?”    
“De Chloinn Mhóráin mé,” arsa bean an  
tSagsanaigh, “Maighréad Ní Mhóráin m'ainm agus mo  
shloinneadh.”    
“Bhur n-ainmneacha féin le bhur dtoil?” arsa  
Tomás.    
“Flann Mac an Bháird m'ainm féin agus an  
Radaire Mac Suibhne ainm mo chomráduidhe,” arsa  
Mac an Bháird.    
Do thaisbeáin Marc seomra beag dorcha do bhí amach  
as cúl an toighe dóibh, agus d'iarr ar an mbeirt dul  
ann, an áit nach bhfeicfidhe iad, dá mbadh i ndán agus  
go seolfadh an cat mara saighdeoiridhe ar bith de chuid  
Chareú asteach.  Do chuaidh an bheirt chum an tseomra  
agus chodladar go suaimhneach an oidhche sin ann.    
Ní mó ná go raibh faill aca greim d'ithe ar maidin  
lá ar n-a bhárach nuair do rith bean Thomáis, .i.  
Maighréad áluinn Ní Mhóráin asteach chuca agus í ag gul.    
“O, teichidh! teichidh!” arsa sise, “teichidh nuair  
atá uain agus faill agaibh, agus ná fanaidh le fiafruighe  
dhíom cad chuige!”    
“A Rí na Glóire!” arsa 'n Radaire, “goidé so?”
“A Mhaighréad Ní Mhóráin,” arsa Mac an Bháird,  
“goidé tá cearr nó an bhfuil na Gaill d'ár lorg?”    
“Is goirid go raibh,” arsa Maighréad, “thug m'fhear  
aghaidh ar champa na nGall anois chum sgéala do  
thabhairt dóibh go bhfuil bhur leithéidí i bhfolach annseo,  
mar shúil go bhfuigheadh sé cuid d'éadáil an chogaidh  
ar son a chuid seanchais.  Do rinn mise mo dhícheall  
a chur de'n tsiubhal sin, acht ní raibh gar bheith ag cainnt  
leis.  Nuair do chonnarcas sin chinn mé fios do  
thabhairt dhíbh-se goidé 'n ghuais i n-a bhfuil sibh.”    
“A Mhaighréad, is maith thú agus is fial an croidhe  
atá agat,” ars' an dá ghallóglach, “tá tú dod' chur  
féin i gcontabhairt mar mhaithe linne.”    
“Go deimhin,” arsa Maighréad, “is maith atá 'fhios  
agam nach bhfeicfead an lá i mbárach.  Béidh 'fios ag  
m'fhear agus béidh 'fhios ag an dream bhéas leis go  
dtugas rabhadh dhíbh-se, agus dhéanfaidh siad coir bháis  
de.  Acht is cuma liom, óir ní fearr domh beo 'ná  
marbh.”    
“Bhí 'do seasamh, a Radaire,” arsa Mac an Bháird,  
“go rabhmuid imthighthe sul a dtigidh siad.”    
“Ní fhuilim i n-innmhe seasamh ar mo dhá chois,” ars'  
an Radaire, “tá mé lag tinn gointe, agus cibé  
thiocfas orm ní fhuil mé ábalta corrughadh amach as an  
tseomra so.”    
“Maise, fanfad-sa annseo,” arsa Mac an Bháird,  
“sul a n-imthighidh mé agus tusa d'fhágáil lag tinn  
gointe 'mo dhiaidh i gcrúbaibh na mbitheamhnach sin.”    
“A Mhic an Bháird, ná bí amaideach,” ars' an
Radaire, “teich, agus ná fan annseo mar mhaithe  
liom-sa.  Nach fearr duine amháin againn 'ná sinn  
araon do bheith gabhtha? agus fiafruighim díot goidé 
an mhaith dhéanfaidh sé dhúinn bheith ag féachaint ar a 
chéile ag dul chum an bháis?  Bí ag imtheacht, agus go  
soirbhighidh Dia dhuit!”    
Ní raibh gar ar bith do Mhac an Bháird bheith ag cainnt.   
D'éirigh sé ar an mball agus i ndiaidh slán agus  
beannacht d'fhágáil ag an Radaire agus ag Maighréad  
do thug sé leis a chraoiseach agus a each agus ar shiubhal  
leis ag gul roimhe, agus ag fágáil beirte ag gul  
'na dhiaidh.    
Do thug sé a aghaidh siar.  Chaith sé os cionn  
seachtmhaine ar seachrán eadar na sléibhtibh agus na  
splinncidhibh ag iarraidh dul i bhfolach ó na daoinibh.   
Ar feadh an ama so bhí tubaiste roimhe agus 'na  
dhiaidh.  Do chaill sé a each i mbogach, chaill sé a  
chraoiseach ag snámh trasna abhann dó, agus annsin  
amhail agus dá mbéadh sgéala ag na beathaidheachaibh  
fiadhaine ó Chareú, tháinig an mactíre, an cat fiadháin,  
agus an broc, agus do chuireadar an tóir amach as na  
sléibhtibh air.  Ní dheárna sé moill ar bith ar na  
hísleánaibh, acht do shiubhail leis gur shroich sé cladach  
na fairrge.  Do chaith sé trí lá ag spaisteoireacht ar  
an duirling agus gan de bhiadh aige acht na ruacáin.   
Tráthnóna an tríomhadh lae do thug sé fá deara long  
i bhfad amach 'san bhfairrge agus í ag déanamh ar an  
tír go luath.  D'aithin Mac an Bháird ar an mball  
gur long Spáinneach do bhí inntí agus do smuainigh sé  
go mb'héidir gur ag teacht go tír do chuartughadh  
fíor-uisge do bhí muinntir na luinge.  B'fhíor dó, óir  
i gceann tamaill do chonnaic sé bád ag teacht ó'n  
luing agus ag déanamh ar an gcladach.  Nuair do  
shroich sé an tír chuaidh Mac an Bháird síos agus  
bheannuigh do na bádóiridhibh.  Do bhí Éireannach amháin  
ortha agus d'innis Mac an Bháird dó méad do thárlaidh  
dó féin ó d'fhág sé Tír Chonaill.  Do thug na bádóiridhe  
a gcuid soitheach leo agus do líon le fíor-uisge iad.   
Nuair do bhíodar ullmhuighthe le himhtheacht d'fhiafruigh  
Mac an Bháird díobh an leigfeadh siad leo é.  Adubh- 
radar go leigfeadh agus fáilte.  Annsin d'fhág sé  
céad slán ag Éirinn, agus ba ghairid go raibh sé féin  
agus lucht an bháid astigh ar an luing.    
Do bhí an ghaoth leo, agus bhí an fhairrge breagh  
ciúin, agus i gceann chupla lá do chuadar i dtír ag  
an Chruinne ins an Spáinn.  Ní raibh Mac an Bháird i  
bhfad ins an gcathair sin gur chas sé ar mhuinntir Aodha  
Ruaidh Uí Dhomhnaill.  Do bhí áthas mór ortha so tuitim  
asteach le duine dá sliocht féin, agus bhí lúthgháir  
ar Aodh Ruadh fós a fheicsint.  D'nnis Mac an Bháird  
dóibh méad dá dtáinig sé thríd ó'n lá troideadh cath  
Chinn tSáile.  Nuair do chuala Aodh Ruadh fá Thomás  
Marc agus a mhnaoi, is é adubhairt sé:    
“Ní thiocfadh rud ní b' fhéarr teagmháil do do  
chomráduidhe agus is iongantach nach dtáinig tuilleadh  
tubaiste ort-sa, óir tá sé 'na shean-rádh i nÉirinn nach  
cóir do dhuine choimhightheach oidhche do chaitheamh i dtoigh  
'n-a bfuil sean-fhear féasógach pósta le mnaoi óig  
áluinn.”    
Do thug Aodh Ruadh a aghaidh anois ar árd-chathair na  
Spáinne chum comhráidh do bheith aige le Righ Philip,  
agus lean Mac an Bháird dó.  Ach nuair do shroicheadar  
Simancas do bhuail tinneas Ua Domhnaill agus fuair  
sé bás.  Do chuala Mac an Bháird an dream do  
chonnaic ar leabaidh an bháis é, ag rádh gur de chumhaidh  
agus brón d'éag sé.  Acht is feas dúinn uile anois  
go dtug Séamus a Bláca, fó-dhuine de chuid Chareu,  
ádhbhár a bháis dó i bhfuirm nimhe.  I n-aon chor d'éirigh  
gáir ochbhaidh ó chroidhthibh Gaedheal i nÉirinn agus ins  
an Spáinn nuair do chualadar iomrádh ar bás an  
phrionnsa.    
Nuair do hadhlacadh Aodh Ruadh, do bhuail Mac an  
Bháird an bóthar agus níor stad sé go raibh sé tar ais  
arís ins an Chruinne.  Acht do bhí sé go huaigneach i  
lár ghliadh na sráideann.  Ní raibh aithne aige ar duine  
ar bith, agus ní raibh aithne ag duine ar bith air.  Níor  
dhearc fear nó bean nó páisde air.  Acht cé nár  
shonnruigh na daoine é do shonnruigh na madaidhe é,  
óir bhí siad le n-a shálaibh ó maidin go dtí 'n oidhche ag  
tóraidheacht air agus ag tathfann leis.    
Lá amháin do chuaidh sé asteach go mainistrigh  
d'iarraidh déirce.  Nuair do bhí sé 'na shuidhe ar  
chathaoir ag ithe an bhídh a tugadh dó, do tháinig sean- 
mhanach chuige agus do chaith tamall ag féachaint air.    
“An as Éirinn thusa, a óigfhir?” ars' an sean- 
mhanach fá dheireadh.    
“'Seadh cinnte,” arsa Mac an Bháird ag amharc  
suas air.    
“Go deimhin, is Éireannach mé féin,” ars' an manach,  
“agus tá dáimh mhór agam leis na seachránachaibh  
bochta as Éirinn a chastar orm 'san tír seo.”    
“Buidheachas do Dhia,” arsa Mac an Báird, “gur  
casadh do leithéid orm.”    
“Anois, a óigfhir,” ars' an sean-mhanach ag ísliughadh  
a ghlóir, “is gnáth liom-sa i gcomhnuidhe mórán  
ceisteann do chur ar na hÉireannachaibh a chastar orm  
agus cuirfead na ceisteanna céadna ort-sa.  Cad is  
ainm agus sloinneadh duit?  Goidé 'n ceanntar i  
nÉirinn ar de thú?  Goidé do chuid eachtraidhe sul ar  
shroich tú an Spáinn?  Acht b'fhéidir go bhfuilim ró- 
fhiafruightheach.”    
“Ní fhuilir ró-fhiafruightheach,” arsa Mac an Bháird,  
“agus le taisbeáint duit goidé mo mheas ort ní  
cheilfead dadaidh ort.  Is é an t-ainm atá orm  
Flann Mac an Bháird.  Rugadh i bhfogus do'n mhainis- 
trigh i nDún na nGall mé dhá bhliadhain agus fiche ó  
shoin.  Fuair mo mháthair bhocht (go ndéanaidh Dia  
trócaire uirthi!) bás nuair do bhidheas trí bliadhna  
d'aois, agus go gairid 'na dhiaidh sin do chuaidh m'athair  
bocht (go ndéanaidh Dia trócaire air-sean fosta, má  
tá sé a dhíth air) agus fear eile amach d'iasgaireacht  
oidhche amháin, agus níor fhill ceachtar aca ní ba mhó.”  
Nuair do bhí an oiread seo inniste ag Mac an Bháird,  
do thug sé fá deara go raibh an manach ag sileadh na  
ndeor, agus do rinne sé stad ins an tseanchas.    
“O! innis leat, innis leat,” ars' an manach.  Agus  
do lean Mac an Bháird do'n sgéal agus níor stad sé  
gur innis sé méad do thárlaidh dó ó d'fhág sé Dún na  
nGall gur shroich sé an Spáinn.    
“Buidheachas do Dhia,” ars' an manach go díochra  
nuair do chuala sé an t-iomlán, “go bhfuilim beo le  
thú d' fheicsin arís, óir is mise d' athair — is mise  
Cormac Mac an Bháird,” agus do chuir sé a lámh fá  
mhuinéal a mhic agus do chaith an bheirt tamall ag gul.   
Agus fá dheireadh d'fhiafruigh Flann d'á athair goidé  
tháinig air nuair do thug sé a chúl le hÉirinn, agus  
goidé shlánuigh é, “óir,” arsa Flann, “síleadh i  
nDún na nGall gurab é an rud a báitheadh thú féin  
agus do chomráduidhe.”    
“Glóir agus buidheachas do Dhia,” arsa Cormac,  
“níor báitheadh sinn gidh go bhfuaramar siocair ar 
mbáidhte.  Is maith an chuimhne atá agam ar an oidhche  
úd do chuaidh mé féin agus Colm Ua Luingsigh amach  
d' iasgaireacht.  Ní rabhamar os cionn leath-mhíle amach  
ó'n talmhain, nuair do tháinig trí séideáin sídhe ceann  
i ndiaidh an chinn eile anoir ó Bheárnas Mór.  Tiománadh  
amach ar an bhfairrge mhóir sinn.  Annsin do thosuigh  
an ghaoth, ag teacht as gach uile áird acht an áird do  
b'ait linne, agus nuair do shocruigh an ghaoth, do  
chruinnigh an dubh-dhorchadas.  Do chaitheamar an oidhche  
sin anonn agus anall ó thuinn go tuinn, agus ag  
feitheamh gach nóimid go gcuirfidhe an bád faoi uisge.   
Le breacadh an lae do chonnaic sinn long Spáinneach  
ag seoladh ó dheas mhar bhéadh sí ag fágáil cuain na  
gCeall mBeag.  Do ghlaodhamar ar mhuinntir na  
luinge.  Cualathas sinn, agus ba ghairid go raibh sinn  
le taoibh na luinge.  Tugadh asteach sinn agus fuair  
sinn biadh agus deoch agus faill le n-a nglacadh.   
Annsin d'innis sinn ar n-eachtra d'Éireannach do bhí  
ar an luing agus d'innis seisean do'n cheannphort é.   
Acht níor b'fhéidir dúinn fagháil thar ais go talmhain:  
do bhí an fhairrge ag éirghe garbh, bhí droch-dhath ag  
teacht ar an spéir, bhí deifir ar lucht na luinge,  
agus mar sin ní raibh dadaidh eile againn le déanamh  
acht fanamhaint ar an luing go dtí gur shroich sí an  
Spáinn.    
“Nuair do shroicheamar an Chruinne chaitheamar  
ráithe no tuilleadh, b'fhéidir, 'nár suidhe ar an gcuan  
gach uile lá, ag feitheamh le luing do bhéadh ag dul  
go hÉirinn.  Acht ní dheachaidh long ar bith go hÉirinn  
ar feadh an ama sin, ná má chuaidh d'fhág sí an cuan i  
lár na h-oidhche.  Ní raibh a fhios againn goidé b'fheárr  
a dhéanamh; ní raibh sinn sásta fanamaint, agus ní  
rabhamar ag fagháil caoi imtheacht.    
“‘A Chormaic,’” arsa Colm liom féin lá amháin,
bhuail smuaineadh anois mé goidé badh chóir dhúinn  
araon a dhéanamh.’    
“‘Goidé sin, a Chuilm?’” arsa mise ag amharc air.
“‘Tá, maise,’” arsa seisean, “‘badh chóir dhúinn  
dhul chum na Frainnce agus ó sin go Sasain.  Thiocfadh  
linn ár n-éideadh agus ár n-ainmneacha d'athrughadh  
agus éideadh agus ainmneacha Sasanach do ghlacadh,  
agus b'fhurus dúinn annsin fhagháil trasna ó Shasain go  
hÉirinn.’”    
“‘Níor mhaith liom,’” arsa mise, “‘dhul thríd  
Shasain nó a cuid éididh chaitheamh, nó m'ainm do chur  
ar malairt le hainm Sasanach ar eagla go dtiocfadh  
droch-athrughadh ar mo chroidhe.’”    
“‘A! ní fhuil annsin acht glagaireacht,’” arsa  
seisean, “‘imtheochad-sa ar maidin i mbárach agus  
leanfaidh mé do'n tslighidh agus do'n mhodh adubhairt  
mé leat.  Is é an t-ainm a thoghfas mé Tomás  
Marc.’”    
“Ar maidin lá ar n-a bhárach d'fhág sé slán agus  
beannacht agam i ndiaidh a dhícheall do dhéanamh mo  
thabhairt leis, agus ní fhaca mé amharc ní ba mhó air.”    
“A athair,” arsa Flann, “an Tomás Marc adubhairt  
tú an t-ainm do bhí sé le tabhairt air féin?”    
“'Seadh, cinnte,” ars' an manach, “Tomás Marc.”
Annsin d'innis Flann d'á athair um an Tomás Marc  
do bhí 'na chomhnuidhe i bhfogus do Cheann tSáile, agus  
goidé thárlaidh dó féin agus d'á chomhráduidhe i n-a  
thoigh; agus nuair do chuala an manach cosamhlacht an  
duine adubhairt sé gur Colm Ua Luingsigh do chaith- 
feadh bheith ann.    
“Agus, a mhic dhílis,” ars' an manach, “goidé mar  
thig an saoghal thart!  Goidé an t-athrughadh a thig i  
n-am ghairid!  Acht leanfad dom' sgéal.  Nuair  
d'imthigh Colm Ua Luingsigh do chaitheas-sa mí agus  
tuilleadh ag spaisteoireacht ó shráid go sráid.  Do bhí  
na manaigh annseo an-chineálta domh agus bhí an tír  
ag taitneamh liom.  Acht lá amháin i ndiaidh tamaill  
bhig do chaitheamh ag siubhal trés an reilig, do ghlacas  
fuath do'n tsaoghal agus do neithibh saoghalta.  Lá ar  
n-a bhárach thug mé m' aghaidh ar an mainistrigh seo  
lem' saoghal do chaitheamh i seirbhís Dé, agus ní fhágfad  
í go dtugaidh an bás leis mé.  Do-ghnidhim mórán  
oibre éadtruime astigh agus amuigh, acht táim sonasta  
sásta annseo, agus ní dhéanfainn malairt beathadh nó  
áite le Rígh Philip nó le rígh ar bith eile.”    
Nuair do chuala Flann iomlán sgéil a áthar bhí a  
sháith iongantais agus áthais air.  Acht níor stad an  
comhrádh annsin, óir chuireadar mórán cainnte i  
dtaoibh na hÉireann agus Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill  
thársta.    
Ba ghairid 'na dhiaidh seo gur lean Flann Mac an  
Bháird sompla a athar, agus gur chuir sé culaidh an  
mhanaigh air féin.  Ní fhuil iomrádh ar bith eile air ó  
shoin i leith.  Do rinn an saoghal dearmad de, acht  
ní iongantas ar bith sin, óir d'fhág seisean slán ag  
an tsaoghal i bhfad sul a bhfuair sé bás.      
An Chreach Ghoidte.
Ní fhaca duine ar bith d'á bhfuil beo anois agus atá  
faoi dheich mbliadhna agus ceithre fichid d'aois, Pádhra  
Óg Ua Domhnaill.  Bacach na hÁidhbhéile do bhíodh  
aniar agus siar eadar dhá cheann an chonntae seo ag  
cruinniughadh buidéal, ag moladh agus ag cáineadh, 
agus ag ithiomrádh, adeireadh sé (go maithidh Dia a  
chuid breug dó, tá sé marbh!) go bhfaca sé féin Pádhra  
Óg, ach go deimhin níor chreid duine ar bith é.  Ach  
ní bhaineann sin do'n sgeul, agus tá sé chomh maith  
agam a innsin sul a ndéanaidh mé dearmad de.    
Do bhí Pádhra Óg Ua Domhnaill agus a mháthair 'na  
gcomhnuidhe ar Chnoc an tSlánluis eadar Abhainn na  
Marbh agus an Clochán Liath.  Do bhíodar leo féin,  
agus do bhí cuma ortha go mbéadh; óir gidh go raibh  
Pádhra i n-aois na discréide go maith ní raibh rún ar  
bith aige a shaoghal d' athrughadh.  Is cinnte go bhfuair  
sé am cruaidh: bhí a mháthair ag iarraidh air pósadh —  
bhí congnamh agus cuideachta a dhíth uirthi; bhí aos  
óg na tíre ag iarraidh air pósadh — bhí oidhche mhór a  
dhíth ortha-san; agus bhí na seanóiridhe ag comhairliughadh  
dó pósadh — do bhí ingheanacha aca-san.  Agus eatorra  
uile b'éigean do Phádhra Óg géilleadh, agus a bheith  
sásta leis an rud nárbh' fhéidir leis do sheachnadh.   
Agus oidhche amháin go gairid i ndiaidh Sean-Lá Samhna  
nuair do bhí na bóithre uile uaigneach agus leath a  
raibh 'san tír 'na gcodladh, do chuir Pádhra buidéal  
maith póitín i n-a phóca, fuair sé greim daingean  
ar a bhata draighin, agus i ndiaidh seacht mbeannacht  
d'fhagháil ó n-a mháthair do tharraing sé an doras amach  
'na dhiaidh, agus do shiubhail sé leis go luath go raibh  
sé astigh i dtigh Mhaghnuis na Bruighne do bhí 'na  
chomhnuidhe ar an taobh thiar de Chnoc an tSlánluis.   
Dar ndóigh, do bhí fáilte mhór ag Maghnus agus ag a  
mhnaoi roimhe.  Fuarthas suidhisteog dó, agus do  
cuireadh 'san áit ba sheascaire agus ba teo 'san  
toigh é.  Annsin do thosnuigheadar ag cainnt fá  
bhárr na bliadhna agus fá'n aimsir; agus trés an  
gcomhrádh uile do chongbhuigh Maghnus a shúil ar Phádhra,  
agus níorbh' fhada go dtug sé fá deara sgóig buidéil  
ag beul a phóca, agus bhí a fhios aige an t-iomlán  
annsin.  Nuair do b'fhada le fear an toighe do bhí  
Pádhra gan labhairt ar ádhbhar a chuarta, chuir sé roimhe 
féin lámh chuidighthe do thabhairt dó leis an oighir do  
bhriseadh, agus arsa seisean:    
“A Phádhra chroidhe, is fada na daoine ag rádh  
leat, agus is fada do mháthair féin ag rádh leat gur  
chóir dhuit pósadh.”    
“Bhal, dar mo chubhais!” arsa Pádhra, ag cur a  
láimhe i n-a phóca go bhfeicfeadh sé an raibh an buidéal  
ann, “ní dhéarfaidh siad sin liom i ndiaidh na hoidhche  
anocht.”    
“Maise, mo chúig céad beannacht ort!”  arsa 
Maghnus.    
D'fhiafruigh bean Mhaghnuis de Phádhra an raibh sé  
dá ríribh, agus ba hé an freagra do thug Pádhra  
uirthi an buidéal do tharraing amach agus a thaisbeáin  
dí.  Ba hé sin an comhartha.    
“Anois, a Mhaghnuis,” arsa seisean, i ndiaidh  
braoin bhig d'fhuráil d'fhear an toighe agus d'á mhnaoi,  
“ughmuigh suas thú féin go raibh tú liom a dh'iarraidh  
na mná.”    
“Agus an bhfuil tuairim ar bith agat cá bhfuighidh  
tú í?” arsa Maghnus.    
“Bhal, maise,” arsa Pádhra, “ó mhaidin indiu do  
bhíos ag smuainiughadh ar Shorcha Ní Channain; acht  
dar ndóigh muna bhfaghmuid í thig linn dhul giota eile.”    
“Á!” arsa Maghnus, “do-gheobhaidh tú í agus  
fáilte.”    
“Ba hé mo bharamhail féin i gcomhnuidhe,” arsa  
bean Mhaghnuis, “gur dream bródamhail Clann  
Channain sin; agus go mbíonn sé doiligh a sásughadh i  
bhfir agus i mnáibh; acht dar ndóigh ní fhuil an tír  
folamh go dtí iad, agus, mar deireadh mo sheanathair  
sean-Mhícheál Mac Lochlainn (go ndéanaidh an Rí  
grásta air, duine céillidhe dearcasach do bhí ann),  
‘is feárr eitiughadh mná ná eitiughadh speile lá  
foghmhair.’”    
“Seo, seo,” arsa Maghnus, “ná bí ag cur dí- 
mhisnigh orainn.  A Phádhra, ná tug áird uirthi, óir atá  
sí anuas ar na Cannanaibh go mór, de bhrígh go mbíonn  
sí féin agus iad féin ag cóimhlint le 'chéile cia is  
feárr ag sníomh agus ag déanamh bracháin.”    
Ba ghairid go raibh Maghnus gléasta suas agus é  
féin agus Pádhra ag an doras.  Do chraith bean an  
toighe an t-uisge coisreachta ortha le n-a sábháil ar  
sheachránuidhthibh spioradálta na oidhche agus ar  
náimhdibh anma agus cuirp; agus ar imtheacht ó'n  
doras dóibh do chaith sí an maide briste 'na ndiaidh  
le hádh do chur ortha.  Do shiubhail Maghnus agus a  
chomráduidhe leo, agus ní dheárnadar mórán cainnte  
nó moille go rabhadar astigh i dtigh Bhilí Uí Channain.   
Dar a bhfeicim! bhí fáilte fhíor chroidheamhail rómpa,  
agus buaileadh a dhá sháith ar an madadh ar shon a bheith  
ag tafann leo.  Do bhí teaghlach na gCannan uile  
cruinnighthe, agus gach duine dóibh gnóthach le rud  
éigin.  Do bhí Bilí é féin 'na shuidhe i gcoirnéal amháin,  
cos ós cionn na coise eile, agus a shean-dúidín i n-a  
bheul; bhí a bhean 'san gcoirnéal eile agus í ag fuagháil;  
bhí a bheirt mhac ar a ndícheall ag déanamh coinneal  
feaga agus ag cóiriughadh cromán; agus i dtaoibh  
a thriúr ingheanach, bhí Sorcha ag sníomh, bhí Meadhbh ag  
cárdáil, agus bhí Máirín ag cniotáil, agus iad uile  
ag crónánacht seanamhrán éigin ó'n tsean-aimsir.   
Do rinneadh réidhteach ag an teinidh do'n bheirt do  
tháinig isteach, agus níorbh' fhada gur thosnuigh an  
comhrádh i dtaoibh Dhomhnaill Uí Chonaill agus na  
haimsire — an dá ádhbhar cainnte ba mhó d'á raibh i  
nÉirinn ariamh, b'fhéidir.  I lár an chomhráidh seo  
tharraing Pádhra an buidéal amach agus rinn sé  
cineáltas beag ar an tsean-lánamhain.  Annsin  
thoisigh Maghnus ag moladh Shorcha agus Phádhra agus  
'na dhiaidh sin do léig sé amach i gcupla focal cad  
thug é féin agus a chomráduidhe annsin an oidhche sin.   
I dtionntódh na boise stad an fhuagháil, an sníomh,  
an chárdáil agus an chniotáil; d'fheuch bean an tighe ar  
fhear an tighe agus d'fheuch fear an tighe asteach 'san  
teinidh: bhí súile Shorcha ar Phádhra agus bhí súile  
Phádhra ar an chat do bhí 'na shuidhe ar an teallach  
agus a dhruim leis an teinidh.  I gceann tamaill bhig  
do chraith Bilí é féin suas, agus d'fheuch sé anonn ar a  
mhnaoi go bhfeiceadh sé cad adéarfadh sise, acht ó  
thárla nach labharfadh sise do labhair sé féin.    
“A Phádhra, a rúin,” arsa seisean, “ní fhuil ionnat  
acht fear maith macánta cneasta — ní fhuil níos feárr  
ó seo go Poll Tighe Liabáin, cibé fad uainn an áit  
sin, agus dar ndóigh, má tá Sorcha í féin sásta tá  
mise sásta.  Acht b'fhéidir nach dtaitnigheann an  
rud bean an toighe acht go measardha.”    
Acht dubhairt bean an toighe go raibh sí féin sásta
go leor dá mbéadh a hinghean sásta, agus anois  
d'iompuigheadar uile a súile ar Shorcha.  Do las sise  
suas mar ghníos na cailínidhe óga uile i n-a leithéid  
de chás, agus adubhairt sí go nglacfadh sí Pádhra.   
Do hiarradh uirthi annsin suidhe ag a thaoibh, agus  
thoisigh an dream ba sine ag toghadh lae an phósta  
agus ag leagaint amach gnóithe na bainse.  Annsin do  
hullmhuigheadh séire do'n iomlán, agus nuair do bhí  
gach uile rud socruighthe aca d'éirigh Maghnus agus  
Pádhra agus d'imthigheadar, gach fear aca chum a bhaile  
féin.    
Dhá lá 'na dhiaidh seo do pósadh Pádhra Óg  
Ua Domhnaill agus Sorcha Ní Channain, agus an oidhche  
sin chruinnigh na daoine a fuair cuireadh chum na bainse  
go toigh na gCannan.  Ba mhór shultmhar an bhainis  
í.  Do bhídheadar ann anoir agus aniar, fir agus  
mná, buachaillidhe agus cailínidhe.  Do bhí teine  
'san tseomra agus teine eile 'san gcistinigh do  
rósfadh torc.  Do bhí neart bídh agus dighe ann:  
caoirfheoil, iasg, préataidhe, arán coirce, bainne agus  
póitín.  Ba chliste shúgach na damhsóiridhe (uch! is deas  
an rud bheith óg agus croidheamhail,) agus b'fhíor-mhaith  
sean-Seumas Ua Mannachain ag na píobaibh.  Do bhí an  
sagart é féin 'na shuidhe i gcoirnéal amháin agus é ag  
sgéalaidheacht ar Pháras na Frainnce agus ar na  
neithibh do chonnaic sé ann; agus bhí an máighistir  
sgoile 'na shuidhe 'san gcoirnéal eile ag trácht ar na  
hiongantasaibh do chonnaic sé féin i nDoire.  Do bhí trí  
seandaoine ag cóimhlint le 'chéile cia aca do-bhéarfadh  
an cunntas do b'fheárr ar an oidhche do shnámh an  
Sagart Ua Galchobhair trasna Locha Bearra agus an  
dá shaighdiúir 'na dhiaidh.  Do bhí cuid de'n dream ba  
sine ag cainnt ar an aimsir, do bhí cupla sean-bhan ag  
déanamh uchbhaidh ar Boney (.i. Bonaparte) do chuaidh  
ar shluagh na marbh tamall roimhe sin; agus dá  
mbéadh Domhnall Ua Conaill ag an doras bhéadh a 
sháith bróid air mar gheall ar an urraim do bhí d'á  
ainm agus chomh minic agus do hóladh a shláinte.    
I ndiaidh an mheadhón-oidhche do cuireadh beirt fhear  
darbh' ainm Mícheál Ua Muirigh agus Féidhlim Mac  
Pháidín go cró na stilleadh leis an bpóitín do fágadh  
ann ó'n lá roimhe sin do thabhairt go toigh na bainse  
d'eagla go dtiocfadh lucht coimhéadta an Chlocháin Léith  
an bealach.  Do bhí oidhche bhreágh gheal ann agus nuair  
do shroich Mícheál agus Féidhlim an cró do chonnacadar  
Pádhra Óg Ua Domhnaill, an fear nuadh-phósta, 'na  
sheasamh 'san doras rómpa.  Do bhí Mícheál ar tí  
labhairt leis acht i bpreabadh súile d'imthigh Pádhra as  
amharc.    
“Faoi 'n spéir cá ndeachaidh sé?” arsa Mícheál.
“Go bhfóiridh Dia agus Muire orainn uile!” arsa  
Féidhlim.  “Dar ndóigh d'fhágamar Pádhra Óg 'nár  
ndiaidh i dtigh na bainse agus é féin agus Bilí agus  
cupla duine eile 'na suidhe ag comhrádh ag teinidh an  
tseomra, a's is é a thaise do bhí annsin.  Ó! a Dhia na  
trócaire, taise an duine bheo!”    
“Go sábháilidh an Rí Pádhra Óg agus a bhean Sorcha  
agus a mbaineann dóibh!” arsa Mícheál, “acht is mór  
m'eagla gur gairid an réim saoghail bhíos roimh dhuine  
ar bith a mbíonn a thaise le feiceáil.”    
Adubhairt an bheirt Paidir agus Áibh Maria annsin,  
agus do chinneadar gan labhairt ar rud ar bith d'á  
bhfacadar, óir go mbéidhfidhe ag déanamh ádhbhair  
magaidh díobh, agus ag rádh go rabhadar ar meisge.   
Asteach chum an chró leo annsin, thugadar an cheig  
póitín leo, agus tar ais go toigh na bainse le deirg
dheifir.  Do sgab na daoine uile ar maidin eadar  
moch-thráth agus éirghe gréine, gach duine ag déanamh  
ar a bhaile féin.    
Seachtmhain 'na dhiaidh sin thug Pádhra a bhean leis  
a bhaile go tigh a mháthar.  An tráthnóna ceudna sin  
tháinig Maghnus na Bruighne agus ceathrar fear eile  
leis asteach go toigh na lánamhan óige.  Do bhí fáilte  
mhór rómpa, agus do hiarradh ortha suidhe ag an  
teinidh; acht adubhairt Maghnus nach raibh faill aca  
suidhe nó seasamh.    
“A Phádhra,” arsa seisean, “creidim go gcuala  
tú gur goideadh dhá bhuin bhainne uaim lá aonaigh na  
nGleanntach.”    
“Do-chualas sin go deimhin,” arsa Pádhra, “agus  
ní háidhbhéil ar bith domh 'rádh go rabhas buaidheartha a  
leithéid de mhí-ádh do theacht in do bhealach.”    
“Do bhíomar uile buaidheartha,” arsa máthair  
Phádhra, “agus tchím féin i gcomhnuidhe nuair a thig  
tubaiste ar bith gur ar an duine bhocht chneasta thig  
sí.”    
“Atáim buidheach díbh,” arsa Maghnus, “ach mar  
dubhras goideadh an dá bhuin bhainne uaim lá aonaigh na  
nGleanntach.  Bhal, do-chualas indiu ar ughdarthás  
an-mhaith go bhfuil mo chreach bó ag Seumas Mac Cába  
atá 'na chomhnuidhe thuas a nGleann tSaileog.  Anois,  
tá sé leagtha amach agam féin agus ag na fearaibh  
seo dhul suas go Gleann tSaileog anocht, agus an  
chreach do thabhairt linn agus badh mhaith liom tusa do  
theacht linn.  Béidh seisear againn ann annsin, agus  
níor mhaith liom dhul ar a leithéid d'aistear ar níos  
lugha cuididh.”    
“Go deimhin ní thiocfadh liom d'eitiughadh,” arsa  
Pádhra, “rachfad leat go cinnte.”    
“Ach b'fhéidir go bhfuil contabhairt éigin ar an  
bhealach,” arsa máthair Phádhra, “agus is cinnte nach  
bhfuil tógáil na creiche saor ó chontabhairt.”  Agus  
bí Sorcha ag éirghe mío-shuaimhneach mar an gceudna.    
“Tá a fhios ag gach uile duine,” arsa sise, “go  
bhfuil an dligheadh anuas go mór ar shiubhal oidhche, agus  
go bhfuil cead ag na constáblaidhibh duine ar bith a  
tchí siad amuigh eadar luighe agus éirghe gréine a  
mharbhadh; agus dar ndóigh aeir na bacaigh nach rachfadh  
dreoilín thart 'san oidhche i gan 'fhios do lucht  
coimhéadta Mhíne Eich Dhuinn.”    
“Airiú! ní fhuil contabhairt ar bith ann,” arsa  
Maghnus, “rachfamuid soir tré Mhín Eich Dhuinn nuair  
bhéas na constáblaidhe 'na gcodladh agus ag briong- 
lóideadh; bheurfamuid an chreach linn amach as  
an mbóitheach agus Seumas Mac Cába sínte ar a  
leabaidh; agus béimid anuas thar Bhárr an Ghaoith sul  
a músglaidh duine ins an tír, agus go cinnte ní fhuil  
dochar ar bith domhsa iarraidh a thabhairt mo chuid bó  
d'hagháil thar ais.”    
Ní thiocfadh leis na mnáibh ní ba mhó do rádh anois.   
Do chóirigh Pádhra é féin suas, do chuir sé casóg de  
bháinín bhán air féin, agus fuair sé a bhata draighin.  Do  
crathadh an t-uisge coisreactha go dúthrachtach, phóg  
Sorcha Pádhra, thoisigh na hurchuileanna ar a gceol  
nimhe agus annsin le teacht chlapsholais chuaidh Maghnus  
na Bruighne agus a chuid fear do bhualadh an bhóthair.   
Do shiubhladar leo le deirg-dheifir gidh go raibh an  
oidhche dorcha agus an bealach fada, garbh agus  
uaigneach.  Anois agus arís do thigeadh madaidhe amach  
as na toighthibh do bhí ar thaoibh an róid, chuiridís fáilte  
chonfadhach roimh na strainséiridhibh, agus leanadaois  
giota de'n bhóthar iad.  Acht shiubhladar-san leo,  
agus ní thugadar áird ar bith ar thafann na madadh.    
Ins an am úd bhí teaghlach uallach ceann-árd de  
Chloinn Mhic Shearraigh 'na gcomhnuidhe i Mín Eich Dhuinn.   
Do bhí ceathrar dearbhráitheach díobh ann: Feardorcha,  
Naos, Conall agus Mícheál, agus bhí a ndeirbhshiúr  
óg dhóigheamhail darbh' ainm Sighle Dhonn ag congbháil  
tighe dóibh.  Gidh go raibh an teaghlach seo Gaedhealach  
go smior, bhíodar i seirbhís an Ghobhernment ag congbháil  
síos stilleoireacht agus ag cosgadh ceannairce  
agus siubhail oidhche.  Do thigeadh geocaigh agus  
diúgairidhe Ghleanna tSaileog go toigh Chloinne  
tSearraigh anois agus arís — an chuid ba sine díobh le  
braon de'n phóitín ghabhtha d'fhagháil (óir bhí na con- 
stáblaidhe agus a ndeirbhshiúr an-fhial), agus an chuid  
a' óige le hamharc d'fhagháil ar Shighle Dhuinn.  Do bhí  
duine de na geocaighibh seo darbh' ainm Micí Mac  
Síthigh ag teacht ar céilidhe go toigh Chloinne tSearraigh  
an oidhche áirithe seo nuair do casadh Maghnus na  
Bruighne agus a pháirtidhe air leath bealaigh eadar  
Mín Eich Dhuinn agus Gleann tSaileog.  Do bheannuigh  
Micí d'á Mhaghnus agus d'á dhream agus bheannuigh  
Maghnus agus a dhream d'á Mhicí.  Do sheasuigh Micí  
suas agus chuir sé cuma comhráidh air féin.    
“A fheara,” arsa seisean, “an bhfuil dochar  
fiafruighe díbh cia'n áit ar de sibh?”    
“Ní fhuil dochar ar bith,” arsa Maghnus, “acht ní  
d'áit ar bith an taobh so de Bhárr an Ghaoith sinn, agus  
támuid 'nár strainséiridhibh 'san áit seo gidh go bhfuil  
ár ngnótha ann.”    
“B'fhéidir gur ag dul chum an bhaisdidh atá thoir i
dtoigh Sheumais Mhic Cába atá sibh,” arsa Micí, “táim- 
se i ndiaidh bheith ann agus táim ag dul ar céilidhe go  
toigh Chloinne tSearraigh anois.”    
Nuair do chuala Maghnus agus a chomráduidhthe seo  
do rinneadar amach go mb'fheárr mionna rúin do chur  
ar an fhear do casadh ortha gan innsin do na constáb- 
laidhibh gur casadh dream ar bith air.  Agus do ghlac  
Micí an mionna so go fonnmhar, agus d'ainmnigh sé  
Dia mar fhiadhnaise.  Do sgaradar ó 'chéile annsin.   
Do shiubhail Micí leis agus a sháith deifre air go 
Mhíne Eich Dhuinn.  Do bhí sé leagtha amach aige a rún  
do leigean le Cloinn tSearraigh ar mhodh nach mbrisfidhe  
a mhionna.  Do bhí cor sceachach ag fás ag doras thoighe  
na gconstáblaidhe agus nuair do shroich Micí an doras  
leig sé béic as do bhain biodhgadh as na cailleachaibh  
oidhche agus do sgannruigh na cearca fraoich i n-a  
gcuid neadrach: labhair sé go hárd annsin, agus  
d'innis sé do'n chor sgeachach go ndeachaidh cúig nó sé  
radairidhe as na Rosaibh síos an bóthar go Gleann  
tSaileog, agus gan fhios ag duine ar bith cad do bhí  
d'á dtabhairt an bealach.  Do chuala na constáblaidhe  
astigh gach focal d'ar dhubhairt Micí leis an sceachach,  
agus do bhí a sáith iongantais ortha.  Do tháinig Micí  
asteach iar sin, agus do shuidh sé síos ag an teinidh.   
Do beannuigheadh dó, agus chuir Feardorcha cupla  
ceisteann air i dtaoibh a chainnte amuigh ag an doras.   
Acht níor dhubhairt Micí aon fhocal amháin; chraith sé  
a cheann, agus d'fheuch sé ar an urlár.  Annsin  
chaith Feardorcha agus a chuid dearbhráithreach tamall  
ag comhrádh.  Ach ba hé an deireadh do bhí ar an  
gcomhrádh go bhfuair an ceathrar a gcuid gunnaidhe  
agus amach leo.  Tamall beag 'na dhiaidh sin fuair  
Sighle Dhonn trí gugáin, agus do chuaidh sí amach chum  
an bhóithighe do bhlighe na mbó; acht mo chreach agus mo  
chrádh! ní raibh dadaidh ag na buaibh acht fuil — fuil  
dhearg reamhar!  Do leig Sighle aon gháir amháin  
caointe aisti, agus asteach chum an tighe léithi!    
Iomthúsa Mhaghnuis na Bruighne agus a chuid comh- 
ráduidhthe, iar sgaramhain le Micí Mac Síthigh dóibh do  
bhíodar eadar dhá chomhairle filleadh a bhaile tar ais nó  
dhul giota eile.  Ach do bhí rud éigin nach bhfuil ainm  
ar bith dó 'ghá dtarraing soir go Gleann tSaileog;  
agus soir leo le dearg-luas, agus ní dheárnadar  
moill ar bith go rabhadar 'na seasamh ar shráid thoighe  
Sheumais Mhic Chába.  Do bhí an doras druidte, acht  
b'fhurus déanamh amach go raibh an teach lán de dhaoinibh  
— cuid 'san gcistinigh agus cuid 'san tseomra.  Do  
bhí fear éigin ag gabháil cheoil agus ar dteacht chum  
na sráide do Mhaghnus agus dá dhream do bhí an  
ceolruidhe ar cheathramhain deireannaigh an tsean- 
amhráin bhinn sin do bhí an-choitcheannta 'san gconntae  
seo tuilleadh agus ceithre fichid bliadhain ó shoin:    
“Is doiligh liom trácht ar aicíd an ghráidh —
Is leannán domh é nach sgaoileann;   
A's ní fhuil aon duine 'san áit do chluinfeadh mo chás   
Nach gcuirfeadh 'gosárd mo chaoineadh:   
Is doiligh dómh an pháirt sin adhradh go bráth   
Le hainnir na seád nár síolruigheadh,   
Acht dá dtógfá do lámh agus mo thabhairt ó'n bhás,   
Do mhalairt go bráth a's níor mhian liom.’    
D'éirigh an tuile chainnte anois ag moladh an té do  
bhí ag gabháil cheoil.    
“Ara! a Mhuire! a Thaidhg, munab agat atá an  
sean-amhrán maith agus an guth binn?” arsa duine  
amháin.    
“Rama! dá mbéadh do mháthair ag éisteacht leat  
bhéadh bród uirthi asat,” arsa duine eile.    
“Tabhair dhamh do lámh, a Thaidhg,” ars' an tríomhadh  
duine, “agus tusa, a fhir an toighe, tabhair anall an  
buidéal sin go n-ólamuid sláinte Thaidhg Uí Rabhartaigh  
agus Dhomhnaill Uí Chonaill (go saoghluighidh Dia iad!)   
agus Boney (go ndéanaidh Dia grásta air!).”    
Do thoisigh Maghnus na Bruighne ag cogarnaigh le  
n-a chuid comráduidhe amuigh ar an tsráid.    
“Chuala sibh an fear do casadh orainn ag rádh go  
bhfuil baisdeadh ann,” arsa seisean, “agus is dóigh  
go bhfuil muinntear an ghleanna uile cruinnighthe ann,  
agus an mhór-chuid aca ar na stealltrachaibh meisge,  
agus dá mothóchaidís troipleasg ar bith 'san bhóitheach  
do thiocfaidís uile amach, agus ní fhúigfidhe greim dínn  
le 'chéile.  Uime sin, is feárr dúinn an bóthar do  
bhualadh agus teicheadh a bhaile nuair atá an bealach  
réidhtighthe.  Acht tógfar an chreach go fóill: is iomdha  
oidhche fhada dhorcha ins na seacht mbliadhna, agus ní thig  
le Seumas Mac Cába baisdeadh do bheith aige gach  
uile oidhche.    
Do thángadar anoir ag déanamh ar an bhaile chomh  
gasta agus tháinig leo.  Acht bhí Clann tSearraigh  
ag feitheamh leo ag droichead Mhíne Eich Dhuinn.  Do  
léigeadh do na Rosannachaibh theacht anoir thar an  
droichead, agus annsin thóg na constáblaidhe a  
gcuid gunnaidhe agus sgaoileadar leo.  Do thuit  
Pádhra Óg Ua Domhnaill — an t-aon duine amháin de'n  
dream ar a raibh báinín bán — marbh ar an bhall, agus  
rith a chuid comráduidhthe meud do bhí i n-a gcorpaibh,  
agus iad ag sgairtigh ar Dhia agus ar Mhuire agus ag  
ceasnaighil rómpa.    
Lá ar n-a bhárach do tháinig comhursana agus daoine
muinnteardha Phádhra Óig aníos ar lorg a chuirp; agus  
ar an uair cheudna do tháinig na saighdiúiridhe  
dearga aníos as Leitir Ceanainn do chrochadh agus do  
dhícheannadh cuirp Croppy do réir “reachta an Tríomhadh  
Sheoirse atá le grásta Dé 'na Rígh ar an mBreatain  
Mhóir agus ar Éirinn.”  Do bhí an obair ar tí a  
déanta nuair do chaith Sighle Dhonn Nic Shearraigh í  
féin ar a dá ghlúin gheala thárnochta ag cosaibh oifigigh  
na saighdiúiridhe, agus ghuidh sí é corp an Chroppy  
leigean le n-a mhuinntir féin.  Agus thug an t-oifigeach  
a hathchuinghe dí, agus fuair an dream thíos cead  
corp Phádhra Óig do bhreith leo.    
Ní bhéidhead ag baint deor as mo shúilibh féin nó  
as súilibh an léightheora ag trácht ar fhaire agus ar  
thórramh Phádhra Óig Uí Dhomhnaill, ar chaoineadh a mhná  
nuadh-phósta, ar uchbhadh a mháthar, nó ar bhuaidhreadh  
dheágh-dhaoine Chnuic an tSlánluis.  B'fhéidir go  
dtráchtfainn ar na neithibh seo am éigin eile, nó  
b'fhéidir go bhfanfainn go dtógfaidhe an chreach.  Má  
fhanaim, a léightheoir, béidh fanacht fhada againn araon.   
Níor tógadh creach Mhaghnuis go fóill, agus ó thárla  
nár tógadh, béidh sí mar sin go lá Thaidhg na dTadhgann.      
An Bhean agus an Rún.
Ins an tsean-am bhí iasgaire bocht d'ar bh'ainm  
Séamas Ua Frighill 'na chomhnuidhe i ngar do'n fhairrge  
mhóir ins na Rosaibh i gCondae Dhúin na nGall.  Do bh
sé an-bhocht mar bhíos na hiasgairidhe uile, gidh nach  
raibh de mhuirighin aige acht aon mhac amháin, Páidín.  Is  
minic adeireadh sé le n-a mhnaoi nuair bhíodh an bheirt  
'na suidhe cois na teineadh ins an oidhche:    
“A Mháire, a rúin, dá dtiocfadh liom beagán airgid  
do chruinniughadh suas ar dhóigh éigin stadfainn féin  
d'iasgaireacht.”    
“Bí 'do thost, a dhuine,” déarfadh Máire, “caith- 
fimid bheith gnóthach ar feadh an ama bhéas sinn ar  
an tsaoghal, agus ní'l slighe bheathadh ar bith eile ins  
na Rosaibh.”    
Aon oidhche amháin i nDeireadh Foghmhair nuair do bhí  
Séamas a's a bhean a's a mhac 'na suidhe ag an teinidh  
ag cainnt mar seo, cia phreab isteach acht bean siubhail.    
“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a bhean chóir,” ar  
Séamas.    
“Go mbeannuighidh Dia is Muire dhuit féin, agus go  
gcuiridh Sé gach uile rath agus beannacht ar gach uile  
dhuine atá romham ins an toigh so,” ar an bhean siubhail.    
“Amén, agus gurab é dhuit, a bhean chóir,” ar  
Séamas.    
“An bhfuighead lóistín annso go maidin?” ar an  
bhean siubhail.    
“Gheobhair agus fáilte,” ar Séamas, “níor chuireas  
bean siubhail no fear siubhail amach as mo thoigh riamh.”    
“Maith thú!” ar an bhean siubhail, “ní ins na
Rosaibh gheobhas deagh-chlú a's féile na hÉireann an  
cheud bhuille.”    
Leis an sgeul do dhéanamh gearr chodail an bhean  
siubhail i dtoigh Shéamais Uí Fhrighill an oidhche úd, agus  
fuair sí neart de'n chineál bídh agus dighe do bhí le  
fagháil.    
Ar maidin lá ar n-a bhárach nuair do bhí sí ag  
imtheacht labhair sí le Séamas agus le n-a mhnaoi,  
agus is eadh adubhairt sí:    
“A Shéamais, nuair do bhidheas ar leic an dorais  
ag teacht isteach chum do thighe-se aréir, chualas tú  
ag cainnt fá'n díoghbháil airgid atá ort agus an áird  
atá agat air, agus an mhaith do dhéanfadh sé dhuit dá  
mbéadh agat.  Anois, do thugais lóistín dhomh-sa  
aréir, acht táim-se ábalta 'rádh indiu go dtig liom  
díolaidheacht a thabhairt dhuit, agus is maith do cheart  
díolaidheacht a fhagháil.  Oidhche Shamhna so chugainn  
fágh seamróg na gceithre nduille agus bíodh sí fá do  
cheann agat nuair rachfas tú a chodladh.  I lár na  
hoidhche béidh brionglóid agat, agus má tá ór nó stór  
i bhfolach in áit ar bith fá'n talmhain ins na Rosaibh,  
do-chífir ins an mbrionglóid cia'n áit í.”    
“An bhfuilir cinnte go bhfuil ciste i bhfolach fá'n  
talmhain ins an tír so?” ar Séamas.    
“Measaim go bhfuil,” ar an bhean siubhail, “nó  
bhí taoiseach Lochlannach ann fad ó; bhí seacht bpotaidhe  
lán d'ór aige, agus nuair do bhí sé ag eitealladh ó  
na hÉireannachaibh, chuir sé fá'n talmhain in áit éigin  
ins na Rosaibh iad, de bhrígh nár mhaith leis a chuid óir  
do bheith ag a náimhdibh.  Ach, a Shéamais, ná bain do'n  
ór agus ná gabh i ngar do'n áit in a bhfuil sé go dtí  
Oidhche Nodlag má's mian leat ádh agus rath do bheith  
ort féin agus ar d'obair.  Agus rud eile, eadar an  
dá am, sin mar adéarfá, eadar Oidhche Shamhna agus  
Oidhche Nodlag congbhuighidh an gnó seo agaibh féin,  
agus ná tráchtadh duine agaibh le duine beo air, ar  
eagla go rachfadh an sgeula trés an tír, agus dá  
mbéadh sin amhlaidh do b'fhearr dhíbh féin ar bhur son  
féin bheith 'nbhur dtost.  Caithfidh mé bheith ag imtheacht  
anois.”    
“Támuid an-bhuidheach díot,” ar Séamas.
“Sul má n-imthighir,” ar Máire, “innis dúinn cia  
thú féin agus cia'n áit ar de thú?”    
“Ban-fhlaith de Shluagh Sídhe an Dúin mé,” ar an  
bhean siubhail, “agus táim ag triall trés an tír mar  
seo fá chruth mná siubhail ag déanamh deagh-ruid do'n  
té nach dtuilleann droch-rud.  Is mithid domh bheith ag  
imtheacht anois.  Slán agus beannacht libh!”    
“Go soirbhighidh Dia agus Muire dhuit,” ar Séamas.
Nuair do bhí an bhean siubhail imthighthe, is eadh  
adubhairt Séamas Ua Frighill le n-a mhnaoi agus  
lúthgháir ar a ghuth, “ní fada go rabhmuid saidhbhir, a  
Mháire.”    
“Is fada liom an t-am go dtigidh Oidhche Shamhna,”  
ar Máire, “is nuair thiocfas Oidhche Shamhna is fada  
liom an t-am ar ais go dtigidh Oidhche Nodlag.”    
“Bíodh foighid againn araon,” ar Séamas, “níl  
acht seachtmhain go hOidhche Shamhna, agus is beag le  
seacht seachtmhainidhibh ó Oidhche Shamhna go hOidhche  
Nodlag.  Ar an ádhbhar sin ní bhéidh fanamhain mhór  
againn ó thús go deireadh.”    
An tráthnóna roimh Oidhche Shamhna bhí Séamus amuigh  
ag siubhal trés na gortaibh ag cuartughadh seamróige  
na gceithre nduille.  Ar feadh tamaill fhada níorbh'  
fhéidir dhó ceann ar bith d'fhagháil acht fá dheireadh do  
sheol an t-ádh go dtí carraig mhór é.  Ar mhullach na  
cairrge sin do bhí an tseamróg ag fás go húr glas  
agus gan freumh nó cré fúithi.  Do thug Séamus a  
bhaile leis í agus nuair do bhí sé ag dul a chodladh  
chuir sé fá n-a cheann í.    
Go moch ar maidin lá ar n-a bhárach do dhúisigh Máire  
Séamus a's d'fhiafruigh sí dhe, “a Shéamais, an raibh  
brionglóid ar bith agat aréir?”    
“Go deimhin, bhí brionglóid mhaith agam,” ar  
Séamus, “a's tá a fhios agam indiu cá bhfuil na seacht  
bpotaidhe óir i bhfolach.”    
“A Rí na Glóire!” ar Máire go lúthgháireach, “cá  
bhfuilid, a Shéamuis?”    
“Tá na seacht bpotaidhe óir,” ar Séamus go  
bródamhail, “curtha slat fá'n talmhain, díreach faoi'n  
gcrann cuill atá ag fás le taoibh an ghrianáin sin  
atá ar bhárr mo chnuic féin.  Do bhí an Lochlannach do  
chuir ann iad 'na dhraoi mhór, agus ar bheul gach pota  
aca do chuir sé croiceann caorach, agus ar gach  
croiceann aca atá pioctúir na gealaighe a's í ins an  
gceud cheathramhain agus níorbh' fhéidir, ar an ádhbhar  
sin, an t-ór d'fhagháil go sásta, am ar bith trés an  
mbliadhain acht Oidhche Nodlag ar uair an mheadhon- 
oidhche.  Anois, a Mháire, nach mbéimid saidhbhir gan  
mhoill?”    
“Béimid,” ar Máire agus do thug sí féin agus a  
fear buidheachas mór do Dhia agus do Naomh Colmchille.    
Cibé duine adubhairt an cheud uair, “ní thig le  
mnaoi rún do chongbháil,” duine fíor-bhriathrach eolgach  
do bhí ann go cinnte, de bhrígh go raibh an seanfhocal  
úd fíor riamh, agus tá sé fíor indiu, agus béidh sé  
fíor, atá eagla orm, go deireadh an tsaoghail.   
Cosamhail leis na mnáibh uile, do bhí Máire, bean  
Shéamuis Uí Fhrighill, 'na mnaoi do bhíodh i gcomhnuidhe  
ag cainnt agus ag clabaireacht.  Aon lá amháin  
seachtmhain roimh Oidhche Nodlag do bhí sí féin is bean  
na comhursanachta 'na suidhe ar theallach na teineadh ag  
cainnt le n-a chéile agus gan duine ar bith eile i  
láthair.  Do bhíodar ag déanamh malairt sgeulta  
agus nuaidheacht, ag tabhairt agus ag fagháil ó n-a  
céile mar dhá cheannuidhe.  Acht ins an deireadh, gan  
bheith buailte, léig Máire iorball an sgéil do b'fhearr  
do bhí aici féin, mar rún, leis an mnaoi eile.  Agus  
nuair do léig sí an t-iorball amach b'éigin dhí  
tuilleadh do leigean uaithi, agus nuair d'imthigh bean  
na comhursanacht' bhí rún Mhaire Ní Fhrighill go  
hiomlán léithi.  Annsin d'innis an bhean úd mar rún  
do mhnaoi eile é, agus d'innis sí annsin mar rún do  
mhnaoi eile é, agus fuair bean eile annsin é.  Do  
chuaidh sé ó mhnaoi go mnaoi agus ó bheul go beul,  
agus roimh dhá lá bhí sé 'na sgeul reatha trés an  
mbaile, agus dálta na sgeulta reatha uile níor chaill  
sé dadaidh acht cuireadh mórán leis.    
Nuair do bhí comhursana Shéamuis Uí Fhrighill ag  
cogarnaigh eatorra féin, agus nuair do thúsuigh an  
t-éad agus an tnúth ag éirghe i n-a gcroidhthibh tháinig  
rud do chreathnuigh iad.  Oidhche roimh Oidhche  
Nodlag do thúsuigh an bhean sídhe ag caoineadh ar  
chladach na fairrge.  Do mhair an caoineadh uathbhásach  
sin ar feadh na hoidhche.  Anois shaoilfeadh na daoine  
gur ar chladach na fairrge do bhí an caoineadh, annsin  
arís shaoilfeadh siad gur thuas ar na cnocaibh do bhí  
sé.  Adubhairt an sean-Sagart Ua Domhnaill nach  
raibh ann acht an ghaoth ag séideadh trés na crannaibh.   
Adubhairt an sean-bhráthair Mac an Bháird mar an  
gcéadna.  Acht adubhairt na tuataidhe uile go rachfadh  
duine éigin agus sloinneadh fíor-uasal air faoi na  
fódaibh roimh mhórán laetheadh.  Sloinnte móra uaisle  
go huile do bhí ins na Rosaibh agus dá bhrígh sin bhí  
eagla mhór ar gach duine.  Is beag nach ndeárnadar  
uile dearmad d'Oidhche Nodlag agus d'ór Shéamuis  
Uí Fhrighill acht Séamus é féin.  Do chuimhnigh Séamus  
ar an ór agus b'éigin dhó annsin cuimhniughadh ar an  
oidhche do bhí le n-a fhagháil.  Agus rinn sé sin.    
“Is dóigh nach mbéidh mórán daoineadh ar a gcois  
anocht,” ar Máire le Séamus agus í ag ullmhughadh an  
tséire Oidhche Nodlag.    
“Measaim, a Mháire,” ar Séamus, “nach mbéidh  
daoine saoghalta ar bith ar a gcois anocht 'san mheadhon- 
oidhche, acht mé féin agus Páidín, agus an caoineadh  
do bhí ann aréir.”    
“Caithfidh mé deifir do dhéanamh leis an tsuipeur,”  
ar Máire.  “Nuair bhéas tú féin agus Páidín  
ulmhuighthe, ní bhéidh sé i bhfad ó'n mheadhon-oidhche. 
Agus rinn Máire deifir mhór le gach nidh, agus  
nuair do bhí an séire ithte aca, thug Séamus  
piocóid do Pháidín agus thug sé dhá ráin leis féin  
ceann i ngach láimh, agus a n-aghaidh leis an gcnoc.   
D'fheuch Máire 'na ndiaidh go lúthgháireach, agus  
adubhairt sí leo deifir do dhéanamh, acht rinn sí  
dearmad beannacht Dé do chur leo.    
Do bhí oidhche bhreágh gheal ghlórmhar ann.  Ní raibh  
gruaim nó fuaim ar thalmhain nó fairrge.    
“Ní raibh deor ar dhúil nó fód   
Ná ar mhuir nó aer aon sgáil.”    
Do bhí an ghealach agus na milliúin de reultaibh ag  
lonnradh anuas ar shaoghal shíothchánta.  Do bhí an oidhche  
úd mar do badh chóir d'Oidhche Nodlag do bheith, acht  
nach raibh sneachta ar an talmhain.  Do bhí sí 'na  
Nodlaig ghlais agus creidim nach raibh Críostaidhe ar  
bith trés an tsaoghal nár mhaith leis í do bheith bán acht  
amháin Séamus Ua Frighill, agus bhí a fhios aige féin  
cad fáth.    
Dá mbíodh duine ar bith ag amharc ar Sheumas agus  
Páidín ag siubhal suas an cnoc an oidhche úd,  
d'fhéadfadh sé fiach dubh d'fheuchain agus é d'á leana- 
mhain.  Ní fhacadar féin é, nó má chonnaic níor chuir- 
eadar suim ar bith ann.  Do shiubhladar leo go dian go  
dtángadar go dtí an grianán.  Do tharraingeadar  
an crann cuill amach as an talmhain, agus annsin  
thúsuigh siad ag tochailt, agus fá dheireadh do thángadar  
go dtí leac fhada leathan thanaidh.  Do chuir an bheirt  
a lámha fá'n leic, agus do thógadar amach í.  Fá'n leic  
bhí seacht gcroiceann caorach, agus fá na seacht  
gcroiceannaibh fuaireadar na seacht bpotaidhe óir.   
Ba mhór lúthgháir Sheumais agus é ag feuchain ar an  
ór mbreágh mbuidhe le solus na gealaighe!  Ba mhór  
lúthgháir Pháidín agus é ag tógáil an dá phota dhéidheanach  
amach as an bpoll!    
“Anois, a Pháidín chroidhe,” ar Seumas, “tá an  
t-ór againn fa dheireadh.”    
“Labhair go híseal, a athair,” ar Páidín.  “Do  
shaoileas anois go bhfacas ceann duine ag éirghe ó  
chúil na túrtóige sin thall.”    
“Tá rud éigin ar do shúilibh,” ar Seumas; “tá a  
fhios agat nach bhfuil duine saoghalta ar a chois an  
taca so d'oidhche, agus má's rud neamhshaoghalta atá  
ar a chois níl dochar leis.”    
“A athair,” ar Páidín, “do rinneamar dearmad  
málaidhe do bheith linn leis an ór d'iomchar abhaile.”    
“A Rí na Glóire,” ar Séamus, “rinneamar  
dearmad mór, acht níl neart air.  Fanfad-sa annso  
agus gabh a bhaile leat go luath agus tabhair leat dá  
mhála.  Abair le do mháthair go bhfuil neart óir os  
cionn talmhan annso.  Deun deifir.”    
D'imthigh Páidín síos an cnoc, agus níorbh' fhada go  
raibh sé 'san mbaile.  Do bhí lúthgháir mhór ar a mháthair  
roimhe nuair do tháinig sé asteach agus é ag gáiridhe,  
ach do bhí dhá oiread lúthgháire uirthi roimhe nuair do  
chuala sí an sgeula maith do bhí leis.  Fuair sé an dá  
mhála agus thug sé a aghaidh ar an gcnoc arís.  Níor  
chaith sé mórán ama ar an mbealach, acht munar chaith  
féin, bhí athrughadh mór roimhe ar a theacht ar ais.   
Nuair do tháinig sé go bun an ghrianáin ní thiocfadh leis  
a athair d'fhagháil.  D'fheuch sé timcheall an ghrianáin  
annsin, a's chonnaic sé go raibh na potaidhe óir uile  
imthighthe mar an gceudna.  “A Dhia dhílis!” ar  
seisean leis féin, “tá an droch-rud ar a chois anocht.”  
D'fheuch sé timcheall na háite arís, acht ní fhaca sé a  
athair agus ní bhfuair sé an t-ór.  Annsin do thóg sé  
a ghlór, a's ghoir sé amach: “A athair, tá na málaidhe  
annso, agus tá mé féin annso.”    
Ní bhfuair sé freagra ar bith, acht do chuir an fiach  
dubh do bhí 'na shuidhe anois ar mhullach an ghrianáin gíog  
as, agus d'imthigh trés an aer.  Do sgairt Páidín  
amach arís: “A athair, cá bhfuil tú nó cá ndeachaidh  
tú?”  Ní tháinig freagra ar bith, acht cogar na  
gaoithe ag séideadh trés an raideoig, agus guth tuinne  
bige ag bualadh ar an tráigh chairrgigh.  Le súil deoraigh,  
d'fheuch Páidín fá dheireadh asteach ins an bpoll i n-a  
raibh an t-ór, is do chonnaic sé duine 'na luighe ann.   
Do tharraing Páidín amach é agus chonnaic sé  
annsin le solas na gealaighe gurbh' é a athair do bhí  
ann; acht, faraor! do bhí sé chom marbh le cloich.  Do  
bhí a chloigeann briste asteach, agus a chuid fola uile  
ar a aghaidh agus ar a chuid eudaigh.  Ar an gcnoc  
uaigneach annsin d'éirigh an caoineadh do ba bhrónaighe  
do chuala duine beo riamh — caoineadh an bheo os cionn  
an mhairbh — caoineadh mic ghrádhmhair os cionn cuirp a  
athar.    
Nuair do thuirsigh Páidín é féin ag caoineadh ar an  
gcnoc do tháinig sé a bhaile agus d'innis sé an sgeul  
brónach d'á mháthair.  Annsin do shuidh an bheirt cois  
na teineadh ag sileadh deor ar deor agus ag bualadh  
a n-ucht go dtáinig an lá.  Nach dall na daoine iad  
síol Ádhmha! agus nach beag a bhfios ar an am bhíos  
rómpa!  Do chonnaic Máire Ní Fhrighill agus a mac  
Nodlaig lúthgháireach sámh rómpa, acht do rinneadh  
brón de'n tsáimhe agus dólás d'á lúthgháir.    
Nuair do chuaidh sgeul báis Shéamuis trés an mbaile,  
do chruinnigh na comhursana asteach le sólás do  
thabhairt d'á mhnaoi, agus leis an té do bhí marbh do  
thórramh agus d'adhlacadh.  Is iomdha dath cuireadh ar  
chaoi a bháis ag an bhfaire.    
Adeurfadh duine amháin, “do thuit sé asteach ins  
an bpoll agus briseadh a chloigeann,” agus adeurfadh  
duine eile, “d'innis ainspiorad éigin dó go raibh  
ór i bhfolach annsúd agus nuair do tháinig seisean d'á  
chuartughadh do mharbh an t-ainspiorad é;” acht  
adubhairt siad uile: “Do bhí sé i ndán do dhuine éigin  
de shíol uasal bás d'fhagháil nuair do bhí an bhean sídhe  
ag caoineadh athrughadh aréir.  Beannacht Dé agus  
guidhe Chuilm Cille le hanam Shéamuis Uí Fhrighill.”    
Nuair do bhíodar ag adhlacadh an chuirp i sean- 
roilig Leitir' Mhic an Bháird, thóg na daoine an sean- 
chaoineadh Gaedhealach, agus annsin thug siad a n-aghaidh  
ar an mbaile.    
Do bhí Máire Ní Fhrighill agus a mac uaigneach anois,  
agus is iomdha duine adeurfadh nach raibh neart ag  
Máire ar an mí-ádh agus an donas do tháinig ar a  
toigh, acht do bhí neart aici féin air, agus do bhí a fhios  
aici féin go raibh, agus is iomdha am adubhairt sí le  
n-a mac eadar deoraibh agus osnaidhibh, “Faraor! a  
Pháidín! muna mbéadh gur innis mé fá'n ór do bhí  
fá'n talmhain, ní bhéadh Seumas d'athair (Dia le n-a  
anam) fá na fódaibh indiú!  Faraor geur! Is cuimh- 
neach liom anois gur dhubhairt an bhean siubhail linn,  
da mbadh mhian linn ádh agus rath do bheith ar an obair  
agus ar an ór, gan trácht air le duine ar bith go dtí  
go bhfuighmís é.  Ach mo leun geur! Léigeas an  
sgeul agus an rún amach le mnaoi eile, agus fágann  
sin d'athair bocht 'san gcré indiú, agus fágann sé mé  
féin eadar bheith beo agus a bheith marbh.”    
Ní luaithe théid duine as amharc ná théid sé as  
cuimhne.  Meud de dhaoinibh móra do bhí ar an tsaoghal  
so riamh do rinneadh dearmad dhíobh nuair fuaradar  
bás, agus do bhí sé mar an gceudna ag Seumas  
Ua Frighill.  Do chuimhnigh a bhean agus a mhac air i n-a  
n-urnuighthibh go deireadh a mbeathadh, acht amháin sin,  
níor smuain siad acht go hannamh air d'éis an gheimhridh  
sin.    
Nuair thig an t-earrach agus an samhradh tig athrughadh  
leo.  Cuireann áilne an earraigh an ruaig ar an  
bhrón bhidheas ins an gcroidhe, agus tiormuigheann  
teas an tsamhraidh na deora bhíos ar an aghaidh.    
Do bhíodh Páidín Ua Frighill ag iasgaireacht i mbád  
a athar, agus a mháthair ag déanamh neithe beaga fá'n  
toigh.  Mar so do chaith an bheirt an samhradh, an  
fóghmhar, agus tús an gheimhridh.  Do bhí Oidhche Nodlag  
eile ag teacht anois arís.  Do bhí sé bliadhain anois ó  
d'eug Seumas acht rinneadh dearmad de féin agus  
d'á chuid óir agus de chaoineadh na mná sídhe.    
Nuair do bhí sé ag éirghe an-mhall ar an oidhche
mbeannuighthe so chuaidh Páidín Ua Frighill síos go  
cladach na fairrge le cuid de na hiasgaibh d'fhág sé  
ann a bhád ó'n oidhche roimhe do thabhairt a bhaile le  
haghaidh an cheudlongaidh ar maidin Lá Nodlag.    
Do bhí oidhche bhreagh gheal ghlórmhar ann.  Ní raibh  
gruaim nó fuaim ar thalmhain nó fairrge.    
“Ní raibh deor ar dhúil nó fód   
Ná ar mhuir nó aer aon sgáil.”    
Do bhí an ghealach agus na milliúin de reultaibh ag  
lonnradh anuas ar shaoghal shíothchána.  Do bhí an oidhche  
úd mar do badh chóir d'Oidhche Nodlag do bheith acht  
nach raibh sneachta ar an talmhain.    
Do chaith Páidín tamall beag ag siubhal ar an tráigh.   
Do chuaidh sé go mullach cairrge, agus d'fheuch sé amach  
ar an aigéin, agus do shaoil sé go bhfaca sé rud éigin  
leath-mhíle nó mar sin amach ar an uisge.  D'fheuch sé  
arís, do bhí an rud ag teacht níos goire, agus do bhí  
a fhios aige anois gur curach do bhí ann agus é ag  
déanamh ar an tír móir go luath.    
“Dar m'anam!” ar seisean leis féin, “tá an  
curach mar do bhéadh sé ag teacht as Árainn Mhóir  
nó b'fhéidir as Inis Fraoich no Toraigh.  Cia bhéadh  
ar an mhuir chomh mall so?  Cibé iad féin chífidh mise  
iad-san sul a bhfeicidh siad-san mise.  Rachfad i  
bhfolach.”  Do rinn sé mar adubhairt.  Astigh eadar  
dhá charraig do shuidh sé.  Fá dheireadh tháinig an curach  
go tráigh.  Ní raibh ann acht beirt fhear, agus léimeadar  
amach as.  Do thugadar asteach ar an gcladach dhá  
chomhrain mhóra do bhí leo agus d'fhágadar slat nó dhá  
shlait ó'n áit i n-a raibh Páidín i bhfolach iad.  Do shuidh  
an bheirt annsin ar mhullach an dá chomhrain.  Do bhí a  
gcainnt árd agus do bhí cuma ortha go raibh braon  
beag biotáilte ólta aca.  Do bhí an oidhche ciuin, agus  
ar an ádhbhar sin b'fhurus dó Pháidín a gcomhrádh do  
chloistin.    
“Bliadhain 's an oidhche so,” ar fear aca, “fuair  
Seumas Ua Frighill an t-ór faoi'n talmhain ag an  
tseanghrianán, bliadhain 's an oidhche so do mharbh  
sinne é, agus bliadhain 's an oidhche so do rinneadh  
saidhbhir sinn.”    
“Tá an t-am agam bheith ag imtheacht,” ar an fear  
eile, “is fada ó so go Leitir Mhic an Bháird, agus  
caithfimid dul ar ais go hÁrainn Mhóir 'san oidhche i  
mbárach.  Tig linn an t-ór do chur i bhfolach 'san uaimh  
uaignigh úd thíos, agus gan pioc de thabhairt linn acht  
mar bhéas sé a dhíth orainn.”    
“Caithfimid deifir do dhéanamh,” ar an ceud fhear,  
“má's mian linn teach éigin do sgrios i Leitir Mhic  
an Bháird roimh éirghe gréine.”    
Thug an bheirt fhear an dá chomhrain leo anois agus  
d'fhágadar i bhfolach ins an uaimh iad, agus chuireadar  
cloch mhór i mbeul na huaimhe.  D'imthigh an bheirt  
annsin go luath ag déanamh ar Leitir Mhic an Bháird.   
Nuair do bhídheadar as amharc tháinig Páidín amach  
ó'n áit i n-a raibh sé i bhfolach.    
“Á!” ar seisean leis féin, “tá fhios agam an  
t-iomlán anois.”    
Do chuaidh sé go dtí an uaimh annsin, thóg sé an  
chloch mhór agus chuaidh asteach.  Do bhí an dá chomhrain  
astigh, acht níorbh' fhéidir iad d'fhosgailt, óir bhí glais  
orra.  Do tháinig sé amach annsin, do chuir sé an  
chloch mhór i n-a h-áit, do thug sé cuid de na hiasgaibh  
leis, agus do tháinig a bhaile.  Níor labhair sé aon  
fhocal amháin le n-a mháthair fá'n rud do chuala sé nó  
fá'n rud do chonnaic sé.  Bhí codladh síothchánta agus  
aisling aoibhneach ag Páidín an oidhche úd — rud nach  
raibh aige le bliadhain a roimhe.  Nuair a d'éirigh sé lá  
ar n-a bhárach ar seisean leis féin, “Goidé dhéanfas  
mé anois?  Má théidhim i lár an lae ghil le casúr leis  
na comhrannaibh do bhriseadh agus le mála leis an ór  
do thabhairt a bhaile do-chídhfidh na daoine mé, agus má  
théidhim 'san oidhche anocht tiocfaidh na gaduidhthe orm.”    
Do chaith sé tamall fada ag smuaineadh.  “Á!” ar  
seisean fá dheireadh, “tá 'fhios agam anois cad  
dhéanfas mé.”    
Nuair d'éirigh sé mall an oidhche sin thug Páidín  
mála agus casúr leis, agus thug a aghaidh ar an tráigh.   
Do thóg sé an chloch as beul na huaimhe agus chuaidh sé  
asteach.  Do bhris sé leis an chasúr an dá ghlas.  I  
mbeul comhran amháin aca fuair sé na seacht gcroicne  
caorach.  Do chuir sé na croicne ins an mhála, a's  
annsin líon sé an mála le hór.  Do shuidh sé ar cheann  
de na comhrannaibh annsin.  “Á!” arsa seisean leis  
féin, “bliadhain a's an oidhche aréir marbhuigheadh  
m'athair le gaduidhthibh; bliadhain 's an oidhche 'réir  
tugadh a chuid óir uaidh le gaduidhthibh; acht buidheachas  
do Dhia tán t-ór agam-sa anocht!”    
Fá dheireadh chualaidh Páidín fuaim éigin amuigh,  
agus ní luaithe chualaidh 'ná tógadh an chloch mhór do  
chuir sé féin i mbeul na h-uaimhe nuair do tháinig sé  
asteach, a's tháinig an bheirt fhear cheudna do chonnaic  
sé an oidhche roimhe, asteach; acht ní fhacadar fad a  
lámh uatha, óir bhí an uaimh chomh dorcha le poll mónadh.   
Léig Páidín osna neamh-shaoghalta as anois, agus léim  
an bheirt fhear ar gcúl go beul na h-uaimhe le heagla.   
Annsin chuir Páidín béic bhrónach as, agus d'imthigh an  
bheirt fhear amach as an uaimh.  Do sheas siad amuigh ag  
cainnt tamall.  Fá dheireadh do tháinig fear aca ar  
ais go beul na huaimhe agus do labhair sé mar so agus  
eagla ar a ghuth: “I n-ainm Dé do chruthuigh na diabhail  
chomh maith leis na hainglibh, ifreann chomh maith leis na  
flaitheasaibh, innis domh cia thú féin agus cad tá uait?”
Do chuir Páidín béic as do mhúsglóchadh na mairbh  
atá 'na luighe i sean-roilig Leitre Mhic an Bháird agus  
do ghoir sé amach: “Is mise spiorad an fhir bhoicht do  
mharbh sibh anuraidh!”    
Ní túisce do bhí na focla as a bheul 'ná d'imthigh  
an fear ag béicfigh, “Taidhbhse! taidhbhse! taidhbhse!”    
Do rith an bheirt fhear go luath agus Páidín 'na  
ndiaidh.  Do thuit fear aca ar na carraigeachaibh  
cruaidhe, agus briseadh a mhuineál agus fuair sé bás  
ar an mball.  D'imthigh an fear eile mar an ngaoith  
agus ní fhaca duine ar bith ins ná Rosaibh ní ba mhó é.   
Nuair do chaith Páidín corp an fhir, a fuair a chloigeann  
briste, isteach 'san bhfairrge, thug sé ualach beag  
óir a bhaile leis.  Annsin do thug sé dhá ualach eile.   
Do bhí trí hualaighe go léir ann.  Do bhí a mháthair 'na  
codladh ins an am so.  Nuair d'éirigh sí ar maidin lá  
ar n-a bhárach, do bhí iongantas mór uirthi nuair  
d'fheuch sí ar an gcarn mbreagh óir a's do bhí tuilleadh  
iongantais uirthi nuair do chuala sí sgeul Pháidín ó  
tús go deireadh.    
“Nach iongantach,” ar sise fá dheireadh, nuair do  
thug sí buidheachas do Dhia, “nár innis tú domh nuair  
do tháinig tú a bhaile Oidhche Nodlag meud do chuala  
tú agus meud do chonnaic tú, agus annsin do  
chuideochainn leat leis an ór do thabhairt a bhaile aréir?”    
“Dá n-innseochainn,” ar Páidín, “bhéadh an sgeul  
thríd an tír roimh luighe gréine aréir, agus b'fhéidir  
go mbéadh daoine eile ag an ór romham, óir ní thig  
le mnaoi rún do chongbháil!”    
Do chaith Páidín Ua Frighill beatha fhada aoibhneach  
anois, agus b'fhurus dó, óir bhí sonas, síothcháin,  
sláinte, agus saidhbhreas aige, gidh gurab annamh  
bhíos na ceithre neithe so ag aon duine amháin.      
Maghnus Mac Cormaic agus  
Cormac Mac Maghnuis.     
Caib. I.
Na Síodhuidhthe a's na Naoidheanáin.
Ní fhuil sé i bhfad ó shoin — ní fhuil sé acht céad go  
leith bliadhain ó shoin, nó fá'n tuairim sin — ó bhí an  
Dall Mac Ciaragáin 'na chomhnuidhe i mBaile Chiaragáin,  
i nGleann Fhinne.  Riamh roimhe sin, nó ó shoin, b'fhéidir,  
ní raibh duine ar bith 'san gceanntar sin chomh húsáideach  
nó chomh hiomráidhteach leis an Dall so.  Do bhí sé 'na  
sheanchuidhe, 'na luibheolaidhe, agus 'na liaigh shídhe; do  
bhí leigheasanna aige do'n ruaidhe, do leonadh, do  
chait-bhrághad, d'fhiabhras croidhe, do chléithínidhibh, agus  
do mhórán d'aicideachaibh eile; agus cinnte go leor,  
muna bhfeicfidhe acht gearrfhiadh ins na cuibhreannaibh ar  
maidin lae Bealtaine, nó dá sáróchadh sé ar na mnáibh  
im d'fhagháil ar an mhaistriughadh ní dhéanfaidhe dadaidh  
acht sgéala do thabhairt do'n Dall, agus ba ghairid go  
rachfadh an tóir ar an ngearrfhiadh, agus go dtiocfadh  
im ar an gcuinneoig.    
Do bhí an sgeula ag dul thart gur chaill Mac  
Ciaragáin radharc a shúl i n-óige, agus mar sin tugadh  
“an Dall” air; acht cá bith ba chiall dó d'aithnigheadh  
sé i gcomhnuidhe eadar na bealaighibh móra agus na  
díogachaibh nuair do bhidheadh sé ag cóistireacht ó cheann  
go ceann an pharáiste.  Do tháinig sé anuas mar  
bharamhail ó dhaoinibh do chonnaic é, agus a raibh a fhios  
aca níos mó fá dtaoibh de 'ná mise nach bhfaca a riamh  
é, nach raibh sé i muinighin na gcúig gcéadfadh; acht  
go raibh an seiseadh céadfadh a's an seachtmhadh céadfadh  
aige má bhidheadar ag duine beo a riamh.  Agus sin 
an cineál duine do bhí 'san Dall Mac Ciaragáin.    
Maidin amháin nuair do bhí Mac Ciaragáin an- 
ghnóthach ag bruith luibheann i n-a bhothán i mBaile  
Chiaragáin, do tháinig fear óg asteach, a aghaidh lasta  
suas, agus a anál ag imtheacht air le deifir agus  
sgaoll.    
“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a dhuine mhodhamhail,”  
arsa 'n Dall.    
“Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a dhuine  
chóir,” ars' an strainséir; “goidé 'n áit annseo a  
bhfuil an fear a dtugthar an Dall Mac Ciaragáin air  
'na chomhnuidhe?”    
“Tá tú 'san áit cheirt,” arsa 'n Dall, “is mise  
an fear sin agus 'seo mo chomhnuidhe.  Suidh síos ar  
an tsuidhisteoig seo go gcluinidh mé uait cia thú féin,  
agus goidé atá ag cur bhuaidheartha ort.”    
“'Sé an t-ainm atá orm,” ars' an strainséir nuair  
do shuidh sé síos, “Maghnus Mac Cormaic a's táim  
'mo chomhnuidhe i Loch Finne.  Do pósadh anuraidh mé;  
agus tráthnóna indé d'éagcaoin mo bhean tinneas  
cloinne, agus d'iarr sí orm-sa dhul ar lorg cnáimhsighe.   
Do bhí tuairim againn go raibh ceann 'na comhnuidhe  
thiar ar na Gleanntaibh; agus go díreach i ndiaidh  
clapsholais do bhuail mé féin an bóthar méad do bhí in  
mo chorp.  Ag dul siar ag na Beannaibh Buidhe domh  
do casadh fear breágh dóigheamhail orm agus culaidh  
mhaith éadaigh air.  Do sheasuigh sé agus do chuir sé  
furán orm.    
“‘A dhuine mhacánta,’ arsa seisean, ‘is mór an  
rud atá ag cur on oiread sin deifre ort.’    
“‘Is mór gan amhras, a dhuine uasail,’ arsa mise,
‘acht má's eadh féin, ní rún ar bith é.  Táim go díreach  
ag dul siar chum na nGleanntach ar lorg cnáimhsighe.’    
“‘Ná bíodh a shaothar sin ort,’ arsa seisean, ‘óir  
do chualas iar bhfágáil na nGleanntach domh go dtáinig  
dhá ghairm uirthi ó thráthnóna; agus mar sin de, ní fhuil  
faic de ghar dhuit bheith ag cur an tsiubhail ort féin.’    
“‘Faoi 'n spéir cá rachfaidh mé?’ arsa mise.
“‘Ó, thárlaidh go han-mhaith duit,’ arsa seisean,  
‘tá mise 'mo dhoctúir!  Fuair mé mo chuid oidis agus  
mo chuid eolais thall ins an Spáinn, an áit a ndeachaidh  
mé féin agus m'athair agus mo mháthair cúig bliadhna  
ficheadi ó shoin nuair do bhí am cruaidh ins an tír seo.   
Is fada é leagtha amach agam cuairt do thabhairt ar  
an tsean-tír, agus bean Ghaedhealach do phósadh sul a  
mbainfinn fúm ins an Spáinn; a's is leis na rúnaibh  
seo d'fhágas an Chruinne tá coicthigheas ó shoin ar luing  
smuglála do bhí ag teacht chum na gCeall mBeag; agus  
táim ag siubhal thart i measg na ndaoine anois, ag  
déanamh doctúireacht dóibhthe, agus gan ag iarraidh  
díolaidheachta ar bith acht greim bídh a's lóistín oidhche.’    
“‘'Sí an Mhaighdean Mhuire do sheol an bealach so  
thú,’ arsa mise.    
“Aniar leis an bheirt againn annsin le lán-luas.   
Ar an bhealach d'innis sé domh gur de Chloinn Dálaigh é,  
go raibh sé muinnteardha do'n dá Easbog Ua Domhnaill  
do bhí ar an díoghóiste seo; go raibh gaol beag aige le  
Dálach Beag na Glaisighe, agus go raibh gaol mór aige  
le Dálaighibh Móra na Spáinne.  Nuair do shroicheamar  
an teach s'agam-sa i Loch Finne, fuaramar cuid de  
mhnáibh na gcomhursan cruinnighthe annsin romhainn,  
agus do bhí áthas mór ortha uilig ar cluinstin go  
raibh dochtúir Spáinneach liom i n-ionad sean- 
chnáimhsighe.  Ní raibh an dochtúir i bhfad 'san láthair  
gur rugadh cúpla — gasúr agus girrseach.  Ní fhanfadh  
an dochtúir le dadaidh d'ithe nó d'ól, acht d'imthigh  
sé fá dheifir mhóir.  Do bhí an póitín fairsing; do bhí  
na mná ag cainnt agus ag ciapáil agus ag díospóir- 
eacht fá siúd agus fá seo; agus mar sin de níor  
sonnruigheadh go dtí éirghe gréine go raibh an gasúr  
beag — an naoidheanán do ba mhó de'n chúpla —  
fuaduighthe, agus go raibh malartán crágach crúbach  
agus aghaidh sean-duine air fágtha i n-'áit.  Uch! do  
bhí 'fhios againn annsin gur síodhuidhe do bhí 'san  
dochtúir, gur chuir sé é féin in mo bhealach-sa agus gur  
chuir sé i gcéill domh gur liaigh Spáinneach do bhí ann,  
ionnus go bhfuigheadh sé faill leanbh d'fhuadach.  Ba  
ghairid go raibh teach callánach againn; máthair na  
naoidheanán ag caoineadh an dá shúl amach as a ceann,  
agus an spairn ag éirghe eadar na mnáibh eile — gach  
bean aca ag rádh gur ceart do'n mhnaoi eile  
cuimhniughadh luachair Bhrighde do chur os cionn an  
dorais sul a leigfidhe strainséir ar bith asteach.   
D'imthigh mé féin i lár an ghliadh, agus do thug mé  
m'aghaidh ar an áit seo go gcluininn uait-se an féidir  
an leanbh d'fhagháil tar ais, agus goidé dhéanfar leis  
an deamhanlach úd do fágadh againn mar mhalairt.”    
“A Mhaghnuis Mhic Chormaic,” arsa Mac Ciaragáin,  
i ndiaidh tamaill do chaitheamh ag meabhrughadh, “an  
bhfuil 'fhios agat ar gearradh an Chroch Chéasta ar an  
naoidheanán sin sul ar fuaduigheadh é?”    
“Do chualas na mná ag rádh go ndeárnadh, cinnte,”  
arsa Maghnus.    
“Is maith sin,” ars' an Dall.  “Tá do leanbh ceart  
go leor i n-áit éigin; agus fúigfear tar ais agat é i  
n-am éigin eadar an lá indiu a's lá do báis.  Iomorro,  
do mholfainn duit turas Thobair na n-Aingeal do  
dhéanamh dó taca an lae indiu gach uile bhliadhain go  
ceann seacht mbliadhan.  Agus i dtaoibh an mhalartáin  
bídhidh chomh cineálta dó agus chomh cúramach fá dtaoibh  
de go ceann seacht mbliadhan agus dá mbadh libh féin  
é.  Ar feadh an ama sin ná faghadh sé amharc ar  
ruacánaibh nó ar phréataidhibh; acht i ndeireadh na  
tréimhse sin cuiridh gugán de shligeánaibh ruacán a's  
de chroicnibh préataidhe roimhe, agus abraidh leis gur  
sin an cineál bídh a gheobhas sé ó sin amach.  B'fhéidir  
go dtabharfadh sin air imtheacht leis.  Acht rud amháin:  
ná déanaidh dearmad nuair bhéas sé ar tí imtheacht  
an clóca beag glas atá air do sgiobadh de, agus a  
chongbháil.  Sin a tig liom-sa innsin duit; agus ní  
fhuil sé ar mo chumas níos mó do rádh, acht amháin a  
iarraidh ort féin agus ar do mhnaoi bheith foighdeach,  
agus glacadh le gach uile rud mar thig sé.”    
Do thug Maghnus anois buidheachas mór do'n Dall  
ar son a chuid comhairleach, agus i ndiaidh sláin agus  
beannacht d'fhágáil aige agus a bhfagháil uaidh, d'imthigh  
sé leis trasna na gcnoc ag déanamh ar Loch Finne.    
Do chrom Mac Ciaragáin ar a ghnó féin anois, acht  
ba ghairid aige é go dtáinig fear eile asteach, agus é  
ag beannughadh roimhe.  Do bheannuigh Mac Ciaragáin  
dó, agus d'iarr air suidhe síos agus a sgíste do  
dhéanamh.    
“A Mhic Uí Chiaragáin,” ars' an fear do tháinig  
asteach, “tá lúthgháir mhór orm go bhfuaras 'san  
mbaile thú.”    
“Sul a bhfiafruighidh mé díot cad chuige sin,” ars'  
an Dall, “caithfidh mé admháil go bhfuil an bhuntáiste  
agat orm: aithnigheann tusa mise, acht ní aithnighim-se  
thusa gidh go bhfuil tuairim agam gur de'n pharáiste  
seo thú, agus go sílim go bhfaca mé roimhe thú.”    
“Tá an ceart agat,” ars' an fear do tháinig  
asteach, “is de'n pharáiste seo mé, agus do chonnaic  
tú roimhe mé.  Is mise Cormac Mac Maghnuis, agus  
táim 'mo chomhnuidhe ar an Mhóinín.”    
“Gan amhras chonnaic mé thú anuraidh,” arsa  
Mac Ciaragáin, “agus chualas gur pósadh thú cupla  
lá roimhe sin.  Goidé mar tá tú féin agus do  
chomráduidhe ag déanamh amach?”    
“Uch, go measardha, go raibh maith agat,” arsa  
Mac Maghnuis, “ach tháinig tubaiste mhór i n-ár  
mbealach; agus sin an rud do thug annseo mé indiu.”    
“Ó, goidé sin?” arsa Mac Ciaragáin.
“Uch, tá,” arsa Cormac, “rud do bhí i ndán dúinn  
b'fhéidir.  Do bhí mise amuigh ag Dubhghlaise indé le  
sochraid.  Do bhí sé mall tráthnóna ag fágáil na  
reilge domh; chuaidh mé thart Bealach an Chinn Ghairbh;  
agus bhí an meadhon-oidhche go maith liom ag teacht  
anuas eadar Leitir Bric agus an Mhóinín domh.  Ar  
an bhealach bhuail an smuaineadh mé nach mbéadh dochar  
ar bith sgéal mór bréagach do chumadh fá'n tSluagh  
Sídhe agus fá'n chrochlán: go bhfaca mé iad, go  
dtáinig siad rómham, go raibh naoidheanán leobhtha agus  
bean a fuair bás i Srath na Brághad cupla lá ó shoin,  
gur léig mé féin rois mhaith mallacht ortha, agus gur  
iarr mé ortha cuimhniughadh ar an seachtmhadh haithne,  
‘Ná déan goid’ — do chinn mé seo agus a dhá oiread  
eile 'innsin do mhuinntir an Mhóinín le hiongantas  
agus eagla do chur ortha agus le taisbeáint dóibhthe go  
bhfuil saighdiuireacht ionnam.  Acht mo bhrón! nuair do  
bhidheas ag dul soir ag árdán atá ar an cheann thiar  
de'n Mhóinín, agus mé ag smuaineadh goidé an  
t-uathbhás do bhéadh ar óg a's sean ag éisteacht le  
mo chuid sgéalta bréagach mhothuigh mé an séideán  
umghaoithe ag tarraingt orm; mhothuigheas sodar  
capall 'na dhiaidh sin; agus ba ghairid go bhfacas  
na marcaigh agus an eachraidh gheal-bhán ag teacht chugam  
anoir.  Do bhí an oidhche breágh geal, agus nuair do  
thángadar comhgarach chugam thugas fá dear naoidheanán  
ar bhéalaibh an mharcaigh do bhí i lár báire.  Do  
chuaidh mé uilig ar crith le heagla.  Do thuit an  
droighneán as mo láimh.  Ní raibh uchtach agam paidir  
nó mallacht do chur asam; a's sgeinn na marcaigh  
thart ag mo thaoibh — gach aon fhear aca ag tabhairt  
amharc mhagamhail orm.  Nuair do tháinig mé chugam  
féin bhog mé liom agus an t-allus fuar ag sileadh  
anuas ó mo chuid malacha.  Acht ar rochtain an bhaile  
domh fuaras amharc iongantach annsin romham, agus  
chualas sgeul do chuir uathbhás agus brón orm.  Do  
bhí cuid de mhnáibh na comharsnachta cruinnighthe ann —  
cuid aca ag urnuighe agus tuilleadh aca ag ciapáil  
agus ag cur trom ar a chéile.    
“‘Goidé is ciall do'n chabhlachas so i n-am an-tráth  
mar so nó goidé tá cearr?’” arsa mise nuair do  
chuaidh mé asteach.    
“‘Ó, tá,’ arsa bean aca, ‘do bhean féin annseo  
a raibh cúpla — gasúr a's girrseach — aici i ndiaidh  
clapsholais anocht.  Is cosmhail go ndeárnadh faillighe,  
nó nach ndéarnadh coimheád go leor tamall beag ó  
shoin.  Ar aon chor do tháinig an eachraidh sídhe chum an  
dorais agus d'fhuaduigh siad an ghirrseach bheag, agus  
níor fhágadar dadaidh i n-a háit acht an tsean-sguab  
sin do-chidh tú caithte ar an urlár annsin.’    
“Nuair do chualas goidé thárlaidh agus goidé bhí  
déanta bhí mé chomh buadhartha sin nach raibh a fhios  
agam cia aca mo cheann nó mo chosa bhí ar an talamh.   
Do smuain mé fosta go dtáinig an tubaiste seo  
mar chineál breitheamhnais orm féin mar gheall ar na  
sgéaltaibh bréagacha do bhidheas a chumadh ar an bhealach  
le hinnsin do mhuinntir an Mhóinín chum uathbháis do  
chur ortha.  Do chuireamar ar n-intinn le chéile ar  
maidin, agus ba léir dúinn uilig gur chóir theacht agus  
do bharamhail-se 'fhagháil an bhfuighthear an leanbh tar ais  
a choidhche, nó goidé dhéanfar leis an tsean-sguaib.”    
“Chidhim,” ars' an Dall; agus do chaith sé tamall ag  
smuaineadh ar méad do chuala sé.    
“A Chormaic,” arsa seisean ins an deireadh, “an  
dtig leat innsin domh ar gearradh an Chroch Chéasta ar  
do naoidheanán bheag sul ar fuaduigheadh í?”    
“Do hinnseadh domh gur gearradh cinnte,” arsa  
Cormac.    
“Ó is maith sin,” arsa Mac Ciaragáin, “óir  
gearrfaidh an comhartha sin bealach dí go fóill amach  
as braighdeanas na mbitheamhnach úd.  Acht mar sin  
féin, ba chóir dhuit Turas Thobair na n-Aingeal do  
dhéanamh dí taca an lae indiu gach aon bhliadhain go  
ceann seacht mbliadhain.  Agus i dtaoibh na sean- 
sguaibe cuimhnigh go gcaithfidh tú faire na haon-oidhche  
do dhéanamh uirthi, agus a cur lá ar n-a bhárach ar an  
taoibh amuigh de'n reilig; óir muna ndéanfaidhe a  
faireadh sul a gcuirfidhe as amharc í bhéadh sí tar  
ais arís in do choirneál roimhe luighe gréine.  Sin a  
dtig liom-sa a rádh; agus tá súil agam go mbéidhir  
beo le d'inghin bhig d'fheiceáil arís!”    
Do thug Cormac anois buidheachas mór do Mhac  
Ciaragáin ar son a chuid comhairleach, agus i ndiaidh  
sláin agus beannacht d'fhágáil aige, agus a bhfagháil  
uaidh, d'imthigh sé leis ag tarraingt ar an Mhóinín.     
Caib. II.
Faire na Sguaibe agus Imtheacht an Mhalartáin.
Nuair do chuaidh Cormac Mac Maghnuis 'fhad leis  
an Mhóinín chuir sé teachtairidhe annsiúd agus annseo  
ag innsin goidé thárlaidh, goidé dubhradh leis, agus  
ag rádh go mbéadh faire aige an oidhche sin.  Agus  
go deimhin ba hí sin an teachtaireacht a fuair an  
chluas!  Ba bheag de'n oidhche do bhí caithte go raibh  
cistineach Chormaic lán ó'n bhac go dtí an doras.  Do  
bhí seandaoine ann do bhí sean go leor le bás d'fhagháil,  
agus gan cuma ar bith báis ortha; do bhí fir ann do  
bhí i bhfad tar aois an phósta, agus gan iomrádh ar bith  
pósta aca; agus asteach le sin do bhí dornán breágh  
cailín ann — an mhór-chuid aca an-dóigheamhail, agus iad  
so nach raibh 'fhobair go mbéidheadh.  Do bhí corr-ghasúr  
le feiceáil thall agus abhus.  Ógánaigh do bhí ionnta so  
a fuair cead theacht amach an oidhche seo ar geallamhain  
nach bhfanfadh siad acht tamall beag — geallamhain nár  
congbhuigheadh agus nach raibh intinn a congbháil.  Do bhí  
bean Chormaic thíos ins an tseomhra, a naoidheanán ar  
a glúin, agus í ag déanamh daonáin i ndiaidh an  
naoidheanáin eile do bhí fuaduighthe.  Do bhí bean nó  
beirt d'á ciuiniughadh agus ag tabhairt sóláis dí;  
agus i dtaoibh na mban eile do bhí 'san tseomra ba hé  
an sean-am aca é ag caitheamh snaoisín, ag conspóid  
agus ag socrughadh gnóthaidhe na tíre i gcogaraibh.   
Ach do bhí an mór-chuid de na daoinibh ins an chistinigh.   
Do bhí Cormac é féin 'na shuidhe ag an teinidh, a chuid  
uilleann ag a ghlúnaibh, a cheann crom, a lámha ar a  
leicnibh, agus osna ag imtheacht air anois agus aríst.   
Do bhí an chuid eile 'na suidhe in 'ach aon áit ó'n doras  
aníos, ar phlainceannaibh, ar shuidhisteogaibh agus ar  
fhódaibh mónadh.    
Go dtí ar na fíor-mhallaibh do bhíodh fairidheacha na  
hÉireann i bhfad níos tarraingtighe agus corr-uair i  
bhfad níos greannmhaire 'ná na bainseacha.  Agus go  
deimhin níor bhris an fhaire seo cheann ar bith de na  
riaghlachaibh do-ghnidheadh faire níos tarraingtighe 'ná  
bainis.  As goidé 'n fáth go mbrisfeadh, agus gur  
faire sguaibe do bhí ann, agus na deora do sileadh  
gur i ndiaidh naoidheanáin nach bhfuair bás ar chor ar bith  
a sileadh iad?  Do chaith na seandaoine an cheud trian  
de'n oidhche ag sgeulaidheacht, ag fiannaidheacht, ag  
trácht ar thairngaireacht Chuilim Chille agus ag díospóir- 
eacht cia aca nathracha neimhe nó cistidhe atá faoi na  
croimleacaibh sin atá i bhfogus do'n Bhrocaigh.  Ar an  
mheadhon-oidhche do thug seanóir cráibhtheach paidrín mór  
fada amach “ar son na ndaoine atá annseo i láthair  
acht go speisialta ar son an naoidheanáin bhig do  
fuaduigheadh amach as an tigh seo aréir, ionnus go  
dtabharfadh Dia ar an dream d'fhuaduigh í a fágáil  
tar ais ins an áit cheudna a bhfuair siad í roimh  
sheachtmhain ó indiu.”  Do ghuidh sé ar son na marbh  
mar an gceudna, agus chuir sé suas mórán  
paidreach fosta do dhaoinibh annsiúd agus annseo do  
bhí do réir a bharamhla ag fuaradh 'san chreideamh, nó  
do bhí ró-thugtha do'n ól.  Do bhí cuid de na daoinibh  
seo 'san láthair, agus nuair do bhí an seanóir ag guidhe  
ar a son do mheas sé go mb'fheárr labhairt faoi n-a  
anáil.  Nuair do bhí an paidrín thart rannadh biadh ar  
an iomlán aca.  Is iad na cineáil do bhí ann;  
préataidhe, cáthbhruith, agus arán coirce.  Iar sin  
rinneadh réidhteach ar an urlár agus do chaith an t-aos  
óg an dara trian de'n oidhche ag “dallóig,” “thart  
an bhróg,” “fear an toighe,” agus mireoga de'n  
tseort sin.  Ag breacadh an lae, do chuaidh fir agus  
buachaillidhe amach chum na léanta d'imirt na gcluithche  
gcaointe .i. iomáin, coraidheacht, léimneach, agus folach  
cruach.  I ndiaidh éirghe gréine, sgaib lucht na faire  
uilig acht amháin comhursana agus daoine a raibh muinn- 
teardhas aca le Cloinn Mhaghnuis.  Nuair do tháinig  
sé tamall 'san lá cuireadh an sguab asteach i mbocsa,  
agus do chuaidh Cormac agus iad so d'fhan agus do  
chuireadar an bocsa faoi'n talamh ar an taoibh amuigh  
de shean-reilig Chille Taobhog.    
Iomthúsa Mhaghnuis Mhic Cormaic, nuair do tháinig sé  
a bhaile fuair sé a bhean 'na suidhe thíos ins an tseomra  
ag oileamhain a hinghine bige, agus bean de chuid na  
comharsnachta ag congbháil cuideachtan léithi; agus an  
malartán 'na shuidhe thuas ag teinidh na cistinighe, a dhá  
spáig astigh 'san luaith, agus é ag gearradh litreach  
innti le n-a ladhair mhóir.  D'innis Maghnus d'á mhnaoi  
meud do chuala sé ag an Dall agus chinn an bheirt  
a ndícheall do dhéanamh le hórdughadh Mhic Uí Chiaragáin  
d'iomchar amach chomh maith agus do b'fhéidir.  Agus go  
deimhin níorbh' fhurus sin do dhéanamh, nó ar aon chor  
meud de do bhain de'n mhalartán, óir ba doiligh cur  
suas le n-a chuid uilc agus a chuid cleasaidheachta.   
Ní raibh lá ar bith nó oidhche ar bith nár imir sé cleas  
úr éigin do mheas sé do chuirfeadh fearg ar Mhaghnus  
agus ar a mhnaoi.  Nuair do thigeadh an lánamhain  
suaimhneach so asteach 'ach aon oidhche, i ndiaidh bheith ag  
obair go cruaidh ins na cuibhreannaibh ó mhaidin,  
gheibheadh siad i gcomhnuidhe gach uile rud ins an toigh  
bun ós cionn nó amach as áit.  Do bhéadh doras an  
tseomra fosgailte, agus an mhuc thíos ag déanamh  
tochaltáin ins an urlár; bhéadh an cat astigh 'san  
chuinneoig báidhte, b'fhéidir, agus bhéadh an madadh  
ag ciseán an ime; bhéadh na gugáin agus na spiúnóga  
thiar faoi na leabthachaibh, agus bhéadh fóda mónadh  
thuas ar an dreisiúr; bhéadh na suidhisteoga agus na  
stólta amuigh ar an charn aoiligh, agus bhéadh leagan  
úr ar mhaididhibh na leabthach, ar mhodh agus go dtuitfeadh  
an chéad duine do rachfadh asteach i gceann aca síos;  
bhéadh an teine athruighthe anuas go dtí lár an urláir;  
bhéadh an pota astigh 'san ghríosaigh agus a bheul faoi;  
bhéadh an maide pota agus an crochadh ag iarraidh;  
agus bhéadh ceann an mhaide bhriste dearg-the ionnus  
go ndóighfidhe lámh an cheud duine do gheobhadh greim  
air.  Agus nuair do thiocfadh Maghnus agus a bhean  
asteach agus an leanbh beag ar iomchar leo (óir bhíodh  
an leanbh i gcomhnuidhe amuigh leo), do gheibheadh siad  
an malartán 'na shuidhe ar an bhac, agus é ag amharc  
thart go bródamhail ar a chuid oibre.  A's le feirg  
do chur ar bhean Mhaghnuis déarfadh sé léithi corr- 
uair: —    
“A mháthair, is iongantach nach bhfuil tú dom'  
oileamhain-se anois agus aríst, agus ag tabhairt cíche  
domh mar táir ag tabhairt do mo dheirbhshiair bhig.   
Dár ndóigh, tá a fhios agat go bhfuil mise choimh muinn- 
teardha chugat agus tá sise.  Uch! ní fhuil iongantas  
go bhfuil sise ag fás suas agus go bhfuil mise ag éirghe  
níos lugha 'ach aon lá!”    
Acht níorbh' é seo deireadh.  Bhéadh sé ag gabháil  
cheoil rith na h-oidhche le Maghnus agus a mhnaoi do  
chongbháil musgailte.  Agus ní bhéadh i n-a bheul ó  
thús go deireadh acht rann amháin as an tsean-amhrán  
sin, “Tá mé 'mo chodladh a's má tá ní fhuil neul:”    
“Long agus bád i lár na fairrge,   
Agus ceann aca lán de mhnáibh breághtha Sasanach',
Dá mbéidhinn-se 'san bhád bhéadh báb aca i n-aice liom
Tá mé 'mo chodladh 's má tá ní fhuil neul!   
Tá, etc.”    
“Go bhfóiridh Dia orainn!” déarfadh bean Mhaghnuis  
i gcogar le n-a fear nuair do bhéadh an bheirt  
tamall ag éisteacht leis an cheolruidhe do bhí 'na luighe  
ar shraideoig 'san choirneál, “ba mhinic do chuirfeadh  
an t-amhrán sin a chodladh sinn nuair do bhidheamar  
'nár bpáisdidhibh; anois 'sé tá dár gcongbháil mús- 
gailte.”    
Agus so an cineál ama do bhí i dtigh Mhaghnuis  
Mhic Chormaic ar feadh seacht mbliadhain.  Agus  
d'fhuiling Maghnus agus a bhean an t-iomlán chomh  
foighdeach a's do dhéanfadh Seob é féin dá mbéadh  
sé i n-a n-áit.  Acht do-gheibh foighide furtacht 'san  
deireadh.  Nuair do tháinig an lá a raibh na seacht  
mbliadhna astigh bhruith bean Mhaghnuis dornán  
préataidhe agus dornán eile ruacán.  Annsin bhain  
sí na croicne de na préataidhibh, agus chuir sí ar  
phláta iad, agus chaith sí iomlán an laoidhin amach  
ar an charn aoiligh.  Mar an gceudna chongbuigh sí  
sligeáin na ruacán agus chaith sí an muarach amach  
'san tsinc.  Do bhí an malartán 'na shuidhe ós a  
coinne, agus é d'á coimheád mar bhéadh cat ar feadh  
an ama do bhí sí ar an obair seo.    
“A mháthair,” arsa seisean ins an deireadh, “tá  
tú ag cur iongantais mhóir orm indiu.  Do chaith tú  
amach biadh na bpréataidhe, — an laoidhean, agus biadh  
na ruacán, — an muarach, agus chongbhuigh tú na croicne  
a's na sligeáin.  Ní fhuil tú agat féin.”    
“A rúin,” arsa bean Mhaghnuis, go ciuin, óir bhí  
eagla uirthi labhairt leis ar dóigh ar bith eile, “a  
rúin, tá mealladh ort agus tá tú ag magadh orm.   
Dár ndóig, tá 'fhios ag gach uile dhuine a bhfuil 'fhios  
aige dadaidh gurab é an croiceann an chuid is feárr  
de'n phréata agus gurab é an sligeán an chuid is feárr  
de'n ruacán.  Do bhí fear thiar annseo ar na Gleann- 
taighibh agus thoisigh sé ag rádh na rudaí adeir tusa  
.i. gur ins an laoidhean agus ins an mhuarach atá  
iomlán an chothuighthe agus nach bhfuil maith ar bith ins  
na croicnibh nó ins na sligeánaibh; agus ar feadh chúpla  
bliadhan ba h-é an t-ádhbhar gáire ba mhó é d'á raibh  
'san tír.  Acht bhí 'fhios ag 'ach aon duine nach raibh  
neart aige air, óir go raibh sé éadtrom 'san cheann.”    
Annsin líon sí gugán le croicnibh agus le sligeánaibh,  
agus thug sí do'n mhalartán é.  Do thoisigh sé a dh'ithe,  
acht ba ró-ghairid gur thuirsigh sé, agus gur chaith sé  
an gugán agus meud do bhí ann asteach san teinidh.    
“A rúin,” arsa bean Mhaghnuis, “níor cheart duit  
an biadh do chaitheamh 'san teinidh.  Sin an cineál bidh  
gheobhas tú ó seo suas.”    
“Imtheochaidh mé,” ars' an malartán, ag éirghe agus  
ag dul síos 'fhad leis an doras; “ní thig liom so do  
sheasamh.  Rachfaidh mé siar chum na nGleanntach, an 
áit a bhfuil fear amháin céillidhe.”    
Do rith bean Mhaghnuis síos agus do sgiob sí an  
clóca beag glas de, agus do chongbuigh sí é.  Do  
shíl an malartán gurab é an rud do bhí sí ag cur  
roimpi féin é féin do chongbháil i n-aghaidh a thola
agus arsa seisean:    
“Imtheochaidh mé; ní fhuil gar dhuit bheith ag brath  
mo chongbháil.”    
Agus d'imthigh sé siar le taoibh an locha, agus  
Maghnus é féin 'na sheasamh 'san doras, agus é ag  
glaodhach amach 'na dhiaidh: “Nár phillidh tú choidhche!”   
Go deimhin ba hí sin an athchuinge nár thuit 'un talaimh.   
Cá bith áit a ndeachaidh an malartán níor phill sé ar  
thoigh Mhaghnuis Mhic Chormaic ní ba mhó.     
Caib. III.
An Bróinteoir agus an Sníomhadóir.
Ar feadh na seacht mbliadhan do bhí Maghnus  
Mac Cormaic ag déanamh na dturus mbliadhantamhail  
go Tobar na nAingeal do bhí muinighin láidir aige  
féin agus ag a mhnaoi go bhfaoigfidhe a naoidheanán  
tar ais aca maidin éigin.  Acht nuair nár thárlaidh seo  
le linn an turuis deireannaigh agus imtheacht an  
mhalartáin chuaidh a muinighin síos ina mbrógaibh.   
Do chuaidh seacht mbliadhna eile thart annsin, a's annsin  
seacht mbliadhna eile, acht rith an ama sin níor fágadh  
an leanbh tar ais, agus ní raibh iomrádh ar bith go  
bhfaoigfidhe.  Do bhain Maghnus agus a bhean dúil de  
anois, agus adubhradar leo féin agus le n-a gcuid  
comharsan nach bhfeicfidís a mac go dtí Lá an Luain,  
nó an lá sin ach' a oiread, b'fhéidir.    
Acht ní raibh Maghnus agus a bhean leo féin ina  
dtigh bheag i Loch Finne.  Do bhí a n-inghean, Brighid,  
'na cailín sgiamhach, a's í bliadhain agus fiche d'aois  
anois; agus ó thárla nach raibh aca acht í, bhidheadar  
chomh cúramach fá dtaoibh dí agus do bhí siad fá na  
súilibh do bhí i n-a gcloigeann; agus d'ár ndóigh fuair  
sí iomlán na haire a's an mhór-chuid de'n ghallaidheacht  
sin a thuiteas anuas ar na girrseachaibh so ag nach 
bhfuil deirbhshiúr nó dearbhráthair.    
Maidin aoibhinn amháin fuair Brighid Nic Chormaic  
gugán, agus do chuaidh sí amach do chruinniughadh sméar  
dubh i measg na ndriseog do bhí ag fás ar bhruach an  
locha.  Do bhí deireadh foghmhair ann an t-am sin, agus  
bhí cuma shuaimhneach áluinn ar ísleánaibh agus ar  
árdánaibh, ar chnocaibh agus ar ghleanntánaibh.  Do bhí  
mincheo ag cruinniughadh ar bhárr na Sgreige agus ar  
bhárr na hEachla, a's Loch Finne aniar agus siar ag a  
mbun, agus é chomh huaigneach agus chomh loinneardha  
agus bhí sé an lá do báitheadh Finngheal ann.  Ní  
raibh dadaidh le cloistin acht “cá! cá!” na bpréachán,  
agus iad ag eitealladh anonn agus anall, agus ag  
coimhlint cia 'mbéadh an sgidín aige.    
Ba ghairid Brighid Nic Chormaic ag cruinniughadh na  
sméar dubh go gcuala sí an-chaoineadh fá ghiota dí.   
Do thionntuigh sí thart agus a sáith sgaoill uirthi; agus  
goidé chí sí acht óigfhear 'na seasamh fá chúig nó sé  
déag de shlataibh dí, agus é ag gul go truaighmhéileach.   
Chomh luath agus thug sé fá deara go bhfaca sí é thoisigh  
sé ag crathadh a láimhe uirthi.  Do dhruid sise anonn  
comhgarach chuige, agus do labhair sí leis.    
“A bhuachaill chóir,” arsa sise, “goidé bheir ort  
bheith ag caoineadh?”    
“Maise, ní brón nó pian atá orm,” ars' an  
buachaill; “acht ní fhuil a fhios agam cá bhfuil mé nó  
cá rachfaidh mé.”    
“Agus cárab as thú, nó goidé 'n bealach a dtáinig  
tú?” arsa sise.    
“Go deimhin, ní fhuil a fhios agam faoi 'n ghréin ghil  
cárab as mé, nó goidé 'n bealach a dtáinig mé,”  
arsa seisean; “agus asteach le sin ní fhuil a fhios  
agam cá ainm atá orm.  An dream a raibh mé aca  
ó tháinig cuimhne chugam ní dheárnadar mórán cainnte  
liom a riamh, ach choinnigh siad mé ag bróinteoracht  
ó mhaidin go dtí 'n oidhche le deich mbliadhnaibh agus  
tuilleadh, b'fhéidir.  Adubhradar liom ar maidin indiu  
gur mé an bróinteoir do b'fheárr d'á raibh aca a riamh;  
go ndeárna mé oiread mine coirce dóibh agus go  
mbéadh cupla sac d'fhuigheall aca ag an lá deireannach;  
agus mar sin de, nach raibh gnóithe ar bith aca liom ó  
seo amach, agus go dtabharfadh siad cead mo chinn  
domh.  Dubhradh liom mar an gcéadna go bhfuighinn  
an bhró sin do-chí tú ar an talamh annsin mar luach  
saothair ar son mo chuid oibre.  Iar sin chuir fear  
aca dallóg orm, cuireadh mé féin agus an bhró ar  
dhruim eich, agus nuair do baineadh an dallóg díom  
is annseo do bhí mé; agus ní fhuilim ábalta déanamh  
amach cia aca soir, siar, ó dheas, nó ó thuaidh ba chóir  
domh dhul.  Cá ainm atá ar an loch dheas sin agus ar  
an dá chnoc úd thall?”    
“Strainséir mór thú gan amhras,” arsa Brighid,  
“nuair nach bhfuil 'fhios agat gur Loch Finne ainm an  
locha sin, agus gurab iad ainmneacha na gcnoc úd thall  
an Sgreag agus an Eachla.”    
“B'fhéidir go mb'fheárr dhuit,” arsa sise arís i  
ndiaidh bheith 'na tost tamall, “agus is feárr duit  
theacht liom-sa go dtí an teach s' againne go ndéanaidh  
tú do sgíste, agus go bhfaghaidh tú rud éigin le hithe  
sul a mbuailidh tú an bóthar.”    
“Rachfad agus fáilte,” ars' an buachaill.  Annsin  
chuir sé an bhró ar a dhruim, agus bhog sé féin agus  
Brighid leo go rabhadar i dtoigh athar agus máthar  
Bhrighde.  Nuair do chualaidh Maghnus agus a bhean gur  
seachránach do bhí 'san bhuachaill thoisigh siad ag coimhlint  
le 'chéile ag déanamh cineálas air.  Do thug Maghnus 
air suidhe ar stól na dtrí gcos ins an choirnéal,  
agus thug sé lán copáin de phóitín dó; agus ba  
ghairid gur chuir bean an tighe gugán maith brúightín  
ós a choinne.  Acht cheana, ba bheag le leath-uair  
do chuaidh thart go dtáinig gasúr breágh dóigheamhail  
asteach agus gruag dheas ruadh air.    
“A Mhaghnuis Mhic Chormaic,” ars' an gasúr, “ó  
fuair tú do mhac tabhair domh mo chlóca beag glas.”    
Dá mbéadh bunadh an tighe 'na seasamh do thuitfeadh  
siad le heagla agus le hiongantas ar fheicsin an  
ghasúir ruaidh agus ar chloistin a chuid cainnte dóibh;  
acht thárlaidh 'na suidhe iad.    
“Ní fhuil sé acht tamall beag ó chualas gur annseo  
atá mo chlóca,” arsa 'n gasúr arís; “agus dar  
ndóigh is é mo dhearbhráthair d'fhág 'na dhiaidh é, i  
ndearmad, b'fhéidir.  Ach is cuma sin: tá sé dona  
go leor agam-sa bheith ar shiubhal faoi fhearthainn agus  
faoi shioc agus mo chlóca ag daoinibh eile.”    
D'éirigh bean Mhaghnuis anois agus thoisigh sí do  
chuartughadh.    
“A bhean mhodhamhail,” arsa 'n gasúr, “ní fhuil faill  
agam-sa fanacht go dtéighidh agat-sa an clóca d'fhagháil;  
tá deifir orm: caithfidh mé bheith soir leis an tséideán  
gaoithe atá ag teacht aniar ar an loch anois.  Ach nuair  
gheobhas sibh an clóca tig libh dul soir go Béal Átha an  
Dúin agus a chaitheamh asteach 'san dún.”    
Nuair do bhí an oiread so ráidhte ag an ghasúr ruadh  
d'imthigh sé amach ar an doras, agus ní bhfuarthas an  
dara hamharc air.  D'aithin muinntear an toighe anois  
gur leo féin an seachránach óg do bhí 'san choirnéal;  
a's thuig an seachránach go maith anois go raibh sé i  
dtoigh a athar agus a mháthar.  Agus ar feadh tamaill  
fhada ní raibh dadaidh fá theallach na teineadh acht pógadh  
a's gul a's gáirdeachas.    
“A mhic, a rúin!” arsa bean Mhaghnuis i ndiaidh  
mórán cainnte agus cúig nó sé thaomanna de lúthgháir  
do chur thairsti, “an bhfaca tú duine ar bith eile de'n  
chineadh daonna i ngéibheannas ag na huaislibh?”    
“Chonnaic,” arsa 'n mac; “bhí cailín breágh,  
spéireamhail annsiúd; agus bhí sí an-chosmhail le mo  
dheirbhshiuir annseo, agus fá'n aois chéadna.  Do bhí sí  
ann ó tháinig cuimhne chugam-sa; agus do bhí an bheirt  
againn an-mhór le 'chéile de bhrígh gur fhásamar suas i  
gcuideachtain a chéile, agus go rabhamar i gcomhnuidhe  
gnóthach — mise ag an bhróin agus ise ag an túirne  
bheag, óir bhí sí 'na sníomhadóir.  Sílim gur leigeadh  
ise amach indiu fosta; agus go deimhin, bhéarfainn  
seacht mbliadhna de mo shaoghal dá mbíodh 'fhios agam  
goidé 'n áit ar de í nó cár fhágadar í.”    
Do thoisigh bean Mhaghnuis do chuartughadh anois, agus  
níorbh' fhada go bhfuair sí an clóca glas do bhí 
an gasúr ruadh a dh'iarraidh.    
“Dá luas a fhaoigfear an tsean-bhratóg so thoir  
i mBéal Átha an Dúin is amhlaidh is feárr é,” arsa  
sise.  “Cia rachfas?”    
“Rachfaidh mise,” arsa Maghnus.  Ámhach, ní thiocfadh  
bean an tighe le seo ar chor ar bith.  Níor mhaith léithi  
Maghnus do leigint as an bhaile leis féin, agus níor  
leig ariamh acht ar ócáid speisialta éigin nuair nach  
mbéadh ní b'fheárr le déanamh.  Do bhí réasún beag  
aici le seo; a's tá sé chomh maith an réasún sin d'innsin  
mar gheall ar na mnáibh seo a bhfuil fir faoi n-a  
gcúram agus a smacht.  Nuair do théidheadh Maghnus  
amach, agus gan duine ar bith leis do chuirfeadh cúl  
air, ní stadfadh sé go mbéadh sé astigh i gceann de na  
crodhannaibh stilleadh do bhí thall agus i bhfus ar dhá  
thaoibh Abhann na Finne.  Do bhéarfadh na stilléaruidhthe  
neart le hól dó; acht an duine bocht, ní bhéadh 'fhios  
aige-sean nuair do bhéadh a sháith aige.  Mar sin  
de, ní leigfeadh a bhean amach leis féin é, nidh nach  
iongnadh.    
“Má théid tusa,” arsa sise, ag tabhairt a haghaidh  
ar a fear, “tá sé lán chomh maith agam-sa bheith leat.”    
“Maise, má's mar sin atá,” arsa Brighid, “rachfaidh
mise agus mo dhearbhráthair annseo libh mar an  
gcéadna, óir ní fhuilmid ag déanamh dadaidh indiu  
agus badh mhaith liom-sa an áit sin d'fheicsin.”    
Dubhradh go raibh sin fíor, agus go dtiocfadh leo an  
doras do dhruid 'na ndiaidh, agus an t-iomlán aca  
dhul.  Annsin chuach bean Mhaghnuis suas an clóca,  
chuir faoi n-a hosgaill é, agus bhóg sí féin agus a  
fear agus a clann leo ag tarraing soir ar Bhéal 
Átha an Dúin.    
An mhaidin cheudna so bhí Cormac Mac Maghnuis  
agus a bhean agus a aon-mhac 'na suidhe ag comhrádh  
ag a dteallach féin ar an Mhóinín.  Do bhí an aois ag  
luighe go mór ar Chormac anois, agus bhí a bhean ag  
dul anonn ins na bliadhantaibh mar an gceudna.   
A chiacáis! goidé 'n t-athrughadh do tháinig ar an  
lánamhain seo ó'n oidhche do ghoid an Sluagh Sídhe a  
n-inghean!  Acht ní ortha-san amháin do bhí athrughadh mór  
le feicsin.  A mac, nach raibh acht 'na naoidheanán  
bheag an oidhche do tháinig an eachraidh sídhe ar lorg a  
dheirbhshiúire bige, bhí sé anois 'na bhuachaill mhór  
chumasach agus é bliadhain agus fiche d'aois.  Agus ó  
thárla nach raibh ag Cormac agus a mhnaoi acht an  
t-aon-eun amháin seo, agus gné mhaith ar an eun, is  
iomdha óigbhean tarraingteach do bhí ag déanamh a  
seacht dícheall leis an choimeadar do chur air.    
Adubhras go raibh an triúr ag comhrádh.  Do bhí,  
cinnte; agus ba hé an t-ádhbhar comhráidh do bhí aca  
rud atá 'na ádhbhar comhráidh i nGleann Fhinne go dtí  
an lá indiu, agus gan an t-iomlán ráidhte go fóill —  
an aimsear.  Do mhair seo tamall; acht fá dheireadh  
thionntuigh bean Chormaic sruth na cainnte.    
“A Mhaghnuis chroidhe,” arsa sise le n-a mac, “tá  
tusa bliadhain agus fiche d'aois anois.  Bliadhain agus  
fiche is an oidhche aréir do tháinig tú ar an tsaoghal;  
agus bliadhain agus fiche is an oidhche aréir do tháinig  
na huaisle fá dhéin do dheirbhshiúire do rugadh an oidhche  
cheudna.  Uch! ní fhuil sé i ndán dúinn an leanbh sin  
d'fheicsin a choidhche — ar an tsaoghal so nó ar an  
tsaoghal eile!  Agus dar ndóigh, dá mbéadh sí  
baisdighthe féin níor mhiste do'n chás é.”    
“Seo, seo, bí 'do thost, a bhean na gcarad,” arsa  
a fear.  “B'fhéidir go bhfeicfimís go fóill í, agus  
muna bhfeicidh féin caithfimid bheith sásta le toil Dé,  
mar deir na comharsana uile.”    
“Ach! is dóibhthe is fusa sin do rádh,” arsa sise.  
 
“Níor thuit an tubaiste ar a gcrann-san.”    
“Dá dtuitfeadh,” arsa Cormac, “bhéadh sinne  
ag tabhairt na comhairle ceudna dóibh-sean atá  
siad-san a thabhairt dhúinne.  Agus dar ndóigh,  
adeireadh an tEasbog Ua Galchobhair go bhfuil d'fhiachaibh  
orainn cur suas le gach uile chrois a thiocfas i n-ar
mbealach.  Ní fhuil neart ar bith air seo.  Do chaith  
mise seacht mbliadhna ag déanamh turuis Thobair na  
n-Aingeal 'ach aon bhliadhain; agus go deimhin, rinne  
mé na turuis sin chomh dúthrachtach agus do rinneadh  
turuis ar bith ariamh ó bhí Ádhamh 'na ghasúr.  Arbh'  
fhéidir ní ba mhó do dhéanamh?”    
D'admhuigh bean an toighe go raibh sin fíor.  Annsin  
do chrom sí a ceann, agus do thoisigh sí do chrónán  
sean-mharbhna go binn-bhrónach — dá bogadh féin anonn  
agus anall ag congbháil ama leis an luinneoig.  Fá  
dheireadh d'iarr Cormac ar a mhac dhul amach agus cliabh  
mónadh do thabhairt asteach.  Do chuir Maghnus 
cliabh ar a dhruim agus amach leis.    
Do bhí maidin chiuin áluinn ann, agus bhí gné  
shuanmhar ghlórmhar ar neimh agus ar thalamh.  Do bhí  
grian an fhoghmhair ag taitneamh anuas go neamhghruamdha  
ar thír shámhaigh.  Siar, fad amhairc siar, bhí bárr na  
gCruach nGorm le feicsin ag briseadh amach trés an  
bhrat cheoigh do bhí crochta ortha ó oidhche.  Aniar ní ba  
chomhgaraighe bhí Cnoc Ailt na Péiste 'na sheasamh  
mar chineál dídin geimhridh do na daoinibh bhí 'na  
gcomhnuidhe fá n-a bhun.  Soir i bhfad soir, ar áird  
na troighne do bhí giotaidhe beaga le feicsin de'n  
dá áit sin ar a dtug na sean-Ghaedhil — nuair do rith  
ainmneacha amach ortha nó nuair do bhidheadar ar na  
stealltrachaibh — an Chearc agus an Coileach.  Thart  
comhgarach bhí drúcht na maidne le feiceáil ar an  
fheur ghlas, agus gach deor de ag drithliughadh le solas  
na gréine.  Do bhí an lusraidh ag éirghe buidhe, a's  
annsiúd agus annseo bhí na crainn ag cailleadh a  
mbláth agus a ndath, agus lán duirn de'n duilleabhar  
ag tuitim anuas díobhtha anois agus arís.  Do bhí  
uaigneas mór — uaigneas na sean-aimsire — ann acht  
go raibh tafann madaidh agus sgairt choiligh le cloistin  
corr-uair.  Fá bhárr na n-árdán, fad radhairc ar  
shiubhal, d'fhéadfadh corr-dhuine bheith le feicsin 'ghá  
streachlughadh féin trés na haithghearraidhibh a bhaile i  
ndiaidh an oidhche do chaitheamh ag stillearacht nó ag  
déanamh cnuasaigh síos fá'n cheanntar Ghallda.    
Ach 'fhobair go mbrisfinn ar an sgeul.  Do chuaidh  
Maghnus Mac Maghnuis chum an phortaigh, líon sé  
a chliabh, chuir sé ar a dhruim é, agus bhog sé leis ag  
tarraingt ar an bhaile.  Ach nuair do bhí sé fá ghiota  
do'n tigh bhuail tuirse é, agus shuidh sé síos ar árd  
bheag do dhéanamh sgíste.  Ní raibh sé i bhfad 'na  
shuidhe gur mhothuigh sé osna ag éirghe ar a chúl agus  
nuair do thionntuigh sé thart goidé chí sé acht cailín  
óg 'na seasamh fá chupla slat dó, agus í ag cuimilt  
a súl le láimh amháin, agus an lámh eile ar chuigil  
thúirne bhig do bhí 'na sheasamh le n-a taoibh.  Do  
baineadh bíodhg mór as Maghnus, phreab sé 'na  
sheasamh, agus thoisigh sé ag cur eagair ar na fódaibh  
mónadh do bhí fá bheul an chléibh le taisbeáint nach  
raibh sé ar dhóigh ar bith sgannruighthe.  Do tharraing  
an cailín óg ní ba chomhgaraighe, agus labhair sí.    
“A bhuachaill mhodhamhail,” arsa sise go ciuinchritheach,  
“goidé 'n áit í seo ar chor ar bith, nó cia 'n cnoc é  
siúd thiar?”    
“Dar Fiadh!” arsa Maghnus agus é ag stánughadh  
uirthi le hiongantas, “caithfidh sé gur as an Domhan  
Thoir thú, nó as áit éigin níos faide ar shiubhal, nuair  
nach bhfuil 'fhios agat gurab é seo an Móinín, agus  
gurab é siúd thiar Cnoc Ailt na Péiste!  An bhfuil  
dochar fiafruighe díot cia thú féin nó goidé 'n áit ar  
de thú?”    
“Ní fhuil faic de dhochar ann,” arsa sise, “ach go  
deimhin, ní fhuil 'fhios agam cia mé féin nó goidé 'n áit  
ar de mé.  Ó tháinig cuimhne chugam bhí mé ag sníomh  
gach aon lá ó'n chamhaoir go clapsholas; agus an dream  
a raibh mé ag obair dóibhthe ní raibh ainm ar bith aca  
orm acht an sníomhadóir.  Ní leigfeadh siad mise leo  
nuair do bhéidís ag dul amach do chruinniughadh olna,  
lín, agus canaigh bháin, agus mar sin de ní raibh 'fhios  
agam cá raibh mé.  Ar maidin indiu adubhradar liom  
gur mé sgoth sníomhadóiridhe na hÉireann; gur shníomh  
mé oiread dóibhthe agus do dhéanfadh iad go réabfaidhe  
a gcuid bruighean; nach raibh gnóithe ar bith aca liom  
ní ba mhó; agus uime sin, go leigfidhe domh imtheacht,  
agus go dtabharfaidhe an túirne beag domh mar luach  
saothair.  Annsin chuaidh duine aca ar dhruim eich,  
cuireadh mise suas mar chúlóig, ceangladh an túirne  
do'n diallaid, agus d'imthigh sinn le luas con, agus  
brat ceoigh i n-ár dtimcheall.  'Seo an áit ar fágadh  
mé; agus go deimhin ní áidhbhéil ar bith domh rádh  
nach bhfuil brón ar bith orm sgaramhaint leo.  Gidheadh,  
tá 'fhios agam go bhfuilim 'mo strainséir anois i measg  
dreama úir daoine; acht ní fhuil 'fhios agam faoi'n  
ghréin cá rachfaidh mé nó cia feárr domh dhul.”    
“A chailín chóir,” arsa Maghnus, “tháinig tú thríd  
mhórán agus do chonnaic tú mórán.  Tá tú 'do  
strainséir 'san áit seo agus in 'ach aon áit eile, ach
tá fáilte agat theacht go dtí an teach s' againne,  
agus cúpla lá do chaitheamh ann.  Gheobhaidh tú an  
dídean agus an fhéile sin do gheibh gach uile dheoraidhe  
a's seachránach do thig an bealach.”    
Do thug an cailín buidheachas mór dó, agus d'aontuigh  
sí a chuireadh 'ghlacadh.  Annsin chuir Maghnus cliabh  
na mónadh ar a dhruim, chuir sé an túirne beag ar  
a ghualainn, agus ba ghairid go raibh sé féin agus an  
strainséir geanamhail 'san tigh.  Goidé chomh cineálta  
agus bhí Cormac agus a bhean dí nuair do chualadar  
gur strainséir agus seachránach do bhí innti!  Do bhrón  
Cormac tuilleadh mine ar eagla go raibh sean-bhlas ar  
an mhin do bhí déanta, agus chuaidh a bhean amach agus  
thug sí asteach gugán breágh leamhnachta ó na buaibh.   
Ach i lár an tsaothair mhothuigh siad coiscéim ag an  
doras, agus cia thig asteach acht geirrseach ghleoite  
dhóigheamhail, agus a cuid gruaige fada ruaidhe ag  
tuitim anuas 'na fáinneogaibh ar a muineál agus  
ar a cuid guailneach.    
“A Chormaic Mhic Mhaghnuis,” ars' an gheirrseach  
ruadh ag tabhairt aghaidh ar fhear an toighe, “tá m'urlár  
gan sguabadh a's tá mo shráid gan glanadh le bliadhain  
is fiche!”    
“Maise,” arsa Cormac ag cromadh a chinn, “goidé  
sin domh-sa?”  Do bhí ní ba mhó saighdiúireachta i  
gCormac 'san lá 'ná bhí ann 'san oidhche.    
“'Seadh, goidé sin duit-sé!” arsa sise ag déanamh  
aithrise air.  “Goidé sin duit-se luaithreadh bheith ar  
m'urlár-sa agus lábán ar mo shráid, agus mo sguab  
i bhfolach faoi thalamh agat le bliadhain agus fiche?   
Anois ó fágadh d'inghean tar ais agat tabhair domh 
mo sguab.”    
Dá gcluinfeadh Cormac agus a bhean go dtáinig  
Balldearg Ó Domhnaill as an Spáinn agus go raibh  
sé ag teacht aníos ag Leithbhearr ní bhéadh oiread  
iongantais nó oiread lúthgháire ortha agus do bhí ortha  
ar cloistin ó'n gheirrsigh ruaidh go raibh a n-inghean ag  
a dtaoibh.  Ní raibh dadaidh 'san tigh ar feadh tamaill  
fhada acht focla fáilte agus pógadh, óir bhí gáirdeachas  
Chormaic agus a mhná agus a mhic do-choimsighthe, agus  
níor lugha ar dhóigh ar bith an t-áthas do bhí ar an  
tsníomhadóir nuair do chonnaic sí go raibh sí i n-a  
baile neitheamhail féin, agus ag a bunadh féin.  Fá  
dheireadh labhair an gheirrseach ruadh arís.    
“Caithfidh mise bheith leis an tséideán sídhe atá ag  
teacht aniar ag an Bhrocaigh anois,” arsa sise; “agus  
mar sin de, ní fhuil faill agam fanacht go bhfaghthar  
an sguab.  Acht nuair a gheobhas sibh í ná déanaidh  
dearmad dhul síos annsin go Beul Átha an Dún,  
agus a caitheamh asteach 'san dún.”    
Iar rádh na bhfocal so dí, amach ar an doras léithi  
le luas eilte, agus ní fhacthas ní ba mhó í.    
“A inghean, a rúin,” arsa bean Chormaic i ndiaidh  
imtheacht na geirrsighe ruaidhe, “goidé 'n cineál daoine  
na huaisle sin ar chor ar bith?”    
“Tá, a mháthair, a rúin,” arsa 'n inghean, “daoine
beaga lúthmhara agus cinn ruadha ar an iomlán aca.   
Tá siad cionntach i mórán de rudaíbh iongantacha do  
thig i gcúrsa gach aon lá.”    
“Uch! sin an chainnt atá fíor,” ars' an mháthair.   
“Ach, anois an bhfaca tú duine ar bith eile de  
mhuinntir an tsaoghail seo aca?  Creidim gur bh'  
fhurus a n-aithne i measg na síodh-bhruinneall agus 
na síodh-bhuachall?”    
“Chonnaic,” arsa 'n inghean.  “Do bhí buachaill  
breágh gnéadhamhail annsiúd, agus bhí sé an-chosamhail  
le mo dhearbhráthair annseo — chomh cosamhail leis agus  
tá sgadán amháin le sgadán eile.  Do bhí sé ann ó  
tháinig cuimhne chugam-sa, agus é ag bróinteoracht gach  
aon lá ó mhaidin go dtí 'n oidhche.  D'fhás mise agus  
é féin suas i gcuideachtain a chéile, agus ar an ádhbhar  
sin bhidheamar an-charthannach le chéile; agus is iomdha  
comhrádh fada do bhíodh againn agus sinn ag ar gcuid  
oibre — mise ag an túirne agus eisean ag an bhróin.   
Sílim gur tugadh cead a chinn dó-san indiu fosta, acht  
ní fhuil 'fhios agam cár fhágadar é.”    
“Ara! buidheachas do Dhia agus do Mhuire go bhfuair  
tú féin cead do chinn,” ars' an mháthair; “agus go  
bhfuil sinne beo le d'fheiceáil.  Is orainn atá an  
lúthgháir indiu!”    
B'fhíor dí go deimhin.  Do bhí a lúthgháir chomh mór  
sin agus go dtug an dearmad ortha mórán d'á gcuid  
oibre do dhéanamh ar dhóigh chontráilte.  Do chuaidh  
Cormac amach do thabhairt sgeula a inghine do na  
comharsanaibh, agus an taobh chontráilte d'á chasóig  
amuigh; d'fhág bean Chormaic an t-im ar an taoibh  
amuigh de'n doras, i ndearmad, go dtáinig sgaifte  
madadh agus gur alp siad suas é; agus nuair do  
chuaidh Maghnus d'ughmughadh an chapaill le haghaidh lóid  
arbhair a thabhairt ó'n chuibhreann chuir sé na hamaidhe  
faoi'n tsúgán muineáil.    
Acht cheana, ba ghairid go raibh an sgeula i n-'ach aon  
áit ó'n Mhóinín siar (chan síos ar chor ar bith) go  
hIfreann gur fágadh inghean Chormaic Mhic Mhaghnuis  
tar ais agus go raibh sí 'na cailín fhásta.  Agus dar  
ndóigh, thóg an nuaidheacht so gáir iongantais nach  
gcualathas a leithéid riamh san gceanntar sin ó'n am  
do chuaidh caora soir ag an Bhrocaigh agus madadh  
léithi i n-a beul.    
I lár an gháirdeachais do chuimhnigh Cormac Mac Maghnuis  
ar an sguaib.  Agus níorbh' fhada go raibh sé féin,  
agus a bhean, agus a mhac, agus a inghean, agus duine  
de na comharsanaibh ar an bhealach go Cill Taobhóg.   
Nuair do shroicheadar an áit sin thoisigh siad ag tochailt,  
agus i mbeagán ama thugadar aníos an tsean-sguab  
do bhí adhlaicthe annsin le bliadhain agus fiche.  Annsin  
bhog siad leo agus níor stad siad go rabhadar ag  
Beul Átha an Dúin, agus gur chaitheadar an sguab  
asteach 'san tsean-dún do bhí 'san áit sin 'san am úd.   
Acht ní mó 'ná go raibh sin déanta aca go bhfacadar  
fear, agus bean, agus buachaill, agus cailín, ag  
tarraing aniar chúca; agus an bean ag teacht ar  
aghaidh agus ag caitheamh asteach 'san dún ball eudaigh  
do bhí cuachta suas aici.  Ba hiad so Maghnus Mac  
Cormaic agus a bhean agus a chlann, agus chomh luath  
agus thángadar i láthair luchta an Mhóinín tháinig  
inghean Chormaic Mhic Mhaghnuis 'un tosaigh agus chuir  
sí cupla míle fáilte roimh mhac Mhaghnuis Mhic Chormaic;  
agus ba ghairid gur thuig an dá dhream go raibh aithne  
mhaith ag an bheirt óga sin ar a chéile, óir gur chaitheadar  
a leanbhánacht agus a n-óige 'san áit amháin, ag sníomh  
agus ag bróinteoracht d'uaislibh na gcnoc.  Do  
thoisigh an t-iomlán aca anois ag cur agus ag fagháil  
aithne ar a chéile; agus i n-am ghairid fuair fear  
Loch Finne a's fear an Mhóinín amach gurbh' é ainm  
baistidh gacha fir aca sloinneadh an fhir eile.  Acht  
níorbh' é seo amháin do chuir iongantas mór ortha:  
tugadh fá deara go raibh a mbeirt mhac chomh cosamhail  
le chéile, agus a mbeirt ingheanach chomh cosamhail le
chéile — duine leis an duine eile — go ndeachaidh a  
gcosamhlacht tar mheasardhacht.  Do chualadar eacht- 
raidhe a chéile anois, agus dar ndóigh mheuduigh sin a  
gcarthannas, agus tharraing sé ní ba chomhgaraighe  
chum a chéile iad.    
Daoine ar bith do tháinig i gcuideachtain a chéile ar  
dóigh chomh hiongantach, agus a raibh a mbeatha, a  
ndreacha, a n-eachtaidhe, agus a n-ainmneacha chomh  
cosamhail le chéile níor bh'fhéidir dóibhthe sgaramhaint  
i n-obainne, agus níor sgar.  Do chuir Cormac  
Mac Maghnuis duine go síbín Thomáis Bhrúnaigh fá  
dhéin cárta póitín, agus annsin thug sé cuireadh do  
bhunadh Locha Finne theacht agus an lá do chaitheamh  
ar an Mhóinín.  Do chuaidh an dream do tháinig aniar,  
dar ndóigh, agus chaitheadar tamall suairceach i  
dtoigh Chormaic — an mhuinntear ba sine ag déanamh  
crathadh lámh le chéile ós cionn na gcorn, agus an  
mhuinntear óg ag tógáil oiread súgachais agus do  
tháinig leobhtha.  Acht ba ghairid cruinnighthe i gceann a  
chéile iad go dtug na máithreacha (ara! is cosmhail go  
raibh na máithreacha faireach i bhfad ó shoin féin) fá  
deara go raibh a gcuid mac agus a gcuid ingheanach  
ag éirghe an-charthannach ar fad le chéile.  Thárlaidh as  
seo go deachaidh an bheirt bhan agus a gcuid fear  
síos chum an tseomra, agus gur dhruideadar aníos an  
doras.  Ba mhaith do bhí 'fhios ag an cheathrar óga do  
bhí i bhfus ins an chistinigh goidé bhí ar siubhal agus go  
deimhin níor chuir sé míoshásamh ar bith ortha.  Do bhí  
comhrádh mór ag an dream do bhí 'san tseomra:  
corr-uair bhéadh duine amháin ag cainnt, agus corr
uair an ceathrar; anois ní bhéadh ann acht cogarnach  
cluas agus arís do bhéidheadh sé 'na aighneas aonaigh.   
Agus, nidh nach iongnadh, do chuala na buachaillidhe agus  
na cailínidhe do bhí 'san chistinigh cuid de'n agallaimh,  
gidh gur dhoiligh rádh go minic cia bhí ag cainnt.    
“Nach bhfuil tú ag 'ul trí ba, colpach, agus dhá  
mhuic a thabhairt dí?”    
“M'anam nach bhfuil!”
“Seo, seo, béidhmid ag tabhairt dí i gcomhnuidhe!”
“Agus gan agat acht í!  Ba leor duit dá  
mbéadh seachtar ingheanach agat le cur i gcrích, agus  
le deis do chur ortha!”    
“Dar ndóigh, ní fhuil agat féin acht aon inghean  
amháin, agus deir tú nach dtugann tú dí acht fiche  
ceann caorach.”    
“Sin a bhfuighidh sí, agus sin a sáith.”
“Seo, seo, nach mbéidh sí sin ag fagháil ar fad?   
Nach mbéidhmid ag tabhairt dí i gcomhnuidhe?”    
“Uch! a bhean mhodhamhail, bí 'do thost!  Is iomdha  
duine a mealladh a riamh leis na foclaibh meangacha  
sin, ‘béidhmid ag tabhairt dí i gcomhnuidhe.’  Is fada  
ó fuair mise amach ar dtús gur geall é sin nach  
gcóimhlíontar a choidhche.”    
“Maise, tá do bhean féin i ndiaidh na bhfocal ceudna  
a rádh; agus go deimhin má rinn mise úsáid díobhtha  
féin ní le hintinn gan a gcóimhlíonadh.”    
“Anois, fágaidh sin annsin.  Nach bhfuil sé dona go  
leor agat-sa atá 'do chomhnuidhe i dtalamh mhaith ghlas  
chomthrom mar an Mhóinín nach bhfuil tú sásta na  
ceithre cinn eallaigh sin agus an dá mhuic do thabhairt  
do d'inghin?”    
“Agus nach bhfuil sé lán chomh dona agat-sa a bhfuil  
sléibhte táinteacha Locha Finne fút nach mian leat  
'thabhairt do d'inghin féin acht sgór caorach?”    
Ní raibh ann ó seo amach acht cogarnach.  Cibé méid  
eallaigh fuair cailín amháin nó cibé méid caorach fuair  
an cailín eile badh deacair 'innsin anois; acht is  
cosamhail go dtáinig leobhtha theacht le chéile ar  
shocrughadh éigin 'san deireadh, óir fosgladh an doras  
i gceann tamaill, tháinig an ceathrar aníos, agus  
chuir Cormac Mac Maghnuis teachtaireacht chum an  
Bhrúnaigh ag iarraidh air cúig cheig póitín do dhéanamh  
i n-aithghearracht, le haghaidh an dá bhainis do bhí le  
bheith i n-a thoigh-sean, seachtmhain ó'n oidhche sin.  (Sibh- 
se, a Ghaedheala truailleanta na haimsire seo, ar a  
mbéidheadh aoibhneas an pháirt sin de'n tSoisgéal i n-a  
bhfuil trácht ar an bhainis do bhí i gCana d'fheicsin  
stróicthe amach, agus nach dtugann oiread biotáilte  
ag bhur gcuid bainseacha féin agus do bháidhfeadh  
míoltóg dearcaidh air sin, agus déanaidh admháil nach  
bhfuil focal agaibh le rádh ar bhur son féin).    
Do cuaidh bunadh Locha Finne siar a bhaile annsin.   
Seachtmhain ó'n lá sin chuaidh siad soir chum an Mhóinín  
arís, agus baicle mhór daoine leobhtha a fuair cuireadh  
chum na mbainseach.  Annsin tháinig sagart do bhí  
ar a sheachnadh fá chnoc na Glaisighe, agus phós sé mac  
Mhaghnuis Mhic Chormaic agus inghean Chormaic Mhic  
Mhaghnuis; a's 'na dhiaidh sin, mac Chormaic Mhic Mhagh- 
nuis agus inghean Mhaghnuis Mhic Chormaic.  Caitheamh an  
dá bhainis i dtoigh Chormaic Mhic Mhaghnuis an oidhche  
cheudna sin, agus cinnte go leor, dá ndéarfadh  
duine ar bith gur oidhche bheag shuarach do bhí innti  
badh mhór do-mhaithte an bhreug dó é.  Ní raibh oidhche  
chomh maith nó chomh mór nó chomh sámhach ar an Mhóinín  
nó i nGleann Fhinne riamh roimhe sin, agus nuair nach  
raibh roimhe sin ní thiocfadh bheith ó shoin.  Do choinnigh  
bean Chormaic agus a cuid éanlaith deamhan an ocrais  
ar shiubhal ó'n doras; agus go deimhin níor leig an  
Brúnach agus a chuid biotáilte do dheamhan an tairt  
teacht asteach ar an bhaile ar chor ar bith.    
Cúpla lá 'na dhiaidh sin chuaidh lánamhain óg  
amháin siar go Loch Finne, agus d'fhan an lánamhain  
óg eile thoir ar an Mhóinín.    
Ní fhuil mórán iomráidh anois goidé mar chaith an dá  
dhream a saoghal 'na dhiaidh sin.  Ámhach, tá sé agam-sa  
ar ughdarthás nach dtig a bhreugnughadh nach dtáinig 'na  
ndiaidh acht ingheanacha uilig.  Agus dar ndóigh, tá  
sin cosamhail leis an fhírinne, a's chomh dóigh leis an  
Cháisg ar an Domhnach, óir ní fhuil oiread a's duine  
amháin de na sloinntibh úd i gceachtar de'n dá áit  
anois.      
Ní hIonann Áit agus a Iomrádh.
“I lár na sléibhte lom úd thoir   
Faoi phortach a's léan a's fearthainn bhuig   
Tá baile an fhraoich d'á ngoirthear Cearc:   
A's má's fíor an sgéal is bocht an cruth,   
A's nach cruaidh an cás bheith ag tarraingt air?”    
Seo na focla do bhí Mícheál Mac Eidhin a chur i n-alt  
a chéile agus a dhranntán nuair do bhí sé ag fágáilt  
an bhaile maidin Domhnaigh amháin, i ndeireadh an  
Mhárta, le ruaig do thabhairt 'na Circe .i. áit chúil- 
riasgmhar shléibhteamhail atá ar an cheann thoir de  
pharáiste Chille Taobhóg.  Do chualaidh Mac Eidhin  
iomrádh, mar chualamar uilig, go raibh seanchaidhe  
céimeamhail darbh' ainm Séamas Ua Ceallaigh 'na  
chomhnuidhe ar an Chirc, agus go raibh lán mála de  
shean-amhránaibh, de shean-dántaibh, agus de laoithibh  
Fiannaidheachta aige.  Acht do chualaidh Mícheál fosta  
mar chualaidh cách gur áit iargcúlta do bhí 'san Chirc,  
go raibh na daoine leath-chumhnáilte leis an tsíor- 
fhuacht, go raibh cuma corr ar na beathaidheachaibh uilig  
ó na buaibh go dtí na cait, nach dtéidheadh duine ar bith  
ann acht an té do chaillfeadh caora, agus go mbéadh  
cuma chorr air féin, a's ar an chaoraigh nuair do thioc- 
faidís tar ais.  Mar sin de níorbh' iongantas ar  
bith go raibh Mícheál Mac Eidhin ar throm-mheabhrughadh  
ag imtheacht ó'n toigh dó an mhaidin úd.   Agus go  
deimhin do bhéinn féin mar Mhícheál dá mbéinn i n-a  
bhrógaibh agus an siubhal céadna romham, agus gan mé  
pioc níos eolaighe ar an áit 'ná bhí seisean ins an am.  
Acht ní raibh Mac Eidhin le bheith leis féin.  A chara  
agus a chomráduidhe Tomás Mac Cuill do bhí 'na  
chomhnuidhe fá ghiota dó, bhí sé le bheith leis agus bhí  
súil agus rún ag an bheirt lá maith do dhéanamh de,  
rud nach furust do dhéanamh de lá fhuar cheathaideach  
'san Mhárt.    
Creidim gur shíl an bheirt nuair nach raibh an tríomhadh  
duien leo nach bhfuighfidhe amach a choidhche iomlán d'á  
dtángadar thríd an lá sin; acht fuair mise amach é,  
a's ó fuair, ní chuirfidh mé lá stopaidh orm féin acht a  
innsint.    
Nuair do bhí an bheirt ag fágáilt toighe Thomáis Mhic  
Cuill ar an charr d'iarr Mícheál Mac Eidhin ar chailín  
óg do bhí san toigh an maide briste do chaitheamh 'na  
ndiaidh le hádh do chur ortha.  Anois b'fhéidir go bhfuil  
go leor nach gcreideann 'san mhaide bhriste go díreach  
mar tá go leor nach gcreideann i nDia; acht adeir  
Mícheál Mac Eidhin, agus tá an fhírinne aige, gur air- 
tiogal an-úsáideach atá ann, go socruigheann sé neithe  
nach dtiocfadh 'shocrughadh ar dhóigh ar bith eile, agus  
nach bhfuilthear ag baint úsáid go leor as ar an  
tsaoghal dheireannach so.  Cia aca rinn an maide briste  
maith ar bith dó-san agus d'á chomráduidhe an lá sin  
bíodh sé ar an sgéal 'innsin.    
Do thiomáineadar leo síos Srath an Arbhair agus  
soir Leitir Bric agus ní dheárnadar moill ar bith go  
rabhadar ar an Chlochán.  D'fhág siad an beathach agus  
an carr annsin, agus bhogadar leo d'éisteacht Aifrinn  
ag teach phobail Bhéil Átha an Dúin.  Ní rabhadar acht  
ag 'ul 'na Circe: sin agus uilig adubhradar a gcuid  
urnaighthe chomh dúthrachtach agus dá mbeadh siad ag  
'ul trasna fásaigh Sahára!  I ndiaidh an Aifrinn  
bhuail siad asteach i gcomhrádh le cuid de'n phobal.   
Do bhí aithne ag an tsaoghal mhór ar Thomás Mac Cuill  
de bhrígh go raibh sé i measg a chuid carad 'san áit, agus  
go mbíodh sé ag deánamh taithigheachta ann.  Mar sin  
de, béidh pian i n-a ghualainn go ceann fada go leor,  
fuair sé an oiread sin crathadh lámh.  Ní raibh aithne  
ar bith ar Mhícheál Mac Eidhin de bhrígh nach raibh sé  
'san áit riamh roimhe, acht nuair do thuig cáirde agus  
lucht aitheantais Thomáis gurbh é Mícheál Mac Eidhin  
do bhí leis do bhíodar an-charthannach ar fad le Mícheál.   
Ó seo amach bhí aoibh an gháire ar fad ar Mhac Cuill agus  
an siocair aige: cailínidhe sgafánta dóigheamhla ag  
sméideadh air agus ag crathadh a gcuid ciarsúiridhe  
air, agus iad ag imtheacht nó ag teacht ar a gcuid  
carrann, agus seandaoine fiala ag tabhairt curthai- 
dheach dó (a's do Mhac Eidhin) chum a gcuid toighthe.   
Do bhí aoibh mhaith ar Mhac Eidhin mar an gcéadna, acht  
is dóigh gur smuainigh sé ar an asal úd ins an tsean- 
sgéal do bhí ag iomchar an iodhail thríd an bhaile mór  
a raibh na daoine ag adhradh roimhe.  Ba mhaith do  
Mhac Eidhin (agus adeir sé féin sin) go raibh Mac Cuill  
leis, acht ar an taoibh eile ba mhaith do Mhac Cuill gur  
smuainigh Mac Eidhin an maide briste d'fhagháil  
caithte 'na ndiaidh ar maidin.    
Ba ghoirid go raibh an dá sgafaire tar ais i dtoigh  
ósta an Chlocháin.  Do bhí lúthgháir mhór ar mháighistreas  
an toighe ósta rómpa, agus bhí sí an-chineálta ar  
fad dóibhthe.  D'innis Mac Eidhin 'san toigh ósta (go  
maithidh Dia a chuid bréag dó; is iomdha ceann sub- 
stainnteach d'innis sé a riamh), go raibh sé féin agus a  
chomráduidhe ag 'ul a dh'iarraidh ban.  Creideadh é ar  
ndóigh.  Do bhí an sgéal cosmhail leis an fhírinne, agus  
do réir mar deir Mícheál Mac Eidhin bhí an bealach  
a raibh sé féin agus a chomráduidhe ag 'ul air 'na  
lorgachaibh uilig ó roimh an Chorgas ag daoinibh do bhí  
ag iarraidh dairíribh.  Acht nuair cheannuigh fear de  
na sgafairidhibh buidéal maith uisge beatha agus chuir  
asteach i dtaisge i lár an chairr é níor cuireadh amhras  
ar bith 'san sgéal acht 'oiread leis an tSoisgéal.   
Ghléas an bheirt ortha annsin, agus soir thríd an  
Mhullachán, an Mhóinín, agus Mín-nach-cruaidh leo.   
Ó Mhín-nach-cruaidh do chonnaic siad an Coileach (ainm  
chnuic mhóir giobaigh) agus d'aithin siad annsin nach  
dtiocfadh leis an Chirc do bheith i bhfad ar shiubhal.  Do  
bhí an bóthar bog, clábarach — chomh bog, clábarach sin  
agus go n-abrann Mícheál Mac Eidhin nach bhfuil  
aimsear na míorbhailte thart ar chor ar bith nuair nár  
slogadh é féin agus Mac Cuill agus an beathach agus  
ann carr suas ins an lábán.    
“Rud ar bith,” arsa Mac Eidhin le Tomás, “acht  
a bheith plúchta i gclábar choimhightheach.  Ar ndóigh dá  
bfuighfidhe sinn féin ní aithneochaidhe eadrainn, a's  
dá bhfeicfidhe ar cuid taidhbhsidhe bhéadh cuma chlábarach  
mhío-maiseamhail ortha, agus déarfadh na daoine gur  
mheasa stáid dheireannach na beirte sin 'ná a gcéad  
stáid.”    
Ní raibh dadaidh ar gach taoibh de'n bhóthar acht mínte  
boga, móinte, glaiseacha, eabracha, portach, seasgáin  
agus sgratha luinge.  Dá dtéidhtheá síos i gceann  
aca so shábhlóchthá costas tórraidh do do chuid daoine  
muinnteardha, chomh cinnte agus tá cos ins an tuairnín.   
Rith an bhealaigh uilig bhí sé ag dórtadh amhail agus  
dá mbéadh sé gan aon deor do chur a riamh a roimhe;  
agus mar gheall air seo, chinn an dá sgafaire aithris do  
dhéanamh ar Charles James Fox agus fiafrughadh de  
dhuine ar bith as an cheanntar úd a casfar ortha i  
gceann fiche bliadhain eile: ar stad an cioth mór úd  
nó an ndeárna sé faoiseamh ar bith go fóill.    
Tamall maith ndiaidh an mheadhoin lae nuair do bhí  
Mac Cuill agus Mac Eidhin ag díospóireacht an  
raibh i bhfad aca le dhul anois tháinig siad 'fhad le  
gasúr do bhí ag 'ul an bealach céadna agus basgáid  
uibheach ar a uillinn leis.  Go deimhin, bhí lúthgháir  
mhór ar an bheirt aghaidh duine saoghalta 'fheiceáilt  
aríst, agus chuireadar an gasúr ar an charr.  Ní raibh  
Gaedhealg ar bith ag an ghasúr, acht bhí sé úsáideach  
le n-a chuid Béarla, óir thaisbeáin sé do Mhac Cuill  
agus d'á chomráduidhe teach Shéamais Uí Cheallaigh  
agus an camhsa atá ag 'ul síos go dtí é.  Nuair do  
tháinig an carr go dtí an tsráid do tháinig Séamas  
amach agus chuir sé fáilte chroidheamhail Ghaedhealach  
roim an dá strainséir neamhfhaiteacha, óir bhí thuairim  
aige go raibh a leitéididhe ag teacht.  Cuireadh an  
seathach 'na stábla, agus d'fhág Mac Uí Cheallaigh  
bac mór coirce faoi Mhac Cuill agus d'iarr air gan  
coigilt nó spáráil do dhéanamh ar an each.  Asteach  
chum an toighe leo annsin, agus ba bheag a b'fhiú an  
fáilte a bhí rómpa amuigh le taoibh na fáilte do bhí  
rómpa astigh.  Do bhí cailín donn-ruadh gorm-rosgach  
annsin, gnúis chiúin mhacánta uirthi, agus í ag cur  
eagair ar an toigh.  Do shuidh Mac Cuill ag an teinidh,  
agus shuidh Mac Eidhin agus Ua Ceallaigh ag an tábla.   
Do thoisigh an seanduine ag cantain seandánta,  
sean-laoithe, agus sean-amhrán, agus thoisigh Mac  
Eidhin ag sgríobhadh, agus leanadar do'n obair sin  
go ceann dhá uair.  Annsin do bhí tae réidh ag an  
chailín óg, agus cuireadh an dá strainséir síos 'un  
tseomra.    
“Tá an seanduine sin chomh croidheamhail agus tá  
sé Gaedhealach, agus is é is Gaedhealaighe dár casadh  
orm a riamh,” arsa Mac Eidhin le Mac Cuill nuair do  
shuidh an bheirt asteach a dh'ól an tae.    
“Tá,” arsa Mac Cuill, “agus tá a inghean chomh  
fial a's atá sí dóigheamhail, agus is í is dóigheamhla dár  
casadh orm-sa a riamh.”  Le cois a bheith fíor bhí an  
freagra so bríoghmhar.    
Nuair do bhí a gcuid tae ólta ag an bheirt aníos 'na  
cisteanaighe leo, agus chuaidh Mac Eidhin i gceann  
oibre aríst ar feadh leath-uaire.  Annsin stad sé  
agus chuir sé a leabhar i n-a phóca.  Do bhí sé ag  
éirghe mall 'san tráthnóna; bhí bóthar fada roimhe  
féin agus a chomráduidhe; agus asteach le sin ní i  
gcúpla uair ó i gcúpla lá nó i seachtmhain do b'fhéidir  
méad sean-amhrán agus dánta agus laoithe atá ag  
Séamas Ua Ceallaigh do sgríobhadh síos.  Adubhairt  
Ua Ceallaigh leo go dtiocfadh leo theacht tar ais ins an  
samhradh nuair do bhéadh an lá fada agus an aimsir  
maith, agus adubhairt siad-san go dtiocfadh, óir bhí  
an cuireadh sin mar phréata rósta aca.  Tiocfaidh  
Mac Eidhin cinnte, agus tiocfaidh Mac Cuill cuid de'n  
bhealach ar sgor ar bith.    
“Do bhí Stíophan Guinn annseo trí lá i ndiaidh a  
chéile ag sgríobhadh Laoithe Fiannaidheachta,” ars' an  
seanchaidhe, nuair do bhí Mac Cuill ag cur an bheathaigh  
'san charr.    
Sin anois chuig na daoine seo adeir nach dtéid duine  
ar bith 'na Circe acht an té chailleas caora.  Ar ndóigh  
níor chaill Stíophan Guinn aon chaora, agus ní mó 'ná  
sin a chaill an péire deireannach so do bhí an bealach aon  
ceann.  Cinnte go leor áit dheas atá 'san Chirc, agus  
ní raibh aon duine ann ar cuairt a riamh nach rachfadh ann  
aríst.  Do bhí baramhail ní b'fheárr ag Mac Cuill agus  
ag a chomráduidhe de'n áit an tráthnóna sin 'ná bhí aca  
ar maidin, agus adeir an bheirt go raibh muinntir an  
toighe i n-a raibh siad ar na daoinibh ba chineálta a  
casadh ortha a riamh.  Adeir Mac Cuill gur dubhairt  
Mac Eidhin go raibh brón mór air féin nach raibh mise  
agus Séamas Ó Searcaigh ins an chuideachtain.   
Creidim gurbh' í an chiall do bí aige le seo gurbh'  
fheirrde do'n fhoirinn searcach a's gurb' fheirrde  
do'n tsearcach meanma.    
D'fhág Mícheál agus a chomráduidhe slán a's beannacht  
ag Ua Ceallaigh agus ag a inghin anois; agus adeir  
Mícheál, cibé ba chiall dó, go raibh obair mhór aige féin  
Mac Cuill d'fhagháil leis.  Dá ndearcfadh duine  
asteach air ní raibh iongantas ar bith annseo.  Do  
thiomáineadar leo anoir annsin, Mac Cuill ag amharc  
'na dhiaidh go minic, agus Mac Eidhin ag sméideadh  
agus ag leigint air féin nach raibh sé féin acht ag  
féachaint anonn ar Chnoc an Choiligh.    
“Is mór an lán sean-laoithe atá ag Ua Ceallaigh”  
arsa Mac Cuill.    
“Ní fhuil a shárughadh i nÉirinn nó i nÁrainn,” arsa  
Mac Eidhin.  “Níor casadh a leithéid orm a riamh agus  
ní chasfar go bhfeicidh mé aríst é.  Tá mo leabhar  
leath-lán agus ní fhuil an dá fhichideadh cuid d'á bhfuil  
aige agam.  'Sí mo bharamhail go gcoinneochadh sé mé  
ag sgríobhadh go ceann míosa.  Tá dánta aige nár  
cruinnigheadh a riamh, agus nach bhfuil 'fhios cia chum iad,  
sean-laoithe atá chomh sean leis an chnoc úd thall agus  
iad lán d'fhuirimeachaibh na sean-Ghaedhilge, agus  
daithte le béasaibh agus modhaibh smuainte na sean- 
Ghaedheal, agus asteach le sin focla, abairteacha, agus  
cora cainnte atá as úsáid leis na céadtaibh  
bliadhan.  Taradh Nóm Rúl nó ná taradh, póstar thusa  
nó ná póstar, má bíonn sinn beo agus slán go  
dtigidh an samhradh rachfamuid 'na Circe aríst.”    
Ar an bhealach anoir do bhí Mac Cuill ag cantain
corr-líne annsúd agus annseo as amhrán sin an  
Mhúraigh, “By Feal's wave benighted,” agus duine  
ar bith atá chomh maol-aigeanta agus nach dtuigeann  
sé goidé b'ádhbhar do seo léigheadh sé an t-amhrán úd  
ó thús go deireadh, agus an fáth fá'r deárnadh é, agus  
béidh 'fhios aige an t-iomlán.    
Ag teacht anoir dóibh ar an cheann i bhfus de'n Chirc  
fuair diúlach dreachamhail 'fhad leo agus é ag 'ul an  
bealach céadna.  Cuireadh ar an charr é ar dóigh, agus  
thiomáineadar leo.  Ba de bhunadh Chineadh Eidhin an buachaill  
seo, agus cinnte go leor, thug seo ar Mhícheál Mac  
Eidhin agus é féin bheith ag stánughadh ar a chéile corr- 
uair amhail a's dá bhfeiceadh gach aon duine aca adharca  
ar an duine eile.  Nuair do thángadar anoir 'fhad leis  
an Mhóinín do stopadar ag bun casáin do bhí ag 'ul  
suas go dtí teach do bhí fá thuairim dhá fhichid slat ó'n  
bhealach mhór.  Ba hé seo áit chomhnuidhe Cloinne  
hEidhin na háite sin d'ar díobhtha an diúlach.  Ar  
dteacht anuas ó'n charr do'n diúlach thug sé cuireadh  
do'n dá sgafaire dul suas 'un toighe agus tamall do  
chaitheamh ann.  B'fhurust aithne go raibh fonn a sháith ar  
Mhac Cuill dul suas, agus ar an taoibh eile do bhí sé  
doiligh go leor aithne go mb'fheárr le Mhícheál Mac  
Eidhin tiomáint leo cá bith ba chiall dó, acht creidim go  
raibh réasún aige féin leis.  Ar sgor ar bith ní cotughadh  
nó cúthaltacht do bhí air: tá aithne mhaith agam-sa air;  
tá eolas cruinn agam ar a bhéasaibh agus a nádúir;  
agus tig liom a rádh nach bhfaca mé dadaidh d'á cuid  
cotuighthe nó a chuid cúthaltacht a riamh.  Acht ba hé an  
deireadh do bhí ar an eadar-chomhairleach (má's eadar- 
chomhairleach do bhí ann) go ndeachaidh an t-iomlán suas.   
Ar dteacht chum an sráide dóibh do tháinig fear an  
toighe agus a mhac eile amach agus do bhí lúthgháir mór  
ortha roimh Thomás Mac Cuill ar a raibh sean-aithne ins  
an áit; agus go deimhin níor lugha ar dhóigh ar bith an  
fháilte do bhí roimh Mícheál Mac Eidhin nuair do chuir  
Tomás a n-aithne ar a chéile.  Ní raibh Mícheál saor  
gan áthas do bheith air an t-Eidhean do bheith chomh fairsing  
agus bhí sé.  Do chuadar asteach 'un toighe go neamh- 
fhaitcheach annsin, agus bhí crathadh lámh mór ag cailín  
deagh-ghnúiseach ciuin-rosgach do bhí astigh roimh Thomás,  
agus roimh Mhícheál fosta ar fagháil aithne dí air.  Tugadh  
ar an dís do tháinig asteach dul suas 'fad leis an  
teinidh.  Do shnidheadar annsin, — duine aca ag muir- 
niughadh gasúir bhig do bhí 'san toigh agus ag cur  
neitheann i n-a cheann, agus an duine eile ag comhrádh  
leis an tseanduine, ag congbháil súil amháin ar a inghin  
do bhí gnoitheach aníos agus síos, agus an tsúil eile ar  
phioctúir Sheosaomh Uí Dhoibhleáin do bhí os cionn na  
teineadh go díreach agus dá mbéadh sé ag dúil go raibh  
an pioctúir ar tí óráide do dhéanamh.  Anois cia aca  
de'n bheirt a b'fheárr do bhí ag cur a amha asteach nó a  
ba mhó do bhí d'á dheánamh féin 'san baile?  I gceann  
tamaill fuair siad cuireadh síos chum an tseomra, 
agus síos leo ar an dara hiarraidh.  Goidé bhí réidh  
thíos ag an chailín dóibh acht dinnéar, agus níor luaithe  
'na suidhe iad 'ná dhá ghloine uisge beatha amuigh ar an  
tábla aici dóibh.  Acht ní raibh siad-san ag ól; agus do  
bhíodar buadhartha i n-a gcroidhe astigh, mar bhéinn féin  
dá gcasfaidhe ann mé, nach rabhadar ábalta traet  
beag biotáilte do ghlacadh ó láimh chailín agus i dtoigh  
chomh fial.  Dar a leabhra! ní i ngach uile áit a gheobhadh  
siad é.    
I ndiaidh an iomláin caithfidh sé gur rud an-mhaith  
uisge beatha; óir an síleann duine ar bith go mbéadh  
an t-ainm sin air ach go bé gurab eadh?  Gan amhras,  
ní ólfaidhe oireadh i nÉirinn ach go bé an t-ainm agus  
go dtí go n-athruighthear teideal na dighe béidh corr- 
ghloine d'á leigint síos thall a's i bhfus.  Daoine atá  
tugtha do shúghmaireacht agus nach bhfuil ábalta stad de  
féadann siad bheith 'na dtruaighe; acht an bhfuil truagh  
Mhuire ar an tsaoghal so chomh mór leis an té a bhfuil  
an-dúil aige ann agus nach bhfuil ábalta a fhagháil?   
Sgríbhneoiridhe, cainnteoiridhe, agus daoine de'n  
tseort sin atá ag sileadh a gcuid deor go frasamhail  
os cionn na bpótairidhe gach uile lá, ní fhuil oiread a's  
deor amháin aca do na míltibh agus na míltibh sin do  
bhéadh 'na bpótairidhibh dá dtiocfadh leobhtha é.    
I dtaoibh Thomáis Mhic Chuill agus Mhícheáil Mhic Eidhin  
má bhí rún deánta aca i n-aghaidh braoin ól ní raibh  
rún ar bith deánta aca i n-aghaidh greama ithe, agus  
níorbh' fhada go rabhadar ar obair ag dearbughadh  
fírinne na mbriathar sin, — “Ní ar arán amháin a  
maireas an duine.”  Nuair do bhí an dinnéar glacuighthe  
aca do shuidheadar thart fá'n teinidh ag comhrádh agus  
ag díospóireacht.  Ins an áit dheireannaigh i n-a  
rabhadar do bhí Mac Eidhin gnoitheach ag sgríobhadh, agus  
ar an ádhbhar sin do bhí an saoghal ar a chomhairle féin  
ag Mac Cuill.  Acht ní raibh bac ar bith ar Mhac Eidhin  
annseo; ní raibh dada eile eadar lámhaibh aige; agus  
le comhthrom na Féinne do thuit togha na gcrann agus  
rogha na ndílsidhe air.  Mar sin de ní raibh iongantas  
ar bith nuair do bhíodar ar tí imtheacht go raibh oiread  
saothair ar Thomás Mícheál 'fhagháil leis agus do bhí  
ar Mhícheál Tomás 'fhagháil leis as an áit eile.    
Fá dheireadh thall nuair do bhí sé ag tarraingt suas  
leis a haon déag a chlog adubhairt Mac Cuill go raibh  
sé i n-am dóibh imtheacht, mara bhfanfadh siad leis an  
Phaidrín, agus le sin do chuaidh sé féin agus an dá  
bhuachaill do bhí san toigh amach dh'ughmughadh an bheathaigh.   
Ba é sin go díreach an t-am adubhairt fear an toighe  
le Mac Eidhin dá mbéadh sé ag 'ul 'na Circe aríst  
ins an tsamhradh le tuilleadh dánta do sgríobhadh síos  
ó Ua Ceallaigh go dtiocfadh leis oidhche do caitheamh  
aca-san.  Nár chineálta é cuireadh de'n tseort do  
thabhairt do dhuine nach bhfaca sé a riamh a roimhe?   
Agus nidh nach iongnadh, tá sé d'fhiachaibh ar Mhícheál  
síor-bhuidheachas do bheith aige ar an fhear so a  
chomhshloinneadh.  Dobheir sé an chraobh dó féin agus d'á  
chloinn go bhfuilid ar an daoinibh is féile agus is  
tarraingtighe 'san chonndae.    
I n-áit mhaith is iomdha moill bhidheas eadar ceileabhradh  
agus imirce.  Mar sin de, ní raibh sé i bhfad ó'n  
mheadhon oidhche nuair d'fhág Mac Cuill agus Mac  
Eidhin an Móinín ag tarraingt ar an bhaile.  Do bhí  
oidhche dheas chiuin ann — chomh deas agus chomh ciuin sin  
agus bhéadh ann i nDeireadh Foghmhair.  Ach do bhí sé  
an-uaigneach de bhrígh go raibh an trup ar shiubhal ó na  
bealaighibh móra agus na solais as ins an toighthibh.   
Ámhach, ní raibh an dá charaid ag smuainiughadh ar  
uaigneas na huaire nó ag tabhairt fá dear áilneacht  
na hoidhche.  Do bhidheadar ag meabhrughadh.  Agus  
thríd an mheabhrughadh fhobair go toiseochadh Mac  
Eidhin ag canadh “By Feal's wave benighted,” go  
díreach mar thoisigh Mac Cuill ar an amhrán chéadna  
iar bhfágáil na Circe dóibhthe.  Acht fuair Mícheál é  
féin do stopadh go díreach sul ar aithin a chomráduidhe  
goidé bhí ag teacht, óir níor mhaith leis a chara fagháil  
amach gur éirigh an rud céadna dó-san d'éirigh dó  
féin.  Anoir leo thríd an Chlochán, an Árd Leathan, an  
Gall-bhaile (bíodh 'fhios agat, a léightheoir, go bhfuil  
a leithéid d'áit ann) agus Leitir Bric, baile a fuair  
an t-ainm ó bhreac leathtromach a fuaras ar mhullach  
cnuic ann i ndiaidh trághadh na Díleann.  Do tháinig  
an dá charaid anoir Mín na Gualann agus iad breágh  
sásta de'n lá, de'n aistear, agus de mhéad daoine  
do casadh ortha.  Fuaradar amach go bhfuil níos mó  
ná aon chiall amháin leis an tseanfhocal sin: “Is  
glas na cnuic i bhfad uainn,” agus sgar siad le chéile  
leis an bharamhail seo nach ionann áit agus a iomrádh.   
Agus ó thárla go dtáinig na neitheanna mar thángadar  
ní raibh iongantas ar bith go raibh Mac Eidhin ag cur  
i n-alt a chéile, agus ag canadh mar seo ar a bhealach  
a bhaile:-    
“I lár na sléibhteadh fraochach glas   
Tá áilneacht, féile a's caoimheas deas,   
Nuair thiocfas séasúr gréine a's teas   
Mac Cuill a's mé féin go bpillidh 'r ais.”    
Sin anois chugaibh gan bhréig, gan áidhbhéil, gan  
chamadh, méad a dtáinig Mícheál Mac Eidhin agus  
Tomás Mac Cuill thríd an lá úd, agus tá dúil agam  
go mbéidh oiread lúthgháire ortha anois 'ghá léigheadh  
agus tá orm-sa 'ghá innsin.          
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11