Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eagrán 1913
Title
Eagrán 1913
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1913
Publisher
Muintir Gill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main"/><author><name type="main">Údair éagsúla</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">IMN1913</note> <note type="L">3</note> <note type="B">1913</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>IMN1913</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Údair éagsúla</author><title/></analytic><monogr> <title level="j">Irisleabhar Muighe Nuadhad</title><imprint><publisher>M. H. Gill agus a Mhac</publisher><date>1913</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Irisleabhar Muighe Nuadhad</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Beirt Ollamh</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>An tAthair Peadar Agus Kuno Meyer</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>Tháinig an tAthair Peadar agus Kuno Meyer chughainn an samhradh so ghabh tharrainn.</span> <lb n="8"/><span>Is amhlaidh bhí an bheirt aca i mBaile Átha Cliath chum Saoirse na cathrach dfhaghbháil ó lucht</span> <lb n="9"/><span>cheannais na cathrach. Onóir mhór is eadh Saoirse Cathrach dfhaghbháil, agus tugadh an onóir</span> <lb n="10"/><span>mhór don bheirt seo do bharr a bhfuil deunta aca araon ar son na Gaedhilge. Comhartha</span> <lb n="11"/><span>maith é sin, ómós agus cean agus urraim do bheith ag Gaedhealaibh do lucht léighinn, mar is</span> <lb n="12"/><span>dual do Ghaedhealaibh i gcomhnuidhe. Nuair tháinig an tAthair Peadar go dtí an chathair,</span> <lb n="13"/><span>do bhí buidhean laochra ann dfhearadh fáilte roimis agus thugadar dileagra dhó agus do</span> <lb n="14"/><span>labhair an Craoibhín agus Piaras Béaslaoi agus a lán eile, agus do labhair an tAthair Peadar</span> <lb n="15"/><span>leosan agus dubhairt gurab ag dul i nóige bhí sé. Acht dubhairt sé rud eile, rud tabhachtach</span> <lb n="16"/><span>gur fiú machtnamh go geur air. Dubhairt sé gurab é ní atá ag teastabháil anois chumh críoch</span> <lb n="17"/><span>a chuir ar an obair ná an Ghaedhilg do labhairt - an beul ar oscailt, ars' eisean. Nách aon</span> <lb n="18"/><span>mhaith bheith ag scrí leabhar muna labharfaí an Ghaedhilg. Agus annsan, taréis Saoirse na</span> <lb n="19"/><span>Cathrach dfhaghbháil dó, do labhair sé agus dubhairt sé nár bhaoghal don teangain d'aimhdheoin</span> <lb n="20"/><span>a ndéarfad lucht an lag-mhisnigh. Dubhairt Kuno Meyer a lán leis gur fiú machtnamh air.</span> <lb n="21"/><span>Gur adhbhar bróid do é féin agus an tAthair Peadar ag faghbháil na honóra so le chéile ó</span> <lb n="22"/><span>lucht cheannais Cathrach Átha Cliath, agus a fhios ag cách - beidh an fios san ag clainn a gclainne</span> <lb n="23"/><span>fós - gorab é an tAthair Peadar is fearr agus is símplidhe agus is Gaedhealaighe a scriobhann</span> <lb n="24"/><span>an Ghaedhilg. Do dhein Kuno Meyer trácht leis ar shean-litridheacht na hÉireann agus ar na</span> <lb n="25"/><span>daoinibh do shaothraigh agus d'oibrigh ar son na Gaedhilge, ar an Athair Eoghan agus ar Sheaán</span> <lb n="26"/><span>Pléimionn.</span></p> <lb n="27"/> <lb n="28"/><p><span>Tráthnóna an lae sin, thug uachtarán an choláisde seo .i. an Dochthúir Ó Mainchín,</span> <lb n="29"/><span>cuireadh don bheirt ollamh teacht go dtí Magh Nuadhat agus tháinig ollamh eile .i. an tAimhirgíneach,</span> <lb n="30"/><span>'na bhfochair. Do bhí cruinniughadh do Mhuintir Chuilm Cille insan Halla Mhór an oidhche sin</span> <lb n="31"/><span>agus tháinig an triar ollamh agus do labhradar. B'é an tAthair Gearóid a bhí i gceannas</span> <lb n="32"/><span>an chruinnighte, agus bhí na mic-léighinn go léir ann agus an t-uachtarán agus na h-ollamhna</span> <lb n="33"/><span>go léir. An méid cainte dhein an tAthair Peadar, do scríg sé dhúinn é, agus táimíd an</span> <lb n="34"/><span>bhuidheach de mar gheall ar gur thug sé dhúinn é chumh é chuir sa chunntas so. Sidé an chaint,</span> <lb n="35"/><span>do réir mar a scríg sé féin é.</span></p> <lb n="36"/> <lb n="37"/><p><span>"A mhuíntir Cholum Cille Naomhtha.</span></p> <lb n="38"/> <lb n="39"/><p><span>Tá áthas mór orm mar gheall ar an gcaoí atá fághalta agam ar raint cainte dhéanamh</span> <lb n="40"/><span>libhse anso anocht.</span></p> <lb n="41"/> <lb n="42"/><p><span>Tá an obair seo na Gaeluinne ar siúbhal anois le fiche éigin blian. Is 'mó cor atá</span> <lb n="43"/><span>curtha ag an saoghal dé i n-Éirinn agus ar fuaid an dómhain, i gcaitheamh an méid sin aimsire.</span></p> </div> <pb n="4"/> <div><lb n="44"/><p><span>Fiche bliain ó shin bhí an Ghaeluinn fé árd dhrochmheas i n-Éirinn. Bhí buailte isteach i n-aigne</span> <lb n="45"/><span>ár ndaoíne go léir nár ceart d'aoinne go raibh aon mheas aige air féin aon fhocal di do</span> <lb n="46"/><span>leogaint amach as a bhéal; ná raibh sí oireamhnach mar chaint d'aoinne ach do chábógaibh; aon</span> <lb n="47"/><span>duine do thaisbeánfadh go raibh eólus aige uirthi ná raibh aige 'á thaisbeáint ach gur ameasg</span> <lb n="48"/><span>cábóg a rugadh agus a tógadh é; aon duine ná raibh aon fhocal Gaeluinne aige agus nár</span> <lb n="49"/><span>airigh aon fhocal di riamh ó n' athair 'ná ó n-a mháthair gur chómhartha uaisleachta san air féin</span> <lb n="50"/><span>agus ar a mhuíntir. D'fhág san an uile dhuine i n-Éirinn, uasal agus íseal, ag séanadh na</span> <lb n="51"/><span>Gaeluinne. An t-é nár airigh aon fhocal riamh di bhí áthas air nár airigh, agus an t-é a dh'airigh</span> <lb n="52"/><span>í go saidhbhir agus go raibh sí 'n-a bhéal aige go blasta agus go bríghmhar, bhí a chroídhe díthil</span> <lb n="53"/><span>aige 'á dhéanamh chun gan a leogaint air gur airigh sé aon fhocal riamh di. Ní bhíodh aon mhaith</span> <lb n="54"/><span>dhó ann, ámhthach, mar ní fhéadadh a dhíthol blas breágh bog saidhbhir na Gaeluinne bhaint de'n</span> <lb n="55"/><span>Bhéarla do labhradh sé.</span></p> <lb n="56"/> <lb n="57"/><p><span>Bhí raint daoine, ámhthach, ar fuaid na h-Éireann, anso a's ansúd, agus bhí a mhalairt</span> <lb n="58"/><span>sin ar fad de shaghas machtnaimh istig 'n-a n-aigne. Bhí buailte isteach n-a n-aigne sin nár</span> <lb n="59"/><span>bh'fhada, do réir mar a bhí an saoghal anso i n-Éirinn ag atharú, agus an t-atharú san ag dul</span> <lb n="60"/><span>ar aghaidh comh mear, nárbh' fhada go mbéadh oileán na h-Éirean gan aon fhocal i n-aon chor de</span> <lb n="61"/><span>theangain ár sínsear 'á labhairt ann, go mbéadh an Ghaeluinn imighthe a' béalaibh na ndaoíne</span> <lb n="62"/><span>agus as aigne na ndaoíne agus ná béadh i n-inead na Gaeluinne ag muíntir na h-Éirean</span> <lb n="63"/><span>ach amháin an saghas Béarla do labharthí an uair sin i n-Éirinn. Thuigeadar, ag machtnamh dóibh</span> <lb n="64"/><span>ar an sgéal, ná féadfadh aon mhí-ádh teacht ar Ghaedhlaibh a bhéadh níba thiubaistíghe 'ná an</span> <lb n="65"/><span>mí-ádh san; go gcuirfadh an mí-ádh san ceangal na gcúig gcaol ar an aigne Ghaedhlach; go</span> <lb n="66"/><span>ndúnfí suas an aigne Ghaedhlach; go gcrapfí agus go múchfí an croídhe Gaedhlach ionainn go</span> <lb n="67"/><span>léir; na béadh feasda ag an Éireanach, chun machtnaimh a dhéanamh 'ná chun cainte dhéanamh,</span> <lb n="68"/><span>ach aon fhocal amháin de'n Bhéarla bhriste sa n-áit n-a mbíodh aige fiche focal fuinneamhail</span> <lb n="69"/><span>láidir de'n Ghaeluinn bhreágh bhínn cheólmhar thathaiceach. Thuigeadar go raibh gach mí-ádh eile</span> <lb n="70"/><span>d'ár tháinig riamh go raibh sé lasmuich de'n duine ach go raghadh an mí-ádh san isteach sa duine</span> <lb n="71"/><span>féin, agus go loitfadh sé an duine. Thuigeadar go raibh an mí-ádh san ag teacht, go raibh sé</span> <lb n="72"/><span>ag teacht ar cos-anáirde, agus go raibh ceangailte ar an uile dhuine do thuig an sgéal</span> <lb n="73"/><span>preabadh láithreach agus iaracht a dhéanamh ar chosg do chur leis an mí-ádh san sar a mbéadh sé</span> <lb n="74"/><span>tagaithe ar fad, sar a mbéadh sé ródhéanach, sar a mbéadh an Ghaeluinn imighthe glan gan</span> <lb n="75"/><span>fághail ar í chasadh.</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>Do phreab raint againn go tapaidh chun na h-iarachta san do dhéanamh. Bhí sagart óg</span> <lb n="78"/><span>anso sa choláiste seo an uair sin, an t-Athair Eóghan ó Gramhna. Do thuig sé an mí-ádh agus</span> <lb n="79"/><span>do phreab sé isteach sa n-obair. Ní raibh an tsláinte ró churanta aige. Do tugadh foláramh</span> <lb n="80"/><span>dó dá leanadh sé ar an obair ná seasóch sé. Níor éist sé leis an bhfoláramh. Do thuig sé</span> <lb n="81"/><span>go mba lúgha le rádh saoghal aon duine amháin sa bheatha so 'ná an obair a dhéanfadh díthol</span> <lb n="82"/><span>ar chosg a chur le mí-ádh a loitfadh na daoíne go léir, ar an saoghal so agus b'fhéidir i gcóir</span> <lb n="83"/><span>an tsaoghail eile. Do lean sé ar an obair agus do thuit sé sa n-obair. Tá a thuarasdal anois</span> <lb n="84"/><span>aige i láthair Déi, an tuarasdal atá geallta do'n duine a thugan a anam chun na ndaoíne</span> <lb n="85"/><span>do chur ar leas a n-anama.</span></p> <lb n="86"/> <lb n="87"/><p><span>B'fhéidir go ndéarfadh duine éigin liom ná raibh anamnacha na ndaoine i n-aon</span> <lb n="88"/><span>chontabhairt. Deirimse leis an nduine sin go raibh anamnacha na ndaoíne i gcontabhairt,</span> <lb n="89"/><span>agus deirim go raibh an chontabhairt cruaidh. Bhí an chontabhairt ann, agus tá an chontabhairt</span> <lb n="90"/><span>ann fós. Tá so de dheifrigheacht idir an nGaeluinn agus an Béarla. Tá nádúr na págánachta</span> <lb n="91"/><span>sa Bhéarla ó phréimh. Nádúr ag cabhrú le creideamh iseadh atá sa Ghaeluinn ó phréimh. An</span> <lb n="92"/><span>aigne a cothuíghtear leis an mBéarla bíon a tuitim i dtreó an díchreidimh, bíon mianach an</span> <lb n="93"/><span>díchreidimh inti. Má's maith léi a leas do dhéanamh chun Déi ní foláir di bheith coitchiantha ag</span> <lb n="94"/><span>faire uirthí féin agus ag cur i gcoinnibh an drochmhianaig sin. Má léighean sí leabhair</span> <lb n="95"/><span>bhreághtha Béarla agus iad lán de dhíchreideamh bíon an Béarla breágh san ag cabhrú leis an</span> <lb n="96"/><span>ndrochmhianach a bíon istig inti agus is anadheacair di, ach le grásta Déi, cur i gcoinnibh na</span> <lb n="97"/><span>leabhar agus i gcoinnibh an drochmhianaig i n-aonfheacht.</span></p> <lb n="98"/> <lb n="99"/><p><span>Bhíos féin anso sa choláiste seo tímpal deich mbliana agus dachad ó shin. Is cuímhin</span></p> </div> <pb n="5"/> <div><lb n="100"/><p><span>liom go maith an t-uathbhás a thagadh orm nuair a h-ínstí dhom conus mar a bhíodh daoíne léigh-</span> <lb n="101"/><span>eanta an uair sin ag cumadh agus ag sgrí' leabhar Béarla agus ghá gcur amach, ghá chur 'n-a</span> <lb n="102"/><span>luíghe ar an t-é a léighfadh na leabhair ná raibh Dia ann i n-aon chor! Bhíodh an chaint ins na</span> <lb n="103"/><span>leabhraibh sin ar áilleacht an domhain. Bhíodh, ba dhóic le duine, draoídheacht éigin ar an gcaint</span> <lb n="104"/><span>i dtreó gur bheag ná go gcaithfadh duine géille dhi i gcoinnibh a thoile agus i gcoinnibh a thuisgiona,</span> <lb n="105"/><span>bhíodh sí chómh h-áluinn, chómh bríghmhar, chómh taithneamhach san. Do buailthi isteach am aigne féin,</span> <lb n="106"/><span>nuair a léighinn cuid di go raibh an mac mallachtain ag séide go láidir fe'n t'é a sgríbh í.</span></p> <lb n="107"/> <lb n="108"/><p><span>Is cuímhin liom, leis, tamal 'n-a dhiagh san, nuair a bhíos tagaithe amach as an gcoláiste</span> <lb n="109"/><span>agus gnó sagairt agam á dhéanamh, go raibh na leabhair bhreághtha, dhíoblaídhe sin ag déanamh</span> <lb n="110"/><span>díobhála go daingean, 'n-a gcreideamh, do chuid d'ár ndaoíne féin anso i nÉirinn. Ní</span> <lb n="111"/><span>leogaidís ortha é. Thugainn fé ndeara, ámhthach, go mbíodh an nimh tar éis dul isteach sa n-aigne</span> <lb n="112"/><span>acu, nimh an díchreidimh sin atá sa Bhéarla.</span></p> <lb n="113"/> <lb n="114"/><p><span>Ansan, fiche bliain ó shin nú mar sin, do thusnuigheadh ar an obair. Obair chruaidh</span> <lb n="115"/><span>ab eadh í. Obair i gcoinnibh an chnuic ab eadh í. Agus fé mar a chuaidh an obair ar aghaidh</span> <lb n="116"/><span>is amhlaidh a bhí an cruadhas ag dul i mbreis agus an cnuc ag dul i ndéine. Tá ag méadú</span> <lb n="117"/><span>ar an gcruadhas fós féin, agus is i ndéine atá an cnuc ag dul, i n-aimhdheoin ár ndíthil. Ach</span> <lb n="118"/><span>tá mórán tairbhthe 'á dhéanamh agus tá morán tairbhthe déanta. I n-inead ceann-fé bheith ar</span> <lb n="119"/><span>dhuine anois mar gheall ar a rádh gur a' Gaeluinn a fuineadh é is amhlaidh atáthar ag maoídheamh</span> <lb n="120"/><span>as. Táid daoine ag féuchaint siar airís chun na h-aimsire atá imighthe, ag piocadh eóluis suas</span> <lb n="121"/><span>i dtaobh a sínsear, agus meas ag teacht acu ortha féin nuair a chíd siad an fhírinne .i. gur</span> <lb n="122"/><span>shínsear uasal iad mar gur dhéineadar gníomhartha a bhí uasal. Na daoíne a bhíon ag féuchaint</span> <lb n="123"/><span>siar ar an gcuma san is dóichíghde nách baoghal go ndéanfid siad féin anois aon rud a bhainfadh</span> <lb n="124"/><span>ó chlú an tsínsir sin. An mhuíntir a bhíon ag féuchaint siar ar an gcuma san ní fhéuchaid</span> <lb n="125"/><span>siad i n-aon chor ar na leabhraibh breághtha Béarla úd go bhfuil anál an Áirseóra fútha. Ní</span> <lb n="126"/><span>bhíon an uain acu chuige. Ní h-ortha a bhíd siad ag cuímhneamh ach ar leabhraibh Gaeluinne.</span> <lb n="127"/><span>Sin tairbhthe déanta ag obair na Gaeluinne, agus ní tairbhthe ró bheag é bíodh gur i gcoinnibh</span> <lb n="128"/><span>an chnuic a deineadh é agus go raibh mórán ag magadh féi ar feadh tamail mhaith - agus go bhfuil</span> <lb n="129"/><span>fós, b'fhéidir. Cuid de'n tairbhthe iseadh so. Daoíne óga go raibh draoídheacht díchreidimh na</span> <lb n="130"/><span>leabhar Béarla tar éis raint díobhála dheanamh d'á gcreideamh tamal ó shin, tá an obair seo</span> <lb n="131"/><span>na Gaeluinne tar éis na díobhála san do chur ar neamhnídh. Agus, rud is mó d'iongna 'ná</span> <lb n="132"/><span>an tairbthe sin féin, tá an tairbhthe déanta dhóibh a gan fhios dóibh! Moladh go deó le Dia!</span></p> <lb n="133"/> <lb n="134"/><p><span>Ach an focal so atá agam le rádh libhse féin agus go bhfuil an t-áthas go léir orm mar</span> <lb n="135"/><span>gheall ar an gcaoi a bheith agam air, níor thánag chuige fós. Táim ag teacht anois chuige. Na</span> <lb n="136"/><span>daoíne a bhí óg a ndóthin fiche bliain ó shin táid siad ag dul i n-aoís um an dtaca so. Na</span> <lb n="137"/><span>daoíne a bhí raint aosta an uair sin táid siad aosta go maith anois. Na daoíne atá ag</span> <lb n="138"/><span>déanamh na h-oibre le fiche blian, bídís óg nu aosta, ní foláir dóibh bheith ag imtheacht sar a</span> <lb n="139"/><span>gcuirfid siad puínn eile aimsire dhíobh. Cé dhéanfidh an obair ansan? Cé 'tá chun na</span> <lb n="140"/><span>h-oibre dhéanamh ansan ach sibhse? Agus ní dóich liom go deimhin, gur miste an obair a bheith</span> <lb n="141"/><span>d'á fágáilt oraibh. Measaim féin go bhfuil anso anois am láthair agam plúr éirime aigne</span> <lb n="142"/><span>na hÉirean. Conus a cruinnígheadh anso sibh? Ní deacair a dh'ínsint. Do toghadh, ar dtúis,</span> <lb n="143"/><span>as an líntíghe, an mac dob fheár éirim aigne agus do cuireadh ar sgoil é. Ansan do toghadh,</span> <lb n="144"/><span>as an sgoil, raind des na buachailíbh ab fheár éirim aigne, agus do cuireadh isteach i sgoil a</span> <lb n="145"/><span>bhí nib' aoírde iad. Ansan do toghadh, as an sgoil árd san an chuid des na h-ógánaigh ba</span> <lb n="146"/><span>ghéire íntileacht agus ba mhó eólus, agus do cuireadh isteach sa cholaiste seo iad. Táid siad</span> <lb n="147"/><span>ansan anois os mo chómhair. Sin mar a toghadh iad agus sin mar a tugadh ansan os mo chómhair</span> <lb n="148"/><span>iad. Taisbeánan an toghadh a deineadh ortha gur b'iad plúr macra na h-Éirean iad chómh fada</span> <lb n="149"/><span>agus a théidhan íntileacht agus eólus agus éirim aigne. D'á bhrígh sin, a mhacra Éirean, is</span> <lb n="150"/><span>anuas i mullach an chínn oraibhse abheidh mar oibligáid feasta an Ghaeluinn a chimeád beó i</span> <lb n="151"/><span>n-Éirinn. Agus mar a deirimís fadó sa tsúgradh</span></p> <lb n="152"/> <lb n="153"/><p><span>"Má gheibhan mo bhirín bás</span> <lb n="154"/><span>"Idir do dhá láimh</span> <lb n="155"/><span>"Beidh an trom trom ort</span> <lb n="156"/></p> </div> <pb n="6"/> <div><lb n="157"/><p><span>Má gheibhan an Ghaeluinn bás idir bhúr lámhaibhse beidh an "trom trom" go daingean</span> <lb n="158"/><span>oraibh. Ní h-aon "trom" amháin a bheidh oraibh, ámhthach, ná dhá "throm." Beidh fiche "trom"</span> <lb n="159"/><span>oraibh.</span></p> <lb n="160"/> <lb n="161"/><p><span>Nuair fhéuchaimidne siar anois ar sheanachus na h-Éirean agus nuair a chímíd a</span> <lb n="162"/><span>luighead bac a bhí ar mhuíntir na h-Éirean, dá mba mhaith leó é, almhúraig iasachta do dhíbirt</span> <lb n="163"/><span>as an oilean so aon lá i n-aon chor ó'n lá a buaileadh cath Chluantairbh go dtí lá brise Cheann</span> <lb n="164"/><span>tSáile, bíon diombág orainn agus ceannfé agus fearg. "Ó" a deirimíd, "cad 'n-a taobh</span> <lb n="165"/><span>nár chuir muintir na h-Éirean le chéile i gcoinnibh a namhad!"</span></p> <lb n="166"/> <lb n="167"/><p><span>Má leogtar do'n Ghaeluinn anois imtheacht as an saoghal tiocfidh lá n-a dhiagh so agus</span> <lb n="168"/><span>déarfidh sliocht na ndaoíne atá beó indiu; "Ó cad é an donus a bhí ar mhuíntir na h-Éirean</span> <lb n="169"/><span>nár chimeád a gcaint féin agus í sgaoíle chúghainn anuas agus gan sinn a bheith mar atáimíd</span> <lb n="170"/><span>gan ár gcaint féin againn 'ná aon chaint eile againn ar aon tslacht!"</span></p> <lb n="171"/> <lb n="172"/><p><span>Anois an t-am agaibhse a Mhuíntir Cholum Cille Naomhtha, chum machtnaimh a dheanamh</span> <lb n="173"/><span>air sin. Déinig an machtnamh, agus déinig an obair, agus bíodh an Ghaeluinn beó i n-Éirinn</span> <lb n="174"/><span>de dheasgaibh na h-oibre sin, an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás. Ansan' beidh</span> <lb n="175"/><span>saidhbhreas aigne agus saidhbhreas íntileachta agus saidhbhreas tuisgiona agus saidhbhreas</span> <lb n="176"/><span>léighinn, agus tar gach saidhbhreas eile, saidhbhreas creidimh, sa n-oileán so na h-Éirean, agus</span> <lb n="177"/><span>i dteanta grásta Déi, béidh a bhuidhchas san oraibhse.</span></p> <lb n="178"/> <lb n="179"/><p><span>Ní'l a thuile agam le rádh, ach go bhfuilim ana bhuidheach de'n ollamh uasal, Uachtarán</span> <lb n="180"/><span>an tíghe seo, mar gheall ar gur thug se an chaoí dhom ar theacht anso anocht chun an méid cainte</span> <lb n="181"/><span>do rádh. Táim ana bhuidheach dé, leis, mar gheall ar gur thug se an t-ollamh léigheanta Cúnó</span> <lb n="182"/><span>Meyer anso i n-aonfheacht liom. Táim fé chomaoíne mhór ag Cúnó Meyer le mórán aimsire.</span> <lb n="183"/><span>Mórán blianta ó shin do cídhinn i n-Irisleabhar na Gaeluinne blúirí beaga de Ghaeluinn</span> <lb n="184"/><span>a bhí ana sheanda agus míniú déanta ortha i dtreó gur fhéadas iad do thuisgint. Tá a lán</span> <lb n="185"/><span>de'n obair atá déanta agamsa ná beadh aon bhreith agam ar a dhéanamh mura mbéadh an míniú</span> <lb n="186"/><span>san ar an seana Ghaeluinn sin. Mura mbeadh Cúnó Meyer ní bhéadh an míniú san le fághail</span> <lb n="187"/><span>agam. Táim, d'á bhrigh sin, ana bhuidheach dé.</span></p> <lb n="188"/> <lb n="189"/><p><span>Táim ana bhuidheach, leis, d'bhúr n-Uachtarán mar gheall ar an ollamh óg so ar mo láimh</span> <lb n="190"/><span>dheis anso, do thabhairt ann .i. Osborn óg Ua h-Amhairghin. Tá aithne agam air le mórán</span> <lb n="191"/><span>blianta. Chuireas aithne air i gCorcaig fadó nuair a bhí Séadna ag teacht amach sa</span> <lb n="192"/><span>n-Irisleabhar. Tá féasóg air anois. Ní raibh aon ruibe féasóige air an uair sin. Mura</span> <lb n="193"/><span>raibh an fhéasog ar a ghial bhí an inichinn istig n-a cheann. Ní túisge chuireas aithne air 'ná mar</span> <lb n="194"/><span>a chonac go raibh. Ní'l aon chor dár chuir sé dhé ó sin nár thaisbeáin dom nár dheineas dearmhad</span> <lb n="195"/><span>sa sgéal. Táim ana bhuidheach mar gheall ar é bheith anso ar mo dheis agam anocht.</span></p> <lb n="196"/> <lb n="197"/><p><span>Táim ana bhuidheach d'bhúr n-Uachtarán cualachta, an t-Athair Gearóid Ua Nualláin, mar</span> <lb n="198"/><span>gheall ar theacht anso sa cathaoír sin ag déanamh stiúruighthe orainn go léir agus mar gheall</span> <lb n="199"/><span>ar an gcómharle bhreágh Ghaeluinne atá tabhartha dhúinn age.</span></p> <lb n="200"/> <lb n="201"/><p><span>Ach sibhse! Is oraibhse atá mo bhuidhchas ar fad. Táim buidheach díbh mar gheall ar gur</span> <lb n="202"/><span>dheinbhúir foidhne liom agus gur éistbhúir chómh cneasta leis an méid a bhí le rádh agam libh.</span> <lb n="203"/><span>Tá súil agam go mbeidh Dia agus daoine buidheach díbh mar gheall ar an obair a dhéanfidh</span> <lb n="204"/><span>sibh do'n Ghaeluinn an fhaid is toil le Dia na Glóire sibh fhágailt ag déanamh na h-oibre. Is</span> <lb n="205"/><span>oraibhse atá mo sheasamh i gcóir na h-aimsire atá ag teacht. Do réir mar atá obair déanta</span> <lb n="206"/><span>agaibh go dtí so measaim nách miste bheith ag brath oraibh. Tá Dia na Glóire, agus Muire Mháthair,</span> <lb n="207"/><span>agus Colum Cille Naomhtha ag féuchaint anuas oraibh. Déinig an obair seo anois ar an slígh</span> <lb n="208"/><span>is feár a thuíllfidh daoíbh moladh dh'fhághail ó Dhia na Glóire agus ó Mhuire Mháthair agus ó</span> <lb n="209"/><span>Cholum Cille féin, nuair a glaodhfar suas oraibh."</span></p> <lb n="210"/> <lb n="211"/><p><span>Do labhair Kuno Meyer leis, agus sidé an chaint thug sé, do réir mar bhí cúntas air</span> <lb n="212"/><span>isna pápéiribh.</span> <lb n="213"/></p> </div> <pb n="7"/> <div><lb n="214"/><p><span>Annsan do thug an tAimhirgíneach comhairle ár leasa dhúinn, .i. leanmhaint d'obair na</span> <lb n="215"/><span>Gaedhilge acht go háirithe d'obair na mbuidhean nGaedhilg agus an Ghaedhilg do labhairt ins</span> <lb n="216"/><span>gac aon bhall. D'iarr sé ar a raibh láithreach gan a bheith ró-dhian air, toisg gur dhein sé</span> <lb n="217"/><span>Gaedhilg an Chéitinnigh do leanmhaint nuair bhí sé ag tosnú ar an nGaedhilg do sgrí - ní raibh</span> <lb n="218"/><span>Niamh ná Séadna ná An Craos Deamhan ann an uair sin, mar atá anois, agus ní gá anois aithris</span> <lb n="219"/><span>a dheunamh ar an gCéitinneach.</span></p> <lb n="220"/> <lb n="221"/><p><span>Dubhairt an tAthair Gearóid gor a scríbhinnibh an Athar Peadar dfhoghluim sé a chuid</span> <lb n="222"/><span>féin Gaedhilge.</span> <lb n="223"/></p> </div> <pb n="14"/> <div><lb n="224"/><p><span>Lucht lag-mhisnigh, lucht leisge,</span> <lb n="225"/><span>agus</span> <lb n="226"/><span>an dream dícheallach</span></p> <lb n="227"/> <lb n="228"/><p><span>Caithfear a admháil go bhfuil a lán dá</span> <lb n="229"/><span>dhéanamh ar los na Gaedhilge ar fuid na</span> <lb n="230"/><span>hÉireann le tamall. Acht más dóigh le</span> <lb n="231"/><span>duine ar bith gur leór saothar na dtrí</span> <lb n="232"/><span>nó na gcúig mbliadhain ndeág so ghabh tharainn,</span> <lb n="233"/><span>tá dearmhad ar an nduine sin. Dá mhéid</span> <lb n="234"/><span>atá dá dhéanamh leis an méid sin aimsire,</span> <lb n="235"/><span>tá gádh le tuilleadh. Dá mhéid atá déanta</span> <lb n="236"/><span>cheana tá a dhá oiread, - ní headh, acht a thrí</span> <lb n="237"/><span>seacht n-oiread - gan déanamh fós. Tá oiread</span> <lb n="238"/><span>san le déanamh fós nach beag de ghnó dá</span> <lb n="239"/><span>bhfuil againn ann é dhéanamh i n-aon chor,</span> <lb n="240"/><span>gan trácht ar é dhéanamh go beacht. Tá daoine</span> <lb n="241"/><span>ann fós, - agus ní ró-bheag an dream iad, -</span> <lb n="242"/><span>agus is dóigh leo, i n-aimhdheoin an tsaothair gho</span> <lb n="243"/><span>léir, nach fiú d'aoinne bheith ag dul le Gaedhilg,</span> <lb n="244"/><span>agus nach féidir d'aoinne an Ghaedhilg do chur</span> <lb n="245"/><span>dá labhairt ag Gaedhlaibh go deo. Do bheadh</span> <lb n="246"/><span>sé chomh maith againn, dar leo, bheith ad iarraidh</span> <lb n="247"/><span>gad do chur le gainimh, is bheith ad' iarraidh</span> <lb n="248"/><span>na Gaedhilge do chur i mbéal daoine in aon</span> <lb n="249"/><span>bhall i nÉirinn lasmuigh de'n Ghaedhealtacht.</span> <lb n="250"/><span>Ní hamhlaidh is dóigh leo ná gur mór agus</span> <lb n="251"/><span>gurb éachtach an méid oibre atá déanta.</span> <lb n="252"/><span>Acht is é chuireann an t-éadóchas ar fad ortha</span> <lb n="253"/><span>a theirce toradh atá le feiscint i n-aimhdheoin</span> <lb n="254"/><span>an tsaothair gho léir. Dream gan misneach</span> <lb n="255"/><span>an dream san, muran dream droch-mhéine</span> <lb n="256"/><span>iad. Agus pé 'ca dream lag-mhisnigh nó dream</span> <lb n="257"/><span>droch-mhéine iad, is deimhin nach ró-thuisgionach</span> <lb n="258"/><span>an dream iad. Ní thuigid siad cúrsaí</span> <lb n="259"/><span>teangan d'aithbheodhughadh. Chíd siad an síol</span> <lb n="260"/><span>dá chur, acht annsan nuair ná tagann an</span> <lb n="261"/><span>geamhar glas os cionn talmhan láithreach,</span> <lb n="262"/><span>agus caoi a bheith aca ar an arbhar do bhuaint</span> <lb n="263"/><span>agus do bhualadh agus do chur ar an margadh</span> <lb n="264"/><span>laistigh de'n aon lá amháin, briseann ar an</span> <lb n="265"/><span>bhfoidhne aca, agus "O" adeirid siad, "ní</span> <lb n="266"/><span>beag linn é mar obair: do chuirfeadh sé ar</span> <lb n="267"/><span>buile thú agus a mhoille a ghluaiseann sé:</span> <lb n="268"/><span>táimíd bréan de!"</span></p> <lb n="269"/> <lb n="270"/><p><span>Seadh, bíodh agaibh a lucht an lag-mhisnigh.</span> <lb n="271"/><span>Más bréan de'n obair atá sibh, táimíd-ne</span> <lb n="272"/><span>bréan díbh-se agus d'bhar gcainnt agus</span> <lb n="273"/><span>d'bhar ngearán. Is breágh an rud an fhoidhne;</span> <lb n="274"/><span>acht níl an fhoidhne agaibh-se chum feithimh leis</span> <lb n="275"/><span>an bhfoghmhar. Más eadh tiocfaidh an foghmhar</span> <lb n="276"/><span>i naimhdheoin bhar neamh-fhoidhne. Bainfear an</span> <lb n="277"/><span>t-arbhar i nbhar n-éaghmais. Má gheibheann</span> <lb n="278"/><span>sibh bás de'n ghorta bíodh orraibh féin. Dá</span> <lb n="279"/><span>luighead a cuimhneochthaí orraibh ná ar bhar</span> <lb n="280"/><span>gcainnt b'fhéidir gurbh amhlaidh ab'fhearra dhúinn</span> <lb n="281"/><span>é. Acht dá mhéid ba mhian liomsa gan cuimhneamh</span> <lb n="282"/><span>orraibh caithim cuimhneamh orraibh. Ní bhíonn</span> <lb n="283"/><span>leigheas agam air. An té go bhfuil seirbhthean</span> <lb n="284"/><span>air, do gheibhtear blas an tsearbhais ar a</span> <lb n="285"/><span>smuaintibh. Admhuighim go gcuireann bhar</span> <lb n="286"/><span>gcainnt seirbhthean orm, agus ní deirim</span> <lb n="287"/><span>ná go gcuireann sí fearg orm uaireannta</span> <lb n="288"/><span>i dteannta an tseirbhthin. Acht is minicighe</span> <lb n="289"/><span>ná aon taobh aca a chuireann sí ag gáiridhe</span> <lb n="290"/><span>mé, agus ag déanamh iongna dhíbh agus d'bhar</span> <lb n="291"/><span>gcainnt mhí-náirigh. Agus ar Éirinn ní</span> <lb n="292"/><span>fhéadfainn a innsint cia'ca is mó an seirbhthean</span> <lb n="293"/><span>nó an fhearg nó an fonn gáiridhe sin.</span> <lb n="294"/><span>"Greadadh chughaibh, a shloigisg fhallsa an uilc,"</span> <lb n="295"/><span>adeirim libh im' aigne, "nach orraibh atá an</span> <lb n="296"/><span>éirghe-in-áirde agus an dith-céille! Lucht</span> <lb n="297"/><span>na Gaedhilge ag déanamh a gcroidhe dhíchill chum</span> <lb n="298"/><span>na hoibre dhéanamh, agus sibhse, i n-ionad bhar</span> <lb n="299"/><span>gcion féin de'n obair a dhéanamh, in bhar</span> <lb n="300"/><span>seasamh go seasgair ar an gclaidhe, ag</span> <lb n="301"/><span>stealla-mhagadh fútha agus ag déanamh gach</span> <lb n="302"/><span>aon tsaghas díchill chum na hoibre do lot,</span> <lb n="303"/><span>agus chum droch-mhisnigh do chur ar na fearaibh</span> <lb n="304"/><span>tréana atá ag déanamh na h-oibre! "Do</span> <lb n="305"/><span>dhuine gan náire is usa a ghnó a dhéanamh."</span> <lb n="306"/><span>Is fíor do'n tseanfhocal. Acht tá focal eile</span> <lb n="307"/><span>na thaobh san agus tá cuid de'n fhírinne ann</span> <lb n="308"/><span>leis. Is é focal é ná é seo: Do dhuine gan</span> <lb n="309"/><span>náire is usa gan aon ghnó a dhéanamh agus</span> <lb n="310"/><span>na theannta san gan a leigint dá chomharsain</span></p> </div> <pb n="15"/> <div><lb n="311"/><p><span>a ghnó a dhéanamh. Sin mar atá an sgéal ag an</span> <lb n="312"/><span>lucht so an lag-mhisnigh. Ní h-í cabhair an</span> <lb n="313"/><span>lobhair * is mian leo. Ná ní mian leo a leigint</span> <lb n="314"/><span>do'n lobhar, dá laige é, nó dá chruaidhe atá</span> <lb n="315"/><span>an chabhair ag teastabháil uaidh, an chabhair</span> <lb n="316"/><span>a thabhairt dó féin, ná a h-iarraidh ar Dhia na</span> <lb n="317"/><span>glóire. Agus dá mb'é Dia na glóire féin</span> <lb n="318"/><span>é, ní leigfidís dó - dá mb'fhéidir leo é, -</span> <lb n="319"/><span>cabhrughadh linne san obair seo na Gaedhilge.</span> <lb n="320"/><span>Bíonn faobhar ar a nguth agus iad ag trom-</span> <lb n="321"/><span>aidheacht ar an nGaedhilg, agus ar a mbaineann</span> <lb n="322"/><span>léi, idir leabhraibh agus láimh-sgríbhinníbh</span> <lb n="323"/><span>agus daoinibh. Is beag é a gcuid eolais ar</span> <lb n="324"/><span>aoinnidh dá mbaineann leis an nGaedhilg,</span> <lb n="325"/><span>agus dá luighead é an t-eolas san, is eadh</span> <lb n="326"/><span>is déine a dheinid siad an tromaidheacht</span> <lb n="327"/><span>uirthi. Is éagsamhlach na daoine iad. Ní</span> <lb n="328"/><span>heasba oideachais fé ndeara dhóibh gan</span> <lb n="329"/><span>béasa níos fearr a bheith aca. Sagairt is</span> <lb n="330"/><span>eadh cuid aca - cuid ana-bheag, buidheachas</span> <lb n="331"/><span>le Dia. Lucht leighis is eadh tuilleadh aca.</span> <lb n="332"/><span>Lucht dlighe is eadh roinnt eile aca. Ba</span> <lb n="333"/><span>cheart dá leithéid a thuisgint gur náire dhóibh</span> <lb n="334"/><span>gan meas a bheith aca ar a dteangain duthchais.</span> <lb n="335"/><span>Ba dhóigh leat ar a fhaid aimsir do chaitheadar</span> <lb n="336"/><span>ag claoidhe le foghluim go mbeadh an méid</span> <lb n="337"/><span>sin, an chuid ba lugha dhe, foghlumtha um an</span> <lb n="338"/><span>dtaca so aca. Acht níl. Nó má tá, tá buile</span> <lb n="339"/><span>fuatha do'n Ghaedhilg ortha agus tá buaidhte</span> <lb n="340"/><span>ag an mbuile sin ar an misneach aca. Seadh,</span> <lb n="341"/><span>agus tá buaidhte ag an ndánaidheacht ar an</span> <lb n="342"/><span>náire aca, agus dáltha na foghluma tá buaidhte</span> <lb n="343"/><span>glan ag an bhfallsacht agus ag an bhfeill</span> <lb n="344"/><span>uirthi.</span></p> <lb n="345"/> <lb n="346"/><p><span>Feall, agus fallsacht agus fuath do'n</span> <lb n="347"/><span>Ghaedhilg! Sin iad na trí neithe atá ghá lot.</span> <lb n="348"/><span>Is ar a n-aigne is truime luigheann an lot</span> <lb n="349"/><span>san. Tá a n-aigne chomh mór san loitthe</span> <lb n="350"/><span>caochta ag na trí neithibh sin, nach féidir</span> <lb n="351"/><span>leo a mheas go bhfuil aon fheabhas ag gabháil</span> <lb n="352"/><span>leis an nGaedhilg, ná gur teanga foghanta</span> <lb n="353"/><span>ar aon tsaghas cuma í. Agus is é an taobh is</span> <lb n="354"/><span>measa de'n sgéal, gur lot gan leigheas an</span> <lb n="355"/><span>lot so. Ní féidir é leigheas choidhche nó go</span> <lb n="356"/><span>gcuirfear na luighe ar a n-aigne dhóibh go</span> <lb n="357"/><span>gcaithfidh lucht na Gaedhilge buadhachtaint</span> <lb n="358"/><span>ar na Béarlóiríbh i ndeireadh na dála. B'fhéidir</span> <lb n="359"/><span>annsan go dtiocfadh a gciall dóibh. "Níl</span> <lb n="360"/><span>sprid ná púca gan fios a ghnótha aige féin."</span></p> <lb n="361"/> <lb n="362"/><p><span>*Cf. Wb. 16a31. is gnáth do cobir cach lobir</span> <lb n="363"/><span>hifochidib.</span></p> <lb n="364"/> <lb n="365"/><p><span>Tá fios a ngnótha go háluinn ag an lucht</span> <lb n="366"/><span>so an lag-mhisnigh. Is é an t-aon ghnó amháin</span> <lb n="367"/><span>atá ag déanamh buartha dhóibh cóir bhídh agus</span> <lb n="368"/><span>dighe, agus caoi ar chodladh, do sholáthar</span> <lb n="369"/><span>dóibh féin. Deirtear nach féidir bheith ag</span> <lb n="370"/><span>cainnt is ag cogaint. Acht tá an focal so</span> <lb n="371"/><span>sáruighte ag an lucht so an lag-mhisnigh. Bíd</span> <lb n="372"/><span>siad ag cainnt is ag cogaint i naonfheacht.</span> <lb n="373"/><span>Bíd siad ag ól is ag ithe agus ag caitheamh</span> <lb n="374"/><span>aimsire, agus dá mhéid ólaid agus ithid,</span> <lb n="375"/><span>dá mhéid caitheamh aimsire a bhíonn aca, agus</span> <lb n="376"/><span>dá mhéid maoin agus mór-mhaitheas an tsaoghail</span> <lb n="377"/><span>a bhíonn aca, gan spleadhchas d'aoinne, is eadh</span> <lb n="378"/><span>is aoirde agus is dána a labhraid siad. Ní</span> <lb n="379"/><span>haon iongnadh seirbhthean agus fearg agus</span> <lb n="380"/><span>fonn gáiridhe do theacht ar aoinne bheadh ag</span> <lb n="381"/><span>féachaint ortha nó ag éisteacht leo. Ní haon</span> <lb n="382"/><span>iongnadh dá mba ortha bheadh ár seasamh chum</span> <lb n="383"/><span>na hoibre a dhéanamh go mbeadh an obair</span> <lb n="384"/><span>gan déanamh. Bheadh sé fuar againn bheith</span> <lb n="385"/><span>ag brath ar a leithéid chum cabhruighthe linn san</span> <lb n="386"/><span>obair. Acht ní hortha, buidheachas le Dia,</span> <lb n="387"/><span>atá ár seasamh ná ní hortha atáimíd ag brath</span> <lb n="388"/><span>chuige.</span></p> <lb n="389"/> <lb n="390"/><p><span>Táid siad go dona gan amhras, an lucht</span> <lb n="391"/><span>so an lag-mhisnigh, acht dá olcas iad tá dream</span> <lb n="392"/><span>eile annso i nÉirinn fé láthair agus ní</span> <lb n="393"/><span>fheadar ná gur seacht n-uaire níos measa iad!</span> <lb n="394"/><span>Isé ainm do bheirimse ortha ná lucht liobarnach</span> <lb n="395"/><span>na leisge. Tá a mhalairt de phort aca munab</span> <lb n="396"/><span>ionann is port an chéid-dreama. Ní misde</span> <lb n="397"/><span>d'aoinne misneach a bheith aige. Acht is amhlaidh</span> <lb n="398"/><span>atá an iomad de aca so. Tá oiread san</span> <lb n="399"/><span>misnigh aca go ndeabhruigheann an sgéal ná</span> <lb n="400"/><span>fuil slighe aca d'aon deigh-thréith eile dá</span> <lb n="401"/><span>n-oirfeadh do thaoiseach catha. Is breagh an</span> <lb n="402"/><span>rud an misneach gan amhras. Acht an té a</span> <lb n="403"/><span>bheadh ag brath ar thairbhe an mhisnigh d'fhagháil</span> <lb n="404"/><span>ní fuláir dó neart a bheith aige do réir an</span> <lb n="405"/><span>mhisnigh. Misneach gan neart dá réir, is</span> <lb n="406"/><span>cuma é nó claidheamh gan curadh chum a</span> <lb n="407"/><span>bheartuighthe. Tá neart i n-easnamh ar an</span> <lb n="408"/><span>lucht so na leisge, - neart aigne do mheasas</span> <lb n="409"/><span>a rádh. Dar le lucht an lag-mhisnigh níl aon</span> <lb n="410"/><span>mhaitheas sa nGaedhilg, agus dá mbeadh féin,</span> <lb n="411"/><span>ní fhéadfaí í chur dá labhairt ag Gaedhlaibh go</span> <lb n="412"/><span>deo. Tá a mhalairt ar fad de thuairim ag</span> <lb n="413"/><span>an lucht so na leisge. Dar leo ná fuil aon</span> <lb n="414"/><span>mhaitheas i naon rud acht san nGaedhilg, agus</span> <lb n="415"/><span>dá mbeadh féin, nár cheart do'n Ghaedheal</span> <lb n="416"/><span>féachaint ar an dtaobh de'n bhóthar n-a mbeadh</span> <lb n="417"/><span>an rud san dá fheabhas é. Tá an chéad dream</span></p> </div> <pb n="16"/> <div><lb n="418"/><p><span>ar buile le fuath do'n Ghaedhilg. Tá an dara</span> <lb n="419"/><span>dream ar buile le grádh do'n Ghaedhilg.</span> <lb n="420"/><span>Agus - "Ní measa Cáit ná Conchubhar."</span> <lb n="421"/><span>Más galar gan náire an grádh, ní dócha go</span> <lb n="422"/><span>raibh grádh ar bith ag aon Chríostaidhe riamh</span> <lb n="423"/><span>ba lugha náire ná an grádh so do'n Ghaedhilg</span> <lb n="424"/><span>atá na dhomblas agus na dhian-ghalar ar an</span> <lb n="425"/><span>lucht so na leisge do luadhas. Táid siad</span> <lb n="426"/><span>múchta caochta curtha ar buile aige. Ní</span> <lb n="427"/><span>bhfaghaid siad blas ar aoinnidh seach is ar an</span> <lb n="428"/><span>nGaedhilg. Agus is é taobh an ghalair is</span> <lb n="429"/><span>greannmhaire, gan iad a bheith acht ar uathadh</span> <lb n="430"/><span>eolais ar an nGaedhilg. Moladh gan tuilleamh</span> <lb n="431"/><span>gan tuisgint an moladh a bhronnaid siad</span> <lb n="432"/><span>uirthi. "Mol an óige agus tiocfaidh sí."</span> <lb n="433"/><span>Is maith an focal é sin, agus is fíor. Acht</span> <lb n="434"/><span>níor mhisde brigh i mbun molta. Dá ársacht</span> <lb n="435"/><span>í an Ghaedhilg is minic ná bíonn brigh ná</span> <lb n="436"/><span>bunadhas ná ciall leis an moladh thugtar di.</span> <lb n="437"/><span>Ní fearrde í a leithéid sin de mholadh. Más</span> <lb n="438"/><span>fíor ná faghtar saoi gan locht ní haon iongnadh</span> <lb n="439"/><span>a lochta féin a bheith ar an nGaedhilg.</span> <lb n="440"/><span>Admhuightear na lochta sin go fonnmhar.</span> <lb n="441"/><span>"Magna est veritas et praevalebit." Ní</span> <lb n="442"/><span>misde do'n Ghaedhilg, acht chomh beag le haoinnidh</span> <lb n="443"/><span>eile, an fhírinne innsint na taobh. Ní innsid</span> <lb n="444"/><span>lucht na leisge an fhírinne nuair ná taithneann</span> <lb n="445"/><span>an fhírinne leo. Is amhlaidh a dheinid siad</span> <lb n="446"/><span>a ndícheall chum í cheilt ortha féin agus ar an</span> <lb n="447"/><span>saoghal. Acht ní hí ceilt na fírinne amháin</span> <lb n="448"/><span>a tharraingid siad chúcha. Innsid siad bréag</span> <lb n="449"/><span>anois is arís. Cuirid siad i gcuimhne dhom,</span> <lb n="450"/><span>sgéal d'ár airigheas uair i dtaobh duine</span> <lb n="451"/><span>áirighthe a bhí ag trácht ar Shakespeare agus</span> <lb n="452"/><span>a chuid dráma. In iarthar Ameiriocá thuaidh</span> <lb n="453"/><span>ab eadh é. Sé rud a bhí ag an bhfear so 'á</span> <lb n="454"/><span>phléidhe ná cia 'ca Shakespeare nó Bacon</span> <lb n="455"/><span>do sgríobh na drámanna úd. Dubhairt sé</span> <lb n="456"/><span>féin gurbh é Shakespeare é. "Agus do</span> <lb n="457"/><span>bhéarfad," ar seisean, "soluíd dhíbh anois ar</span> <lb n="458"/><span>a fheabhas a bhí Shakespeare chuige. Cuid de'n</span> <lb n="459"/><span>dráma gur teidiol dó "Othello" é seo."</span> <lb n="460"/><span>Annsan thug sé blúire "aithriseoireachta"</span> <lb n="461"/><span>dhóibh: -</span></p> <lb n="462"/> <lb n="463"/><p><span>"The boy stood on the burning deck</span> <lb n="464"/><span>Whence all but he had fled;</span> <lb n="465"/><span>The flames that lit the battle's wreck</span> <lb n="466"/><span>Shone round him o'er the dead,"</span></p> <lb n="467"/> <lb n="468"/><p><span>agus mar sin dó. Nuair a bhí sé críochnuighthe</span> <lb n="469"/><span>aige do phreab 'n-a shuidhe duine d'á raibh ag</span> <lb n="470"/><span>eisteacht leis.</span></p> <lb n="471"/> <lb n="472"/><p><span>"Airiú, a dhuine," ar seisean leis, "Tá 'fhios</span> <lb n="473"/><span>ag an saoghal nár bhé Shakespeare a sgríobh</span> <lb n="474"/><span>an fhilidheacht san i n-aon chor. Is ó Bhoston</span> <lb n="475"/><span>domh-sa, agus táim lán-deimhnightheach nárbh é</span> <lb n="476"/><span>Shakespeare a dhein é."</span></p> <lb n="477"/> <lb n="478"/><p><span>"Bíodh ciall agat," arsa fear na</span> <lb n="479"/><span>h-aithriseoireachta, "féadfad-sa a chur na</span> <lb n="480"/><span>luighe ort gurbh é."</span></p> <lb n="481"/> <lb n="482"/><p><span>"Ní fhéadfá," arsa'n Bostonach.</span></p> <lb n="483"/> <lb n="484"/><p><span>"Féadfad go deimhin," arsa'n chéad fhear,</span> <lb n="485"/><span>agus siúd síos chuige é.</span></p> <lb n="486"/> <lb n="487"/><p><span>Do rug sé greim docht ar an sgórnaigh air,</span> <lb n="488"/><span>agus "Cia sgríobh an fhilidheacht san?" ar</span> <lb n="489"/><span>seisean.</span></p> <lb n="490"/> <lb n="491"/><p><span>"Shakespeare, Shakespeare," arsa'n fear</span> <lb n="492"/><span>eile gan moill, agus é leath-tachttha.</span></p> <lb n="493"/> <lb n="494"/><p><span>"An bhfuilir lán-deimhnightheach de," arsa'n</span> <lb n="495"/><span>t-aitriseoir, agus a lámh ag teannadh ar an</span> <lb n="496"/><span>sgornaigh aige.</span></p> <lb n="497"/> <lb n="498"/><p><span>"O! táim, táim," arsa'n Bostonach bocht,</span> <lb n="499"/><span>agus é i ndeireadh an anma le h-easba anála,</span> <lb n="500"/><span>"ná feaca-sa lem' shúilibh cinn é ghá sgríobhadh!"</span></p> <lb n="501"/> <lb n="502"/><p><span>Is mar sin do'n lucht so na leisge. Teanga</span> <lb n="503"/><span>liom leo gach mac máthar aca. Deirid siad</span> <lb n="504"/><span>de ghnáth an rud is dóigh leo a thaithneochaidh</span> <lb n="505"/><span>le na lucht éistighthe. Deirid siad gurb í an</span> <lb n="506"/><span>Ghaedhilg an teanga is binne agus is bríogh-</span> <lb n="507"/><span>mhaire agus is uaisle dá labharthar, agus gan</span> <lb n="508"/><span>aon phioc dá fhios aca cia 'ca is í nó nach í!</span> <lb n="509"/><span>Deirid siad ná fuil teanga ar dhruim domhain</span> <lb n="510"/><span>chomh suarach chomh neamh-bhríoghmhar chomh gránda</span> <lb n="511"/><span>leis an mBéarla, - agus gan aon eolas aca</span> <lb n="512"/><span>ar liteardhacht na Sasanach! Bíd siad lán</span> <lb n="513"/><span>tsásta leo féin má éirigheann leo fiche focal</span> <lb n="514"/><span>Gaedhilge d'fhoghluim laistigh de'n bhliadhain.</span> <lb n="515"/><span>Acht is minic ná bíonn an fiche focal féin aca</span> <lb n="516"/><span>de bhárr a saothair. Is minic ná bíonn aca</span> <lb n="517"/><span>acht "Dia dhuit" nó "Dia's Muire dhuit,"</span> <lb n="518"/><span>agus ní bhíonn an méid sin féin aca acht go</span> <lb n="519"/><span>suarach. Is amhlaidh bíonn an iomad de bhruid</span> <lb n="520"/><span>moltha na Gaedhilge ortha chum a leigint dóibh</span> <lb n="521"/><span>fiú aon fhocailín amháin di dh'fhoghluim. Na</span> <lb n="522"/><span>leabhair atá againn molaid siad go hárd iad.</span> <lb n="523"/><span>Molaid, - acht ní léighid. Ní fhéadfaidís</span> <lb n="524"/><span>a léigheamh. Má táthar ag cur síos ar</span> <lb n="525"/><span>sgríbhneoir áirithe léimid siad le neart áthais.</span> <lb n="526"/><span>"O" adeirid siad, "tá sean-aithne agam</span> <lb n="527"/><span>air sin. Nach breagh an fear é! Nach cliste</span> <lb n="528"/><span>an sgríbhneoir é!" Agus annsan innsid siad -</span> <lb n="529"/><span>'na rún - dod' chluais go bhfuil so nó súd 'á</span> <lb n="530"/><span>scríobhadh anois aige, agus gur gearr an</span></p> </div> <pb n="17"/> <div><lb n="531"/><p><span>mhoill air cló do chur ar an leabhar, - agus sin</span> <lb n="532"/><span>Éire saortha ar smacht na n-Allmhúrach nuair</span> <lb n="533"/><span>a gheobhmíd an leabhar! Acht ní bhfaghaid siad</span> <lb n="534"/><span>féin é i ndeireadh na dála, - muna bhfaghaid</span> <lb n="535"/><span>siad i n-aisge é! Seadh, bíonn ró-ruith chainnte</span> <lb n="536"/><span>aca, agus bíonn fios gach rúin dá mbaineann</span> <lb n="537"/><span>leis an nGaedhilg aca, nó muna mbíonn</span> <lb n="538"/><span>ceapaid siad sgéal agus scaipid siad "'na</span> <lb n="539"/><span>rún" é ar fuid na dúithche, i dtreo gur</span> <lb n="540"/><span>dóigh le n-a lán daoine gurb iad an lucht so</span> <lb n="541"/><span>na leisge is bun agus barr do'n obair go léir.</span> <lb n="542"/><span>Acht is iad is mó atá ag cosg na hoibre, iad</span> <lb n="543"/><span>féin agus an lucht úd an lag-mhisnigh.</span></p> <lb n="544"/> <lb n="545"/><p><span>Acht an leigfear dhóibh an obair do chosg</span> <lb n="546"/><span>feasda? Tá súil agam ná leigfear. Tá</span> <lb n="547"/><span>dream nach iad annso i nÉirinn, agus bíodh</span> <lb n="548"/><span>nach deacair iad a chomhaireamh, tá an chuisle</span> <lb n="549"/><span>láidir aca, agus misneach an leomhain ionnta,</span> <lb n="550"/><span>agus eolas ar riaradh chatha aca. Agus mar</span> <lb n="551"/><span>bharra ar gach sonas, tá fonn troda ortha,</span> <lb n="552"/><span>agus faill aca air leis. Ní theipfidh ar a</span> <lb n="553"/><span>ndícheall, le congnamh Dé, an buaidh do bhreith</span> <lb n="554"/><span>ar an namhaid i ndeireadh an choimheasgair.</span> <lb n="555"/><span>Acht is fada fós uainn deireadh an choimheas-</span> <lb n="556"/><span>gair. Is mó cath millteach caithfear a bhualadh</span> <lb n="557"/><span>fós sul a gcuirfear lucht an lag-mhisnigh</span> <lb n="558"/><span>agus na cainnte gan chéill na dtost.</span> <lb n="559"/><span>Is mó rud atá i n-easnamh orrainn fós in</span> <lb n="560"/><span>aghaidh an chogaidh. Teastuigheann uainn, thar</span> <lb n="561"/><span>gach nidh eile, taoisigh thréana tuisgionacha</span> <lb n="562"/><span>chum ár sluaighte do chur i dtreo chogaidh agus</span> <lb n="563"/><span>chum ár ndaingne do choimeád i dtreo chosanta.</span> <lb n="564"/><span>'Siad taoisigh ba chóir a bheith orrainn ná</span> <lb n="565"/><span>na sagairt. Is iad is mó cumhacht i measg</span> <lb n="566"/><span>an Phobuil Ghaedhealaigh. Is iad is mó tuisgint</span> <lb n="567"/><span>agus is fearr léigheann agus foghluim, agus</span> <lb n="568"/><span>ba cheart go mba iad ba mhó grádh do Ghaedhlaibh</span> <lb n="569"/><span>agus do'n Ghaedhilg. Is éachtach a bhfuil de</span> <lb n="570"/><span>shagartaibh i nÉirinn. Dá ndeinidís go léir</span> <lb n="571"/><span>cur le chéile ar mhaithe leis an nGaedhilg</span> <lb n="572"/><span>níor bh'fhada go mbeadh an lámh uachtair ar</span> <lb n="573"/><span>an neamh-uaisleacht aca. Níor bh'fhada go</span> <lb n="574"/><span>mbeadh an uaisleacht bhréige curtha ar neamhnidh</span> <lb n="575"/><span>aca, agus a ceart féin tabhrtha aca do'n</span> <lb n="576"/><span>fhíor-uaisleacht. Acht féach, a shagairt</span> <lb n="577"/><span>nó a adhbhair shagairt, má taoi-se ag cuimhneamh</span> <lb n="578"/><span>ar bheith id' thaoiseach ar an bpobul Ghaedhealach</span> <lb n="579"/><span>ní fuláir duit tú féin d'ullmhughadh chuige</span> <lb n="580"/><span>roim ré. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb,</span> <lb n="581"/><span>ná ní hí uair an chatha uair an fhaobhair do chur</span> <lb n="582"/><span>ar na claidhmhtibh. Ní fuláir duit sé neithe</span> <lb n="583"/><span>do bheith agat i n-aghaidh lae an choimheasgair.</span> <lb n="584"/><span>Eolas ar an nGaedhilg an chéad nidh aca.</span> <lb n="585"/><span>Aoinne ná tuigeann feabhas na Gaedhilge,</span> <lb n="586"/><span>ní fhéadfaidh sé bheith dícheallach ná díogh-</span> <lb n="587"/><span>raiseach ghá mholadh do dhaoinibh eile í dh'fhoghluim.</span> <lb n="588"/><span>"Medice, sana teipsum," adéarfar leis más</span> <lb n="589"/><span>toil leis a chur d'fhiachaibh ar a chomhursain rud</span> <lb n="590"/><span>a dhéanamh ná deineann sé féin. D'oirfeadh</span> <lb n="591"/><span>do'n tsagart, thar aoinne eile, eolas cruinn</span> <lb n="592"/><span>ceart a bheith aige ar an nGaedhilg. Gan an</span> <lb n="593"/><span>t-eolas sin a bheith aige ní fhéadfaidh sé a</span> <lb n="594"/><span>dhualgas sagairt do chomhlíonadh go hiomlán.</span> <lb n="595"/><span>Beidh cúram na scoile air, cuirim i gcás.</span> <lb n="596"/><span>Más eadh, cá bhfios dó cionnus a beifear</span> <lb n="597"/><span>ag múineadh na Gaedhilge más rud ná beidh</span> <lb n="598"/><span>focal di aige féin. Ní ar fóghnamh a múintear</span> <lb n="599"/><span>an Ghaedhilg go minic. Is mó lúb ar lár</span> <lb n="600"/><span>a bhíonn ar obair na scoile a gan fhios do'n</span> <lb n="601"/><span>tsagart nuair ná tuigeann sé an Ghaedhilg.</span> <lb n="602"/><span>Is mór an truagh é sin, agus is mór an</span> <lb n="603"/><span>náire. Acht is mó seacht nuaire an truagh</span> <lb n="604"/><span>agus an náire agus an éagcóir é nuair ná</span> <lb n="605"/><span>féadann an sagart seanmóin a thabhairt a</span> <lb n="606"/><span>Gaedhilg do'n phobul Dia Domhnaigh, agus</span> <lb n="607"/><span>gan ar chumus an phobail an Béarla do</span> <lb n="608"/><span>thuisgint acht go suarach. Agus gan san</span> <lb n="609"/><span>do chur san áireamh in aon chor, aon tsagart</span> <lb n="610"/><span>go bhfuil aon eolas aige ar stair na</span> <lb n="611"/><span>nGaedheal nach mór an náire dhó gan a dhícheall</span> <lb n="612"/><span>a dhéanamh chum teangan na nGaedheal a bheith</span> <lb n="613"/><span>ar a thoil aige!</span></p> <lb n="614"/> <lb n="615"/><p><span>Rud anariachtanach iseadh an t-eolas so</span> <lb n="616"/><span>ar an nGaedhilg. Acht ní hé an t-aon rud</span> <lb n="617"/><span>amháin é. Is mó duine go bhfuil eolas maith</span> <lb n="618"/><span>go leor aige ar an nGaedhilg agus gan a</span> <lb n="619"/><span>chomthrom de mheas aige uirthi. Is greannmhar</span> <lb n="620"/><span>san, agus is deacair a thuisgint. Acht tá a</span> <lb n="621"/><span>leithéid ann agus deinid siad a lán díoghbhála.</span> <lb n="622"/><span>Is olc an rud meas ag duine ar an nGaedhilg</span> <lb n="623"/><span>agus gan aon eolas aige uirthi. Sin é meas</span> <lb n="624"/><span>an lucht úd na leisge. Acht is measa go</span> <lb n="625"/><span>mór eolas ag duine uirthi agus gan de mheas</span> <lb n="626"/><span>aige uirthi acht droch-mheas. Má bhíonn</span> <lb n="627"/><span>an t-eolas cruinn ceart agat uirthi ní féidir</span> <lb n="628"/><span>an an meas cóir a bheith agat uirthi leis.</span> <lb n="629"/><span>Tá an dá rud ag teastabháil uainn. Is</span> <lb n="630"/><span>fearrde an t-eolas an meas, agus is móide</span> <lb n="631"/><span>an meas an t-eolas. Ní gádh meas mío-</span> <lb n="632"/><span>chuibhsach ag aoinne uirthi. Meastar í do réir</span> <lb n="633"/><span>na fírinne, agus ní baoghal di.</span></p> <lb n="634"/> <lb n="635"/><p><span>Is mór an nidh an t-eolas sin, agus meas</span> <lb n="636"/><span>do réir an eolais. Acht ní leor san don</span> <lb n="637"/><span>tsagart. Sé an t-aodhaire an sagart, agus</span></p> </div> <pb n="18"/> <div><lb n="638"/><p><span>aithnigheann sé na caoirigh, nó ba cheart dó</span> <lb n="639"/><span>iad d'aithint. Tá fhios aige gur leis féin</span> <lb n="640"/><span>iad agus nuair a chíonn sé an machtíre ag</span> <lb n="641"/><span>teacht chum foghla dhéanamh ar na caorchaibh</span> <lb n="642"/><span>tabhrfaidh sé leis iad ón machtíre, agus</span> <lb n="643"/><span>éistfid siad le na ghlór, agus saorfar iad.</span> <lb n="644"/><span>Is mó machtíre atá ar tí na gcaorach annso</span> <lb n="645"/><span>i nÉirinn. Táid siad chughainn na míltibh go</span> <lb n="646"/><span>nimhneach agus fonn foghla an Chreidimh ortha.</span> <lb n="647"/><span>Is mór í cumhacht na Gaedhilge na gcoinnibh</span> <lb n="648"/><span>súd. Sé an t-aodhaire fóghanta - an sagart</span> <lb n="649"/><span>Gaedhealach - thuigeann an méid sin agus</span> <lb n="650"/><span>déanfaidh sé beart do réir na tuisgeana san.</span></p> <lb n="651"/> <lb n="652"/><p><span>An ceathramhadh rud atá riachtanach eolas</span> <lb n="653"/><span>cruinn doimhinn ceart ar stair na hÉireann.</span> <lb n="654"/><span>Níl mórán de'n stair sin dá múineadh fé</span> <lb n="655"/><span>láthair i scoileannaibh Éireann. Acht caith-</span> <lb n="656"/><span>fear í mhúineadh. Caithfidh an sagart a chur</span> <lb n="657"/><span>d'fhiachaibh ar na múinteoiríbh í mhúineadh.</span> <lb n="658"/><span>Muna mbeidh meas aige féin ar an stair, -</span> <lb n="659"/><span>muna dtuigfidh sé a chumachtaighe atá eolas</span> <lb n="660"/><span>na staire chum deagh-nós nua do chumadh agus</span> <lb n="661"/><span>chum na sean-nós do choiméad gan dul i</span> <lb n="662"/><span>ndío-chuimhne agus i ndearmad, ní chuirfidh</span> <lb n="663"/><span>sé aon tsuim sa sgéal, agus is baoghal</span> <lb n="664"/><span>go dtabharfar faillighe ar fad ann.</span></p> <lb n="665"/> <lb n="666"/><p><span>Ba mhaith an bhail ar aoinne na cheithre neithe</span> <lb n="667"/><span>sin do bheith aige. Acht dá mba rud féin go</span> <lb n="668"/><span>mbeidís agat, níor mhisde dhuit dhá rud</span> <lb n="669"/><span>eile do lorg. 'S iad dá rud iad san ná na</span> <lb n="670"/><span>cheithre neithe sin do chur i bhfeidhm go daingean</span> <lb n="671"/><span>ar an bpobul Ghaodhlach, agus sagairt agus</span> <lb n="672"/><span>mic léighinn bheith ag cur le chéile chuige sin ó</span> <lb n="673"/><span>thúis deireadh na bliadhna. Tá daoine ann</span> <lb n="674"/><span>agus bíodh go dtuigid siad an sgéal go</span> <lb n="675"/><span>h-áluinn, coiméadaid siad chúcha féin é.</span> <lb n="676"/><span>Bíonn na cheithre neithe sin aca, acht ní dheinid</span> <lb n="677"/><span>siad feidhm díobh mar ba cheart. Ní sgaoilid</span> <lb n="678"/><span>siad an t-eolas chum an phobail. In ionad</span> <lb n="679"/><span>an tsolais do scaipeadh, is amhlaidh a chuirid</span> <lb n="680"/><span>siad a gcoinneal fé phic, agus a leogaint</span> <lb n="681"/><span>do'n phobul dul amudha sa ndoircheacht. In</span> <lb n="682"/><span>ionad soisgéil na Gaedhilge do chraobh-</span> <lb n="683"/><span>sgaoileadh, is amhlaidh fhanaid siad na dtost</span> <lb n="684"/><span>agus gan de phort aca acht "Nach mór an</span> <lb n="685"/><span>truagh iad na daoine bochta ná tuigeann</span> <lb n="686"/><span>feabhas na Gaedhilge chum Éire do shaoradh!"</span> <lb n="687"/><span>Acht na daoine bochta sin, cionnus fhéad-</span> <lb n="688"/><span>faidís an sgéal a thuisgint muna n-innstear</span> <lb n="689"/><span>dhóibh é. B'fhéidir go raibh an sagart féin uair</span> <lb n="690"/><span>agus nár thuig sé an sgéal ró-mhaith. Níor</span> <lb n="691"/><span>mhisde dhó an sgéal a mhíniughadh dhóibh. Níl</span> <lb n="692"/><span>uatha acht san, chum daoine ciallmhara agus</span> <lb n="693"/><span>deagh-Ghaedhil do dhéanamh díobh. Seadh,</span> <lb n="694"/><span>caithfear an solas do scaipeadh. Caithfear an</span> <lb n="695"/><span>soisgéal so na Gaedhilge do chraobhsgaoileadh.</span> <lb n="696"/><span>Agus níl aoinne is mó caoi agus cumhacht</span> <lb n="697"/><span>chuige sin ná an sagart. Táim ghá chuimhneamh</span> <lb n="698"/><span>le tamall go bhféadfaí iad do dhlúthughadh</span> <lb n="699"/><span>níos daingne i n-a chéile chuige. Tá Cuallacht</span> <lb n="700"/><span>Chuilm Chille annso sa Choláisde agaibh, agus</span> <lb n="701"/><span>nílim ghá rádh ná go ndeinid siad san obair</span> <lb n="702"/><span>mhaith. Acht níor mhisde an deagh obair sin do</span> <lb n="703"/><span>mhéadughadh agus do bhuanughadh. Nuair</span> <lb n="704"/><span>imthigheann an "Neo-sacerdos" ón gColáisde,</span> <lb n="705"/><span>is minic ná cuireann sé de shuim in obair na</span> <lb n="706"/><span>Cuallachta feasda acht an t-Irisleabhar do</span> <lb n="707"/><span>cheannach agus beagán de a léigheamh. B'fhéidir</span> <lb n="708"/><span>uaireannta, ná deineann sé an méid sin féin.</span> <lb n="709"/><span>Dá mbeadh a shamhail de Chuallacht ins gach</span> <lb n="710"/><span>deoghaiseas i nÉirinn agus a shamhail d'obair</span> <lb n="711"/><span>ar siubhal de ghnáth aca ba mhór an congnamh</span> <lb n="712"/><span>do'n chléir agus do'n phobal é. D'fhéad-</span> <lb n="713"/><span>faidís teacht i láthair a chéile trí no cheithre</span> <lb n="714"/><span>h-uaire i rith na bliadhna, agus pé gnó a bheadh</span> <lb n="715"/><span>riachtanach nó oireamhnach a dhéanamh. Agus</span> <lb n="716"/><span>b'fhéidir annsan go dtiocfadh na Cuallachta</span> <lb n="717"/><span>go léir i bhfochair a chéile annso sa Choláisde</span> <lb n="718"/><span>uair sa bhliadhain, nó gac re mbliadhain, agus</span> <lb n="719"/><span>obair na Gaedhilge do chur i gcomhairle a chéile.</span> <lb n="720"/><span>Tá súil agam go ndéanfar rud éigin</span> <lb n="721"/><span>do'n tsaghas san. Do choiméadfadh sé na</span> <lb n="722"/><span>sagairt óga ag obair ar son na Gaedhilge,</span> <lb n="723"/><span>agus b'fhearrde iad féin é sin, agus</span> <lb n="724"/><span>b'fhearrde ár n-eolas ar an nGaedhilg é.</span> <lb n="725"/><span>Nuair a déanfar é, annsan iseadh bheidh an</span> <lb n="726"/><span>dream dícheallach dáríribh againn, agus</span> <lb n="727"/><span>annsan iseadh cuirfear an lucht úd an</span> <lb n="728"/><span>lag-mhisnigh agus an lucht úd na leisge na</span> <lb n="729"/><span>dtost. Agus ba ghádh san!</span> <lb n="730"/></p> </div> <pb n="55"/> <div><lb n="731"/><p><span>Cath Eachdroma</span></p> <lb n="732"/> <lb n="733"/><p><span>Is iomdha cogadh agus troid mhór a bhí i</span> <lb n="734"/><span>n-Éirinn idir na Gaedhil agus na Sasanaigh</span> <lb n="735"/><span>ó'n am a thug an fealltóir Diarmuid Mac</span> <lb n="736"/><span>Murchadha anall chugainn iad, acht is cosamhail</span> <lb n="737"/><span>nach raibh aon chogadh díobh ní ba fhearamhala,</span> <lb n="738"/><span>misnigheamhla, agus b'fhearr a thaisbeán</span> <lb n="739"/><span>spreacadh agus lúth agus neart na nGaedheal,</span> <lb n="740"/><span>ioná an cogadh mór a bhí ar siubhal i n-Éirinn</span> <lb n="741"/><span>i ndeireadh na seachtmhadh h-aoise déag. Tá</span> <lb n="742"/><span>fhios ag an saoghal gur thug muinntir Shasana</span> <lb n="743"/><span>cuireadh do'n Righ Liam, tigheacht le bheith</span> <lb n="744"/><span>'n-a rí ortha, agus gur dhíbrigheadar a rí</span> <lb n="745"/><span>féin - an Rí Séamus - go mór mhór mar</span> <lb n="746"/><span>gheall ar an ngrádh a bhí aige do'n Chreideamh</span> <lb n="747"/><span>Chaitiliceach. Tá fhios ag cách freisin an chaoi</span> <lb n="748"/><span>nár thaithnigh sin le muinntir na h-Éireann,</span> <lb n="749"/><span>agus gur éirigheadar amach ag troid i n-aghaidh</span> <lb n="750"/><span>Liam agus gur tháinig Séamus chuca annsin</span> <lb n="751"/><span>ó'n bhFrainnc, chum bheith i gceannas na h-oibre.</span> <lb n="752"/><span>Chuir Liam arm mór go h-Éirinn annsin,</span> <lb n="753"/><span>agus bhí cogadh ar siubhal 'sa tír seo go ceann</span> <lb n="754"/><span>i bhfad. Is iomdha cath mór do cuireadh, acht</span> <lb n="755"/><span>bhí an cath do cuireadh i n-Eachdruim Uí</span> <lb n="756"/><span>Cheallaigh 'san mbliadhain 1691 ar na cathann-</span> <lb n="757"/><span>aibh ba mhó díobh sin. Is ar an gcath mór sin</span> <lb n="758"/><span>beidh trácht againn 'san trácht seo.</span></p> <lb n="759"/> <lb n="760"/><p><span>Le linn na h-aimsire sin, 'siad na</span> <lb n="761"/><span>taoiseacha a bhí os cionn na n-Éireannach,</span> <lb n="762"/><span>Franncach dárbh' ainm San Rút agus</span> <lb n="763"/><span>Pádraig Sáirséal. Fear cródha calma a</span> <lb n="764"/><span>bhí i San Rút, agus bhí eólas maith aige ar</span> <lb n="765"/><span>gach uile rud a bhain le cogadh, acht bhí a lochta</span> <lb n="766"/><span>air freisin. Fear mí-thrócaireach uaibhreach,</span> <lb n="767"/><span>a bhí ann, agus bhí meas chomh mór sin aige air</span> <lb n="768"/><span>féin gur shaoil sé nach raibh breith ar aoinne</span> <lb n="769"/><span>air i gclisteacht, i gcéill nó i stuaim. Bhí</span> <lb n="770"/><span>an Sáirséalach 'n-a shaighdúir bhreagh, calma,</span> <lb n="771"/><span>uasal, cliste, agus bhí sé oilte go h-anmhaith</span> <lb n="772"/><span>i gcleasaibh cogaidh na h-aimsire</span> <lb n="773"/><span>deimhin, dar leis an gcuid ba mhó de na</span> <lb n="774"/><span>saighdúiribh, bhí sé i n-a fhear i bhfad níos</span> <lb n="775"/><span>oireamhnaighe chun airm a stiúradh 'ná San</span> <lb n="776"/><span>Rút. Acht thug Séamus ceannas an airm</span> <lb n="777"/><span>ar fad do San Rút, agus mar gheall ar an</span> <lb n="778"/><span>sórt fir a bhí ann, choinnigh seisean an</span> <lb n="779"/><span>Sáirséalach ar gcúl i gceannas an airm.</span> <lb n="780"/><span>B'fhearr go mór fada leis na saighdúiribh</span> <lb n="781"/><span>Gaedhealacha, an Sáirséalach a bheith ós a</span> <lb n="782"/><span>gcionn, acht i n-a dhiaidh sin, throideadar go</span> <lb n="783"/><span>dílis faoi'n bhfear eile. Maidir le Pádraig</span> <lb n="784"/><span>Sáirséal fhéin bhí an oiread san grádha age</span> <lb n="785"/><span>do'n chúis, agus an oiread san céille 'n-a</span> <lb n="786"/><span>cheann, nár mhian leis troid nó easaontas</span> <lb n="787"/><span>a chur ar siubhal ameasg na saighdúir agus</span> <lb n="788"/><span>gábhadh le na gcumhacht ar fad leis an námhaid</span> <lb n="789"/><span>a ruaigeadh as an tír.</span></p> <lb n="790"/> <lb n="791"/><p><span>Tá fhios ag gach aon gur chaill San Rút</span> <lb n="792"/><span>Béal Átha Luain nuair nach ndéanfadh sé</span> <lb n="793"/><span>comhairle an tSáirséalaigh - bhí sé chomh</span> <lb n="794"/><span>huaibhreach sin i gcomhnuidhe. Acht pé scéal é,</span> <lb n="795"/><span>taréis an chatha sin, chuaidh sé fhéin agus a</span> <lb n="796"/><span>arm ar gcúl go Béal Átha na Sluagh ar</span> <lb n="797"/><span>chaoi go mbéidis roimh na Gallaibh ar an tslighe</span> <lb n="798"/><span>go Gaillimh dóibh. Bhí fonn ortha fanacht leis na</span> <lb n="799"/><span>Sasanaighibh annseo, acht tháinig San Rút</span> <lb n="800"/><span>ar ath-chomhairle agus chuaidh sé trí mhíle ní</span> <lb n="801"/><span>ba shia fós go ráinig sé Cnoc Cille Camadain,</span> <lb n="802"/><span>i n-aice le baile beag Eachdroma. Chuir na</span> <lb n="803"/><span>h-Éireannaigh fútha annseo, agus bhíodar</span> <lb n="804"/><span>le fanacht ann go dtigeadh Sincil (b'in é</span> <lb n="805"/><span>ceannphort na nGall) agus a arm féin, ó</span> <lb n="806"/><span>Bhéal Átha Luain.</span></p> <lb n="807"/> <lb n="808"/><p><span>Bhí na h-Éireannaigh anois ar bholg chnuic</span> <lb n="809"/><span>Cille Camadain ar an taobh thoir, agus tá</span> <lb n="810"/><span>fhios ag an saoghal gur bhreagh daingean an</span> <lb n="811"/><span>áit a bhí aca annsin. Tá an cnoc seo</span> <lb n="812"/><span>tímcheall trí chéad troigh ar aoirde agus dhá</span> <lb n="813"/><span>mhíle beagnach ann ó'n taobh theas go dtí an</span></p> </div> <pb n="56"/> <div><lb n="814"/><p><span>taobh thuaidh. Mar adubhramar, bhí na</span> <lb n="815"/><span>h-Éireannaigh agus a n-aghaidh leis an taobh</span> <lb n="816"/><span>thoir, ag fanacht leis na Gallaibh. Bhí bogach</span> <lb n="817"/><span>mór agus sruthán beag ag rith tré n-a lár,</span> <lb n="818"/><span>ag bun an chnuic agus bheadh ar na Sasanaighibh</span> <lb n="819"/><span>dul treasna na h-áite sin sul dá mbféidir</span> <lb n="820"/><span>leó teacht ar an gcnoc. Áit an-bhog a bhí</span> <lb n="821"/><span>ann, agus níor bhféidir le marcaigh dul</span> <lb n="822"/><span>treasna i n-aon chor. Ní raibh acht dhá bhealach</span> <lb n="823"/><span>ag dul treasna an bhogaigh, ceann aca ar an</span> <lb n="824"/><span>taobh theas ag Urach Ríogh agus an ceann eile</span> <lb n="825"/><span>ar an taobh thuaidh, 'san áit a raibh caisleán</span> <lb n="826"/><span>Eachdroma. Bhí saighdúirí curtha ag San Rút</span> <lb n="827"/><span>ag coiméad an dá áit seo. Bhí go leór sceach,</span> <lb n="828"/><span>freisin, ag fás ar an taobh de'n chnoc ar a</span> <lb n="829"/><span>raibh na h-Éireannaigh, agus nuair a bhí</span> <lb n="830"/><span>saighdúirí i bhfoscadh annsin aca, féadfaí</span> <lb n="831"/><span>a rádh go mba dheacair do na Sasanaigh teacht</span> <lb n="832"/><span>i n-aice leó.</span></p> <lb n="833"/> <lb n="834"/><p><span>Bhí gach uile rud ríartha go breagh i gcóir</span> <lb n="835"/><span>ag San Rút, agus thaisbeán an áit oireamhnach</span> <lb n="836"/><span>a thogh sé agus an chaoi a raibh gach rud i gceart</span> <lb n="837"/><span>aige, gurbh' fhear glic, cliste a bhí ann. Bhí</span> <lb n="838"/><span>rún daingean aige a thaisbeánt do'n tsaoghal</span> <lb n="839"/><span>mhór céard a bhí sé fhéin i n-ann a dhéanamh,</span> <lb n="840"/><span>agus bhí faoi sásamh ceart a bhaint as na</span> <lb n="841"/><span>Sasanaighibh mar gheall ar bhriseadh Bhéil-</span> <lb n="842"/><span>Átha-Luain.</span></p> <lb n="843"/> <lb n="844"/><p><span>Acht do rinne sé dearmad mór an lá sin.</span> <lb n="845"/><span>Níor innis sé d'aoinneach beó cérbh' iad na</span> <lb n="846"/><span>cleasa a bhí faoi d'imirt an lá sin. Bhí sé</span> <lb n="847"/><span>ró-phostamhail arís agus ró-dheimhnighthe ar</span> <lb n="848"/><span>bhuaidh d'fhagháil gan chomhairle a ghlacadh ó</span> <lb n="849"/><span>aon taoiseach eile 'san arm. Acht bhí rud eile</span> <lb n="850"/><span>ann. T'réis catha Bhéil-Átha-Luain bhí</span> <lb n="851"/><span>díospóireacht éigin idir é féin agus Sáirséal</span> <lb n="852"/><span>agus dubhairt an Franncach i n-a aigne</span> <lb n="853"/><span>go mbainfeadh sé an t-eitealladh den taoiseach</span> <lb n="854"/><span>eile, dá chlisteacht é. B'é críoch an sgéil,</span> <lb n="855"/><span>nár innis sé pioc do'n Sáirséalach faoi'n</span> <lb n="856"/><span>slighe a bhí faoi a leanamhaint san gcath an</span> <lb n="857"/><span>lá sin, acht thug ordughadh dhó dhul go dtí</span> <lb n="858"/><span>áit iargcúlach d'fhaithche na troda, agus fanacht</span> <lb n="859"/><span>ann go dtiubhrfaí orduighthe eile dhó.</span></p> <lb n="860"/> <lb n="861"/><p><span>An fhaid a bhí na h-Éireannaigh mar seo</span> <lb n="862"/><span>'ghá n-ullmhughadh féin, bhí na Gaill ag teacht</span> <lb n="863"/><span>fá dhéin Eachdroma go dían, dícheallach.</span> <lb n="864"/><span>Tháinig an dream díobh a bhí i dtosach i n-aice</span></p> </div> <pb n="57"/> <div><lb n="865"/><p><span>na nGaedheal an t-aonmhadh lá déag d'Iúl,</span> <lb n="866"/><span>agus an lá'n-a dhiaidh sin, an dómhadh lá déag</span> <lb n="867"/><span>d'Iúl, 1691, bhí na Gaill ar fad os comhair</span> <lb n="868"/><span>an airm Ghaedhealaigh ar an taobh thoir do'n</span> <lb n="869"/><span>bhogach a rabhamar ag trácht air cheana. Bhí</span> <lb n="870"/><span>tímcheall cúig mhíle déag saighdúir ag na</span> <lb n="871"/><span>h-Éireannaigh, agus bhí ós cionn fiche míle</span> <lb n="872"/><span>ag na Gallaibh. Éireannaigh ar fad a bhí ag</span> <lb n="873"/><span>San Rút, mar níor thug sé saighdúirí ó'n</span> <lb n="874"/><span>bhFrainnc leis nuair a bhí sé ag teacht anall,</span> <lb n="875"/><span>acht 'san arm Gallda do bhí ag Sincil, bhí</span> <lb n="876"/><span>Sasanaigh agus Albanaigh agus Éireannaigh</span> <lb n="877"/><span>agus Franncaigh agus Lochlannaig, meascaithe</span> <lb n="878"/><span>le chéile ann. Maidir le h-armáil, bhí go</span> <lb n="879"/><span>leór gunnaí móra agus úirlísí catha ag na</span> <lb n="880"/><span>Gallaibh, acht ní raibh acht naoi gcinn de</span> <lb n="881"/><span>ghunnaibh móra ag na h-Éireannaigh.</span></p> <lb n="882"/> <lb n="883"/><p><span>Chomh luath agus bhí a chuid fear i gcóir ag</span> <lb n="884"/><span>Sincil, thug sé órdughadh na h-Éireannaigh</span> <lb n="885"/><span>d'ionnsaighe. Rinne sé iarracht i dtosach ar</span> <lb n="886"/><span>ghabháil treasna an chasáin a bhí ag Urach Rí</span> <lb n="887"/><span>ar a láimh chlé. Chuir sé roinnt marcach chun</span> <lb n="888"/><span>seilbh na h-áite seo do bhaint de na h-Éireann-</span> <lb n="889"/><span>aigh, agus 'san am chéadna, thosaigh sé ag</span> <lb n="890"/><span>caitheamh piléir isteach i lár an airm Ghaodhlaigh</span> <lb n="891"/><span>leis na gunnaibh móra. Maidir leis an</span> <lb n="892"/><span>dream a cuireadh go dtí Urach Rí, rinneadar</span> <lb n="893"/><span>troid mhaith go leór, acht mar deireann</span> <lb n="894"/><span>staraidhe eicínt "ba ghairid siar ar na</span> <lb n="895"/><span>Gaedhil iad," agus taréis an chuid ba mhó</span> <lb n="896"/><span>aca a mharbhadh, leanadar ortha ag treasgairt</span> <lb n="897"/><span>agus ag ruaigeadh na nGall, go raibh ar an</span> <lb n="898"/><span>méid a fágadh slán, rith le n-a n-anam ó</span> <lb n="899"/><span>na saighdúiribh Gaodhlacha.</span></p> <lb n="900"/> <lb n="901"/><p><span>Nuair a chonnaic Sincil é seo, chruinnigh sé</span> <lb n="902"/><span>i n-a thimcheall a chuid taoiseacha, agus</span> <lb n="903"/><span>ghlacadar comhairle. Bhí cuid aca i bhfábhar</span> <lb n="904"/><span>cur suas do'n gcath go dtí an lá ar na</span> <lb n="905"/><span>bháireach, acht 'sa dheireadh, shocruigheadar le</span> <lb n="906"/><span>chéile an cath a bhualadh an tráthnóna sin gan</span> <lb n="907"/><span>mhoill.</span></p> <lb n="908"/> <lb n="909"/><p><span>Bhí go maith 's ní raibh go h-olc. Ag a chúig</span> <lb n="910"/><span>a chlog 'sa tráthnóna, chuir sé buidhean eile</span> <lb n="911"/><span>marcach arís go h-Urach Rí. Bhí troid mhór</span> <lb n="912"/><span>idir iad-san agus saighdúiribh na h-Éireann</span> <lb n="913"/><span>go ceann uair go leith, acht má bhí féin, sheas</span> <lb n="914"/><span>na h-Éireannaigh go tréan láidir agus</span> <lb n="915"/><span>tharraingeadar ar an námhaid go feargach</span> <lb n="916"/><span>fuinneamhail, faobhrach, cé go raibh beirt</span> <lb n="917"/><span>Ghall i n-aghaidh gach fir aca féin.</span></p> <lb n="918"/> <lb n="919"/><p><span>Nuair chonnaic ceannphort na nGall nach</span> <lb n="920"/><span>raibh ag éirghe go maith leis annseo, chuir sé</span> <lb n="921"/><span>fir ag féachaint cé'n doimhneacht bhí ins an</span> <lb n="922"/><span>mbogach, agus nuair fuair sé sin amach, thug</span> <lb n="923"/><span>sé ordughadh do chuid d'á shaighdúiribh imtheacht</span> <lb n="924"/><span>treasna, agus na h-Éireannaigh d'ionnsuighe</span> <lb n="925"/><span>ar an taobh thall. Mar sin, chuaidh sluagh mór</span> <lb n="926"/><span>saighdúirí cóirighthe treasna, go dtí gur</span> <lb n="927"/><span>shroicheadar bun an chnuic, an áit a raibh na</span> <lb n="928"/><span>h-Éireannaigh ag feitheamh chun catha a thabhairt</span> <lb n="929"/><span>dóibh. Annsin thosuigh an troid dá ríribh.</span> <lb n="930"/><span>Níorbh throid go dtí é. D'ionnsaigh na fir a chéile</span> <lb n="931"/><span>go síochmhar, feargach, agus bhí saighdúirí ar gach</span> <lb n="932"/><span>taobh ag tuitim go tiugh. Anois agus arís</span> <lb n="933"/><span>théigheadh na Gaedhil ar ais beagáinín suas an</span> <lb n="934"/><span>cnoc agus d'fhanaidís tamall taobh thiar de</span> <lb n="935"/><span>cheann de na fálaibh sceach a rabhamar ag trácht</span> <lb n="936"/><span>ortha cheana. Leanadh na Gaill iad annsin agus</span> <lb n="937"/><span>iad cinnte gur aca fhéin do bhí an lá agus go</span> <lb n="938"/><span>raibh na h-Éireannaigh ag teicheadh uatha. Acht</span> <lb n="939"/><span>ní airighdís go bpreabadh na Gaedhil amach</span> <lb n="940"/><span>ortha 'ghá dtreasgairt 's 'ghá dtuargaint,</span> <lb n="941"/><span>agus i n-a dhiaidh sin, ag rith ar ais suas an</span> <lb n="942"/><span>cnoc go dtí an chéad fhál. Lean na</span> <lb n="943"/><span>h-Éireannaigh ar an gcleas seo, go dtí go</span> <lb n="944"/><span>raibh an chuid ba mhó de'n arm Gallda thuas</span> <lb n="945"/><span>ar thaobh an chnuic aca.</span></p> <lb n="946"/> <lb n="947"/><p><span>Bhí sosadh beag go ceann tamaill annsin,</span> <lb n="948"/><span>agus bhí na Gaill ag á cheapadh go raibh na</span> <lb n="949"/><span>h-Éireannaigh tuirseach traochta. Acht ní</span> <lb n="950"/><span>mar síltear bítear. Cloiseadh liúgh mhór</span> <lb n="951"/><span>thuas ar an gcnoc, agus b'é an chéad rud</span> <lb n="952"/><span>eile chonnaic saighdúirí Líam, 'ná marcshluagh</span> <lb n="953"/><span>mór Gaodhlach ag déanamh ortha go tréan anuas</span> <lb n="954"/><span>an cnoc. Sheasuigheadar tamall beag, acht</span> <lb n="955"/><span>ba ghearr gur ionntuigheadar ar ais. Síos</span> <lb n="956"/><span>leó ar a lán ndícheall agus iad ag baint na</span> <lb n="957"/><span>sál d'á chéile ag rith le n-a n-anam ó na</span> <lb n="958"/><span>h-Éireannachaibh. Lean an marcshluagh</span> <lb n="959"/><span>Gaodhlach iad, agus bhíodar 'ghá marbhadh go</span> <lb n="960"/><span>dtí nár fhágadar fear acu beó ar a dtaobh</span> <lb n="961"/><span>féin de'n bhogach. Bhí San Rút cinnte ar an</span> <lb n="962"/><span>mbuaidh d'fhagháil nuair a chonnaic sé na</span> <lb n="963"/><span>Gaill ag teicheadh roimh an marcshluagh, agus</span> <lb n="964"/><span>ba bheag an t-iongantas gur scread sé amach</span> <lb n="965"/><span>le luthgháir a chroidhe - "Tá an lá linn a</span> <lb n="966"/><span>bhuachaillí, tá an lá linn."</span></p> <lb n="967"/> <lb n="968"/><p><span>Bhí Sincil anois i gcruadhchás. Chonnaic</span> <lb n="969"/><span>sé go gcaithfeadh sé rud eicínt a dhéanamh</span> <lb n="970"/><span>mar níor mhaith leis an cath do dhul air go</span> <lb n="971"/><span>hiomlán. Chuimhnigh sé ar chleas d'imirt.</span> <lb n="972"/><span>Bhí arm mór aige i gcomhnuidhe agus d'orduigh</span> <lb n="973"/><span>sé sluagh mór acu dul ar an taobh theas</span> <lb n="974"/><span>arís fá dhéin Urach Rí. Nuair a chonnaic</span></p> </div> <pb n="58"/> <div><lb n="975"/><p><span>San Rút seo, thóg sé sluagh mór de na</span> <lb n="976"/><span>fearaibh a bfhearr a bhí aige féin ar a láimh</span> <lb n="977"/><span>chlé (sé sin ar taobh Chaisleáin Eachdroma)</span> <lb n="978"/><span>agus d'orduigh dhóibh imtheacht go dtí an áit</span> <lb n="979"/><span>araibh an sluagh mór Gallda ag deunamh air.</span></p> <lb n="980"/> <lb n="981"/><p><span>Acht sin é an méid a bhí ag teastáil</span> <lb n="982"/><span>ó Sincil. Nuair a chonnaic sé saighdúirí San</span> <lb n="983"/><span>Rút ag fágáil na h-áite i n-aice leis an</span> <lb n="984"/><span>gcaisleán, chuir sé marc-shluag mór ar a</span> <lb n="985"/><span>lán-dícheall go dtí an áit sin. Maidir leis</span> <lb n="986"/><span>an dream a chuir Sincil go dtí an taobh theas</span> <lb n="987"/><span>de'n chnoc, níor throideadar i n-aon chor.</span> <lb n="988"/><span>Ní raibh uatha acht na h-Éireannaigh a chongbháil</span> <lb n="989"/><span>ó'n taobh eile (ó Chaisleán Eachdroma).</span> <lb n="990"/><span>Chonnaic San Rút an cleas seo anois, acht</span> <lb n="991"/><span>faoil sé go raibh an mhuinntir a bhí aige i n-aice</span> <lb n="992"/><span>an chaisleáin láidir go leór dóibh iad féin.</span></p> <lb n="993"/> <lb n="994"/><p><span>Acht is annsin a dhein sé an dearmad.</span> <lb n="995"/><span>Maidir leis na saighdúirí a bhí ag congbháil</span> <lb n="996"/><span>an chaisleáin, níor bhféidir leó mórán a</span> <lb n="997"/><span>dhéanamh. Na piléir a bhí acu le cur isteach</span> <lb n="998"/><span>ins na gunnaibh, ní rabhadar oireamhnach i</span> <lb n="999"/><span>n-aon chor, bhíodar ro-mhór do ghunnaibh bheaga</span> <lb n="1000"/><span>mar bhí acu. Thosaigh siad annsin ag gearradh</span> <lb n="1001"/><span>na gcnaipí ó n-a gculaidhthibh catha, agus 'ghá</span> <lb n="1002"/><span>gcaitheamh leis an námhaid. Throideadar go</span> <lb n="1003"/><span>fearamhail, acht bhí an iomarca fear 'n-a</span> <lb n="1004"/><span>n-aghaidh, agus sa dheireadh, chuaidh cuid de na</span> <lb n="1005"/><span>Gallaibh treasna an chasáin ortha. 'San am</span> <lb n="1006"/><span>chéadna, fuair buidhean eile do na Gallaibh</span> <lb n="1007"/><span>deis ar dhul treasna i lár an bhogaigh arís,</span> <lb n="1008"/><span>agus thosuigheadar ag ionnsaighe na</span> <lb n="1009"/><span>n-Éireannach go dían freisin.</span></p> <lb n="1010"/> <lb n="1011"/><p><span>Chonnaic San Rút go raibh na Gaill ag</span> <lb n="1012"/><span>éirghe dána arís. Thug sé fá ndeara go</span> <lb n="1013"/><span>raibh rud éigin fútha, agus dubhairt sé leis</span> <lb n="1014"/><span>féin nach stadfadh sé go múinfeadh sé ceacht</span> <lb n="1015"/><span>deiridh an lae sin dóibh, ceacht ar a gcuimh-</span> <lb n="1016"/><span>eóchaidís an dá lá 's an fhaid a mhairfidís.</span> <lb n="1017"/><span>Chuaidh sé agus ghléas sé é féin i n-arm 's</span> <lb n="1018"/><span>i n-éide catha. D'órduigh sé chuige, marcshluagh</span> <lb n="1019"/><span>mór d'á shaighdúiribh calma, agus chuir sé é</span> <lb n="1020"/><span>fhéin mar cheann ortha. Seo anuas an cnoc</span> <lb n="1021"/><span>íad ar a lán sodar, ag déanamh go</span> <lb n="1022"/><span>millteach misnigheamhail ar na Gallaibh, agus</span> <lb n="1023"/><span>San Rút féin ag sgreadghail go h-árd, agus</span> <lb n="1024"/><span>ag cuir misnigh i gcroidhtibh na bhfear. "Tá</span> <lb n="1025"/><span>siad buailte againn, a fheara; tiomáinimís</span> <lb n="1026"/><span>anois go geataibh Átha Cliath iad." Thug na</span> <lb n="1027"/><span>h-Éireannaigh aon liúgh mór millteach, agus</span> <lb n="1028"/><span>phreabadar amach i n-aghaidh na námhad.</span></p> <lb n="1029"/> <lb n="1030"/><p><span>Acht éist, cad é sin. I gceann cúpla</span> <lb n="1031"/><span>nóiméid eile cloiseadh liúgh árd brónach</span> <lb n="1032"/><span>ó n-a saighdúiribh chéadna. Cad tá tuitighthe</span> <lb n="1033"/><span>amach chomh h-obann sin? Céard do thárla,</span> <lb n="1034"/><span>chor ar bith? Ó! Fairíor géar! mo bhrón</span> <lb n="1035"/><span>is mo mhíle chrádh! Tá San Rút marbh! An</span> <lb n="1036"/><span>laoch lán-chalma, a chuir an oiread misnigh sin i</span> <lb n="1037"/><span>gcroidhtibh na saighdúir, tá sé fhéin fuar</span> <lb n="1038"/><span>marbh, gan bhrígh ná neart anois. Ní raibh ó</span> <lb n="1039"/><span>na h-Éireannaigh acht féachaint ar an gcapall</span> <lb n="1040"/><span>bhreagh a bhí aige, agus d'innsigheadh an scéal</span> <lb n="1041"/><span>brónach dóibh. Annsin, mo chreach, ar mhuin an</span> <lb n="1042"/><span>chapaill, bhí an cholann bhocht gan cor aisti.</span> <lb n="1043"/><span>Saighdúir cliste eicínt a bhí ar an taobh eile,</span> <lb n="1044"/><span>agus súil aige ar San Rút, a chonnaic é,</span> <lb n="1045"/><span>agus a chuir piléar tré 'n-a chroidhe. Mo</span> <lb n="1046"/><span>bhrón! a Ghaedheala is olc an scéal agaibh é.</span> <lb n="1047"/><span>Agus maidir libh-se, a mhuinntir Liaim, is</span> <lb n="1048"/><span>é lár bhur leasa é, cath-mhíleadh calma na</span> <lb n="1049"/><span>n-Éireannach a bheith ar lár.</span></p> <lb n="1050"/> <lb n="1051"/><p><span>Maidir leis an arm Gaedhealach, céard a</span> <lb n="1052"/><span>bfhéidir leó a dhéanamh agus a gceannphurt</span> <lb n="1053"/><span>dílis dúthractach marbh ortha. Tá fhios againn</span> <lb n="1054"/><span>gur chuir San Rút ar dtús an Sáirséalach -</span> <lb n="1055"/><span>an t-aon fhear amháin a bhí i n-ann sa cheart</span> <lb n="1056"/><span>bheith mar thaoiseach ar na h-Éireannachaibh -</span> <lb n="1057"/><span>go dtí áit íargcúlach, mar bhí sé cinnte ar an</span> <lb n="1058"/><span>bhuaidh fhagháil agus ba mhaith leis an buidheachas</span> <lb n="1059"/><span>ar fad a bheith aige fhéin. Ba ghearr gur</span> <lb n="1060"/><span>thug na Gaill fá ndeara gur thárla rud eicínt</span> <lb n="1061"/><span>mí-adhmharach dos na hÉireannachaibh. Do</span> <lb n="1062"/><span>stadadar de'n rith, d'fhéachadar síar, agus</span> <lb n="1063"/><span>d'iompuigh arís ar na Gaedhealaibh.</span></p> <lb n="1064"/> <lb n="1065"/><p><span>Thosuigh an troid go fíochmhar arís. Troid</span> <lb n="1066"/><span>na h-Éireannaigh go tréan go ceann i bhfad,</span> <lb n="1067"/><span>mar ní raibh fhios aca go léir go raibh San Rút</span> <lb n="1068"/><span>ar lár. Acht nuair a fuaireadar uile amach é,</span> <lb n="1069"/><span>ní raibh le déanamh acu acht cur suas de'n chath</span> <lb n="1070"/><span>an lá sin. Lean na Gaill iad, agus</span> <lb n="1071"/><span>marbhuigheadh sluagh mór de na saighdúiríbh</span> <lb n="1072"/><span>cóirighthe ag rith isteach i móin a bhí i ngar dóibh.</span> <lb n="1073"/><span>Maidir leis an Sáirséalach, ní chualaidh sé go</span> <lb n="1074"/><span>ceann tamaill mhaith go raibh San Rút marbh,</span> <lb n="1075"/><span>agus an chaoi 'n-a raibh na Gaill ag fagháil</span> <lb n="1076"/><span>an lámh uachtair ortha. Nuair fuair sé sin</span> <lb n="1077"/><span>amach, níorbh 'fhéidir leis acht cuid de'n arm do</span> <lb n="1078"/><span>chosaint. Chuaidh sé fhéin agus na buidhne</span> <lb n="1079"/><span>cath-mharcach a bhí fágtha aige, ar n-ais ar an</span> <lb n="1080"/><span>mbóthar mhór go Baile Locha Riabhach.</span></p> <lb n="1081"/> <lb n="1082"/><p><span>B'shin é mar cuireadh críoch le cath</span> <lb n="1083"/><span>Eachdroma Uí Cheallaigh. Deirtear gur</span> <lb n="1084"/><span>marbhuigheadh trí mhíle de na Gallaibh ann, agus</span> <lb n="1085"/><span>gur chaill na h-Éireannaigh os cionn ceithre</span></p> </div> <pb n="59"/> <div><lb n="1086"/><p><span>mhíle d'á muinntir féin, acht marbhuigheadh an</span> <lb n="1087"/><span>chuid is mó díobh seo i ndeireadh an chatha</span> <lb n="1088"/><span>nuair bhíodar ag teicheadh. Rinneadh</span> <lb n="1089"/><span>príosúnaigh, freisin, do thímcheall leath mhíle</span> <lb n="1090"/><span>fear. Go deimhin, b'fhíor do'n tsean bhárd</span> <lb n="1091"/><span>a dúbhairt, agus é ag cur síos ar an méid</span> <lb n="1092"/><span>a marbhuigheadh de na h-Éireannachaibh i</span> <lb n="1093"/><span>n-Eachdruim Uí Cheallaigh, 'sa mbiadhain 1691:</span></p> <lb n="1094"/> <lb n="1095"/><p><span>"Tá leasughadh ag Ó Ceallaigh nach gainimh 'ná</span> <lb n="1096"/><span>aoileach,</span> <lb n="1097"/><span>Acht saighdúirí thapaidhe, déanamh gaisce le</span> <lb n="1098"/><span>píce,</span> <lb n="1099"/><span>Do fágadh iad i n-Eachdruim, i na sraithean-</span> <lb n="1100"/><span>naibh suidhte,</span> <lb n="1101"/><span>Mar bheadh feóil chapaill ag madraibh d'á</span> <lb n="1102"/><span>réabadh."</span></p> <lb n="1103"/> <lb n="1104"/><p><span>Tá scéal ag na seandaoinibh fós faoi dhá</span> <lb n="1105"/><span>bhuidhean de na saighdúiribh Gaedhealacha a</span> <lb n="1106"/><span>sheas ag fanacht leis na Gallaibh i gcaitheamh</span> <lb n="1107"/><span>na h-oidhche sin. Bhíodar seo ró-uasal, is</span> <lb n="1108"/><span>dócha, le teicheadh ó Ghallaibh. Fríth ann ar</span> <lb n="1109"/><span>mhaidin iad, agus ní gádh a rádh, gur mhairbh</span> <lb n="1110"/><span>na Gaill gach mac máthar dóibh. Ní raibh</span> <lb n="1111"/><span>mórán trócaire le fagháil uatha, acht níor</span> <lb n="1112"/><span>iarr na laochraidhe lán-chalma seo aon</span> <lb n="1113"/><span>trócaire orra. 'Sé an t-ainm atá ar an áit</span> <lb n="1114"/><span>anois, mar gheall ar an ár a rinneadh ann,</span> <lb n="1115"/><span>ná Gleann na Fola. Tá scéal eile ag na</span> <lb n="1116"/><span>daoinibh timcheall na h-áite, faoi choin a bhí</span> <lb n="1117"/><span>ag saighdúir Gaodhlach a marbhuigheadh 'sa gcath.</span> <lb n="1118"/><span>Bhíodh an chú seo amuigh ar faithche an chogaidh</span> <lb n="1119"/><span>de ló is d'oidhche ag déanamh faire do cholainn</span> <lb n="1120"/><span>a mháighistir. Cé go n-íosfadh sé na colna</span> <lb n="1121"/><span>eile i n-éinfheacht leis na madraibh eile bhíodh</span> <lb n="1122"/><span>'n-a sluaightibh san áit sin tréis an chatha,</span> <lb n="1123"/><span>ní leigfeadh sé do mhadadh ar bith acu, bac</span> <lb n="1124"/><span>le colainn a mháighistir. D'fhan sé annsin i</span> <lb n="1125"/><span>gcomhnuidhe, nuair bhí na madaidhe eile</span> <lb n="1126"/><span>imthighthe, agus théigheadh sé ag iarraidh bídh</span> <lb n="1127"/><span>dhó féin anois agus arís. Bhí sé mar seo</span> <lb n="1128"/><span>go ceann leath-bhliadna, ag coiméad cnámha</span> <lb n="1129"/><span>a mháighistir slán. Aon lá amháin tháinic</span> <lb n="1130"/><span>saighdúir Gallda i n-aice na h-áite sin.</span> <lb n="1131"/><span>Phreab an madadh amach air ar an bpoinnte,</span> <lb n="1132"/><span>acht má dhein, tharraing mo bhuachaill a ghunna,</span> <lb n="1133"/><span>agus chuir piléar tré chroidhe an mhadaidh</span> <lb n="1134"/><span>bhoicht dhílis.</span></p> <lb n="1135"/> <lb n="1136"/><p><span>Tá cath Eachdroma thart. Tá na cogaidh</span> <lb n="1137"/><span>ar fad thart. Tá síothcháin againn anois.</span> <lb n="1138"/><span>Acht má tá fhéin, ní'l na Gaill imthighthe uainn</span> <lb n="1139"/><span>fós, faríor, agus nuair atá an scéal amhlaidh,</span> <lb n="1140"/><span>ní féidir a rádh go bhfuil an troid thart, cé</span> <lb n="1141"/><span>go bhfuil cosamhlacht mhaith ag teacht ar ár</span> <lb n="1142"/><span>dtír arís. Pé ar bith é, cuirimís paidir</span> <lb n="1143"/><span>ó n-ar gcroidhe indiu, le h-anamnaibh na</span> <lb n="1144"/><span>bhfear dtréan, láidir, fearamhail, misnigh-</span> <lb n="1145"/><span>eamhail cródha, a throid chomh dílis dúthrachtach</span> <lb n="1146"/><span>sin ar son a bhfóidín dhúthchais, agus a</span> <lb n="1147"/><span>gcreidimh naomhtha, agus a dhoirt a gcuid fola</span> <lb n="1148"/><span>ar a son. Agus bíodh rún daingean againn</span> <lb n="1149"/><span>féin, dá mba rud é go dtigeadh a leithéid</span> <lb n="1150"/><span>sin de ocáid orainn-ne i n-ár saoghal féin,</span> <lb n="1151"/><span>go mbeidhmís réidh riartha, freisin, mar bhí</span> <lb n="1152"/><span>ár sinnsir romhainn, troid a dhéanamh 'chuile</span> <lb n="1153"/><span>rud chomh dían dúthrachtach leó, go dtí go</span> <lb n="1154"/><span>mbeadh an chraobh agus an choróin arís ag ár</span> <lb n="1155"/><span>mbainríoghan uasal, Caitlín Ní hUallacháin.</span> <lb n="1156"/><span>Cuimhnighmís go</span></p> <lb n="1157"/> <lb n="1158"/><p><span>"gCaithfidh an neart do'n cheart do stríocadh</span> <lb n="1159"/><span>Is caithfidh an ceart 'n-a cheart bheith suidhte."</span></p> <lb n="1160"/> <lb n="1161"/><p><span>M. S. Ó F.</span> <lb n="1162"/></p> </div> <pb n="85"/> <div><lb n="1163"/><p><span>Trí sgéalta</span></p> <lb n="1164"/> <lb n="1165"/><p><span>I. - Clainn Aindriú</span></p> <lb n="1166"/> <lb n="1167"/><p><span>Bhí dá'r dhéag dearbhráthair de chlainn Aindriú</span> <lb n="1168"/><span>ins na Baic. Bhí 'chuile fhear aca pósta agus</span> <lb n="1169"/><span>dhá theach déag aca. D'éirigh fear aca ar</span> <lb n="1170"/><span>maidin agus sheas sé suas ó'n teach. Bhí 'chuile</span> <lb n="1171"/><span>theach aca ag cur síos teine. Chómhair sé na</span> <lb n="1172"/><span>toiteacha, ní bhfuair sé acht an aon toit déag.</span> <lb n="1173"/><span>Bhí sé dearbhráthair gearr. Chómhair arís</span> <lb n="1174"/><span>iad, ní raibh aige acht an aon cheann déag.</span> <lb n="1175"/><span>"Well," ar seisean, "caithfidh mé dul go</span> <lb n="1176"/><span>Seaghán críona." D'innis sé an sgéal go</span> <lb n="1177"/><span>Seaghán. Tháinig Seaghán agus chómhair</span> <lb n="1178"/><span>sé iad agus fuair sé an dá cheann déag.</span> <lb n="1179"/><span>Ní raibh an fear eile ag cómhaireadh a thighe</span> <lb n="1180"/><span>fhéin ar chor ar bith.</span></p> <lb n="1181"/> <lb n="1182"/><p><span>Bhí fear aca annsin ag dearcadh ar pháirc</span> <lb n="1183"/><span>coirce a bhí aca. Bhí fear dho na comharsana</span> <lb n="1184"/><span>ag dul thart. "Tá rud eicínt," ar seisean,</span> <lb n="1185"/><span>"ag milleadh mo pháirce coirce." "Caithfidh</span> <lb n="1186"/><span>sé gur ab é na rónta atá dá mhilleadh,"</span> <lb n="1187"/><span>ar san fear eile, acht cé a bhí dá mhilleadh</span> <lb n="1188"/><span>acht bó an fhir seo, bó mhaol. "Caithfidh mé</span> <lb n="1189"/><span>dul go Seaghán críona," ar seisean, "agus</span> <lb n="1190"/><span>innsint dó go bhfuil na rónta ag milleadh</span> <lb n="1191"/><span>mo choirce."</span></p> <lb n="1192"/> <lb n="1193"/><p><span>Chuaidh sé a bhaile agus d'innis sé go</span> <lb n="1194"/><span>Seaghán críona go raibh an coirce dá mhilleadh</span> <lb n="1195"/><span>ag na róntaibh. "Caithfidh sinn cruinniughadh</span> <lb n="1196"/><span>agus faire anocht," arsa Seaghán. Nuair</span> <lb n="1197"/><span>a tháinig an tráthnóna, fuair sé an luithne,</span> <lb n="1198"/><span>fear eile an crochadh, fear eile an tlú, fear</span> <lb n="1199"/><span>eile an lúb, fear eile seanspeal. Bhí</span> <lb n="1200"/><span>siad ag cruinniughadh go raibh arm ag 'chuile</span> <lb n="1201"/><span>fhear aca. Ghabh siad thart an pháirc coirce.</span> <lb n="1202"/><span>Ní raibh fear aca i bhfad imthighthe nuair a</span> <lb n="1203"/><span>d'fhiafruigh sé dho Sheaghán críona ar raibh</span> <lb n="1204"/><span>iarbaillidhe ar na róntaibh.</span></p> <lb n="1205"/> <lb n="1206"/><p><span>"Tá," arsa Seaghán.</span></p> <lb n="1207"/> <lb n="1208"/><p><span>"Á! tá sé annseo agam," ar seisean.</span></p> <lb n="1209"/> <lb n="1210"/><p><span>Chruinnigh siad thart ar an rón, bhuail siad</span> <lb n="1211"/><span>agus mharbh siad é. Céard a bhí marbh aca acht</span> <lb n="1212"/><span>bó an chomharsan.</span></p> <lb n="1213"/> <lb n="1214"/><p><span>Casadh triúr dho na mnáibh i gcuideachta,</span> <lb n="1215"/><span>chuir siad geall cé aca a b'fearr a dhéanfadh</span> <lb n="1216"/><span>amadán dá fear féin. Thoisigh bean aca an</span> <lb n="1217"/><span>obair.</span></p> <lb n="1218"/> <lb n="1219"/><p><span>"A Pháidín," ar sise, "ba mhaith liom dul</span> <lb n="1220"/><span>a bhaile ar cuairt ar mo mhuinntir, dá</span> <lb n="1221"/><span>gcuirtheá an diallaid ar an gcapall maidin</span> <lb n="1222"/><span>i mbárach." "A, cuirfidh agus fáilte a</span> <lb n="1223"/><span>mhuirnín," ar seisean, "agus tá sé in am</span> <lb n="1224"/><span>agat dul go bhfeicidh tú iad."</span></p> <lb n="1225"/> <lb n="1226"/><p><span>Chuir sé an diallaid ar an gcapall, ghabh</span> <lb n="1227"/><span>sé ag marcuigheacht agus shuidh Máire suas</span> <lb n="1228"/><span>taobh siar dhe. Bhog siad leóbhtha an bóthar</span> <lb n="1229"/><span>go ndeachaidh siad cúig nó sé dé mhíltibh.</span> <lb n="1230"/><span>Tháinig siad go dtí teach ósta. Arsa Máire</span> <lb n="1231"/><span>le Seaghán, "tá tart mór orm agus ba mhaith</span> <lb n="1232"/><span>liom gloine a fhagháil."</span></p> <lb n="1233"/> <lb n="1234"/><p><span>"Á, gheobhaidh tú sin agus fáilte," ar</span> <lb n="1235"/><span>seisean.</span></p> <lb n="1236"/> <lb n="1237"/><p><span>Ní raibh tart chomh mór ariamh uirri go</span> <lb n="1238"/><span>raibh an chéad ghloine ólta aici. "Fágh</span> <lb n="1239"/><span>gloine eile dom," ar sise.</span></p> <lb n="1240"/> <lb n="1241"/><p><span>"A, gheobhaidh tú sin agus fáilte," ar</span> <lb n="1242"/><span>seisean arís, agus bhí sé fhéin ag ól gach</span> <lb n="1243"/><span>araile gloine léithe. D'ól siad leóbhtha go</span> <lb n="1244"/><span>raibh a saith ólta aca, Thuit Seaghán ar</span> <lb n="1245"/><span>meisge. Shín sí suas cois na teineadh é.</span> <lb n="1246"/><span>Nuair a bhí sé in a luighe annsin, bhain sí</span> <lb n="1247"/><span>a chuid éadaigh dhe, agus chuir sí 'chuile cheirt</span></p> </div> <pb n="86"/> <div><lb n="1248"/><p><span>salach a fuair sí thart uime. D'fhág sí annsin</span> <lb n="1249"/><span>é. Chuaidh sí amach, chuir sí a cos ins an stíróp</span> <lb n="1250"/><span>agus ghabh sí in a cos in áirde a bhaile.</span></p> <lb n="1251"/> <lb n="1252"/><p><span>Ar maidin lá ar na bhárach, tháinig bean an</span> <lb n="1253"/><span>tighe thart, buaileann sí cos ar Pháidin,</span> <lb n="1254"/><span>"éirigh suas as sin," ar sise, "is maith an</span> <lb n="1255"/><span>rud leóistin na hoidhche a fhagháil agus gan</span> <lb n="1256"/><span>fanacht annsin i rith an lae. Seo gráinín</span> <lb n="1257"/><span>mine duit agus bí ag imtheacht." Dhearc</span> <lb n="1258"/><span>Páidín ar fhéin agus dubhairt: "ní mé fhéin</span> <lb n="1259"/><span>atá ann ar chor ar bith." Shiubhal sé amach.</span> <lb n="1260"/><span>Nuair a sheas sé ar an mbóthar, ar seisean:</span></p> <lb n="1261"/> <lb n="1262"/><p><span>"Ní'l aon chabhair ann, ní mé fhéin atá ann</span> <lb n="1263"/><span>ar chor ar bith, acht dá bhfaghainn chomh fada</span> <lb n="1264"/><span>leis an bpáirc a bhfuil an capall ann, muna</span> <lb n="1265"/><span>n-aithnigheann sí mé, ní mé fhéin atá ann ar</span> <lb n="1266"/><span>chor ar bith." Nuair a tháinig sé go dtí an</span> <lb n="1267"/><span>capall, chrochuigh sí a iarball agus as go bráth</span> <lb n="1268"/><span>léithe in a cos in áirde.</span></p> <lb n="1269"/> <lb n="1270"/><p><span>"Á," ar seisean, "ní'l aon chabhair ann,</span> <lb n="1271"/><span>ní mé fhéin atá ann ar chor ar bith, muna</span> <lb n="1272"/><span>naithnigheann Máire mé." Nuair a tháinig</span> <lb n="1273"/><span>sé go dtí a dhoras féin, d'éirigh Máire le</span> <lb n="1274"/><span>pláitín mine mar dhéirce, agus dubhairt leis:</span> <lb n="1275"/><span>"Bí ag imtheacht."</span></p> <lb n="1276"/> <lb n="1277"/><p><span>"Ara, a Mhichil ó go deó," ars' an bhean</span> <lb n="1278"/><span>eile, "seo é an oidhche dheireannach a bhéidheas</span> <lb n="1279"/><span>sinn i gcuideachta."</span></p> <lb n="1280"/> <lb n="1281"/><p><span>"Cad chuige, a mhuirnín," ar seisean.</span></p> <lb n="1282"/> <lb n="1283"/><p><span>"Tá mé ag dul ag fagháil bháis maidin</span> <lb n="1284"/><span>i mbárach. Gabh agus fágh leathghalún uisge</span> <lb n="1285"/><span>beatha nó biotáilte go nólaidh sinn sláinte a</span> <lb n="1286"/><span>chéile an oidhche dheireannach."</span></p> <lb n="1287"/> <lb n="1288"/><p><span>"Ara gheobhaidh agus fáilte, agus is é an</span> <lb n="1289"/><span>rud is lugha is córa dhom a dhéanamh."</span></p> <lb n="1290"/> <lb n="1291"/><p><span>Scuab sí síos an turlár agus chuir sí síos</span> <lb n="1292"/><span>teine mhaith. Nuair a tháinig sé a bhaile leis</span> <lb n="1293"/><span>an ól, d'ól sé gloine agus d'ól Úna ceann</span> <lb n="1294"/><span>eile. D'ól Micheál dhá ghloine in aghaidh an</span> <lb n="1295"/><span>ceann go Úna. Thuit Micheál ar meisge.</span> <lb n="1296"/><span>Nigh sí síos go glan é agus chuir os cionn</span> <lb n="1297"/><span>cláir é. Ghlaoidh sí isteach na comharsana</span> <lb n="1298"/><span>ar maidin go raibh Micheál marbh. Nuair a</span> <lb n="1299"/><span>chuaidh an sgéal thart go raibh Micheál marbh,</span> <lb n="1300"/><span>chruinnigh daoine na mbailte thart agus bhí</span> <lb n="1301"/><span>tórramh mór ann. Nuair a bhí an tórramh</span> <lb n="1302"/><span>cruinn, arsa Brighid le Proinnsias.</span></p> <lb n="1303"/> <lb n="1304"/><p><span>"Glanadh sinn suas an teach agus fághadh</span> <lb n="1305"/><span>sinn braon beag óil a chuirfeas buaidhreadh</span> <lb n="1306"/><span>do dhearbhráthar as do chroidhe."</span></p> <lb n="1307"/> <lb n="1308"/><p><span>"Ara geobhaidh a mhuirnín, nó ní'l a fhios</span> <lb n="1309"/><span>cé an fhad a bhéadh sinn beo, is beag cuimhne</span> <lb n="1310"/><span>báis a bhí ar mo dhearbhráthair ar maidin indé."</span></p> <lb n="1311"/> <lb n="1312"/><p><span>Fuair siad an t-ól. D'ól siad buaidhreadh</span> <lb n="1313"/><span>an tsaoghail as a gcuimhne. Thuit Proinnsias</span> <lb n="1314"/><span>ar meisge, marbh ar meisge. Nuair a fuair</span> <lb n="1315"/><span>a bhean Proinnsias ar meisge, níor</span> <lb n="1316"/><span>fhág sí snáith éadaigh ar a gcorp. Chuir sí</span> <lb n="1317"/><span>ag codladh ins an leabaidh é. Chuir sí a chuid</span> <lb n="1318"/><span>éadaigh i bhfolach agus chuir sí craiceann bó</span> <lb n="1319"/><span>air. Chuir sí gual an phota agus súithche an</span> <lb n="1320"/><span>tsimléir ar a éadan agus chuimil sí isteach</span> <lb n="1321"/><span>go ndearna sí chomh dubh é leis an mbac.</span></p> <lb n="1322"/> <lb n="1323"/><p><span>Ar maidin lá ar na bhárach ar sise leis.</span> <lb n="1324"/><span>"Is deas an rud duitse a bheith i n-a luighe</span> <lb n="1325"/><span>annsin agus sochraid do dhearbhráthar ag</span> <lb n="1326"/><span>imtheacht chun na cille." Éirigheann sé suas</span> <lb n="1327"/><span>in a léim agus nuair nár fhéad sé a chuid</span> <lb n="1328"/><span>éadaigh a fhagháil, chuir sé craiceann na bó air.</span> <lb n="1329"/><span>As go bráth leis an bóthar. Nuair a tháinig sé</span> <lb n="1330"/><span>suas leis an tsochraid, "Ara a Mhichil ó</span> <lb n="1331"/><span>go deo," ar seisean, "cé'n uair a bhfuair</span> <lb n="1332"/><span>tú bás."</span></p> <lb n="1333"/> <lb n="1334"/><p><span>"Aréir," ars' an fear as an gcónra.</span></p> <lb n="1335"/> <lb n="1336"/><p><span>Scapadh an tsochraid siar agus ní raibh</span> <lb n="1337"/><span>ar an mbóthar acht an bheirt bhuachaill. Cé</span> <lb n="1338"/><span>aca dhe na triúr mná a ghnóthuigh an geall?</span></p> <lb n="1339"/> <lb n="1340"/><p><span>II. - Sgéal an bháirseora</span></p> <lb n="1341"/> <lb n="1342"/><p><span>Bhí mé shíos i Mámarat, báirseoir samhraidh.</span> <lb n="1343"/><span>Bhí mé i mo shuidhe ins an oidhche ag faire na</span> <lb n="1344"/><span>mbreach. Bhí mé dá bhfaire, lá ar na bhárach</span> <lb n="1345"/><span>chomh maith, ar fhaitchios go mbéadh éinne gá</span> <lb n="1346"/><span>marbhadh. Bhí na daoine uaisle ag tigheacht</span> <lb n="1347"/><span>ag iasgaracht agus bhí faitchios orm nach</span> <lb n="1348"/><span>mbéadh mé annsin rompa. Tháinig teintreach</span> <lb n="1349"/><span>agus tóirneach agus cuma mhór fearthainne.</span> <lb n="1350"/><span>Bhí féar in a chocaibh ag Seaghán Ó Dóráin</span></p> </div> <pb n="87"/> <div><lb n="1351"/><p><span>na hAbhna. Ní raibh a fhios agam cé an chaoi</span> <lb n="1352"/><span>a b'fearr an fhearthainn a leigint thart.</span> <lb n="1353"/><span>Thóig mé suas taobh an choca agus shín mé</span> <lb n="1354"/><span>isteach ann. Leig mé féar anuas orm agus</span> <lb n="1355"/><span>thuit mé i mo chodladh. Chuir sé chomh mór as</span> <lb n="1356"/><span>gur árduigh an tuile nó gur scuab sé leis an</span> <lb n="1357"/><span>féar síos Abhainn Bhaile an Chruaich agus</span> <lb n="1358"/><span>amach ar an bhfairrge nó gur imthigh an coca</span> <lb n="1359"/><span>féar a raibh mé ann anonn go Ceann Acla.</span> <lb n="1360"/><span>Thionntuigh an ghaoth agus shéid sé síos go</span> <lb n="1361"/><span>Cuan an Fhóid dhuibh mé.</span></p> <lb n="1362"/> <lb n="1363"/><p><span>Nuair a cuireadh isteach ar an tráigh annsin</span> <lb n="1364"/><span>mé, do dhúisigh mé, chuimil mé mo lámha thart</span> <lb n="1365"/><span>ar mo shúilibh, agus dhearc mé uaim. Ní</span> <lb n="1366"/><span>raibh a fhios agam ins an domhan cá raibh mé.</span> <lb n="1367"/><span>Chonnaic mé solas uaim, tharraing mé ar</span> <lb n="1368"/><span>an tsolas agus nuair a chuaidh mé go dtí</span> <lb n="1369"/><span>an teach, dubhairt mé go raibh ocras orm, an</span> <lb n="1370"/><span>dtiúbhradh siad rud le n-ithe dhom.</span></p> <lb n="1371"/> <lb n="1372"/><p><span>"Bheirfidh," arsa fear aca, ag cur gáire</span> <lb n="1373"/><span>móir as agus magaidh orm.</span></p> <lb n="1374"/> <lb n="1375"/><p><span>D'fág siad feóil ar an bpláta agus sgian</span> <lb n="1376"/><span>agus farc. Nuair a tharringinn an sgian</span> <lb n="1377"/><span>ar an bhfeóil, thigeadh an fhuil as. Bhí siad</span> <lb n="1378"/><span>i gcomhnaidhe ag magadh fá an stráinséaraidhe.</span> <lb n="1379"/><span>D'fhiafruigh mé dhiobhtha cé an bealach a b'fhearr</span> <lb n="1380"/><span>a thigheacht aníos taobh Oirris. Theasbáin</span> <lb n="1381"/><span>siad an bealach dom agus iad i gcomhnaidhe</span> <lb n="1382"/><span>ag gáire fúm. D'imthigh mé liom aníos an</span> <lb n="1383"/><span>bealach. Nuair a fuair mé mé fhéin ar bhogaidh</span> <lb n="1384"/><span>Oirris, d'aithnigh mé báirr na gcroc uaim.</span> <lb n="1385"/><span>Tháinig mé aníos trasna sléibhte Bhaile an</span> <lb n="1386"/><span>Chruaich gur árduigh mé suas ar Chorr na</span> <lb n="1387"/><span>Binne. Nuair a bhí mé ar Choiscéim Corrach,</span> <lb n="1388"/><span>tháinig tinntreach agus tóirneach. Chonnaic</span> <lb n="1389"/><span>mé poll fá an gcarraig. Dubhairt mé go</span> <lb n="1390"/><span>bhfanfainn annsin go ngabhfaidh an cioth</span> <lb n="1391"/><span>thart. Cé an áit a raibh mé acht istigh i gunna</span> <lb n="1392"/><span>mór. Bhí mé ag teannadh isteach nó gur bhain</span> <lb n="1393"/><span>mé leis an nglas ar chuma eicínt. D'imthigh</span> <lb n="1394"/><span>an t-urchar agus cé an áit ar chaith sé mé</span> <lb n="1395"/><span>acht istigh ar Oileán Cliara. Bhí mé tuirseach</span> <lb n="1396"/><span>agus craithte o'n urchar. Casadh coca cochain</span> <lb n="1397"/><span>liom. Tharraing mé amach fáithméar as taobh</span> <lb n="1398"/><span>an choca agus shín mé isteach ann. Ní raibh</span> <lb n="1399"/><span>sé i bhfad go dtáinig fear an tighe ag riar</span> <lb n="1400"/><span>ar a chuid beithidheach. Tharraing sé amach</span> <lb n="1401"/><span>fáithméar. Fuair sé mise fá an bhfaithméar.</span></p> <lb n="1402"/> <lb n="1403"/><p><span>"A chreamhaire agus a rubáile," ar seisean,</span> <lb n="1404"/><span>ag breith greim cába orm, "céard a thug</span> <lb n="1405"/><span>annseo thú ag goid mo choda cochain."</span> <lb n="1406"/><span>"Ní'l mé ag goid do choda cochain,"</span> <lb n="1407"/><span>arsa mise. "Tá tú dá ghoid," ar seisean.</span> <lb n="1408"/><span>Tharraing sé leis isteach chun an tighe mé.</span> <lb n="1409"/><span>Ar seisean le bean an tighe: "An bhfeiceann</span> <lb n="1410"/><span>tú an fear a fuair mé ag goid mo choda</span> <lb n="1411"/><span>cochain."</span></p> <lb n="1412"/> <lb n="1413"/><p><span>"Ní raibh mé ag goid do choda cochain,"</span> <lb n="1414"/><span>arsa mise, "acht shín mé isteach le sgith a</span> <lb n="1415"/><span>dheanamh." Tharraing sé iarraidh eile orm go</span> <lb n="1416"/><span>raibh mé ag goid a choda cochain.</span></p> <lb n="1417"/> <lb n="1418"/><p><span>"Á ná buail é," ars' an bhean, "tabhair</span> <lb n="1419"/><span>cead an bhealaigh do."</span></p> <lb n="1420"/> <lb n="1421"/><p><span>D'innis mé annsin dho an tanró a ndeachaidh</span> <lb n="1422"/><span>mé trídh. Dubhairt sé annsin go mbéadh an</span> <lb n="1423"/><span>bád mór ag dul go Céibh Chathair na Mart.</span> <lb n="1424"/><span>Chuir sé isteach ins an mbád mé, lá ar na</span> <lb n="1425"/><span>bhárach. Nuair a tháinig me go Cathair na</span> <lb n="1426"/><span>Mart, bhí na tighthe uilig dúnta. Dhearc</span> <lb n="1427"/><span>mé tart go bhfeicfinn cá bhfuighinn foscadh.</span> <lb n="1428"/><span>Gabh mé isteach ins na Shambles. Bhí</span> <lb n="1429"/><span>barraillidhe annsin gan ceó annta acht sop</span> <lb n="1430"/><span>cochain. Chruinnigh mé suas an cochan agus</span> <lb n="1431"/><span>shuidh mé sios ins an mbarraille. Thuit mé</span> <lb n="1432"/><span>i mo chodladh.</span></p> <lb n="1433"/> <lb n="1434"/><p><span>Cé an t-ordughadh a tháinig ar maidin lá</span> <lb n="1435"/><span>ar na bhárach acht cúipéirí a thigheacht agus na</span> <lb n="1436"/><span>tóna a chur ionnta arís. Cé an chéad cheann</span> <lb n="1437"/><span>a chuir siad an tóin ann acht an ceann a raibh</span> <lb n="1438"/><span>mise i mo chodladh ann. Theann siad an</span> <lb n="1439"/><span>fonnsa go maith air, agus chaith siad amach</span> <lb n="1440"/><span>ar an tsráid iad nó go mbéadh siad faoi</span> <lb n="1441"/><span>réir le h-aghaidh dul ar an gcárt go Baile</span> <lb n="1442"/><span>an Róba. Céard a thigeas acht madadh mór</span> <lb n="1443"/><span>spáinéil amuich in aghaidh an bharraille. Chuir</span> <lb n="1444"/><span>mé amach mo lámh i bpoll an chorca agus</span> <lb n="1445"/><span>cheap mé ar ghreim iarbaill air. As go</span> <lb n="1446"/><span>bráth leis agus cé an bóthar ar éirigh leis a</span> <lb n="1447"/><span>thigheacht acht anuas bóthar Bhaile Úí Fhiacháin.</span> <lb n="1448"/><span>Nuair a bhí sé ag casadh ó shráid an aonaigh</span></p> </div> <pb n="88"/> <div><lb n="1449"/><p><span>ag cor an droichid, bhris an barraille i</span> <lb n="1450"/><span>n-aghaidh an bhalla. Bhí mé amuich ar an</span> <lb n="1451"/><span>mbóthar agus shiubhail mé a bhaile sios go</span> <lb n="1452"/><span>Mámarat.</span></p> <lb n="1453"/> <lb n="1454"/><p><span>III. - An duine uasal agus a chéard</span></p> <lb n="1455"/> <lb n="1456"/><p><span>Bhí duine uasal ag dul an bóthar, lá. Chaill</span> <lb n="1457"/><span>a chapall crudh, agus chuaidh sé isteach i dteach</span> <lb n="1458"/><span>an ghabha le crudh a chur ar an gcapall. Tháinig</span> <lb n="1459"/><span>inghín an ghabha le n-a ghlaodhach isteach chuig</span> <lb n="1460"/><span>an ndinéar. D'imthigh sé fhéin agus a</span> <lb n="1461"/><span>ghíománac an bóthar a bhaile, agus dubhairt</span> <lb n="1462"/><span>sé gur bh'í inghín an ghabha an bhean is breágha</span> <lb n="1463"/><span>a chonnaic sé ariam. Dubhairt sé go bhfilleadh</span> <lb n="1464"/><span>sé ar ais arís go bhfághadh sé í le pósadh.</span></p> <lb n="1465"/> <lb n="1466"/><p><span>Nuair a tháinig sé ar ais arís go teach an</span> <lb n="1467"/><span>ghabha, dubhairt an gabha nach dtiúbhraidh sé a</span> <lb n="1468"/><span>inghín acht go fear céirde. Dubhairt an duine</span> <lb n="1469"/><span>uasal annsin gur oidhre dúithche a bhí ann,</span> <lb n="1470"/><span>agus dubhairt an gabha nach dtiúbhradh sé</span> <lb n="1471"/><span>a inghín go oidhre dúithche acht go fear céirde.</span> <lb n="1472"/><span>Chuaidh an duine uasal a bhaile annsin agus</span> <lb n="1473"/><span>rinne sé bascaéad. Nuair a tháinig sé chun</span> <lb n="1474"/><span>an ghabha leis an mbascaéad, dubhairt an</span> <lb n="1475"/><span>gabha leis: "fear céirde thú, má ghnidheann</span> <lb n="1476"/><span>tú bascaéad mar seo." Dubhairt an duine</span> <lb n="1477"/><span>dhó slata a fhághail go ndéanadh sé bascaéad</span> <lb n="1478"/><span>mar an ceann a rinne sé cheana. Fuair an</span> <lb n="1479"/><span>gabha na slata dhó agus rinne sé an bascaéad.</span> <lb n="1480"/><span>Fuair sé an inghín mar bhean annsin, agus</span> <lb n="1481"/><span>thug sé a bhaile leis í.</span></p> <lb n="1482"/> <lb n="1483"/><p><span>Tháinig caiptín luinge isteach. Bhí stóraí ag</span> <lb n="1484"/><span>an duine uasal. Bhí a long briste ag an</span> <lb n="1485"/><span>gcaiptín agus tháinig sé go an duine uasal</span> <lb n="1486"/><span>leis an stór a fagháil uaidhe leis na h-earraibh</span> <lb n="1487"/><span>a chur isteach ann go ndeasuigheadh sé an long.</span> <lb n="1488"/><span>Nuair a bhí 'chuile short réid aige, (nuair a</span> <lb n="1489"/><span>bhí an long deasuighthe aige) thug sé na hearra</span> <lb n="1490"/><span>as an stór agus chuir sé isteach ins an luing</span> <lb n="1491"/><span>arís iad. D'fhiafruigh sé annsin dho'n duine</span> <lb n="1492"/><span>uasal cé mhéad a bhéadh sé a iarraidh air ar</span> <lb n="1493"/><span>an stór agus dubhairt an duine uasal nach</span> <lb n="1494"/><span>n-iarrfadh sé tada air.</span></p> <lb n="1495"/> <lb n="1496"/><p><span>Thug sé cuireadh chun dinéar dó fhéin agus</span> <lb n="1497"/><span>d'a bhean ins an luing. Nuair a bhí siad ag</span> <lb n="1498"/><span>an ndinéar, dubhairt sé leis na mairnéalachaibh</span> <lb n="1499"/><span>na seolta a chrochadh agus a dhul chun na</span> <lb n="1500"/><span>fairrge. Nuair a shíl an duine uasal go</span> <lb n="1501"/><span>raibh sé in am aige dul a bhaile, chuaidh sé suas</span> <lb n="1502"/><span>os cionn cláir agus ní fhaca sé talamh nó</span> <lb n="1503"/><span>tráigh. Annsin dubhairt an caiptín leis nach</span> <lb n="1504"/><span>bhfuigheadh sé acht uair an cloig gus bás.</span> <lb n="1505"/><span>Fuair ceann dho na mairnéalachaibh corca</span> <lb n="1506"/><span>dhó annsin agus leag sé amach go suaimhneach</span> <lb n="1507"/><span>ar an gcorca é. Tháinig long eile annsin</span> <lb n="1508"/><span>agus thóig isteach é. Chuaidh an long seo isteach</span> <lb n="1509"/><span>ins an gcuan céadna a ndeachaidh an chéad</span> <lb n="1510"/><span>long ann.</span></p> <lb n="1511"/> <lb n="1512"/><p><span>Nuair a chuaidh sé amach, ní raibh ór ná</span> <lb n="1513"/><span>airgead aige acht a dhá láimh chomh fada le</span> <lb n="1514"/><span>chéile. Shiúbhail sé amach ar fud na tíre.</span> <lb n="1515"/><span>Chonnaic sé garrdha a raibh slata ann agus</span> <lb n="1516"/><span>chuaidh sé isteach chun an tighe agus dubhairt</span> <lb n="1517"/><span>sé go ndeanfadh sé bascaéad dóbhtha. Nuair</span> <lb n="1518"/><span>a rinne sé an bascaéad, thug bean an tighe</span> <lb n="1519"/><span>léithe chun an mhargaidh é go ndíolfadh sí é,</span> <lb n="1520"/><span>agus cé a cheannuigh an bascaéad acht searbh-</span> <lb n="1521"/><span>fhóghantaidhe an chaiptín.</span></p> <lb n="1522"/> <lb n="1523"/><p><span>Nuair a chonnaic bean an duine uasal an</span> <lb n="1524"/><span>bascaéad d'aithnigh sí é agus chuir sí amach an</span> <lb n="1525"/><span>cailín arís. Lean sí <.i. an cailín> an bhean</span> <lb n="1526"/><span><.i. an bhean a dhíol an bascaéad dí an lá</span> <lb n="1527"/><span>cheana> go ndeachaidh sí chun a tighe fhéin, agus</span> <lb n="1528"/><span>chonnaic sí an fear ag déanamh bascaéid agus</span> <lb n="1529"/><span>thug sí léithe an fear <an duine uasal a bhí</span> <lb n="1530"/><span>ann>, agus nuair a casadh le chéile iad,</span> <lb n="1531"/><span>(chuaidh a bhean in a airichis,) dubhairt sí leis</span> <lb n="1532"/><span>gan faitchios a bheith air. Thug sí sparán</span> <lb n="1533"/><span>airgid dó annsin agus dubhairt sí leis dul</span> <lb n="1534"/><span>chun an bhaile mhóir ba ghoire dhó agus an cóiste</span> <lb n="1535"/><span>a b'fhearr a thiucfadh leis a fhagháil a thabhairt</span> <lb n="1536"/><span>leis agus péire capall.</span></p> <lb n="1537"/> <lb n="1538"/><p><span>Annsin fuair sí dinéar réidh, lá ar na</span> <lb n="1539"/><span>bhárach agus chruinnigh sí mór-uaisle an bhaile</span> <lb n="1540"/><span>mhóir chun an dinéir. Tháinig sé le n-a phéire</span> <lb n="1541"/><span>capall taobh amuich dhó'n doras agus dubhairt</span> <lb n="1542"/><span>sí leobhtha gur chóir a thabhairt isteach chuig</span> <lb n="1543"/><span>an ndinéar. Nuair a bhí an dinéar réidh,</span></p> </div> <pb n="89"/> <div><lb n="1544"/><p><span>thoisigh siad ag ól. Dubhairt sise annsin</span> <lb n="1545"/><span>an áit a d'fhág sí go n-innsigheadh na mná</span> <lb n="1546"/><span>sgéal an chéad sgéal i gcomhnaidhe. Dubhairt</span> <lb n="1547"/><span>ceannphuirt an bhaile mhóir léithe an chéad</span> <lb n="1548"/><span>sgéal a innsint agus go gcaithfeadh a bhean</span> <lb n="1549"/><span>fhéin sgéal eile a innsint.</span></p> <lb n="1550"/> <lb n="1551"/><p><span>D'innis sí annsin an sgéal ó thús go deireadh</span> <lb n="1552"/><span>céard a rinne an caiptín orra agus ar sise</span> <lb n="1553"/><span>annsin: "sin é mo fhear pósta agus sin é</span> <lb n="1554"/><span>an fear a rinne an cleas air, sin é an té a</span> <lb n="1555"/><span>chaith amach ins an bhfairrge mo fhear pósta.</span> <lb n="1556"/><span>Agus cé an breitheamhnas a bhéirfidh sibhse ar</span> <lb n="1557"/><span>an bhfear a rinne sin." "Well," arsa ceann-</span> <lb n="1558"/><span>phuirt an bhaile mhóir, "'sé mo bhreitheamhnas</span> <lb n="1559"/><span>air, an ceann a bhaint dhe agus é a chur ar</span> <lb n="1560"/><span>an tsleagh is aoirde ins an mbaile mór."</span> <lb n="1561"/><span>Rinneadh sin leis.</span></p> <lb n="1562"/> <lb n="1563"/><p><span>Tháinig siad a bhaile annsin go socair</span> <lb n="1564"/><span>sásta agus go buidheach beannachtach.</span></p> <lb n="1565"/> <lb n="1566"/><p><span>Fuair mé na sgéalta seo ar feadh na</span> <lb n="1567"/><span>Nodlag i mbaile i dtuaisceart paráiste Bhuir-</span> <lb n="1568"/><span>ghéis Umhaill i dTír Amhalghaidh. Tá an Ghaedhilg</span> <lb n="1569"/><span>ag fághail bháis ins an bparáiste céadna</span> <lb n="1570"/><span>anois mar is beag an aire a bheirthear dí acht</span> <lb n="1571"/><span>sgathamh ar scoil ins an tráthnóna; ní minic a</span> <lb n="1572"/><span>labhruighthear í ag na seandaoinibh féin, acht</span> <lb n="1573"/><span>tá a sáith ann go fóill leis an teanga a</span> <lb n="1574"/><span>aithbheodhadh má múintear ins na sgoileannaibh</span> <lb n="1575"/><span>agus ar an dteallach ins an mbaile.</span> <lb n="1576"/><span>Tá cuid de'n Bhéarlachas ag teannadh isteach</span> <lb n="1577"/><span>ins an gcainnt agus ins na seansgéaltaibh</span> <lb n="1578"/><span>féin mar a n-innistear anois iad acht ní</span> <lb n="1579"/><span>doiligh a fheiceáil gur seansgéalta</span> <lb n="1580"/><span>Gaedhealacha iad.</span></p> <lb n="1581"/> <lb n="1582"/><p><span>Chuir mé síos an chéad agus an dara sgéal</span> <lb n="1583"/><span>ó bhéal Phádraig Mhic Mhuirris agus d'aithris</span> <lb n="1584"/><span>Éadhmuinn Ó Maolchoróin an treas sgéal.</span> <lb n="1585"/><span>Bhí buachaill eile ag scríobhadh sios i gcuideachta</span> <lb n="1586"/><span>liom. Ba h-é an chéad iarracht againn ag</span> <lb n="1587"/><span>cur síos sgéil. Chuireamar i gcomórtas le</span> <lb n="1588"/><span>na chéile iad agus in a dhiaidh sin, do léighea-</span> <lb n="1589"/><span>mar do fhear eile iad go raibh sé sásta</span> <lb n="1590"/><span>leóbhtha. Is é mo thuairim gur maith an chaoi</span> <lb n="1591"/><span>é sin do bhuachaill a thosughadh nuair nach</span> <lb n="1592"/><span>bhfuil eolas maith ar an dteanga aige</span> <lb n="1593"/><span>cheana.</span></p> <lb n="1594"/> <lb n="1595"/><p><span>Chuir mé síos iad mar a litrighthear go</span> <lb n="1596"/><span>coitcheanta na focla ins an nGaedhilg. Ar</span> <lb n="1597"/><span>dtús shíl mé go mbadh cheart na hathruighthe</span> <lb n="1598"/><span>a theasbáint ins an litriughadh do réir na</span> <lb n="1599"/><span>fuaime, acht is é mo thuairim go dtaithneochaidh</span> <lb n="1600"/><span>siad níos fearr leis an léightheóir mar atá</span> <lb n="1601"/><span>siad. Teasbáinfidh mé anois cuid de na</span> <lb n="1602"/><span>fuamannaibh nach bhfuil againn mar atá siad</span> <lb n="1603"/><span>in áiteannaibh eile.</span></p> <lb n="1604"/> <lb n="1605"/><p><span>Tá an fhuaim "aí" nó "aidhe" i ndeireadh na</span> <lb n="1606"/><span>h-uimhire iolraidh ins na hainmfhoclaibh i 'chuile</span> <lb n="1607"/><span>tuiseal. Tá an "bh" ins an tuiseal tabharthach</span> <lb n="1608"/><span>iolraidh imthighthe ar fad. I ndeireadh na</span> <lb n="1609"/><span>mbriathar tá fuaim "d" Bearla roimh na</span> <lb n="1610"/><span>forfhoclaibh "sé," "sinn," agus "siad," ins an</span> <lb n="1611"/><span>modh fuláireamh, ins an modh fodh-shuidhteach, ins</span> <lb n="1612"/><span>an aimsir gnáthach caithte de'n modh tásgach</span> <lb n="1613"/><span>agus de'n modh coingheallach, agus ins an</span> <lb n="1614"/><span>aimsir le teacht de'n modh tásgach. Is annamh</span> <lb n="1615"/><span>a cuirtear - "do" roimh an mbriathar ins</span> <lb n="1616"/><span>an aimsir caithte, agus tá an tuiseal</span> <lb n="1617"/><span>geineamhnach ag dul amach thar eis an anma</span> <lb n="1618"/><span>briathardha. Ní cluintear "-muid" 'chor ar</span> <lb n="1619"/><span>bith acht "sinn" i gcomhnaide agus in Acaill</span> <lb n="1620"/><span>atá in aice leis, is "-muid" a labhruighthear.</span> <lb n="1621"/><span>In ionad "do" no "dhó" deirtear "go"</span> <lb n="1622"/><span>beagnach i gcomhnaidhe agus ar uairibh in ionad</span> <lb n="1623"/><span>"de." In áit an tuisil ainmnigh is minic a</span> <lb n="1624"/><span>labhruightear an tuiseal geineamhnach, cur</span> <lb n="1625"/><span>i gcás " adhairce," " claidhmhe," iolra.</span></p> <lb n="1626"/> <lb n="1627"/><p><span>Tá dhá innsint ar an gcéad sgéal agus</span> <lb n="1628"/><span>chualaidh mé ó mhacléighin annseo go n-innistear</span> <lb n="1629"/><span>é i gCíarraidhe freisin. Ar rud a tharla</span> <lb n="1630"/><span>dhó fhéin<?> a d'innis Pádraig Mac Muirris</span> <lb n="1631"/><span>ins an dara sgéal. Is ó na máighistir scoile</span> <lb n="1632"/><span>a chualaidh siad féin an chéad agus an treas</span> <lb n="1633"/><span>sgéal, nuair a bhí siad in a bpáistibh agus is</span> <lb n="1634"/><span>dócha go raibh siad níos fuide agus níos</span> <lb n="1635"/><span>fearr an tam sin.</span></p> <lb n="1636"/> <lb n="1637"/><p><span>Is beag focal deacar atá ins na sgéaltaibh</span> <lb n="1638"/><span>seo. Ní minic a cluintear an focal</span> <lb n="1639"/><span>"fáithméar." Is punann mór cochain é, thar</span> <lb n="1640"/><span>éis an gráin a bheith buailte as an gcoirce</span></p> </div> <pb n="90"/> <div><lb n="1641"/><p><span>Dá bhrígh sin do bhéadh áit fir in áit cinn aca.</span> <lb n="1642"/><span>Focal Béarla is eadh "bascaéad." Tá an "c"</span> <lb n="1643"/><span>agus an "d" leathan ann. Is ionann "toit"</span> <lb n="1644"/><span>agus "deatach," acht ní feidir leat a radh</span> <lb n="1645"/><span>"chómhair sé na deatachaí" gidh go bhfuil</span> <lb n="1646"/><span>"deatach" i 'chuile thoit aca. In ionad "gach</span> <lb n="1647"/><span>ré" deireann siad gachar le, is ionann é agus</span> <lb n="1648"/><span>gach araile. Ní'l aon Ghaedhilg aca ar an</span> <lb n="1649"/><span>focal fork ins an áit, 'chor ar bith acht gabhlóg</span> <lb n="1650"/><span>agus pice agus ní feidir iad a thabhairt chun</span> <lb n="1651"/><span>an bhuird.</span></p> <lb n="1652"/> <lb n="1653"/><p><span>Tá na briathra mí-riaghalta go maith ins an</span> <lb n="1654"/><span>gceanntar seo. Deireann siad "ghním,"</span> <lb n="1655"/><span>"ghnídh sé" nó "ghnídheann sé," agus "ní</span> <lb n="1656"/><span>dhéanaim," "bheirim" agus "ní thugaim,"</span> <lb n="1657"/><span>"rinne," "ní dearna," "fuaidh" <=chuaidh></span> <lb n="1658"/><span>agus "ní dheachaidh," bhéirfidh agus ní thiúbhraidh.</span> <lb n="1659"/><span>Is beag nach bhfuil "abraim" imthighthe. Ní</span> <lb n="1660"/><span>labhruighthear "gheibhim," acht labhruighthear</span> <lb n="1661"/><span>"gheobhaidh" agus "ní bhfuighidh" agus "ní</span> <lb n="1662"/><span>gheobhaidh," "go bhfuigheadh, "go ngeobhaidh" agus</span> <lb n="1663"/><span>"go bhfághadh." Ní abruighthear "chim" acht</span> <lb n="1664"/><span>"feicim." Cuirtear Gaedhilg ar "till he</span> <lb n="1665"/><span>comes" mar seo "go dtiucfaidh" go coit-</span> <lb n="1666"/><span>cheanta, "go dtighidh" go minic agus ar uairibh</span> <lb n="1667"/><span>"go dteagadh" agus "go dtagadh" agus</span> <lb n="1668"/><span>"go dteagaid," acht ní deirtear acht amháin</span> <lb n="1669"/><span>"tigim" ins an aimsir láithreac.</span></p> <lb n="1670"/> <lb n="1671"/><p><span>Deirimid "uaidhe," "léithe," "faoi," "duí"</span> <lb n="1672"/><span>nó "duíthe," "due," "leófa," "dófa," "uafa,"</span> <lb n="1673"/><span>in ionad "uaidh," "leí," "fá," "dí," "de,"</span> <lb n="1674"/><span>"leó," "dóibh," agus "uatha," agus "un"</span> <lb n="1675"/><span>agus "aig" nó "eg" in ionad "chun" agus "chuig."</span> <lb n="1676"/><span>Ní fuaimighthear an "n" ins an alt "an"</span> <lb n="1677"/><span>ins an tuiseal uathaidh acht nuair a thigeas</span> <lb n="1678"/><span>guth in-a dhiaidh agus uaireanntaibh nuair</span> <lb n="1679"/><span>atá "f" nó "d" thar a éis nó nuair atá guth</span> <lb n="1680"/><span>roimhe. In ionad "nó" deirtear "ná." Cuir-</span> <lb n="1681"/><span>tear "r" in ionad "n" go minic thar éis "g,"</span> <lb n="1682"/><span>"c," "m," cur i gcás "gró" a cluintear ar</span> <lb n="1683"/><span>"gnó," "croc" ar "cnoc," agus "mraoi" ar</span> <lb n="1684"/><span>"mnaoi."</span></p> <lb n="1685"/> <lb n="1686"/><p><span>CALADH BREAC</span> <lb n="1687"/></p> </div> <pb n="106"/> <div><lb n="1688"/><p><span>Sgeul beag ó Rinn ó gCuanach</span></p> <lb n="1689"/> <lb n="1690"/><p><span>Do bhí fear ann fad' ó agus 'sé an ainm</span> <lb n="1691"/><span>do bhí air ná Seaghán Ó Céilleacháin. Bhí</span> <lb n="1692"/><span>Seaghán lá agus bhí sé ag dul go dtí an</span> <lb n="1693"/><span>t-aonach. Casadh fear ar an mbóthar air.</span> <lb n="1694"/><span>"Dia dhuit," arsa Seaghán Ó Céilleacháin.</span> <lb n="1695"/><span>"Dia is Muire is Pádraig duit," adubhairt</span> <lb n="1696"/><span>an fear leis. "An bhfaghthá a innsint dom</span> <lb n="1697"/><span>cad é an áit annso a bhfuil teach Sheagháin</span> <lb n="1698"/><span>Uí Chéilleacháin." "Well, is mise Seaghán</span> <lb n="1699"/><span>Ó Céilleacháin. Cad tá uait díom?"</span> <lb n="1700"/><span>D'innis sé annsin dó gur le sgéal a tháinig</span> <lb n="1701"/><span>sé go dtí é, go raibh a dhriofúr ag faghbháil</span> <lb n="1702"/><span>bháis, agus go gcaithfeadh sé dul leis go dtí</span> <lb n="1703"/><span>an teach. Nuair a chuaidh sé ann, bhí sí go</span> <lb n="1704"/><span>dona, agus d'fhan sé ann cúpla mí. Níor</span> <lb n="1705"/><span>sgríobh sé litir ná dada go dtí n-a bhean.</span></p> <lb n="1706"/> <lb n="1707"/><p><span>Nuair a bhí an tráthnóna ag teacht, bhí an</span> <lb n="1708"/><span>bhean ag cuimhneamh go mbéadh Seaghán ag</span> <lb n="1709"/><span>teacht gach aon nóimeat. Tháinig an oidhche agus</span> <lb n="1710"/><span>ní tháinig Seaghán abhaile. Lá ar na bháireach,</span> <lb n="1711"/><span>chuir sí tuairisg ar na daoine a bhí ar an</span> <lb n="1712"/><span>aonach an bhfaca siad Seaghán. Dubhairt gach</span> <lb n="1713"/><span>aoinneach ná facadar. Bhí an bhean bhocht go</span> <lb n="1714"/><span>dona annsan. Cúpla lá n-a dhiaidh san, bhí</span> <lb n="1715"/><span>beirt fhear ag baint mhóin gairid do'n áit</span> <lb n="1716"/><span>'nar chomhnuigh bean Sheagháin, agus fuaradar</span> <lb n="1717"/><span>fear báidhte i bpoll a bhí ann. Dubhradar</span> <lb n="1718"/><span>le chéile gurbh' é Seaghán Ó Céilleacháin a</span> <lb n="1719"/><span>bhí ann. Chuireadar sgéal go dtí n-a bhean.</span> <lb n="1720"/><span>Tháinig an bhean ag féachaint air. Nuair a</span> <lb n="1721"/><span>chonnaic sí é, bhí sí ag bualadh a basa, agus</span> <lb n="1722"/><span>ag rádh gurbh' é é. Tugadh abhaile annsin é,</span> <lb n="1723"/><span>agus bhí an tórramh ar Sheaghán bhocht. Nuair</span> <lb n="1724"/><span>a bhí sé curtha annsin, bhí an bhean bhocht go</span> <lb n="1725"/><span>h-uaigneach as n-a dhiaidh. Timcheall coigthís</span> <lb n="1726"/><span>'na dhiaidh sin, phós sí táilliúir a bhí ag imtheacht</span> <lb n="1727"/><span>timcheall.</span></p> <lb n="1728"/> <lb n="1729"/><p><span>Ní raibh dada aici a thabharfadh sí do'n</span> <lb n="1730"/><span>sagart, ach dubhairt sí leis go raibh muc</span> <lb n="1731"/><span>aici ach ná raibh sí ramhar fós. Dubhairt an</span> <lb n="1732"/><span>sagart léi í do choiméad timcheall mí, go</span> <lb n="1733"/><span>mbéadh sí ramhar. Nuair a bhí an mí caithte,</span> <lb n="1734"/><span>chuaidh fir an tsagairt, oidhche, fé n-a déin.</span> <lb n="1735"/><span>Ba í sin an oidhche tháinig Seaghán Ó Céilleacháin</span> <lb n="1736"/><span>abhaile. Níor airigh a bhean é ag teacht.</span> <lb n="1737"/><span>Dubhairt sé leis féin annsin go raghadh sé</span> <lb n="1738"/><span>isteach go dtí an mhuc go dtí an mhaidin. Ní</span> <lb n="1739"/><span>raibh sé i bhfad istigh nuair a tháinig fir an</span> <lb n="1740"/><span>tsagairt fé dhéin na muice. D'osgail ceann</span> <lb n="1741"/><span>acu an doras, agus chuaidh an fear eile isteach.</span> <lb n="1742"/><span>Bhí an lúb socair ar an gcórd aige, ach, nuair</span> <lb n="1743"/><span>a bhí sé ag cur an chóird ar chois na muice,</span> <lb n="1744"/><span>do bhuail Seaghán Ó Céilleacháin le buille</span> <lb n="1745"/><span>de'n mhaide é. Dubhairt sé leis an bhfear</span> <lb n="1746"/><span>amuigh, an doras d'osgailt go mear, mar</span> <lb n="1747"/><span>bhí Seaghán Ó Céilleacháin istigh. D'osgail</span> <lb n="1748"/><span>sé an doras, agus do ruith sé chomh mear</span> <lb n="1749"/><span>agus do bhí aige. Do léimeadar clocha agus</span> <lb n="1750"/><span>gach aon rud, ag teicheadh ó Sheaghán.</span></p> <lb n="1751"/> <lb n="1752"/><p><span>Nuair a chuadhadar abhaile, d'fhiafruigh an</span> <lb n="1753"/><span>sagart díobh ar thugadar an mhuc leó.</span> <lb n="1754"/><span>Dubhraidheadar nár thug, mar bhí Seaghán Ó</span> <lb n="1755"/><span>Céilleacháin 'sa tigh. Dubhairt an sagart</span> <lb n="1756"/><span>leó dul airís fé n-a déin. Dubhradar leis</span> <lb n="1757"/><span>na raghaidís.</span></p> <lb n="1758"/> <lb n="1759"/><p><span>Nuair a bhí an mhaidin ag teacht annsin,</span> <lb n="1760"/><span>chuaidh Seaghán go dtí an doras, féachaint an</span> <lb n="1761"/><span>raibh a bhean 'na suidhe. Ní raibh sí 'na suidhe</span> <lb n="1762"/><span>i n-aon chor. Nuair a bhí Seaghán ró-fhada ag</span> <lb n="1763"/><span>fuireach, do shiubhal sé thimcheall na páirceanna.</span> <lb n="1764"/><span>Ní fada a bhí sé ann, nuair a chonnaic sé na</span> <lb n="1765"/><span>daoine ag dul go dtí an t-Aifreann.</span> <lb n="1766"/><span>Dubhairt Seaghán leis féin go raghadh sé go</span> <lb n="1767"/><span>dtí an t-Aifreann 'na bhfocair. Bhí mórán</span> <lb n="1768"/><span>daoine imthighthe roimhe. Nuair a chonnacadar</span> <lb n="1769"/><span>Seaghán ag teacht, do bhogadar leó níos tapa.</span> <lb n="1770"/><span>Nuair a chonnaic Seaghán ag géarughadh iad,</span> <lb n="1771"/><span>do ghéaraigh sé 'na ndiaidh. Nuair a bhí</span> <lb n="1772"/><span>Seaghán ag teacht suas leó, do chromadar ag</span> <lb n="1773"/><span>ruith. Ruitheadar leó chomh mear is a bhí acu,</span> <lb n="1774"/><span>agus nuair a chuadhadar go dtí an seipéal,</span> <lb n="1775"/><span>bhí an sagart ar an altóir. Nuair a chonnaic</span> <lb n="1776"/><span>an sagart na daoine ag ruith, b'ait leis é.</span> <lb n="1777"/><span>Ritheadar go léir isteach an doras, agus</span> <lb n="1778"/><span>amach an doras eile. Nuair a chonnaic an</span> <lb n="1779"/><span>sagart Seaghán ag teacht, ghluais sé leis chomh</span></p> </div> <pb n="107"/> <div><lb n="1780"/><p><span>maith. Nuair a chuaidh Seaghán isteach 'sa</span> <lb n="1781"/><span>seipéal, shaoil sé go raibh gach aoinneach annso</span> <lb n="1782"/><span>creacáltha. Dubhairt sé cúpla paidir, agus</span> <lb n="1783"/><span>bhuail sé abhaile ar a bhog-stróch. Nuair a</span> <lb n="1784"/><span>chuaidh sé abhaile, bhí a bhean 'na suidhe. Sheas</span> <lb n="1785"/><span>Seaghán i lár an chistin. D'fhiafruig an bhean</span> <lb n="1786"/><span>de arbh' é Seaghán Ó Céilleacháin. Dubhairt</span> <lb n="1787"/><span>sé gurbh' é. "Ciaca beó nó marbh atá tú?"</span> <lb n="1788"/><span>ar sí. "Táim beó," arsa sé, "Cad do</span> <lb n="1789"/><span>mhuirbheochadh mé?" "Mhaiseadh, a Sheagháin</span> <lb n="1790"/><span>bhoicht, cheap mé gur marbh a bhí tú, agus bhí</span> <lb n="1791"/><span>mé ana-uaigneach as do dhiaidh. Thugamar</span> <lb n="1792"/><span>abhaile annso, mí ó shoin, duine fuair</span> <lb n="1793"/><span>buachaillí an fheirmeóra so shíos nuair a</span> <lb n="1794"/><span>bhíodar ag tógaint poill móna. Nuair ná</span> <lb n="1795"/><span>fuaramar aon sgéal mar gheall ort,</span> <lb n="1796"/><span>shíleamar gur tú a bhí ann. Thugamar abhaile</span> <lb n="1797"/><span>thú, agus do dhéineamar tórramh, agus do</span> <lb n="1798"/><span>phós mé an táilliúr so."</span></p> <lb n="1799"/> <lb n="1800"/><p><span>D'éirigh Seaghán as lár an chistin, agus do</span> <lb n="1801"/><span>ráidh sé an táilliúir an doras amach, agus</span> <lb n="1802"/><span>dubhairt sé leis an bóthar a thabhairt leis.</span></p> <lb n="1803"/> <lb n="1804"/><p><span>Sin é mo sgéal agus má tá bréag ann bíodh.</span></p> <lb n="1805"/> <lb n="1806"/><p><span>Tadhg Mac Giolla Fhionáin, do</span> <lb n="1807"/><span>sholáthraigh an sgeul so.</span></p> <lb n="1808"/> <lb n="1809"/><p><span>Ceann do rannaibh na ragairidhe.1</span></p> <lb n="1810"/> <lb n="1811"/><p><span>Éirigh do shuidhe a bhean an tighe, agus ná</span> <lb n="1812"/><span>crádhaidh an Rí do lámha ag tabhairt déirce</span> <lb n="1813"/><span>do na bochtaibh. Ná h-abair tusa liom</span> <lb n="1814"/><span>mar adubhairt an droch bhean aréir liom .i.</span> <lb n="1815"/><span>"ná ith an t-arán briste agus ná bris an</span> <lb n="1816"/><span>t-arán slán agus ná codluigh dhá oidhche ins</span> <lb n="1817"/><span>an teach amháin"; bocht, nocht, lom, léir,</span> <lb n="1818"/><span>mar atá mise anocht gan bhó Shamhraidh, gan</span> <lb n="1819"/><span>mhaoin Fhóghmhair, gan athair gan mhathair.</span> <lb n="1820"/><span>Gan mhódh gan mhúnadh, fosgail an doras</span> <lb n="1821"/><span>agus leig mé isteach. Tabhair dúinn tachtadh</span> <lb n="1822"/><span>muice firine do ghnuth, 2 orchair spól do</span> <lb n="1823"/><span>chroidhe na circe, gugán do'n leamhnacht,</span> <lb n="1824"/><span>tláman 3 do'n olann, ceann reamhar do'n</span> <lb n="1825"/><span>mheascan, beagan do'n bheagan agus móran</span> <lb n="1826"/><span>do'n mhóran mar tidheann an Rí agat é.</span> <lb n="1827"/><span>Atá na ceithre gártha liomsa is feárr a</span> <lb n="1828"/><span>bhí le aon fhear bhocht do chuaidh thart ariamh .i.</span> <lb n="1829"/><span>na gártha molta agus na gártha cáinte, na</span> <lb n="1830"/><span>gártha beannachtaigh agus na gártha mallach-</span> <lb n="1831"/><span>taigh. Atámuid caillte indiaigh theacht aniar</span> <lb n="1832"/><span>ó Chonnactaibh isteach ar thráigh Ghaoth-barra</span> <lb n="1833"/><span>le losta do na préataibh bána.</span></p> <lb n="1834"/> <lb n="1835"/><p><span>"PAIDÍ ÓG"</span></p> <lb n="1836"/> <lb n="1837"/><p><span>1 Is ionann "ragairidhe" agus sgaifte do</span> <lb n="1838"/><span>dhaoinibh óga a d'imtheochadh ó theach go teach ag</span> <lb n="1839"/><span>iarraidh leamhnachta, uibheacha agus arraidhe eile ar</span> <lb n="1840"/><span>nós daoine bochta. Atá an nós leitheadach go fóil</span> <lb n="1841"/><span>i náiteachaibh i dTír-Chonaill.</span></p> <lb n="1842"/> <lb n="1843"/><p><span>2 Is ionann gnuth agus "curd," gnuth-buidhe, 'se</span> <lb n="1844"/><span>sin "beistings," i dTír-Chonaill.</span></p> <lb n="1845"/> <lb n="1846"/><p><span>3 Is mar so .i. sláman, sgríobhtar an focal so</span> <lb n="1847"/><span>i bhfoclóir an Athar Uí Duinnín.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services