Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eagrán 1913

Title
Eagrán 1913
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1913
Publisher
Muintir Gill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Irisleabhar Muighe Nuadhad



Beirt Ollamh



An tAthair Peadar Agus Kuno Meyer



Tháinig an tAthair Peadar agus Kuno Meyer chughainn an samhradh so ghabh tharrainn.
Is amhlaidh bhí an bheirt aca i mBaile Átha Cliath chum Saoirse na cathrach dfhaghbháil ó lucht
cheannais na cathrach. Onóir mhór is eadh Saoirse Cathrach dfhaghbháil, agus tugadh an onóir
mhór don bheirt seo do bharr a bhfuil deunta aca araon ar son na Gaedhilge. Comhartha
maith é sin, ómós agus cean agus urraim do bheith ag Gaedhealaibh do lucht léighinn, mar is
dual do Ghaedhealaibh i gcomhnuidhe. Nuair tháinig an tAthair Peadar go dtí an chathair,
do bhí buidhean laochra ann dfhearadh fáilte roimis agus thugadar dileagra dhó agus do
labhair an Craoibhín agus Piaras Béaslaoi agus a lán eile, agus do labhair an tAthair Peadar
leosan agus dubhairt gurab ag dul i nóige bhí sé. Acht dubhairt sé rud eile, rud tabhachtach
gur fiú machtnamh go geur air. Dubhairt sé gurab é ní atá ag teastabháil anois chumh críoch
a chuir ar an obair ná an Ghaedhilg do labhairt - an beul ar oscailt, ars' eisean. Nách aon
mhaith bheith ag scrí leabhar muna labharfaí an Ghaedhilg. Agus annsan, taréis Saoirse na
Cathrach dfhaghbháil dó, do labhair sé agus dubhairt sé nár bhaoghal don teangain d'aimhdheoin
a ndéarfad lucht an lag-mhisnigh. Dubhairt Kuno Meyer a lán leis gur fiú machtnamh air.
Gur adhbhar bróid do é féin agus an tAthair Peadar ag faghbháil na honóra so le chéile ó
lucht cheannais Cathrach Átha Cliath, agus a fhios ag cách - beidh an fios san ag clainn a gclainne
fós - gorab é an tAthair Peadar is fearr agus is símplidhe agus is Gaedhealaighe a scriobhann
an Ghaedhilg. Do dhein Kuno Meyer trácht leis ar shean-litridheacht na hÉireann agus ar na
daoinibh do shaothraigh agus d'oibrigh ar son na Gaedhilge, ar an Athair Eoghan agus ar Sheaán
Pléimionn.



Tráthnóna an lae sin, thug uachtarán an choláisde seo .i. an Dochthúir Ó Mainchín,
cuireadh don bheirt ollamh teacht go dtí Magh Nuadhat agus tháinig ollamh eile .i. an tAimhirgíneach,
'na bhfochair. Do bhí cruinniughadh do Mhuintir Chuilm Cille insan Halla Mhór an oidhche sin
agus tháinig an triar ollamh agus do labhradar. B'é an tAthair Gearóid a bhí i gceannas
an chruinnighte, agus bhí na mic-léighinn go léir ann agus an t-uachtarán agus na h-ollamhna
go léir. An méid cainte dhein an tAthair Peadar, do scríg sé dhúinn é, agus táimíd an
bhuidheach de mar gheall ar gur thug sé dhúinn é chumh é chuir sa chunntas so. Sidé an chaint,
do réir mar a scríg sé féin é.



"A mhuíntir Cholum Cille Naomhtha.



Tá áthas mór orm mar gheall ar an gcaoí atá fághalta agam ar raint cainte dhéanamh
libhse anso anocht.



Tá an obair seo na Gaeluinne ar siúbhal anois le fiche éigin blian. Is 'mó cor atá
curtha ag an saoghal dé i n-Éirinn agus ar fuaid an dómhain, i gcaitheamh an méid sin aimsire.


L. 4


Fiche bliain ó shin bhí an Ghaeluinn fé árd dhrochmheas i n-Éirinn. Bhí buailte isteach i n-aigne
ár ndaoíne go léir nár ceart d'aoinne go raibh aon mheas aige air féin aon fhocal di do
leogaint amach as a bhéal; ná raibh sí oireamhnach mar chaint d'aoinne ach do chábógaibh; aon
duine do thaisbeánfadh go raibh eólus aige uirthi ná raibh aige 'á thaisbeáint ach gur ameasg
cábóg a rugadh agus a tógadh é; aon duine ná raibh aon fhocal Gaeluinne aige agus nár
airigh aon fhocal di riamh ó n' athair 'ná ó n-a mháthair gur chómhartha uaisleachta san air féin
agus ar a mhuíntir. D'fhág san an uile dhuine i n-Éirinn, uasal agus íseal, ag séanadh na
Gaeluinne. An t-é nár airigh aon fhocal riamh di bhí áthas air nár airigh, agus an t-é a dh'airigh
í go saidhbhir agus go raibh sí 'n-a bhéal aige go blasta agus go bríghmhar, bhí a chroídhe díthil
aige 'á dhéanamh chun gan a leogaint air gur airigh sé aon fhocal riamh di. Ní bhíodh aon mhaith
dhó ann, ámhthach, mar ní fhéadadh a dhíthol blas breágh bog saidhbhir na Gaeluinne bhaint de'n
Bhéarla do labhradh sé.



Bhí raint daoine, ámhthach, ar fuaid na h-Éireann, anso a's ansúd, agus bhí a mhalairt
sin ar fad de shaghas machtnaimh istig 'n-a n-aigne. Bhí buailte isteach n-a n-aigne sin nár
bh'fhada, do réir mar a bhí an saoghal anso i n-Éirinn ag atharú, agus an t-atharú san ag dul
ar aghaidh comh mear, nárbh' fhada go mbéadh oileán na h-Éirean gan aon fhocal i n-aon chor de
theangain ár sínsear 'á labhairt ann, go mbéadh an Ghaeluinn imighthe a' béalaibh na ndaoíne
agus as aigne na ndaoíne agus ná béadh i n-inead na Gaeluinne ag muíntir na h-Éirean
ach amháin an saghas Béarla do labharthí an uair sin i n-Éirinn. Thuigeadar, ag machtnamh dóibh
ar an sgéal, ná féadfadh aon mhí-ádh teacht ar Ghaedhlaibh a bhéadh níba thiubaistíghe 'ná an
mí-ádh san; go gcuirfadh an mí-ádh san ceangal na gcúig gcaol ar an aigne Ghaedhlach; go
ndúnfí suas an aigne Ghaedhlach; go gcrapfí agus go múchfí an croídhe Gaedhlach ionainn go
léir; na béadh feasda ag an Éireanach, chun machtnaimh a dhéanamh 'ná chun cainte dhéanamh,
ach aon fhocal amháin de'n Bhéarla bhriste sa n-áit n-a mbíodh aige fiche focal fuinneamhail
láidir de'n Ghaeluinn bhreágh bhínn cheólmhar thathaiceach. Thuigeadar go raibh gach mí-ádh eile
d'ár tháinig riamh go raibh sé lasmuich de'n duine ach go raghadh an mí-ádh san isteach sa duine
féin, agus go loitfadh sé an duine. Thuigeadar go raibh an mí-ádh san ag teacht, go raibh sé
ag teacht ar cos-anáirde, agus go raibh ceangailte ar an uile dhuine do thuig an sgéal
preabadh láithreach agus iaracht a dhéanamh ar chosg do chur leis an mí-ádh san sar a mbéadh sé
tagaithe ar fad, sar a mbéadh sé ródhéanach, sar a mbéadh an Ghaeluinn imighthe glan gan
fághail ar í chasadh.



Do phreab raint againn go tapaidh chun na h-iarachta san do dhéanamh. Bhí sagart óg
anso sa choláiste seo an uair sin, an t-Athair Eóghan ó Gramhna. Do thuig sé an mí-ádh agus
do phreab sé isteach sa n-obair. Ní raibh an tsláinte ró churanta aige. Do tugadh foláramh
dó dá leanadh sé ar an obair ná seasóch sé. Níor éist sé leis an bhfoláramh. Do thuig sé
go mba lúgha le rádh saoghal aon duine amháin sa bheatha so 'ná an obair a dhéanfadh díthol
ar chosg a chur le mí-ádh a loitfadh na daoíne go léir, ar an saoghal so agus b'fhéidir i gcóir
an tsaoghail eile. Do lean sé ar an obair agus do thuit sé sa n-obair. Tá a thuarasdal anois
aige i láthair Déi, an tuarasdal atá geallta do'n duine a thugan a anam chun na ndaoíne
do chur ar leas a n-anama.



B'fhéidir go ndéarfadh duine éigin liom ná raibh anamnacha na ndaoine i n-aon
chontabhairt. Deirimse leis an nduine sin go raibh anamnacha na ndaoíne i gcontabhairt,
agus deirim go raibh an chontabhairt cruaidh. Bhí an chontabhairt ann, agus tá an chontabhairt
ann fós. Tá so de dheifrigheacht idir an nGaeluinn agus an Béarla. Tá nádúr na págánachta
sa Bhéarla ó phréimh. Nádúr ag cabhrú le creideamh iseadh atá sa Ghaeluinn ó phréimh. An
aigne a cothuíghtear leis an mBéarla bíon a tuitim i dtreó an díchreidimh, bíon mianach an
díchreidimh inti. Má's maith léi a leas do dhéanamh chun Déi ní foláir di bheith coitchiantha ag
faire uirthí féin agus ag cur i gcoinnibh an drochmhianaig sin. Má léighean sí leabhair
bhreághtha Béarla agus iad lán de dhíchreideamh bíon an Béarla breágh san ag cabhrú leis an
ndrochmhianach a bíon istig inti agus is anadheacair di, ach le grásta Déi, cur i gcoinnibh na
leabhar agus i gcoinnibh an drochmhianaig i n-aonfheacht.



Bhíos féin anso sa choláiste seo tímpal deich mbliana agus dachad ó shin. Is cuímhin


L. 5


liom go maith an t-uathbhás a thagadh orm nuair a h-ínstí dhom conus mar a bhíodh daoíne léigh-
eanta an uair sin ag cumadh agus ag sgrí' leabhar Béarla agus ghá gcur amach, ghá chur 'n-a
luíghe ar an t-é a léighfadh na leabhair ná raibh Dia ann i n-aon chor! Bhíodh an chaint ins na
leabhraibh sin ar áilleacht an domhain. Bhíodh, ba dhóic le duine, draoídheacht éigin ar an gcaint
i dtreó gur bheag ná go gcaithfadh duine géille dhi i gcoinnibh a thoile agus i gcoinnibh a thuisgiona,
bhíodh sí chómh h-áluinn, chómh bríghmhar, chómh taithneamhach san. Do buailthi isteach am aigne féin,
nuair a léighinn cuid di go raibh an mac mallachtain ag séide go láidir fe'n t'é a sgríbh í.



Is cuímhin liom, leis, tamal 'n-a dhiagh san, nuair a bhíos tagaithe amach as an gcoláiste
agus gnó sagairt agam á dhéanamh, go raibh na leabhair bhreághtha, dhíoblaídhe sin ag déanamh
díobhála go daingean, 'n-a gcreideamh, do chuid d'ár ndaoíne féin anso i nÉirinn. Ní
leogaidís ortha é. Thugainn fé ndeara, ámhthach, go mbíodh an nimh tar éis dul isteach sa n-aigne
acu, nimh an díchreidimh sin atá sa Bhéarla.



Ansan, fiche bliain ó shin nú mar sin, do thusnuigheadh ar an obair. Obair chruaidh
ab eadh í. Obair i gcoinnibh an chnuic ab eadh í. Agus fé mar a chuaidh an obair ar aghaidh
is amhlaidh a bhí an cruadhas ag dul i mbreis agus an cnuc ag dul i ndéine. Tá ag méadú
ar an gcruadhas fós féin, agus is i ndéine atá an cnuc ag dul, i n-aimhdheoin ár ndíthil. Ach
tá mórán tairbhthe 'á dhéanamh agus tá morán tairbhthe déanta. I n-inead ceann-fé bheith ar
dhuine anois mar gheall ar a rádh gur a' Gaeluinn a fuineadh é is amhlaidh atáthar ag maoídheamh
as. Táid daoine ag féuchaint siar airís chun na h-aimsire atá imighthe, ag piocadh eóluis suas
i dtaobh a sínsear, agus meas ag teacht acu ortha féin nuair a chíd siad an fhírinne .i. gur
shínsear uasal iad mar gur dhéineadar gníomhartha a bhí uasal. Na daoíne a bhíon ag féuchaint
siar ar an gcuma san is dóichíghde nách baoghal go ndéanfid siad féin anois aon rud a bhainfadh
ó chlú an tsínsir sin. An mhuíntir a bhíon ag féuchaint siar ar an gcuma san ní fhéuchaid
siad i n-aon chor ar na leabhraibh breághtha Béarla úd go bhfuil anál an Áirseóra fútha. Ní
bhíon an uain acu chuige. Ní h-ortha a bhíd siad ag cuímhneamh ach ar leabhraibh Gaeluinne.
Sin tairbhthe déanta ag obair na Gaeluinne, agus ní tairbhthe ró bheag é bíodh gur i gcoinnibh
an chnuic a deineadh é agus go raibh mórán ag magadh féi ar feadh tamail mhaith - agus go bhfuil
fós, b'fhéidir. Cuid de'n tairbhthe iseadh so. Daoíne óga go raibh draoídheacht díchreidimh na
leabhar Béarla tar éis raint díobhála dheanamh d'á gcreideamh tamal ó shin, tá an obair seo
na Gaeluinne tar éis na díobhála san do chur ar neamhnídh. Agus, rud is mó d'iongna 'ná
an tairbthe sin féin, tá an tairbhthe déanta dhóibh a gan fhios dóibh! Moladh go deó le Dia!



Ach an focal so atá agam le rádh libhse féin agus go bhfuil an t-áthas go léir orm mar
gheall ar an gcaoi a bheith agam air, níor thánag chuige fós. Táim ag teacht anois chuige. Na
daoíne a bhí óg a ndóthin fiche bliain ó shin táid siad ag dul i n-aoís um an dtaca so. Na
daoíne a bhí raint aosta an uair sin táid siad aosta go maith anois. Na daoíne atá ag
déanamh na h-oibre le fiche blian, bídís óg nu aosta, ní foláir dóibh bheith ag imtheacht sar a
gcuirfid siad puínn eile aimsire dhíobh. Cé dhéanfidh an obair ansan? Cé 'tá chun na
h-oibre dhéanamh ansan ach sibhse? Agus ní dóich liom go deimhin, gur miste an obair a bheith
d'á fágáilt oraibh. Measaim féin go bhfuil anso anois am láthair agam plúr éirime aigne
na hÉirean. Conus a cruinnígheadh anso sibh? Ní deacair a dh'ínsint. Do toghadh, ar dtúis,
as an líntíghe, an mac dob fheár éirim aigne agus do cuireadh ar sgoil é. Ansan do toghadh,
as an sgoil, raind des na buachailíbh ab fheár éirim aigne, agus do cuireadh isteach i sgoil a
bhí nib' aoírde iad. Ansan do toghadh, as an sgoil árd san an chuid des na h-ógánaigh ba
ghéire íntileacht agus ba mhó eólus, agus do cuireadh isteach sa cholaiste seo iad. Táid siad
ansan anois os mo chómhair. Sin mar a toghadh iad agus sin mar a tugadh ansan os mo chómhair
iad. Taisbeánan an toghadh a deineadh ortha gur b'iad plúr macra na h-Éirean iad chómh fada
agus a théidhan íntileacht agus eólus agus éirim aigne. D'á bhrígh sin, a mhacra Éirean, is
anuas i mullach an chínn oraibhse abheidh mar oibligáid feasta an Ghaeluinn a chimeád beó i
n-Éirinn. Agus mar a deirimís fadó sa tsúgradh



"Má gheibhan mo bhirín bás
"Idir do dhá láimh
"Beidh an trom trom ort


L. 6


Má gheibhan an Ghaeluinn bás idir bhúr lámhaibhse beidh an "trom trom" go daingean
oraibh. Ní h-aon "trom" amháin a bheidh oraibh, ámhthach, ná dhá "throm." Beidh fiche "trom"
oraibh.



Nuair fhéuchaimidne siar anois ar sheanachus na h-Éirean agus nuair a chímíd a
luighead bac a bhí ar mhuíntir na h-Éirean, dá mba mhaith leó é, almhúraig iasachta do dhíbirt
as an oilean so aon lá i n-aon chor ó'n lá a buaileadh cath Chluantairbh go dtí lá brise Cheann
tSáile, bíon diombág orainn agus ceannfé agus fearg. "Ó" a deirimíd, "cad 'n-a taobh
nár chuir muintir na h-Éirean le chéile i gcoinnibh a namhad!"



Má leogtar do'n Ghaeluinn anois imtheacht as an saoghal tiocfidh lá n-a dhiagh so agus
déarfidh sliocht na ndaoíne atá beó indiu; "Ó cad é an donus a bhí ar mhuíntir na h-Éirean
nár chimeád a gcaint féin agus í sgaoíle chúghainn anuas agus gan sinn a bheith mar atáimíd
gan ár gcaint féin againn 'ná aon chaint eile againn ar aon tslacht!"



Anois an t-am agaibhse a Mhuíntir Cholum Cille Naomhtha, chum machtnaimh a dheanamh
air sin. Déinig an machtnamh, agus déinig an obair, agus bíodh an Ghaeluinn beó i n-Éirinn
de dheasgaibh na h-oibre sin, an fhaid a bheidh uisge ag ruith agus féar ag fás. Ansan' beidh
saidhbhreas aigne agus saidhbhreas íntileachta agus saidhbhreas tuisgiona agus saidhbhreas
léighinn, agus tar gach saidhbhreas eile, saidhbhreas creidimh, sa n-oileán so na h-Éirean, agus
i dteanta grásta Déi, béidh a bhuidhchas san oraibhse.



Ní'l a thuile agam le rádh, ach go bhfuilim ana bhuidheach de'n ollamh uasal, Uachtarán
an tíghe seo, mar gheall ar gur thug se an chaoí dhom ar theacht anso anocht chun an méid cainte
do rádh. Táim ana bhuidheach dé, leis, mar gheall ar gur thug se an t-ollamh léigheanta Cúnó
Meyer anso i n-aonfheacht liom. Táim fé chomaoíne mhór ag Cúnó Meyer le mórán aimsire.
Mórán blianta ó shin do cídhinn i n-Irisleabhar na Gaeluinne blúirí beaga de Ghaeluinn
a bhí ana sheanda agus míniú déanta ortha i dtreó gur fhéadas iad do thuisgint. Tá a lán
de'n obair atá déanta agamsa ná beadh aon bhreith agam ar a dhéanamh mura mbéadh an míniú
san ar an seana Ghaeluinn sin. Mura mbeadh Cúnó Meyer ní bhéadh an míniú san le fághail
agam. Táim, d'á bhrigh sin, ana bhuidheach dé.



Táim ana bhuidheach, leis, d'bhúr n-Uachtarán mar gheall ar an ollamh óg so ar mo láimh
dheis anso, do thabhairt ann .i. Osborn óg Ua h-Amhairghin. Tá aithne agam air le mórán
blianta. Chuireas aithne air i gCorcaig fadó nuair a bhí Séadna ag teacht amach sa
n-Irisleabhar. Tá féasóg air anois. Ní raibh aon ruibe féasóige air an uair sin. Mura
raibh an fhéasog ar a ghial bhí an inichinn istig n-a cheann. Ní túisge chuireas aithne air 'ná mar
a chonac go raibh. Ní'l aon chor dár chuir sé dhé ó sin nár thaisbeáin dom nár dheineas dearmhad
sa sgéal. Táim ana bhuidheach mar gheall ar é bheith anso ar mo dheis agam anocht.



Táim ana bhuidheach d'bhúr n-Uachtarán cualachta, an t-Athair Gearóid Ua Nualláin, mar
gheall ar theacht anso sa cathaoír sin ag déanamh stiúruighthe orainn go léir agus mar gheall
ar an gcómharle bhreágh Ghaeluinne atá tabhartha dhúinn age.



Ach sibhse! Is oraibhse atá mo bhuidhchas ar fad. Táim buidheach díbh mar gheall ar gur
dheinbhúir foidhne liom agus gur éistbhúir chómh cneasta leis an méid a bhí le rádh agam libh.
Tá súil agam go mbeidh Dia agus daoine buidheach díbh mar gheall ar an obair a dhéanfidh
sibh do'n Ghaeluinn an fhaid is toil le Dia na Glóire sibh fhágailt ag déanamh na h-oibre. Is
oraibhse atá mo sheasamh i gcóir na h-aimsire atá ag teacht. Do réir mar atá obair déanta
agaibh go dtí so measaim nách miste bheith ag brath oraibh. Tá Dia na Glóire, agus Muire Mháthair,
agus Colum Cille Naomhtha ag féuchaint anuas oraibh. Déinig an obair seo anois ar an slígh
is feár a thuíllfidh daoíbh moladh dh'fhághail ó Dhia na Glóire agus ó Mhuire Mháthair agus ó
Cholum Cille féin, nuair a glaodhfar suas oraibh."



Do labhair Kuno Meyer leis, agus sidé an chaint thug sé, do réir mar bhí cúntas air
isna pápéiribh.


L. 7


Annsan do thug an tAimhirgíneach comhairle ár leasa dhúinn, .i. leanmhaint d'obair na
Gaedhilge acht go háirithe d'obair na mbuidhean nGaedhilg agus an Ghaedhilg do labhairt ins
gac aon bhall. D'iarr sé ar a raibh láithreach gan a bheith ró-dhian air, toisg gur dhein sé
Gaedhilg an Chéitinnigh do leanmhaint nuair bhí sé ag tosnú ar an nGaedhilg do sgrí - ní raibh
Niamh ná Séadna ná An Craos Deamhan ann an uair sin, mar atá anois, agus ní gá anois aithris
a dheunamh ar an gCéitinneach.



Dubhairt an tAthair Gearóid gor a scríbhinnibh an Athar Peadar dfhoghluim sé a chuid
féin Gaedhilge.


L. 14


Lucht lag-mhisnigh, lucht leisge,
agus
an dream dícheallach



Caithfear a admháil go bhfuil a lán dá
dhéanamh ar los na Gaedhilge ar fuid na
hÉireann le tamall. Acht más dóigh le
duine ar bith gur leór saothar na dtrí
nó na gcúig mbliadhain ndeág so ghabh tharainn,
tá dearmhad ar an nduine sin. Dá mhéid
atá dá dhéanamh leis an méid sin aimsire,
tá gádh le tuilleadh. Dá mhéid atá déanta
cheana tá a dhá oiread, - ní headh, acht a thrí
seacht n-oiread - gan déanamh fós. Tá oiread
san le déanamh fós nach beag de ghnó dá
bhfuil againn ann é dhéanamh i n-aon chor,
gan trácht ar é dhéanamh go beacht. Tá daoine
ann fós, - agus ní ró-bheag an dream iad, -
agus is dóigh leo, i n-aimhdheoin an tsaothair gho
léir, nach fiú d'aoinne bheith ag dul le Gaedhilg,
agus nach féidir d'aoinne an Ghaedhilg do chur
dá labhairt ag Gaedhlaibh go deo. Do bheadh
sé chomh maith againn, dar leo, bheith ad iarraidh
gad do chur le gainimh, is bheith ad' iarraidh
na Gaedhilge do chur i mbéal daoine in aon
bhall i nÉirinn lasmuigh de'n Ghaedhealtacht.
Ní hamhlaidh is dóigh leo ná gur mór agus
gurb éachtach an méid oibre atá déanta.
Acht is é chuireann an t-éadóchas ar fad ortha
a theirce toradh atá le feiscint i n-aimhdheoin
an tsaothair gho léir. Dream gan misneach
an dream san, muran dream droch-mhéine
iad. Agus pé 'ca dream lag-mhisnigh nó dream
droch-mhéine iad, is deimhin nach ró-thuisgionach
an dream iad. Ní thuigid siad cúrsaí
teangan d'aithbheodhughadh. Chíd siad an síol
dá chur, acht annsan nuair ná tagann an
geamhar glas os cionn talmhan láithreach,
agus caoi a bheith aca ar an arbhar do bhuaint
agus do bhualadh agus do chur ar an margadh
laistigh de'n aon lá amháin, briseann ar an
bhfoidhne aca, agus "O" adeirid siad, "ní
beag linn é mar obair: do chuirfeadh sé ar
buile thú agus a mhoille a ghluaiseann sé:
táimíd bréan de!"



Seadh, bíodh agaibh a lucht an lag-mhisnigh.
Más bréan de'n obair atá sibh, táimíd-ne
bréan díbh-se agus d'bhar gcainnt agus
d'bhar ngearán. Is breágh an rud an fhoidhne;
acht níl an fhoidhne agaibh-se chum feithimh leis
an bhfoghmhar. Más eadh tiocfaidh an foghmhar
i naimhdheoin bhar neamh-fhoidhne. Bainfear an
t-arbhar i nbhar n-éaghmais. Má gheibheann
sibh bás de'n ghorta bíodh orraibh féin. Dá
luighead a cuimhneochthaí orraibh ná ar bhar
gcainnt b'fhéidir gurbh amhlaidh ab'fhearra dhúinn
é. Acht dá mhéid ba mhian liomsa gan cuimhneamh
orraibh caithim cuimhneamh orraibh. Ní bhíonn
leigheas agam air. An té go bhfuil seirbhthean
air, do gheibhtear blas an tsearbhais ar a
smuaintibh. Admhuighim go gcuireann bhar
gcainnt seirbhthean orm, agus ní deirim
ná go gcuireann sí fearg orm uaireannta
i dteannta an tseirbhthin. Acht is minicighe
ná aon taobh aca a chuireann sí ag gáiridhe
mé, agus ag déanamh iongna dhíbh agus d'bhar
gcainnt mhí-náirigh. Agus ar Éirinn ní
fhéadfainn a innsint cia'ca is mó an seirbhthean
nó an fhearg nó an fonn gáiridhe sin.
"Greadadh chughaibh, a shloigisg fhallsa an uilc,"
adeirim libh im' aigne, "nach orraibh atá an
éirghe-in-áirde agus an dith-céille! Lucht
na Gaedhilge ag déanamh a gcroidhe dhíchill chum
na hoibre dhéanamh, agus sibhse, i n-ionad bhar
gcion féin de'n obair a dhéanamh, in bhar
seasamh go seasgair ar an gclaidhe, ag
stealla-mhagadh fútha agus ag déanamh gach
aon tsaghas díchill chum na hoibre do lot,
agus chum droch-mhisnigh do chur ar na fearaibh
tréana atá ag déanamh na h-oibre! "Do
dhuine gan náire is usa a ghnó a dhéanamh."
Is fíor do'n tseanfhocal. Acht tá focal eile
na thaobh san agus tá cuid de'n fhírinne ann
leis. Is é focal é ná é seo: Do dhuine gan
náire is usa gan aon ghnó a dhéanamh agus
na theannta san gan a leigint dá chomharsain


L. 15


a ghnó a dhéanamh. Sin mar atá an sgéal ag an
lucht so an lag-mhisnigh. Ní h-í cabhair an
lobhair * is mian leo. Ná ní mian leo a leigint
do'n lobhar, dá laige é, nó dá chruaidhe atá
an chabhair ag teastabháil uaidh, an chabhair
a thabhairt dó féin, ná a h-iarraidh ar Dhia na
glóire. Agus dá mb'é Dia na glóire féin
é, ní leigfidís dó - dá mb'fhéidir leo é, -
cabhrughadh linne san obair seo na Gaedhilge.
Bíonn faobhar ar a nguth agus iad ag trom-
aidheacht ar an nGaedhilg, agus ar a mbaineann
léi, idir leabhraibh agus láimh-sgríbhinníbh
agus daoinibh. Is beag é a gcuid eolais ar
aoinnidh dá mbaineann leis an nGaedhilg,
agus dá luighead é an t-eolas san, is eadh
is déine a dheinid siad an tromaidheacht
uirthi. Is éagsamhlach na daoine iad. Ní
heasba oideachais fé ndeara dhóibh gan
béasa níos fearr a bheith aca. Sagairt is
eadh cuid aca - cuid ana-bheag, buidheachas
le Dia. Lucht leighis is eadh tuilleadh aca.
Lucht dlighe is eadh roinnt eile aca. Ba
cheart dá leithéid a thuisgint gur náire dhóibh
gan meas a bheith aca ar a dteangain duthchais.
Ba dhóigh leat ar a fhaid aimsir do chaitheadar
ag claoidhe le foghluim go mbeadh an méid
sin, an chuid ba lugha dhe, foghlumtha um an
dtaca so aca. Acht níl. Nó má tá, tá buile
fuatha do'n Ghaedhilg ortha agus tá buaidhte
ag an mbuile sin ar an misneach aca. Seadh,
agus tá buaidhte ag an ndánaidheacht ar an
náire aca, agus dáltha na foghluma tá buaidhte
glan ag an bhfallsacht agus ag an bhfeill
uirthi.



Feall, agus fallsacht agus fuath do'n
Ghaedhilg! Sin iad na trí neithe atá ghá lot.
Is ar a n-aigne is truime luigheann an lot
san. Tá a n-aigne chomh mór san loitthe
caochta ag na trí neithibh sin, nach féidir
leo a mheas go bhfuil aon fheabhas ag gabháil
leis an nGaedhilg, ná gur teanga foghanta
ar aon tsaghas cuma í. Agus is é an taobh is
measa de'n sgéal, gur lot gan leigheas an
lot so. Ní féidir é leigheas choidhche nó go
gcuirfear na luighe ar a n-aigne dhóibh go
gcaithfidh lucht na Gaedhilge buadhachtaint
ar na Béarlóiríbh i ndeireadh na dála. B'fhéidir
annsan go dtiocfadh a gciall dóibh. "Níl
sprid ná púca gan fios a ghnótha aige féin."



*Cf. Wb. 16a31. is gnáth do cobir cach lobir
hifochidib.



Tá fios a ngnótha go háluinn ag an lucht
so an lag-mhisnigh. Is é an t-aon ghnó amháin
atá ag déanamh buartha dhóibh cóir bhídh agus
dighe, agus caoi ar chodladh, do sholáthar
dóibh féin. Deirtear nach féidir bheith ag
cainnt is ag cogaint. Acht tá an focal so
sáruighte ag an lucht so an lag-mhisnigh. Bíd
siad ag cainnt is ag cogaint i naonfheacht.
Bíd siad ag ól is ag ithe agus ag caitheamh
aimsire, agus dá mhéid ólaid agus ithid,
dá mhéid caitheamh aimsire a bhíonn aca, agus
dá mhéid maoin agus mór-mhaitheas an tsaoghail
a bhíonn aca, gan spleadhchas d'aoinne, is eadh
is aoirde agus is dána a labhraid siad. Ní
haon iongnadh seirbhthean agus fearg agus
fonn gáiridhe do theacht ar aoinne bheadh ag
féachaint ortha nó ag éisteacht leo. Ní haon
iongnadh dá mba ortha bheadh ár seasamh chum
na hoibre a dhéanamh go mbeadh an obair
gan déanamh. Bheadh sé fuar againn bheith
ag brath ar a leithéid chum cabhruighthe linn san
obair. Acht ní hortha, buidheachas le Dia,
atá ár seasamh ná ní hortha atáimíd ag brath
chuige.



Táid siad go dona gan amhras, an lucht
so an lag-mhisnigh, acht dá olcas iad tá dream
eile annso i nÉirinn fé láthair agus ní
fheadar ná gur seacht n-uaire níos measa iad!
Isé ainm do bheirimse ortha ná lucht liobarnach
na leisge. Tá a mhalairt de phort aca munab
ionann is port an chéid-dreama. Ní misde
d'aoinne misneach a bheith aige. Acht is amhlaidh
atá an iomad de aca so. Tá oiread san
misnigh aca go ndeabhruigheann an sgéal ná
fuil slighe aca d'aon deigh-thréith eile dá
n-oirfeadh do thaoiseach catha. Is breagh an
rud an misneach gan amhras. Acht an té a
bheadh ag brath ar thairbhe an mhisnigh d'fhagháil
ní fuláir dó neart a bheith aige do réir an
mhisnigh. Misneach gan neart dá réir, is
cuma é nó claidheamh gan curadh chum a
bheartuighthe. Tá neart i n-easnamh ar an
lucht so na leisge, - neart aigne do mheasas
a rádh. Dar le lucht an lag-mhisnigh níl aon
mhaitheas sa nGaedhilg, agus dá mbeadh féin,
ní fhéadfaí í chur dá labhairt ag Gaedhlaibh go
deo. Tá a mhalairt ar fad de thuairim ag
an lucht so na leisge. Dar leo ná fuil aon
mhaitheas i naon rud acht san nGaedhilg, agus
dá mbeadh féin, nár cheart do'n Ghaedheal
féachaint ar an dtaobh de'n bhóthar n-a mbeadh
an rud san dá fheabhas é. Tá an chéad dream


L. 16


ar buile le fuath do'n Ghaedhilg. Tá an dara
dream ar buile le grádh do'n Ghaedhilg.
Agus - "Ní measa Cáit ná Conchubhar."
Más galar gan náire an grádh, ní dócha go
raibh grádh ar bith ag aon Chríostaidhe riamh
ba lugha náire ná an grádh so do'n Ghaedhilg
atá na dhomblas agus na dhian-ghalar ar an
lucht so na leisge do luadhas. Táid siad
múchta caochta curtha ar buile aige. Ní
bhfaghaid siad blas ar aoinnidh seach is ar an
nGaedhilg. Agus is é taobh an ghalair is
greannmhaire, gan iad a bheith acht ar uathadh
eolais ar an nGaedhilg. Moladh gan tuilleamh
gan tuisgint an moladh a bhronnaid siad
uirthi. "Mol an óige agus tiocfaidh sí."
Is maith an focal é sin, agus is fíor. Acht
níor mhisde brigh i mbun molta. Dá ársacht
í an Ghaedhilg is minic ná bíonn brigh ná
bunadhas ná ciall leis an moladh thugtar di.
Ní fearrde í a leithéid sin de mholadh. Más
fíor ná faghtar saoi gan locht ní haon iongnadh
a lochta féin a bheith ar an nGaedhilg.
Admhuightear na lochta sin go fonnmhar.
"Magna est veritas et praevalebit." Ní
misde do'n Ghaedhilg, acht chomh beag le haoinnidh
eile, an fhírinne innsint na taobh. Ní innsid
lucht na leisge an fhírinne nuair ná taithneann
an fhírinne leo. Is amhlaidh a dheinid siad
a ndícheall chum í cheilt ortha féin agus ar an
saoghal. Acht ní hí ceilt na fírinne amháin
a tharraingid siad chúcha. Innsid siad bréag
anois is arís. Cuirid siad i gcuimhne dhom,
sgéal d'ár airigheas uair i dtaobh duine
áirighthe a bhí ag trácht ar Shakespeare agus
a chuid dráma. In iarthar Ameiriocá thuaidh
ab eadh é. Sé rud a bhí ag an bhfear so 'á
phléidhe ná cia 'ca Shakespeare nó Bacon
do sgríobh na drámanna úd. Dubhairt sé
féin gurbh é Shakespeare é. "Agus do
bhéarfad," ar seisean, "soluíd dhíbh anois ar
a fheabhas a bhí Shakespeare chuige. Cuid de'n
dráma gur teidiol dó "Othello" é seo."
Annsan thug sé blúire "aithriseoireachta"
dhóibh: -



"The boy stood on the burning deck
Whence all but he had fled;
The flames that lit the battle's wreck
Shone round him o'er the dead,"



agus mar sin dó. Nuair a bhí sé críochnuighthe
aige do phreab 'n-a shuidhe duine d'á raibh ag
eisteacht leis.



"Airiú, a dhuine," ar seisean leis, "Tá 'fhios
ag an saoghal nár bhé Shakespeare a sgríobh
an fhilidheacht san i n-aon chor. Is ó Bhoston
domh-sa, agus táim lán-deimhnightheach nárbh é
Shakespeare a dhein é."



"Bíodh ciall agat," arsa fear na
h-aithriseoireachta, "féadfad-sa a chur na
luighe ort gurbh é."



"Ní fhéadfá," arsa'n Bostonach.



"Féadfad go deimhin," arsa'n chéad fhear,
agus siúd síos chuige é.



Do rug sé greim docht ar an sgórnaigh air,
agus "Cia sgríobh an fhilidheacht san?" ar
seisean.



"Shakespeare, Shakespeare," arsa'n fear
eile gan moill, agus é leath-tachttha.



"An bhfuilir lán-deimhnightheach de," arsa'n
t-aitriseoir, agus a lámh ag teannadh ar an
sgornaigh aige.



"O! táim, táim," arsa'n Bostonach bocht,
agus é i ndeireadh an anma le h-easba anála,
"ná feaca-sa lem' shúilibh cinn é ghá sgríobhadh!"



Is mar sin do'n lucht so na leisge. Teanga
liom leo gach mac máthar aca. Deirid siad
de ghnáth an rud is dóigh leo a thaithneochaidh
le na lucht éistighthe. Deirid siad gurb í an
Ghaedhilg an teanga is binne agus is bríogh-
mhaire agus is uaisle dá labharthar, agus gan
aon phioc dá fhios aca cia 'ca is í nó nach í!
Deirid siad ná fuil teanga ar dhruim domhain
chomh suarach chomh neamh-bhríoghmhar chomh gránda
leis an mBéarla, - agus gan aon eolas aca
ar liteardhacht na Sasanach! Bíd siad lán
tsásta leo féin má éirigheann leo fiche focal
Gaedhilge d'fhoghluim laistigh de'n bhliadhain.
Acht is minic ná bíonn an fiche focal féin aca
de bhárr a saothair. Is minic ná bíonn aca
acht "Dia dhuit" nó "Dia's Muire dhuit,"
agus ní bhíonn an méid sin féin aca acht go
suarach. Is amhlaidh bíonn an iomad de bhruid
moltha na Gaedhilge ortha chum a leigint dóibh
fiú aon fhocailín amháin di dh'fhoghluim. Na
leabhair atá againn molaid siad go hárd iad.
Molaid, - acht ní léighid. Ní fhéadfaidís
a léigheamh. Má táthar ag cur síos ar
sgríbhneoir áirithe léimid siad le neart áthais.
"O" adeirid siad, "tá sean-aithne agam
air sin. Nach breagh an fear é! Nach cliste
an sgríbhneoir é!" Agus annsan innsid siad -
'na rún - dod' chluais go bhfuil so nó súd 'á
scríobhadh anois aige, agus gur gearr an


L. 17


mhoill air cló do chur ar an leabhar, - agus sin
Éire saortha ar smacht na n-Allmhúrach nuair
a gheobhmíd an leabhar! Acht ní bhfaghaid siad
féin é i ndeireadh na dála, - muna bhfaghaid
siad i n-aisge é! Seadh, bíonn ró-ruith chainnte
aca, agus bíonn fios gach rúin dá mbaineann
leis an nGaedhilg aca, nó muna mbíonn
ceapaid siad sgéal agus scaipid siad "'na
rún" é ar fuid na dúithche, i dtreo gur
dóigh le n-a lán daoine gurb iad an lucht so
na leisge is bun agus barr do'n obair go léir.
Acht is iad is mó atá ag cosg na hoibre, iad
féin agus an lucht úd an lag-mhisnigh.



Acht an leigfear dhóibh an obair do chosg
feasda? Tá súil agam ná leigfear. Tá
dream nach iad annso i nÉirinn, agus bíodh
nach deacair iad a chomhaireamh, tá an chuisle
láidir aca, agus misneach an leomhain ionnta,
agus eolas ar riaradh chatha aca. Agus mar
bharra ar gach sonas, tá fonn troda ortha,
agus faill aca air leis. Ní theipfidh ar a
ndícheall, le congnamh Dé, an buaidh do bhreith
ar an namhaid i ndeireadh an choimheasgair.
Acht is fada fós uainn deireadh an choimheas-
gair. Is mó cath millteach caithfear a bhualadh
fós sul a gcuirfear lucht an lag-mhisnigh
agus na cainnte gan chéill na dtost.
Is mó rud atá i n-easnamh orrainn fós in
aghaidh an chogaidh. Teastuigheann uainn, thar
gach nidh eile, taoisigh thréana tuisgionacha
chum ár sluaighte do chur i dtreo chogaidh agus
chum ár ndaingne do choimeád i dtreo chosanta.
'Siad taoisigh ba chóir a bheith orrainn ná
na sagairt. Is iad is mó cumhacht i measg
an Phobuil Ghaedhealaigh. Is iad is mó tuisgint
agus is fearr léigheann agus foghluim, agus
ba cheart go mba iad ba mhó grádh do Ghaedhlaibh
agus do'n Ghaedhilg. Is éachtach a bhfuil de
shagartaibh i nÉirinn. Dá ndeinidís go léir
cur le chéile ar mhaithe leis an nGaedhilg
níor bh'fhada go mbeadh an lámh uachtair ar
an neamh-uaisleacht aca. Níor bh'fhada go
mbeadh an uaisleacht bhréige curtha ar neamhnidh
aca, agus a ceart féin tabhrtha aca do'n
fhíor-uaisleacht. Acht féach, a shagairt
nó a adhbhair shagairt, má taoi-se ag cuimhneamh
ar bheith id' thaoiseach ar an bpobul Ghaedhealach
ní fuláir duit tú féin d'ullmhughadh chuige
roim ré. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb,
ná ní hí uair an chatha uair an fhaobhair do chur
ar na claidhmhtibh. Ní fuláir duit sé neithe
do bheith agat i n-aghaidh lae an choimheasgair.
Eolas ar an nGaedhilg an chéad nidh aca.
Aoinne ná tuigeann feabhas na Gaedhilge,
ní fhéadfaidh sé bheith dícheallach ná díogh-
raiseach ghá mholadh do dhaoinibh eile í dh'fhoghluim.
"Medice, sana teipsum," adéarfar leis más
toil leis a chur d'fhiachaibh ar a chomhursain rud
a dhéanamh ná deineann sé féin. D'oirfeadh
do'n tsagart, thar aoinne eile, eolas cruinn
ceart a bheith aige ar an nGaedhilg. Gan an
t-eolas sin a bheith aige ní fhéadfaidh sé a
dhualgas sagairt do chomhlíonadh go hiomlán.
Beidh cúram na scoile air, cuirim i gcás.
Más eadh, cá bhfios dó cionnus a beifear
ag múineadh na Gaedhilge más rud ná beidh
focal di aige féin. Ní ar fóghnamh a múintear
an Ghaedhilg go minic. Is mó lúb ar lár
a bhíonn ar obair na scoile a gan fhios do'n
tsagart nuair ná tuigeann sé an Ghaedhilg.
Is mór an truagh é sin, agus is mór an
náire. Acht is mó seacht nuaire an truagh
agus an náire agus an éagcóir é nuair ná
féadann an sagart seanmóin a thabhairt a
Gaedhilg do'n phobul Dia Domhnaigh, agus
gan ar chumus an phobail an Béarla do
thuisgint acht go suarach. Agus gan san
do chur san áireamh in aon chor, aon tsagart
go bhfuil aon eolas aige ar stair na
nGaedheal nach mór an náire dhó gan a dhícheall
a dhéanamh chum teangan na nGaedheal a bheith
ar a thoil aige!



Rud anariachtanach iseadh an t-eolas so
ar an nGaedhilg. Acht ní hé an t-aon rud
amháin é. Is mó duine go bhfuil eolas maith
go leor aige ar an nGaedhilg agus gan a
chomthrom de mheas aige uirthi. Is greannmhar
san, agus is deacair a thuisgint. Acht tá a
leithéid ann agus deinid siad a lán díoghbhála.
Is olc an rud meas ag duine ar an nGaedhilg
agus gan aon eolas aige uirthi. Sin é meas
an lucht úd na leisge. Acht is measa go
mór eolas ag duine uirthi agus gan de mheas
aige uirthi acht droch-mheas. Má bhíonn
an t-eolas cruinn ceart agat uirthi ní féidir
an an meas cóir a bheith agat uirthi leis.
Tá an dá rud ag teastabháil uainn. Is
fearrde an t-eolas an meas, agus is móide
an meas an t-eolas. Ní gádh meas mío-
chuibhsach ag aoinne uirthi. Meastar í do réir
na fírinne, agus ní baoghal di.



Is mór an nidh an t-eolas sin, agus meas
do réir an eolais. Acht ní leor san don
tsagart. Sé an t-aodhaire an sagart, agus


L. 18


aithnigheann sé na caoirigh, nó ba cheart dó
iad d'aithint. Tá fhios aige gur leis féin
iad agus nuair a chíonn sé an machtíre ag
teacht chum foghla dhéanamh ar na caorchaibh
tabhrfaidh sé leis iad ón machtíre, agus
éistfid siad le na ghlór, agus saorfar iad.
Is mó machtíre atá ar tí na gcaorach annso
i nÉirinn. Táid siad chughainn na míltibh go
nimhneach agus fonn foghla an Chreidimh ortha.
Is mór í cumhacht na Gaedhilge na gcoinnibh
súd. Sé an t-aodhaire fóghanta - an sagart
Gaedhealach - thuigeann an méid sin agus
déanfaidh sé beart do réir na tuisgeana san.



An ceathramhadh rud atá riachtanach eolas
cruinn doimhinn ceart ar stair na hÉireann.
Níl mórán de'n stair sin dá múineadh fé
láthair i scoileannaibh Éireann. Acht caith-
fear í mhúineadh. Caithfidh an sagart a chur
d'fhiachaibh ar na múinteoiríbh í mhúineadh.
Muna mbeidh meas aige féin ar an stair, -
muna dtuigfidh sé a chumachtaighe atá eolas
na staire chum deagh-nós nua do chumadh agus
chum na sean-nós do choiméad gan dul i
ndío-chuimhne agus i ndearmad, ní chuirfidh
sé aon tsuim sa sgéal, agus is baoghal
go dtabharfar faillighe ar fad ann.



Ba mhaith an bhail ar aoinne na cheithre neithe
sin do bheith aige. Acht dá mba rud féin go
mbeidís agat, níor mhisde dhuit dhá rud
eile do lorg. 'S iad dá rud iad san ná na
cheithre neithe sin do chur i bhfeidhm go daingean
ar an bpobul Ghaodhlach, agus sagairt agus
mic léighinn bheith ag cur le chéile chuige sin ó
thúis deireadh na bliadhna. Tá daoine ann
agus bíodh go dtuigid siad an sgéal go
h-áluinn, coiméadaid siad chúcha féin é.
Bíonn na cheithre neithe sin aca, acht ní dheinid
siad feidhm díobh mar ba cheart. Ní sgaoilid
siad an t-eolas chum an phobail. In ionad
an tsolais do scaipeadh, is amhlaidh a chuirid
siad a gcoinneal fé phic, agus a leogaint
do'n phobul dul amudha sa ndoircheacht. In
ionad soisgéil na Gaedhilge do chraobh-
sgaoileadh, is amhlaidh fhanaid siad na dtost
agus gan de phort aca acht "Nach mór an
truagh iad na daoine bochta ná tuigeann
feabhas na Gaedhilge chum Éire do shaoradh!"
Acht na daoine bochta sin, cionnus fhéad-
faidís an sgéal a thuisgint muna n-innstear
dhóibh é. B'fhéidir go raibh an sagart féin uair
agus nár thuig sé an sgéal ró-mhaith. Níor
mhisde dhó an sgéal a mhíniughadh dhóibh. Níl
uatha acht san, chum daoine ciallmhara agus
deagh-Ghaedhil do dhéanamh díobh. Seadh,
caithfear an solas do scaipeadh. Caithfear an
soisgéal so na Gaedhilge do chraobhsgaoileadh.
Agus níl aoinne is mó caoi agus cumhacht
chuige sin ná an sagart. Táim ghá chuimhneamh
le tamall go bhféadfaí iad do dhlúthughadh
níos daingne i n-a chéile chuige. Tá Cuallacht
Chuilm Chille annso sa Choláisde agaibh, agus
nílim ghá rádh ná go ndeinid siad san obair
mhaith. Acht níor mhisde an deagh obair sin do
mhéadughadh agus do bhuanughadh. Nuair
imthigheann an "Neo-sacerdos" ón gColáisde,
is minic ná cuireann sé de shuim in obair na
Cuallachta feasda acht an t-Irisleabhar do
cheannach agus beagán de a léigheamh. B'fhéidir
uaireannta, ná deineann sé an méid sin féin.
Dá mbeadh a shamhail de Chuallacht ins gach
deoghaiseas i nÉirinn agus a shamhail d'obair
ar siubhal de ghnáth aca ba mhór an congnamh
do'n chléir agus do'n phobal é. D'fhéad-
faidís teacht i láthair a chéile trí no cheithre
h-uaire i rith na bliadhna, agus pé gnó a bheadh
riachtanach nó oireamhnach a dhéanamh. Agus
b'fhéidir annsan go dtiocfadh na Cuallachta
go léir i bhfochair a chéile annso sa Choláisde
uair sa bhliadhain, nó gac re mbliadhain, agus
obair na Gaedhilge do chur i gcomhairle a chéile.
Tá súil agam go ndéanfar rud éigin
do'n tsaghas san. Do choiméadfadh sé na
sagairt óga ag obair ar son na Gaedhilge,
agus b'fhearrde iad féin é sin, agus
b'fhearrde ár n-eolas ar an nGaedhilg é.
Nuair a déanfar é, annsan iseadh bheidh an
dream dícheallach dáríribh againn, agus
annsan iseadh cuirfear an lucht úd an
lag-mhisnigh agus an lucht úd na leisge na
dtost. Agus ba ghádh san!


L. 55


Cath Eachdroma



Is iomdha cogadh agus troid mhór a bhí i
n-Éirinn idir na Gaedhil agus na Sasanaigh
ó'n am a thug an fealltóir Diarmuid Mac
Murchadha anall chugainn iad, acht is cosamhail
nach raibh aon chogadh díobh ní ba fhearamhala,
misnigheamhla, agus b'fhearr a thaisbeán
spreacadh agus lúth agus neart na nGaedheal,
ioná an cogadh mór a bhí ar siubhal i n-Éirinn
i ndeireadh na seachtmhadh h-aoise déag. Tá
fhios ag an saoghal gur thug muinntir Shasana
cuireadh do'n Righ Liam, tigheacht le bheith
'n-a rí ortha, agus gur dhíbrigheadar a rí
féin - an Rí Séamus - go mór mhór mar
gheall ar an ngrádh a bhí aige do'n Chreideamh
Chaitiliceach. Tá fhios ag cách freisin an chaoi
nár thaithnigh sin le muinntir na h-Éireann,
agus gur éirigheadar amach ag troid i n-aghaidh
Liam agus gur tháinig Séamus chuca annsin
ó'n bhFrainnc, chum bheith i gceannas na h-oibre.
Chuir Liam arm mór go h-Éirinn annsin,
agus bhí cogadh ar siubhal 'sa tír seo go ceann
i bhfad. Is iomdha cath mór do cuireadh, acht
bhí an cath do cuireadh i n-Eachdruim Uí
Cheallaigh 'san mbliadhain 1691 ar na cathann-
aibh ba mhó díobh sin. Is ar an gcath mór sin
beidh trácht againn 'san trácht seo.



Le linn na h-aimsire sin, 'siad na
taoiseacha a bhí os cionn na n-Éireannach,
Franncach dárbh' ainm San Rút agus
Pádraig Sáirséal. Fear cródha calma a
bhí i San Rút, agus bhí eólas maith aige ar
gach uile rud a bhain le cogadh, acht bhí a lochta
air freisin. Fear mí-thrócaireach uaibhreach,
a bhí ann, agus bhí meas chomh mór sin aige air
féin gur shaoil sé nach raibh breith ar aoinne
air i gclisteacht, i gcéill nó i stuaim. Bhí
an Sáirséalach 'n-a shaighdúir bhreagh, calma,
uasal, cliste, agus bhí sé oilte go h-anmhaith
i gcleasaibh cogaidh na h-aimsire
deimhin, dar leis an gcuid ba mhó de na
saighdúiribh, bhí sé i n-a fhear i bhfad níos
oireamhnaighe chun airm a stiúradh 'ná San
Rút. Acht thug Séamus ceannas an airm
ar fad do San Rút, agus mar gheall ar an
sórt fir a bhí ann, choinnigh seisean an
Sáirséalach ar gcúl i gceannas an airm.
B'fhearr go mór fada leis na saighdúiribh
Gaedhealacha, an Sáirséalach a bheith ós a
gcionn, acht i n-a dhiaidh sin, throideadar go
dílis faoi'n bhfear eile. Maidir le Pádraig
Sáirséal fhéin bhí an oiread san grádha age
do'n chúis, agus an oiread san céille 'n-a
cheann, nár mhian leis troid nó easaontas
a chur ar siubhal ameasg na saighdúir agus
gábhadh le na gcumhacht ar fad leis an námhaid
a ruaigeadh as an tír.



Tá fhios ag gach aon gur chaill San Rút
Béal Átha Luain nuair nach ndéanfadh sé
comhairle an tSáirséalaigh - bhí sé chomh
huaibhreach sin i gcomhnuidhe. Acht pé scéal é,
taréis an chatha sin, chuaidh sé fhéin agus a
arm ar gcúl go Béal Átha na Sluagh ar
chaoi go mbéidis roimh na Gallaibh ar an tslighe
go Gaillimh dóibh. Bhí fonn ortha fanacht leis na
Sasanaighibh annseo, acht tháinig San Rút
ar ath-chomhairle agus chuaidh sé trí mhíle ní
ba shia fós go ráinig sé Cnoc Cille Camadain,
i n-aice le baile beag Eachdroma. Chuir na
h-Éireannaigh fútha annseo, agus bhíodar
le fanacht ann go dtigeadh Sincil (b'in é
ceannphort na nGall) agus a arm féin, ó
Bhéal Átha Luain.



Bhí na h-Éireannaigh anois ar bholg chnuic
Cille Camadain ar an taobh thoir, agus tá
fhios ag an saoghal gur bhreagh daingean an
áit a bhí aca annsin. Tá an cnoc seo
tímcheall trí chéad troigh ar aoirde agus dhá
mhíle beagnach ann ó'n taobh theas go dtí an


L. 56


taobh thuaidh. Mar adubhramar, bhí na
h-Éireannaigh agus a n-aghaidh leis an taobh
thoir, ag fanacht leis na Gallaibh. Bhí bogach
mór agus sruthán beag ag rith tré n-a lár,
ag bun an chnuic agus bheadh ar na Sasanaighibh
dul treasna na h-áite sin sul dá mbféidir
leó teacht ar an gcnoc. Áit an-bhog a bhí
ann, agus níor bhféidir le marcaigh dul
treasna i n-aon chor. Ní raibh acht dhá bhealach
ag dul treasna an bhogaigh, ceann aca ar an
taobh theas ag Urach Ríogh agus an ceann eile
ar an taobh thuaidh, 'san áit a raibh caisleán
Eachdroma. Bhí saighdúirí curtha ag San Rút
ag coiméad an dá áit seo. Bhí go leór sceach,
freisin, ag fás ar an taobh de'n chnoc ar a
raibh na h-Éireannaigh, agus nuair a bhí
saighdúirí i bhfoscadh annsin aca, féadfaí
a rádh go mba dheacair do na Sasanaigh teacht
i n-aice leó.



Bhí gach uile rud ríartha go breagh i gcóir
ag San Rút, agus thaisbeán an áit oireamhnach
a thogh sé agus an chaoi a raibh gach rud i gceart
aige, gurbh' fhear glic, cliste a bhí ann. Bhí
rún daingean aige a thaisbeánt do'n tsaoghal
mhór céard a bhí sé fhéin i n-ann a dhéanamh,
agus bhí faoi sásamh ceart a bhaint as na
Sasanaighibh mar gheall ar bhriseadh Bhéil-
Átha-Luain.



Acht do rinne sé dearmad mór an lá sin.
Níor innis sé d'aoinneach beó cérbh' iad na
cleasa a bhí faoi d'imirt an lá sin. Bhí sé
ró-phostamhail arís agus ró-dheimhnighthe ar
bhuaidh d'fhagháil gan chomhairle a ghlacadh ó
aon taoiseach eile 'san arm. Acht bhí rud eile
ann. T'réis catha Bhéil-Átha-Luain bhí
díospóireacht éigin idir é féin agus Sáirséal
agus dubhairt an Franncach i n-a aigne
go mbainfeadh sé an t-eitealladh den taoiseach
eile, dá chlisteacht é. B'é críoch an sgéil,
nár innis sé pioc do'n Sáirséalach faoi'n
slighe a bhí faoi a leanamhaint san gcath an
lá sin, acht thug ordughadh dhó dhul go dtí
áit iargcúlach d'fhaithche na troda, agus fanacht
ann go dtiubhrfaí orduighthe eile dhó.



An fhaid a bhí na h-Éireannaigh mar seo
'ghá n-ullmhughadh féin, bhí na Gaill ag teacht
fá dhéin Eachdroma go dían, dícheallach.
Tháinig an dream díobh a bhí i dtosach i n-aice


L. 57


na nGaedheal an t-aonmhadh lá déag d'Iúl,
agus an lá'n-a dhiaidh sin, an dómhadh lá déag
d'Iúl, 1691, bhí na Gaill ar fad os comhair
an airm Ghaedhealaigh ar an taobh thoir do'n
bhogach a rabhamar ag trácht air cheana. Bhí
tímcheall cúig mhíle déag saighdúir ag na
h-Éireannaigh, agus bhí ós cionn fiche míle
ag na Gallaibh. Éireannaigh ar fad a bhí ag
San Rút, mar níor thug sé saighdúirí ó'n
bhFrainnc leis nuair a bhí sé ag teacht anall,
acht 'san arm Gallda do bhí ag Sincil, bhí
Sasanaigh agus Albanaigh agus Éireannaigh
agus Franncaigh agus Lochlannaig, meascaithe
le chéile ann. Maidir le h-armáil, bhí go
leór gunnaí móra agus úirlísí catha ag na
Gallaibh, acht ní raibh acht naoi gcinn de
ghunnaibh móra ag na h-Éireannaigh.



Chomh luath agus bhí a chuid fear i gcóir ag
Sincil, thug sé órdughadh na h-Éireannaigh
d'ionnsaighe. Rinne sé iarracht i dtosach ar
ghabháil treasna an chasáin a bhí ag Urach Rí
ar a láimh chlé. Chuir sé roinnt marcach chun
seilbh na h-áite seo do bhaint de na h-Éireann-
aigh, agus 'san am chéadna, thosaigh sé ag
caitheamh piléir isteach i lár an airm Ghaodhlaigh
leis na gunnaibh móra. Maidir leis an
dream a cuireadh go dtí Urach Rí, rinneadar
troid mhaith go leór, acht mar deireann
staraidhe eicínt "ba ghairid siar ar na
Gaedhil iad," agus taréis an chuid ba mhó
aca a mharbhadh, leanadar ortha ag treasgairt
agus ag ruaigeadh na nGall, go raibh ar an
méid a fágadh slán, rith le n-a n-anam ó
na saighdúiribh Gaodhlacha.



Nuair a chonnaic Sincil é seo, chruinnigh sé
i n-a thimcheall a chuid taoiseacha, agus
ghlacadar comhairle. Bhí cuid aca i bhfábhar
cur suas do'n gcath go dtí an lá ar na
bháireach, acht 'sa dheireadh, shocruigheadar le
chéile an cath a bhualadh an tráthnóna sin gan
mhoill.



Bhí go maith 's ní raibh go h-olc. Ag a chúig
a chlog 'sa tráthnóna, chuir sé buidhean eile
marcach arís go h-Urach Rí. Bhí troid mhór
idir iad-san agus saighdúiribh na h-Éireann
go ceann uair go leith, acht má bhí féin, sheas
na h-Éireannaigh go tréan láidir agus
tharraingeadar ar an námhaid go feargach
fuinneamhail, faobhrach, cé go raibh beirt
Ghall i n-aghaidh gach fir aca féin.



Nuair chonnaic ceannphort na nGall nach
raibh ag éirghe go maith leis annseo, chuir sé
fir ag féachaint cé'n doimhneacht bhí ins an
mbogach, agus nuair fuair sé sin amach, thug
sé ordughadh do chuid d'á shaighdúiribh imtheacht
treasna, agus na h-Éireannaigh d'ionnsuighe
ar an taobh thall. Mar sin, chuaidh sluagh mór
saighdúirí cóirighthe treasna, go dtí gur
shroicheadar bun an chnuic, an áit a raibh na
h-Éireannaigh ag feitheamh chun catha a thabhairt
dóibh. Annsin thosuigh an troid dá ríribh.
Níorbh throid go dtí é. D'ionnsaigh na fir a chéile
go síochmhar, feargach, agus bhí saighdúirí ar gach
taobh ag tuitim go tiugh. Anois agus arís
théigheadh na Gaedhil ar ais beagáinín suas an
cnoc agus d'fhanaidís tamall taobh thiar de
cheann de na fálaibh sceach a rabhamar ag trácht
ortha cheana. Leanadh na Gaill iad annsin agus
iad cinnte gur aca fhéin do bhí an lá agus go
raibh na h-Éireannaigh ag teicheadh uatha. Acht
ní airighdís go bpreabadh na Gaedhil amach
ortha 'ghá dtreasgairt 's 'ghá dtuargaint,
agus i n-a dhiaidh sin, ag rith ar ais suas an
cnoc go dtí an chéad fhál. Lean na
h-Éireannaigh ar an gcleas seo, go dtí go
raibh an chuid ba mhó de'n arm Gallda thuas
ar thaobh an chnuic aca.



Bhí sosadh beag go ceann tamaill annsin,
agus bhí na Gaill ag á cheapadh go raibh na
h-Éireannaigh tuirseach traochta. Acht ní
mar síltear bítear. Cloiseadh liúgh mhór
thuas ar an gcnoc, agus b'é an chéad rud
eile chonnaic saighdúirí Líam, 'ná marcshluagh
mór Gaodhlach ag déanamh ortha go tréan anuas
an cnoc. Sheasuigheadar tamall beag, acht
ba ghearr gur ionntuigheadar ar ais. Síos
leó ar a lán ndícheall agus iad ag baint na
sál d'á chéile ag rith le n-a n-anam ó na
h-Éireannachaibh. Lean an marcshluagh
Gaodhlach iad, agus bhíodar 'ghá marbhadh go
dtí nár fhágadar fear acu beó ar a dtaobh
féin de'n bhogach. Bhí San Rút cinnte ar an
mbuaidh d'fhagháil nuair a chonnaic sé na
Gaill ag teicheadh roimh an marcshluagh, agus
ba bheag an t-iongantas gur scread sé amach
le luthgháir a chroidhe - "Tá an lá linn a
bhuachaillí, tá an lá linn."



Bhí Sincil anois i gcruadhchás. Chonnaic
sé go gcaithfeadh sé rud eicínt a dhéanamh
mar níor mhaith leis an cath do dhul air go
hiomlán. Chuimhnigh sé ar chleas d'imirt.
Bhí arm mór aige i gcomhnuidhe agus d'orduigh
sé sluagh mór acu dul ar an taobh theas
arís fá dhéin Urach Rí. Nuair a chonnaic


L. 58


San Rút seo, thóg sé sluagh mór de na
fearaibh a bfhearr a bhí aige féin ar a láimh
chlé (sé sin ar taobh Chaisleáin Eachdroma)
agus d'orduigh dhóibh imtheacht go dtí an áit
araibh an sluagh mór Gallda ag deunamh air.



Acht sin é an méid a bhí ag teastáil
ó Sincil. Nuair a chonnaic sé saighdúirí San
Rút ag fágáil na h-áite i n-aice leis an
gcaisleán, chuir sé marc-shluag mór ar a
lán-dícheall go dtí an áit sin. Maidir leis
an dream a chuir Sincil go dtí an taobh theas
de'n chnoc, níor throideadar i n-aon chor.
Ní raibh uatha acht na h-Éireannaigh a chongbháil
ó'n taobh eile (ó Chaisleán Eachdroma).
Chonnaic San Rút an cleas seo anois, acht
faoil sé go raibh an mhuinntir a bhí aige i n-aice
an chaisleáin láidir go leór dóibh iad féin.



Acht is annsin a dhein sé an dearmad.
Maidir leis na saighdúirí a bhí ag congbháil
an chaisleáin, níor bhféidir leó mórán a
dhéanamh. Na piléir a bhí acu le cur isteach
ins na gunnaibh, ní rabhadar oireamhnach i
n-aon chor, bhíodar ro-mhór do ghunnaibh bheaga
mar bhí acu. Thosaigh siad annsin ag gearradh
na gcnaipí ó n-a gculaidhthibh catha, agus 'ghá
gcaitheamh leis an námhaid. Throideadar go
fearamhail, acht bhí an iomarca fear 'n-a
n-aghaidh, agus sa dheireadh, chuaidh cuid de na
Gallaibh treasna an chasáin ortha. 'San am
chéadna, fuair buidhean eile do na Gallaibh
deis ar dhul treasna i lár an bhogaigh arís,
agus thosuigheadar ag ionnsaighe na
n-Éireannach go dían freisin.



Chonnaic San Rút go raibh na Gaill ag
éirghe dána arís. Thug sé fá ndeara go
raibh rud éigin fútha, agus dubhairt sé leis
féin nach stadfadh sé go múinfeadh sé ceacht
deiridh an lae sin dóibh, ceacht ar a gcuimh-
eóchaidís an dá lá 's an fhaid a mhairfidís.
Chuaidh sé agus ghléas sé é féin i n-arm 's
i n-éide catha. D'órduigh sé chuige, marcshluagh
mór d'á shaighdúiribh calma, agus chuir sé é
fhéin mar cheann ortha. Seo anuas an cnoc
íad ar a lán sodar, ag déanamh go
millteach misnigheamhail ar na Gallaibh, agus
San Rút féin ag sgreadghail go h-árd, agus
ag cuir misnigh i gcroidhtibh na bhfear. "Tá
siad buailte againn, a fheara; tiomáinimís
anois go geataibh Átha Cliath iad." Thug na
h-Éireannaigh aon liúgh mór millteach, agus
phreabadar amach i n-aghaidh na námhad.



Acht éist, cad é sin. I gceann cúpla
nóiméid eile cloiseadh liúgh árd brónach
ó n-a saighdúiribh chéadna. Cad tá tuitighthe
amach chomh h-obann sin? Céard do thárla,
chor ar bith? Ó! Fairíor géar! mo bhrón
is mo mhíle chrádh! Tá San Rút marbh! An
laoch lán-chalma, a chuir an oiread misnigh sin i
gcroidhtibh na saighdúir, tá sé fhéin fuar
marbh, gan bhrígh ná neart anois. Ní raibh ó
na h-Éireannaigh acht féachaint ar an gcapall
bhreagh a bhí aige, agus d'innsigheadh an scéal
brónach dóibh. Annsin, mo chreach, ar mhuin an
chapaill, bhí an cholann bhocht gan cor aisti.
Saighdúir cliste eicínt a bhí ar an taobh eile,
agus súil aige ar San Rút, a chonnaic é,
agus a chuir piléar tré 'n-a chroidhe. Mo
bhrón! a Ghaedheala is olc an scéal agaibh é.
Agus maidir libh-se, a mhuinntir Liaim, is
é lár bhur leasa é, cath-mhíleadh calma na
n-Éireannach a bheith ar lár.



Maidir leis an arm Gaedhealach, céard a
bfhéidir leó a dhéanamh agus a gceannphurt
dílis dúthractach marbh ortha. Tá fhios againn
gur chuir San Rút ar dtús an Sáirséalach -
an t-aon fhear amháin a bhí i n-ann sa cheart
bheith mar thaoiseach ar na h-Éireannachaibh -
go dtí áit íargcúlach, mar bhí sé cinnte ar an
bhuaidh fhagháil agus ba mhaith leis an buidheachas
ar fad a bheith aige fhéin. Ba ghearr gur
thug na Gaill fá ndeara gur thárla rud eicínt
mí-adhmharach dos na hÉireannachaibh. Do
stadadar de'n rith, d'fhéachadar síar, agus
d'iompuigh arís ar na Gaedhealaibh.



Thosuigh an troid go fíochmhar arís. Troid
na h-Éireannaigh go tréan go ceann i bhfad,
mar ní raibh fhios aca go léir go raibh San Rút
ar lár. Acht nuair a fuaireadar uile amach é,
ní raibh le déanamh acu acht cur suas de'n chath
an lá sin. Lean na Gaill iad, agus
marbhuigheadh sluagh mór de na saighdúiríbh
cóirighthe ag rith isteach i móin a bhí i ngar dóibh.
Maidir leis an Sáirséalach, ní chualaidh sé go
ceann tamaill mhaith go raibh San Rút marbh,
agus an chaoi 'n-a raibh na Gaill ag fagháil
an lámh uachtair ortha. Nuair fuair sé sin
amach, níorbh 'fhéidir leis acht cuid de'n arm do
chosaint. Chuaidh sé fhéin agus na buidhne
cath-mharcach a bhí fágtha aige, ar n-ais ar an
mbóthar mhór go Baile Locha Riabhach.



B'shin é mar cuireadh críoch le cath
Eachdroma Uí Cheallaigh. Deirtear gur
marbhuigheadh trí mhíle de na Gallaibh ann, agus
gur chaill na h-Éireannaigh os cionn ceithre


L. 59


mhíle d'á muinntir féin, acht marbhuigheadh an
chuid is mó díobh seo i ndeireadh an chatha
nuair bhíodar ag teicheadh. Rinneadh
príosúnaigh, freisin, do thímcheall leath mhíle
fear. Go deimhin, b'fhíor do'n tsean bhárd
a dúbhairt, agus é ag cur síos ar an méid
a marbhuigheadh de na h-Éireannachaibh i
n-Eachdruim Uí Cheallaigh, 'sa mbiadhain 1691:



"Tá leasughadh ag Ó Ceallaigh nach gainimh 'ná
aoileach,
Acht saighdúirí thapaidhe, déanamh gaisce le
píce,
Do fágadh iad i n-Eachdruim, i na sraithean-
naibh suidhte,
Mar bheadh feóil chapaill ag madraibh d'á
réabadh."



Tá scéal ag na seandaoinibh fós faoi dhá
bhuidhean de na saighdúiribh Gaedhealacha a
sheas ag fanacht leis na Gallaibh i gcaitheamh
na h-oidhche sin. Bhíodar seo ró-uasal, is
dócha, le teicheadh ó Ghallaibh. Fríth ann ar
mhaidin iad, agus ní gádh a rádh, gur mhairbh
na Gaill gach mac máthar dóibh. Ní raibh
mórán trócaire le fagháil uatha, acht níor
iarr na laochraidhe lán-chalma seo aon
trócaire orra. 'Sé an t-ainm atá ar an áit
anois, mar gheall ar an ár a rinneadh ann,
ná Gleann na Fola. Tá scéal eile ag na
daoinibh timcheall na h-áite, faoi choin a bhí
ag saighdúir Gaodhlach a marbhuigheadh 'sa gcath.
Bhíodh an chú seo amuigh ar faithche an chogaidh
de ló is d'oidhche ag déanamh faire do cholainn
a mháighistir. Cé go n-íosfadh sé na colna
eile i n-éinfheacht leis na madraibh eile bhíodh
'n-a sluaightibh san áit sin tréis an chatha,
ní leigfeadh sé do mhadadh ar bith acu, bac
le colainn a mháighistir. D'fhan sé annsin i
gcomhnuidhe, nuair bhí na madaidhe eile
imthighthe, agus théigheadh sé ag iarraidh bídh
dhó féin anois agus arís. Bhí sé mar seo
go ceann leath-bhliadna, ag coiméad cnámha
a mháighistir slán. Aon lá amháin tháinic
saighdúir Gallda i n-aice na h-áite sin.
Phreab an madadh amach air ar an bpoinnte,
acht má dhein, tharraing mo bhuachaill a ghunna,
agus chuir piléar tré chroidhe an mhadaidh
bhoicht dhílis.



Tá cath Eachdroma thart. Tá na cogaidh
ar fad thart. Tá síothcháin againn anois.
Acht má tá fhéin, ní'l na Gaill imthighthe uainn
fós, faríor, agus nuair atá an scéal amhlaidh,
ní féidir a rádh go bhfuil an troid thart, cé
go bhfuil cosamhlacht mhaith ag teacht ar ár
dtír arís. Pé ar bith é, cuirimís paidir
ó n-ar gcroidhe indiu, le h-anamnaibh na
bhfear dtréan, láidir, fearamhail, misnigh-
eamhail cródha, a throid chomh dílis dúthrachtach
sin ar son a bhfóidín dhúthchais, agus a
gcreidimh naomhtha, agus a dhoirt a gcuid fola
ar a son. Agus bíodh rún daingean againn
féin, dá mba rud é go dtigeadh a leithéid
sin de ocáid orainn-ne i n-ár saoghal féin,
go mbeidhmís réidh riartha, freisin, mar bhí
ár sinnsir romhainn, troid a dhéanamh 'chuile
rud chomh dían dúthrachtach leó, go dtí go
mbeadh an chraobh agus an choróin arís ag ár
mbainríoghan uasal, Caitlín Ní hUallacháin.
Cuimhnighmís go



"gCaithfidh an neart do'n cheart do stríocadh
Is caithfidh an ceart 'n-a cheart bheith suidhte."



M. S. Ó F.


L. 85


Trí sgéalta



I. - Clainn Aindriú



Bhí dá'r dhéag dearbhráthair de chlainn Aindriú
ins na Baic. Bhí 'chuile fhear aca pósta agus
dhá theach déag aca. D'éirigh fear aca ar
maidin agus sheas sé suas ó'n teach. Bhí 'chuile
theach aca ag cur síos teine. Chómhair sé na
toiteacha, ní bhfuair sé acht an aon toit déag.
Bhí sé dearbhráthair gearr. Chómhair arís
iad, ní raibh aige acht an aon cheann déag.
"Well," ar seisean, "caithfidh mé dul go
Seaghán críona." D'innis sé an sgéal go
Seaghán. Tháinig Seaghán agus chómhair
sé iad agus fuair sé an dá cheann déag.
Ní raibh an fear eile ag cómhaireadh a thighe
fhéin ar chor ar bith.



Bhí fear aca annsin ag dearcadh ar pháirc
coirce a bhí aca. Bhí fear dho na comharsana
ag dul thart. "Tá rud eicínt," ar seisean,
"ag milleadh mo pháirce coirce." "Caithfidh
sé gur ab é na rónta atá dá mhilleadh,"
ar san fear eile, acht cé a bhí dá mhilleadh
acht bó an fhir seo, bó mhaol. "Caithfidh mé
dul go Seaghán críona," ar seisean, "agus
innsint dó go bhfuil na rónta ag milleadh
mo choirce."



Chuaidh sé a bhaile agus d'innis sé go
Seaghán críona go raibh an coirce dá mhilleadh
ag na róntaibh. "Caithfidh sinn cruinniughadh
agus faire anocht," arsa Seaghán. Nuair
a tháinig an tráthnóna, fuair sé an luithne,
fear eile an crochadh, fear eile an tlú, fear
eile an lúb, fear eile seanspeal. Bhí
siad ag cruinniughadh go raibh arm ag 'chuile
fhear aca. Ghabh siad thart an pháirc coirce.
Ní raibh fear aca i bhfad imthighthe nuair a
d'fhiafruigh sé dho Sheaghán críona ar raibh
iarbaillidhe ar na róntaibh.



"Tá," arsa Seaghán.



"Á! tá sé annseo agam," ar seisean.



Chruinnigh siad thart ar an rón, bhuail siad
agus mharbh siad é. Céard a bhí marbh aca acht
bó an chomharsan.



Casadh triúr dho na mnáibh i gcuideachta,
chuir siad geall cé aca a b'fearr a dhéanfadh
amadán dá fear féin. Thoisigh bean aca an
obair.



"A Pháidín," ar sise, "ba mhaith liom dul
a bhaile ar cuairt ar mo mhuinntir, dá
gcuirtheá an diallaid ar an gcapall maidin
i mbárach." "A, cuirfidh agus fáilte a
mhuirnín," ar seisean, "agus tá sé in am
agat dul go bhfeicidh tú iad."



Chuir sé an diallaid ar an gcapall, ghabh
sé ag marcuigheacht agus shuidh Máire suas
taobh siar dhe. Bhog siad leóbhtha an bóthar
go ndeachaidh siad cúig nó sé dé mhíltibh.
Tháinig siad go dtí teach ósta. Arsa Máire
le Seaghán, "tá tart mór orm agus ba mhaith
liom gloine a fhagháil."



"Á, gheobhaidh tú sin agus fáilte," ar
seisean.



Ní raibh tart chomh mór ariamh uirri go
raibh an chéad ghloine ólta aici. "Fágh
gloine eile dom," ar sise.



"A, gheobhaidh tú sin agus fáilte," ar
seisean arís, agus bhí sé fhéin ag ól gach
araile gloine léithe. D'ól siad leóbhtha go
raibh a saith ólta aca, Thuit Seaghán ar
meisge. Shín sí suas cois na teineadh é.
Nuair a bhí sé in a luighe annsin, bhain sí
a chuid éadaigh dhe, agus chuir sí 'chuile cheirt


L. 86


salach a fuair sí thart uime. D'fhág sí annsin
é. Chuaidh sí amach, chuir sí a cos ins an stíróp
agus ghabh sí in a cos in áirde a bhaile.



Ar maidin lá ar na bhárach, tháinig bean an
tighe thart, buaileann sí cos ar Pháidin,
"éirigh suas as sin," ar sise, "is maith an
rud leóistin na hoidhche a fhagháil agus gan
fanacht annsin i rith an lae. Seo gráinín
mine duit agus bí ag imtheacht." Dhearc
Páidín ar fhéin agus dubhairt: "ní mé fhéin
atá ann ar chor ar bith." Shiubhal sé amach.
Nuair a sheas sé ar an mbóthar, ar seisean:



"Ní'l aon chabhair ann, ní mé fhéin atá ann
ar chor ar bith, acht dá bhfaghainn chomh fada
leis an bpáirc a bhfuil an capall ann, muna
n-aithnigheann sí mé, ní mé fhéin atá ann ar
chor ar bith." Nuair a tháinig sé go dtí an
capall, chrochuigh sí a iarball agus as go bráth
léithe in a cos in áirde.



"Á," ar seisean, "ní'l aon chabhair ann,
ní mé fhéin atá ann ar chor ar bith, muna
naithnigheann Máire mé." Nuair a tháinig
sé go dtí a dhoras féin, d'éirigh Máire le
pláitín mine mar dhéirce, agus dubhairt leis:
"Bí ag imtheacht."



"Ara, a Mhichil ó go deó," ars' an bhean
eile, "seo é an oidhche dheireannach a bhéidheas
sinn i gcuideachta."



"Cad chuige, a mhuirnín," ar seisean.



"Tá mé ag dul ag fagháil bháis maidin
i mbárach. Gabh agus fágh leathghalún uisge
beatha nó biotáilte go nólaidh sinn sláinte a
chéile an oidhche dheireannach."



"Ara gheobhaidh agus fáilte, agus is é an
rud is lugha is córa dhom a dhéanamh."



Scuab sí síos an turlár agus chuir sí síos
teine mhaith. Nuair a tháinig sé a bhaile leis
an ól, d'ól sé gloine agus d'ól Úna ceann
eile. D'ól Micheál dhá ghloine in aghaidh an
ceann go Úna. Thuit Micheál ar meisge.
Nigh sí síos go glan é agus chuir os cionn
cláir é. Ghlaoidh sí isteach na comharsana
ar maidin go raibh Micheál marbh. Nuair a
chuaidh an sgéal thart go raibh Micheál marbh,
chruinnigh daoine na mbailte thart agus bhí
tórramh mór ann. Nuair a bhí an tórramh
cruinn, arsa Brighid le Proinnsias.



"Glanadh sinn suas an teach agus fághadh
sinn braon beag óil a chuirfeas buaidhreadh
do dhearbhráthar as do chroidhe."



"Ara geobhaidh a mhuirnín, nó ní'l a fhios
cé an fhad a bhéadh sinn beo, is beag cuimhne
báis a bhí ar mo dhearbhráthair ar maidin indé."



Fuair siad an t-ól. D'ól siad buaidhreadh
an tsaoghail as a gcuimhne. Thuit Proinnsias
ar meisge, marbh ar meisge. Nuair a fuair
a bhean Proinnsias ar meisge, níor
fhág sí snáith éadaigh ar a gcorp. Chuir sí
ag codladh ins an leabaidh é. Chuir sí a chuid
éadaigh i bhfolach agus chuir sí craiceann bó
air. Chuir sí gual an phota agus súithche an
tsimléir ar a éadan agus chuimil sí isteach
go ndearna sí chomh dubh é leis an mbac.



Ar maidin lá ar na bhárach ar sise leis.
"Is deas an rud duitse a bheith i n-a luighe
annsin agus sochraid do dhearbhráthar ag
imtheacht chun na cille." Éirigheann sé suas
in a léim agus nuair nár fhéad sé a chuid
éadaigh a fhagháil, chuir sé craiceann na bó air.
As go bráth leis an bóthar. Nuair a tháinig sé
suas leis an tsochraid, "Ara a Mhichil ó
go deo," ar seisean, "cé'n uair a bhfuair
tú bás."



"Aréir," ars' an fear as an gcónra.



Scapadh an tsochraid siar agus ní raibh
ar an mbóthar acht an bheirt bhuachaill. Cé
aca dhe na triúr mná a ghnóthuigh an geall?



II. - Sgéal an bháirseora



Bhí mé shíos i Mámarat, báirseoir samhraidh.
Bhí mé i mo shuidhe ins an oidhche ag faire na
mbreach. Bhí mé dá bhfaire, lá ar na bhárach
chomh maith, ar fhaitchios go mbéadh éinne gá
marbhadh. Bhí na daoine uaisle ag tigheacht
ag iasgaracht agus bhí faitchios orm nach
mbéadh mé annsin rompa. Tháinig teintreach
agus tóirneach agus cuma mhór fearthainne.
Bhí féar in a chocaibh ag Seaghán Ó Dóráin


L. 87


na hAbhna. Ní raibh a fhios agam cé an chaoi
a b'fearr an fhearthainn a leigint thart.
Thóig mé suas taobh an choca agus shín mé
isteach ann. Leig mé féar anuas orm agus
thuit mé i mo chodladh. Chuir sé chomh mór as
gur árduigh an tuile nó gur scuab sé leis an
féar síos Abhainn Bhaile an Chruaich agus
amach ar an bhfairrge nó gur imthigh an coca
féar a raibh mé ann anonn go Ceann Acla.
Thionntuigh an ghaoth agus shéid sé síos go
Cuan an Fhóid dhuibh mé.



Nuair a cuireadh isteach ar an tráigh annsin
mé, do dhúisigh mé, chuimil mé mo lámha thart
ar mo shúilibh, agus dhearc mé uaim. Ní
raibh a fhios agam ins an domhan cá raibh mé.
Chonnaic mé solas uaim, tharraing mé ar
an tsolas agus nuair a chuaidh mé go dtí
an teach, dubhairt mé go raibh ocras orm, an
dtiúbhradh siad rud le n-ithe dhom.



"Bheirfidh," arsa fear aca, ag cur gáire
móir as agus magaidh orm.



D'fág siad feóil ar an bpláta agus sgian
agus farc. Nuair a tharringinn an sgian
ar an bhfeóil, thigeadh an fhuil as. Bhí siad
i gcomhnaidhe ag magadh fá an stráinséaraidhe.
D'fhiafruigh mé dhiobhtha cé an bealach a b'fhearr
a thigheacht aníos taobh Oirris. Theasbáin
siad an bealach dom agus iad i gcomhnaidhe
ag gáire fúm. D'imthigh mé liom aníos an
bealach. Nuair a fuair mé mé fhéin ar bhogaidh
Oirris, d'aithnigh mé báirr na gcroc uaim.
Tháinig mé aníos trasna sléibhte Bhaile an
Chruaich gur árduigh mé suas ar Chorr na
Binne. Nuair a bhí mé ar Choiscéim Corrach,
tháinig tinntreach agus tóirneach. Chonnaic
mé poll fá an gcarraig. Dubhairt mé go
bhfanfainn annsin go ngabhfaidh an cioth
thart. Cé an áit a raibh mé acht istigh i gunna
mór. Bhí mé ag teannadh isteach nó gur bhain
mé leis an nglas ar chuma eicínt. D'imthigh
an t-urchar agus cé an áit ar chaith sé mé
acht istigh ar Oileán Cliara. Bhí mé tuirseach
agus craithte o'n urchar. Casadh coca cochain
liom. Tharraing mé amach fáithméar as taobh
an choca agus shín mé isteach ann. Ní raibh
sé i bhfad go dtáinig fear an tighe ag riar
ar a chuid beithidheach. Tharraing sé amach
fáithméar. Fuair sé mise fá an bhfaithméar.



"A chreamhaire agus a rubáile," ar seisean,
ag breith greim cába orm, "céard a thug
annseo thú ag goid mo choda cochain."
"Ní'l mé ag goid do choda cochain,"
arsa mise. "Tá tú dá ghoid," ar seisean.
Tharraing sé leis isteach chun an tighe mé.
Ar seisean le bean an tighe: "An bhfeiceann
tú an fear a fuair mé ag goid mo choda
cochain."



"Ní raibh mé ag goid do choda cochain,"
arsa mise, "acht shín mé isteach le sgith a
dheanamh." Tharraing sé iarraidh eile orm go
raibh mé ag goid a choda cochain.



"Á ná buail é," ars' an bhean, "tabhair
cead an bhealaigh do."



D'innis mé annsin dho an tanró a ndeachaidh
mé trídh. Dubhairt sé annsin go mbéadh an
bád mór ag dul go Céibh Chathair na Mart.
Chuir sé isteach ins an mbád mé, lá ar na
bhárach. Nuair a tháinig me go Cathair na
Mart, bhí na tighthe uilig dúnta. Dhearc
mé tart go bhfeicfinn cá bhfuighinn foscadh.
Gabh mé isteach ins na Shambles. Bhí
barraillidhe annsin gan ceó annta acht sop
cochain. Chruinnigh mé suas an cochan agus
shuidh mé sios ins an mbarraille. Thuit mé
i mo chodladh.



Cé an t-ordughadh a tháinig ar maidin lá
ar na bhárach acht cúipéirí a thigheacht agus na
tóna a chur ionnta arís. Cé an chéad cheann
a chuir siad an tóin ann acht an ceann a raibh
mise i mo chodladh ann. Theann siad an
fonnsa go maith air, agus chaith siad amach
ar an tsráid iad nó go mbéadh siad faoi
réir le h-aghaidh dul ar an gcárt go Baile
an Róba. Céard a thigeas acht madadh mór
spáinéil amuich in aghaidh an bharraille. Chuir
mé amach mo lámh i bpoll an chorca agus
cheap mé ar ghreim iarbaill air. As go
bráth leis agus cé an bóthar ar éirigh leis a
thigheacht acht anuas bóthar Bhaile Úí Fhiacháin.
Nuair a bhí sé ag casadh ó shráid an aonaigh


L. 88


ag cor an droichid, bhris an barraille i
n-aghaidh an bhalla. Bhí mé amuich ar an
mbóthar agus shiubhail mé a bhaile sios go
Mámarat.



III. - An duine uasal agus a chéard



Bhí duine uasal ag dul an bóthar, lá. Chaill
a chapall crudh, agus chuaidh sé isteach i dteach
an ghabha le crudh a chur ar an gcapall. Tháinig
inghín an ghabha le n-a ghlaodhach isteach chuig
an ndinéar. D'imthigh sé fhéin agus a
ghíománac an bóthar a bhaile, agus dubhairt
sé gur bh'í inghín an ghabha an bhean is breágha
a chonnaic sé ariam. Dubhairt sé go bhfilleadh
sé ar ais arís go bhfághadh sé í le pósadh.



Nuair a tháinig sé ar ais arís go teach an
ghabha, dubhairt an gabha nach dtiúbhraidh sé a
inghín acht go fear céirde. Dubhairt an duine
uasal annsin gur oidhre dúithche a bhí ann,
agus dubhairt an gabha nach dtiúbhradh sé
a inghín go oidhre dúithche acht go fear céirde.
Chuaidh an duine uasal a bhaile annsin agus
rinne sé bascaéad. Nuair a tháinig sé chun
an ghabha leis an mbascaéad, dubhairt an
gabha leis: "fear céirde thú, má ghnidheann
tú bascaéad mar seo." Dubhairt an duine
dhó slata a fhághail go ndéanadh sé bascaéad
mar an ceann a rinne sé cheana. Fuair an
gabha na slata dhó agus rinne sé an bascaéad.
Fuair sé an inghín mar bhean annsin, agus
thug sé a bhaile leis í.



Tháinig caiptín luinge isteach. Bhí stóraí ag
an duine uasal. Bhí a long briste ag an
gcaiptín agus tháinig sé go an duine uasal
leis an stór a fagháil uaidhe leis na h-earraibh
a chur isteach ann go ndeasuigheadh sé an long.
Nuair a bhí 'chuile short réid aige, (nuair a
bhí an long deasuighthe aige) thug sé na hearra
as an stór agus chuir sé isteach ins an luing
arís iad. D'fhiafruigh sé annsin dho'n duine
uasal cé mhéad a bhéadh sé a iarraidh air ar
an stór agus dubhairt an duine uasal nach
n-iarrfadh sé tada air.



Thug sé cuireadh chun dinéar dó fhéin agus
d'a bhean ins an luing. Nuair a bhí siad ag
an ndinéar, dubhairt sé leis na mairnéalachaibh
na seolta a chrochadh agus a dhul chun na
fairrge. Nuair a shíl an duine uasal go
raibh sé in am aige dul a bhaile, chuaidh sé suas
os cionn cláir agus ní fhaca sé talamh nó
tráigh. Annsin dubhairt an caiptín leis nach
bhfuigheadh sé acht uair an cloig gus bás.
Fuair ceann dho na mairnéalachaibh corca
dhó annsin agus leag sé amach go suaimhneach
ar an gcorca é. Tháinig long eile annsin
agus thóig isteach é. Chuaidh an long seo isteach
ins an gcuan céadna a ndeachaidh an chéad
long ann.



Nuair a chuaidh sé amach, ní raibh ór ná
airgead aige acht a dhá láimh chomh fada le
chéile. Shiúbhail sé amach ar fud na tíre.
Chonnaic sé garrdha a raibh slata ann agus
chuaidh sé isteach chun an tighe agus dubhairt
sé go ndeanfadh sé bascaéad dóbhtha. Nuair
a rinne sé an bascaéad, thug bean an tighe
léithe chun an mhargaidh é go ndíolfadh sí é,
agus cé a cheannuigh an bascaéad acht searbh-
fhóghantaidhe an chaiptín.



Nuair a chonnaic bean an duine uasal an
bascaéad d'aithnigh sí é agus chuir sí amach an
cailín arís. Lean sí <.i. an cailín> an bhean
<.i. an bhean a dhíol an bascaéad dí an lá
cheana> go ndeachaidh sí chun a tighe fhéin, agus
chonnaic sí an fear ag déanamh bascaéid agus
thug sí léithe an fear <an duine uasal a bhí
ann>, agus nuair a casadh le chéile iad,
(chuaidh a bhean in a airichis,) dubhairt sí leis
gan faitchios a bheith air. Thug sí sparán
airgid dó annsin agus dubhairt sí leis dul
chun an bhaile mhóir ba ghoire dhó agus an cóiste
a b'fhearr a thiucfadh leis a fhagháil a thabhairt
leis agus péire capall.



Annsin fuair sí dinéar réidh, lá ar na
bhárach agus chruinnigh sí mór-uaisle an bhaile
mhóir chun an dinéir. Tháinig sé le n-a phéire
capall taobh amuich dhó'n doras agus dubhairt
sí leobhtha gur chóir a thabhairt isteach chuig
an ndinéar. Nuair a bhí an dinéar réidh,


L. 89


thoisigh siad ag ól. Dubhairt sise annsin
an áit a d'fhág sí go n-innsigheadh na mná
sgéal an chéad sgéal i gcomhnaidhe. Dubhairt
ceannphuirt an bhaile mhóir léithe an chéad
sgéal a innsint agus go gcaithfeadh a bhean
fhéin sgéal eile a innsint.



D'innis sí annsin an sgéal ó thús go deireadh
céard a rinne an caiptín orra agus ar sise
annsin: "sin é mo fhear pósta agus sin é
an fear a rinne an cleas air, sin é an té a
chaith amach ins an bhfairrge mo fhear pósta.
Agus cé an breitheamhnas a bhéirfidh sibhse ar
an bhfear a rinne sin." "Well," arsa ceann-
phuirt an bhaile mhóir, "'sé mo bhreitheamhnas
air, an ceann a bhaint dhe agus é a chur ar
an tsleagh is aoirde ins an mbaile mór."
Rinneadh sin leis.



Tháinig siad a bhaile annsin go socair
sásta agus go buidheach beannachtach.



Fuair mé na sgéalta seo ar feadh na
Nodlag i mbaile i dtuaisceart paráiste Bhuir-
ghéis Umhaill i dTír Amhalghaidh. Tá an Ghaedhilg
ag fághail bháis ins an bparáiste céadna
anois mar is beag an aire a bheirthear dí acht
sgathamh ar scoil ins an tráthnóna; ní minic a
labhruighthear í ag na seandaoinibh féin, acht
tá a sáith ann go fóill leis an teanga a
aithbheodhadh má múintear ins na sgoileannaibh
agus ar an dteallach ins an mbaile.
Tá cuid de'n Bhéarlachas ag teannadh isteach
ins an gcainnt agus ins na seansgéaltaibh
féin mar a n-innistear anois iad acht ní
doiligh a fheiceáil gur seansgéalta
Gaedhealacha iad.



Chuir mé síos an chéad agus an dara sgéal
ó bhéal Phádraig Mhic Mhuirris agus d'aithris
Éadhmuinn Ó Maolchoróin an treas sgéal.
Bhí buachaill eile ag scríobhadh sios i gcuideachta
liom. Ba h-é an chéad iarracht againn ag
cur síos sgéil. Chuireamar i gcomórtas le
na chéile iad agus in a dhiaidh sin, do léighea-
mar do fhear eile iad go raibh sé sásta
leóbhtha. Is é mo thuairim gur maith an chaoi
é sin do bhuachaill a thosughadh nuair nach
bhfuil eolas maith ar an dteanga aige
cheana.



Chuir mé síos iad mar a litrighthear go
coitcheanta na focla ins an nGaedhilg. Ar
dtús shíl mé go mbadh cheart na hathruighthe
a theasbáint ins an litriughadh do réir na
fuaime, acht is é mo thuairim go dtaithneochaidh
siad níos fearr leis an léightheóir mar atá
siad. Teasbáinfidh mé anois cuid de na
fuamannaibh nach bhfuil againn mar atá siad
in áiteannaibh eile.



Tá an fhuaim "aí" nó "aidhe" i ndeireadh na
h-uimhire iolraidh ins na hainmfhoclaibh i 'chuile
tuiseal. Tá an "bh" ins an tuiseal tabharthach
iolraidh imthighthe ar fad. I ndeireadh na
mbriathar tá fuaim "d" Bearla roimh na
forfhoclaibh "sé," "sinn," agus "siad," ins an
modh fuláireamh, ins an modh fodh-shuidhteach, ins
an aimsir gnáthach caithte de'n modh tásgach
agus de'n modh coingheallach, agus ins an
aimsir le teacht de'n modh tásgach. Is annamh
a cuirtear - "do" roimh an mbriathar ins
an aimsir caithte, agus tá an tuiseal
geineamhnach ag dul amach thar eis an anma
briathardha. Ní cluintear "-muid" 'chor ar
bith acht "sinn" i gcomhnaide agus in Acaill
atá in aice leis, is "-muid" a labhruighthear.
In ionad "do" no "dhó" deirtear "go"
beagnach i gcomhnaidhe agus ar uairibh in ionad
"de." In áit an tuisil ainmnigh is minic a
labhruightear an tuiseal geineamhnach, cur
i gcás " adhairce," " claidhmhe," iolra.



Tá dhá innsint ar an gcéad sgéal agus
chualaidh mé ó mhacléighin annseo go n-innistear
é i gCíarraidhe freisin. Ar rud a tharla
dhó fhéin<?> a d'innis Pádraig Mac Muirris
ins an dara sgéal. Is ó na máighistir scoile
a chualaidh siad féin an chéad agus an treas
sgéal, nuair a bhí siad in a bpáistibh agus is
dócha go raibh siad níos fuide agus níos
fearr an tam sin.



Is beag focal deacar atá ins na sgéaltaibh
seo. Ní minic a cluintear an focal
"fáithméar." Is punann mór cochain é, thar
éis an gráin a bheith buailte as an gcoirce


L. 90


Dá bhrígh sin do bhéadh áit fir in áit cinn aca.
Focal Béarla is eadh "bascaéad." Tá an "c"
agus an "d" leathan ann. Is ionann "toit"
agus "deatach," acht ní feidir leat a radh
"chómhair sé na deatachaí" gidh go bhfuil
"deatach" i 'chuile thoit aca. In ionad "gach
ré" deireann siad gachar le, is ionann é agus
gach araile. Ní'l aon Ghaedhilg aca ar an
focal fork ins an áit, 'chor ar bith acht gabhlóg
agus pice agus ní feidir iad a thabhairt chun
an bhuird.



Tá na briathra mí-riaghalta go maith ins an
gceanntar seo. Deireann siad "ghním,"
"ghnídh sé" nó "ghnídheann sé," agus "ní
dhéanaim," "bheirim" agus "ní thugaim,"
"rinne," "ní dearna," "fuaidh" <=chuaidh>
agus "ní dheachaidh," bhéirfidh agus ní thiúbhraidh.
Is beag nach bhfuil "abraim" imthighthe. Ní
labhruighthear "gheibhim," acht labhruighthear
"gheobhaidh" agus "ní bhfuighidh" agus "ní
gheobhaidh," "go bhfuigheadh, "go ngeobhaidh" agus
"go bhfághadh." Ní abruighthear "chim" acht
"feicim." Cuirtear Gaedhilg ar "till he
comes" mar seo "go dtiucfaidh" go coit-
cheanta, "go dtighidh" go minic agus ar uairibh
"go dteagadh" agus "go dtagadh" agus
"go dteagaid," acht ní deirtear acht amháin
"tigim" ins an aimsir láithreac.



Deirimid "uaidhe," "léithe," "faoi," "duí"
nó "duíthe," "due," "leófa," "dófa," "uafa,"
in ionad "uaidh," "leí," "fá," "dí," "de,"
"leó," "dóibh," agus "uatha," agus "un"
agus "aig" nó "eg" in ionad "chun" agus "chuig."
Ní fuaimighthear an "n" ins an alt "an"
ins an tuiseal uathaidh acht nuair a thigeas
guth in-a dhiaidh agus uaireanntaibh nuair
atá "f" nó "d" thar a éis nó nuair atá guth
roimhe. In ionad "nó" deirtear "ná." Cuir-
tear "r" in ionad "n" go minic thar éis "g,"
"c," "m," cur i gcás "gró" a cluintear ar
"gnó," "croc" ar "cnoc," agus "mraoi" ar
"mnaoi."



CALADH BREAC


L. 106


Sgeul beag ó Rinn ó gCuanach



Do bhí fear ann fad' ó agus 'sé an ainm
do bhí air ná Seaghán Ó Céilleacháin. Bhí
Seaghán lá agus bhí sé ag dul go dtí an
t-aonach. Casadh fear ar an mbóthar air.
"Dia dhuit," arsa Seaghán Ó Céilleacháin.
"Dia is Muire is Pádraig duit," adubhairt
an fear leis. "An bhfaghthá a innsint dom
cad é an áit annso a bhfuil teach Sheagháin
Uí Chéilleacháin." "Well, is mise Seaghán
Ó Céilleacháin. Cad tá uait díom?"
D'innis sé annsin dó gur le sgéal a tháinig
sé go dtí é, go raibh a dhriofúr ag faghbháil
bháis, agus go gcaithfeadh sé dul leis go dtí
an teach. Nuair a chuaidh sé ann, bhí sí go
dona, agus d'fhan sé ann cúpla mí. Níor
sgríobh sé litir ná dada go dtí n-a bhean.



Nuair a bhí an tráthnóna ag teacht, bhí an
bhean ag cuimhneamh go mbéadh Seaghán ag
teacht gach aon nóimeat. Tháinig an oidhche agus
ní tháinig Seaghán abhaile. Lá ar na bháireach,
chuir sí tuairisg ar na daoine a bhí ar an
aonach an bhfaca siad Seaghán. Dubhairt gach
aoinneach ná facadar. Bhí an bhean bhocht go
dona annsan. Cúpla lá n-a dhiaidh san, bhí
beirt fhear ag baint mhóin gairid do'n áit
'nar chomhnuigh bean Sheagháin, agus fuaradar
fear báidhte i bpoll a bhí ann. Dubhradar
le chéile gurbh' é Seaghán Ó Céilleacháin a
bhí ann. Chuireadar sgéal go dtí n-a bhean.
Tháinig an bhean ag féachaint air. Nuair a
chonnaic sí é, bhí sí ag bualadh a basa, agus
ag rádh gurbh' é é. Tugadh abhaile annsin é,
agus bhí an tórramh ar Sheaghán bhocht. Nuair
a bhí sé curtha annsin, bhí an bhean bhocht go
h-uaigneach as n-a dhiaidh. Timcheall coigthís
'na dhiaidh sin, phós sí táilliúir a bhí ag imtheacht
timcheall.



Ní raibh dada aici a thabharfadh sí do'n
sagart, ach dubhairt sí leis go raibh muc
aici ach ná raibh sí ramhar fós. Dubhairt an
sagart léi í do choiméad timcheall mí, go
mbéadh sí ramhar. Nuair a bhí an mí caithte,
chuaidh fir an tsagairt, oidhche, fé n-a déin.
Ba í sin an oidhche tháinig Seaghán Ó Céilleacháin
abhaile. Níor airigh a bhean é ag teacht.
Dubhairt sé leis féin annsin go raghadh sé
isteach go dtí an mhuc go dtí an mhaidin. Ní
raibh sé i bhfad istigh nuair a tháinig fir an
tsagairt fé dhéin na muice. D'osgail ceann
acu an doras, agus chuaidh an fear eile isteach.
Bhí an lúb socair ar an gcórd aige, ach, nuair
a bhí sé ag cur an chóird ar chois na muice,
do bhuail Seaghán Ó Céilleacháin le buille
de'n mhaide é. Dubhairt sé leis an bhfear
amuigh, an doras d'osgailt go mear, mar
bhí Seaghán Ó Céilleacháin istigh. D'osgail
sé an doras, agus do ruith sé chomh mear
agus do bhí aige. Do léimeadar clocha agus
gach aon rud, ag teicheadh ó Sheaghán.



Nuair a chuadhadar abhaile, d'fhiafruigh an
sagart díobh ar thugadar an mhuc leó.
Dubhraidheadar nár thug, mar bhí Seaghán Ó
Céilleacháin 'sa tigh. Dubhairt an sagart
leó dul airís fé n-a déin. Dubhradar leis
na raghaidís.



Nuair a bhí an mhaidin ag teacht annsin,
chuaidh Seaghán go dtí an doras, féachaint an
raibh a bhean 'na suidhe. Ní raibh sí 'na suidhe
i n-aon chor. Nuair a bhí Seaghán ró-fhada ag
fuireach, do shiubhal sé thimcheall na páirceanna.
Ní fada a bhí sé ann, nuair a chonnaic sé na
daoine ag dul go dtí an t-Aifreann.
Dubhairt Seaghán leis féin go raghadh sé go
dtí an t-Aifreann 'na bhfocair. Bhí mórán
daoine imthighthe roimhe. Nuair a chonnacadar
Seaghán ag teacht, do bhogadar leó níos tapa.
Nuair a chonnaic Seaghán ag géarughadh iad,
do ghéaraigh sé 'na ndiaidh. Nuair a bhí
Seaghán ag teacht suas leó, do chromadar ag
ruith. Ruitheadar leó chomh mear is a bhí acu,
agus nuair a chuadhadar go dtí an seipéal,
bhí an sagart ar an altóir. Nuair a chonnaic
an sagart na daoine ag ruith, b'ait leis é.
Ritheadar go léir isteach an doras, agus
amach an doras eile. Nuair a chonnaic an
sagart Seaghán ag teacht, ghluais sé leis chomh


L. 107


maith. Nuair a chuaidh Seaghán isteach 'sa
seipéal, shaoil sé go raibh gach aoinneach annso
creacáltha. Dubhairt sé cúpla paidir, agus
bhuail sé abhaile ar a bhog-stróch. Nuair a
chuaidh sé abhaile, bhí a bhean 'na suidhe. Sheas
Seaghán i lár an chistin. D'fhiafruig an bhean
de arbh' é Seaghán Ó Céilleacháin. Dubhairt
sé gurbh' é. "Ciaca beó nó marbh atá tú?"
ar sí. "Táim beó," arsa sé, "Cad do
mhuirbheochadh mé?" "Mhaiseadh, a Sheagháin
bhoicht, cheap mé gur marbh a bhí tú, agus bhí
mé ana-uaigneach as do dhiaidh. Thugamar
abhaile annso, mí ó shoin, duine fuair
buachaillí an fheirmeóra so shíos nuair a
bhíodar ag tógaint poill móna. Nuair ná
fuaramar aon sgéal mar gheall ort,
shíleamar gur tú a bhí ann. Thugamar abhaile
thú, agus do dhéineamar tórramh, agus do
phós mé an táilliúr so."



D'éirigh Seaghán as lár an chistin, agus do
ráidh sé an táilliúir an doras amach, agus
dubhairt sé leis an bóthar a thabhairt leis.



Sin é mo sgéal agus má tá bréag ann bíodh.



Tadhg Mac Giolla Fhionáin, do
sholáthraigh an sgeul so.



Ceann do rannaibh na ragairidhe.1



Éirigh do shuidhe a bhean an tighe, agus ná
crádhaidh an Rí do lámha ag tabhairt déirce
do na bochtaibh. Ná h-abair tusa liom
mar adubhairt an droch bhean aréir liom .i.
"ná ith an t-arán briste agus ná bris an
t-arán slán agus ná codluigh dhá oidhche ins
an teach amháin"; bocht, nocht, lom, léir,
mar atá mise anocht gan bhó Shamhraidh, gan
mhaoin Fhóghmhair, gan athair gan mhathair.
Gan mhódh gan mhúnadh, fosgail an doras
agus leig mé isteach. Tabhair dúinn tachtadh
muice firine do ghnuth, 2 orchair spól do
chroidhe na circe, gugán do'n leamhnacht,
tláman 3 do'n olann, ceann reamhar do'n
mheascan, beagan do'n bheagan agus móran
do'n mhóran mar tidheann an Rí agat é.
Atá na ceithre gártha liomsa is feárr a
bhí le aon fhear bhocht do chuaidh thart ariamh .i.
na gártha molta agus na gártha cáinte, na
gártha beannachtaigh agus na gártha mallach-
taigh. Atámuid caillte indiaigh theacht aniar
ó Chonnactaibh isteach ar thráigh Ghaoth-barra
le losta do na préataibh bána.



"PAIDÍ ÓG"



1 Is ionann "ragairidhe" agus sgaifte do
dhaoinibh óga a d'imtheochadh ó theach go teach ag
iarraidh leamhnachta, uibheacha agus arraidhe eile ar
nós daoine bochta. Atá an nós leitheadach go fóil
i náiteachaibh i dTír-Chonaill.



2 Is ionann gnuth agus "curd," gnuth-buidhe, 'se
sin "beistings," i dTír-Chonaill.



3 Is mar so .i. sláman, sgríobhtar an focal so
i bhfoclóir an Athar Uí Duinnín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services