Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maith i naghaidh an oilc

Title
Maith i naghaidh an oilc
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Maith i naghaidh an oilc.



Bhí feilméara i gConndae an Chláir fad 'ó darab
ainm Mícheál Mac Taidhg, agus bhí mac is fiche aige. Ní
raibh aon fhear is fiche le faghbháil a b'fhearr ná clann
an athar so, agus bhí a gcáil i bhfad agus i ngearr. Bhí práinn
mhór ag an tighearna talmhan, do bhí as cionn an athar,
asta, mar is minic a tháinig sé ag féachaint orra ag
obair, agus ag déanamh grinn, agus chonnaic sé nach raibh goir
ar bith ag fearaibh eile na dúithche orra. Bhí sé ag
cainnt orra, lá, le comharsa leis, tighearna talmhan eile
bhí na chomhnuidhe i bhfogus dhó, agus chuir sé geall asta leis
an bhfear so, go mbuailfidís báire chomhórtuis le fear is
fiche ar bith eile dh'á raibh sa taoibh tíre. Chuir an
tighearna eile an geall leis, agus chuireadar an dá dhúithche
i n-aghaidh a chéile.



Bhí an mac is fiche faoi an-smacht ag a n-athair agus ní
leigfidh an fhaitchíos dóibh dhul i náit ar bith thar a
chomhairle. Bhí fhios sin ag an tighearna talmhan, agus lá
nach raibh an t-athair leó sa ngort, tháinig sé gá n-iar-
raidh le haghaidh an báire comórtais a bhualadh. Bhí
leisge air iad iarraidh ar a n-athair, bhí sé chomh cantalach
sin, agus níor mhian leis gan an báire a bhualadh tar éis a
dhúithche bheith curtha. Is go dtí an mac is sine, Diarmuid,
do tháinig sé, mar is aige féin agus ag Conn, an mac a
b'óige bhí an chomhairle le na n-aghaidh ar fad. Thug
Diarmuid toil ar a dhul leis, acht dubhairt sé leis
cead iarraidh ar Chonn freisin. Bhí Conn chomh toil-
teanach leis an bhfear eile, agus dubhairt sé
“Cuirfidh mise amach na comáin anocht, i gan fhios,
agus tar éis ar mbreicfeasta ar maidin i mbárach
imtheóchamuid, agus beidhmíd ar ais i n-am dínnéir, agus
stiall mór oibre déanta againn tar éis an báire bheith
buailte, mar leagfamuid orainn féin, agus ní aireóchaidh
ar n-athair go rabhamar imthighthe chor ar bith.”



Tháinig an bheirt daoine uaisle ar pháirc an bháire go
moch lá ar na bhárach, agus bhí cruinniughadh mór ann i
n-éinfheacht leó. Fuair an tighearna do chuir an
geall i n-aghaidh tighearna an mhic is fiche, fear is fiche
eile, agus b'iad-san na fir a b'fhearr a bhí i mbaile is fiche
ar a dhúithche, agus bhíodar-san ar an bpáirc gléasta réidh
leis an mbáire do thosughadh. Is mór an mhuinghin
bhí aca so asta féin, agus bhíodar ag éirghe mí-fhoighideach
nuair nach raibh clann Thaidhg ag teacht, acht mar sin féin
bhí a fhios aca muna dtagaidís go mbéadh an báire ag
an muinntir a bhí ar an bpáirc. Ní raibh fá dheireadh
aca acht leath uair a chloig, agus ceapadh nach raibh clann
Thaidhg ag teacht chor ar bith, acht ní raibh chúig noiméad
eile caithte, nuair chonnaiceas ag teacht iad ag comhrádh
is ag gáiridh le na chéile, agus gan cosamhlacht sár-dheifir
ar bith orra. Níor bh'fhada go rabhadar i n-a léinteachaibh,
na seasamh i lár na páirce, a chomán 'na láimh ag gach
uile fhear aca. Caitheadh amach an liathróid agus ba ghearr
gur chuir an mac is fiche amach ar thaoibh í. D'iom-
puigheadar, agus chuireadar amach ar an taobh eile í. Thug
a dtighearna léim san aer, chaith sé a bhirréad suas,
chuir sé gáir agus gáir eile riméid as, agus d'imthigh sé gur
chraith sé lámh leó ó dhuine go duine, agus é ag siosgadh
cainnte agus 'gá moladh go hárd.



Bhuaileadar orra a gcuid éadaigh annsin le dhul a
bhaile, i gcruth is go mbeidís sa ngort i n-am dínnéir,
agus gan a gcuid oibre bheith chum deiridh nuair thiocfadh a
n-athair, mar is é sin a bhí fútha. Ní leigfidh an
máighistir uaidh iad annsin gan deoch, agus dubhairt sé go
ngabhfadh sé féin a leithsgéal le na n-athair, agus nach
mbeadh aon mhilleán aige orra, nó dhá mbéadh féin gur
gearr é nuair chloisfidh sé fheabhas is chruthuigheadar-san
ag bualadh an báire. Níor thaithnigh leó-san fanacht,
mar bhí an cleachtadh aca ar an an-smacht a bhí orra, acht
mar sin féin, dubhradar go n-ólfaidís deoch nó dhó,
mór-mhór ó bhí tart orra tar éis an tsiubhail; ní raibh


L. 643


suim ar bith sa mbáire aca, agus níor bhain sé aon allus
asta, agus go n-imtheóchaidís annsin. D'ól siad deoch, agus
deoch eile, agus do réir mar bhíodar ag ól bhí a dtart
ag méadughadh, agus a gcuimhne ar dul a bhaile ag
laghdughadh, nó nach raibh ionnta imtheacht faoi
dheireadh; agus d'fhan siad go dtáinig an oidhche. Ghluais-
eadar annsin, agus nuair thángadar go dtí an teach bhí
faitchíos orra dul isteach, acht dubhairt Conn:



“Éistfidh mise ag an doras go cheann tamaillín go
bhfeicfidhmid céard tá ar n-athair a rádh.”



D'éist agus chuala sé an t-athair ag dul le cúthach, agus le
báine istigh.



“Ní thiocfaidh siad abhaile anois anocht,” a deir sé,
“nó má thagann ní thiocfaidh siad isteach annso, ní
leigfidh an faitchíos dóibh, agus luighfidh siad 'sa sgioból,
sin é an rud a dhéanfas siad. Acht ní luighfidh siad
ann arís geallaim-se dhóibh, cuirfidh mise smacht orra,
nó cuirfidh siad-san smacht ormsa. Ná coigil an teine
sin,” deir sé le na mnaoi, “go ham suipéir, go
dtugaidh mé teine do ceithre coirnéil an sgiobóil,
nuair bhéas na bitheamhnaigh seo na gcodhladh ann ar
ball.” Níor labhair an mháthair smid, mar bhí a fhios
aice nuair bhí an fhearg ar Mhícheál nach mbeadh sisi acht
ag séideadh faoi, dhá dtagadh sí n' aghaidh, agus pé ar bith
cia 'n ceart a bhainfidhe dhó le éisteacht leis, nach
ndéanfaidhe acht a rún a dhaingniughadh, bheith ag iarraidh
foighid a chur ann.



D'iompuigh Conn ar a chois, d'innis sé an sgéal ar
fad d'á dhearbhráthrachaibh, agus chinneadar ar dhul a
chodhladh go maidin sa n-iothlainn. Le huathbhás níor
thuit néal orra go ham suipéir, agus i dtaca an ama sain,
bhíodar ag breathnughadh ar a n-athair ag tabhairt
splainnce leis, agus ag tabhairt teine do'n bhun-tsop, i
gceithre coirnéil an sgiobóil. Níor choruigheadar le
na mhúchadh, ná le na bhacadh, acht thuit codhladh mío-
shuaimhneach orra, acht ar bheirt d'fhágadar ag faire
go maidin.



Ar maidin lá ar na bhárach chinneadar gan a n-athair
a thaobhughadh arís go bráth, acht imtheacht go cheann lá is
bliadhain, agus gach uile fhear déanamh dho féin. Chuadar
annsin i gcomhgar ceithre bóithrí, agus thugadar gealla
theacht i gceann a chéile arís faoi cheann lá is bliadhain.
Sgaip siad annsin, fear soir, agus fear siar, agus ní dheachaidh
an dara duine aca i n-éinfheacht.



Bhí Diarmuid, an mac is sine, ag imtheacht, agus ag
siar-imtheacht go dtáinig sé go háit a raibh cúirt dá
déanamh ag duine uasal. D'iarr sé obair ann, agus
fuair sé í. D'fhiafruigh sé de'n stiobhard an bhfuighfidh
se páidhe beirte dhá ndéanfadh sé obair beirte.
Dubhairt an stiobhard go bhfuighfidh agus páidhe ceathar dhá
saothróchadh sé í. Níor éiligh seisean acht páidhe
beirte.



Is sean chúirt a bhí ag an duine uasal cheana, agus ba
breágh an chúirt í, acht bhí sé 'gá bánughadh mar bhí sé ag
aireachtáil rud innti, bhíodh taidhbhse nó rud neamh-
shaoghalta éigin eile ag teacht innti san oidhche.



“Cia 'n chiall sibh a bheith bánughadh na sean-chúirte
sin san oidhche, agus ag teacht innti sa ló?” ar sa Diarmuid
leis an duine uasal.



“Tá,” a deir an duine uasal, “mar nach bhfuil aon
oidhche le chúig bhliadhna ó cailleadh m'athair, nach
bhfuilmíd ag aireachtáil rud innti, agus muna mbéadh
sin ní bhéadh aon cháll agamsa an chúirt nuadh so chur
'ghá déanamh. Ní'l fear maith ar mo dhúithche nach bhfuil
caillte agam léithe. Cuirim an fear is fearr, agus is
misneamhla agam innti san oidhche gá faireadh, agus ar
maidin bíonn sé caillte.”



“Tiocfaidh mise anocht innti,” ar sa Diarmuid,
“acht go dtiubhraidh tú teine agus solas dom.”



“Badh mhaith liom fios a bheith agam céard tá innti,”
adeir an duine uasal, “acht is fearr dhuit gan bacadh
leis, pé ar bith céard é féin, tá tú ag tastáil le
haghaidh an chúirt nuadh a dhéanamh, agus is deacair fir
mhaith fhagháil anois. Dhá dteightheá innti ní bheitheá
acht 'g a do mharbhughadh féin.”



Níor leig Diarmuid dó, agus d'iarr sé cead air arís agus
arís, nó faoi dheireadh go dtug an duine uasal cead
a chinn dó.



Chuaidh mac Thaidhg sa sean-chúirt an oidhche sin, thug
sé leis teine agus solas, agus leabhar le léigheadh go gcaithfidh
sé an oidhche dhó. Bhí an codhladh ag tuitim air, san am
mharbhthach de'n oidhche, agus an leabhar ag brath ar tuitim
as a láimh, nuair d'airigh sé mar shaoil sé bárr an tighe
ag creathadh, agus mar bhéadh an ceann ag tuitim isteach
leis an torann, agus an “trup trap” a bhí ann. Theann
an torann leis, acht gidh nach raibh aon chall a dhúiseacht,
níor tháinig aon mhoisiam thairis sin air, agus d'fhan sé ag
léigheadh a leabhair mar'dh eadh. Ba ghearr go dtáinig
an taise go dtí é i gcomuirdheacht fir, agus bráithlín mar
shaoil Diarmuid, casta timcheall air, agus labhair sé.



“Is tú an fear misnigh is fear a chonnaic mé ariamh.”



“Tuige?” adeir Diarmuid, “níor chuir tú aon
trioblóid orm.”



“Chuir mé an oiread ort, agus chuir mé ar leath chéad eile
fear a tháinig annso rómhat.” adeir an taise, “agus ní
raibh fear ag faireadh annso fós nach dtuitfidh an
t-anam as le teann faitchís nuair d'airigheadh sé mé
ag teacht.”



“Cia thú féin, mó cia 'n trioblóid atá ort?” arsa
Diarmuid.



“Mise athair an fhir a bhfuil tú ag obair aige, agus ní'l
aon oidhche ó fuair mé bás nach dtiocfainn annso
féachaint a bhfuighinn duine ar bith a bhféadfainn cainnt
a chur air. Níor fhéad mé ariamh níos lugha torainn a
dhéanamh ag teach ná rinne mé anocht, ná ní thig liom
mo chuma d'athrughadh, agus is tusa an cheád fhear nach
bhfuair bás le eagla nuair a thagainn. Tá m'fhóithrín
i ngar dhom anois, ó fuair mé tusa misneamhuil go
leór le fanacht beó. Nuair a bhí mé beó ar an talamh
so, chuir mé trí fichid baintreabhach amach as a gcuid
talmhan ar mo dhúithche. Fuair cuid aca bás ó shoin
acht tá a muinntir beó, agus tá an chuid eile aca beó
iad féin. Tá dhá shoitheach airgid a bhain mé amach
go neimhdhlisdionach ar an dúithche, curtha ag coirnéal


L. 644


na cúirte, agus tá soitheach eile le na n-ais a fuair mé go
cneasta. Bíodh an soitheach sin agat féin, acht abair
le mo mhac an dá shoitheach eile do thabhairt ar ais do'n
mhuinntir ar bhain mé dhíobh é; abair freisin leis na
baintreabhacha a leigeann isteach i n-a gcuid talmhan
arís, agus é thabhairt dóibh níos saoire ná bhí sé aca uaimse,
níos saoire, níos saoire ná bhí sé aca uaimse.”



Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d'éalaigh, leis
amach, acht d'imthigh sé níos éadtroime, níos sgafánta,
níos aermhula ná tháinig sé. Lag an bualadh-croidhe
ar Dhiarmuid, acht nuair bhí an taise imthighthe, d'airigh
sé an t-allus ag tuitim anuas de féin, agus nuair chuir
sé a lámh suas le n-éadan a chuimilt, bhí sé chomh-fliuch
agus dh'á dtarraingeochaidhe thrí shruthán é.



Go moch lá ar na bhárach, tháinig máighistir na cúirte
isteach go dtí Diarmuid, agus gan ceapadh ar bith aige
é bheith beó roimhe. Bhí iongnadh an domhain air,
Diarmuid fheiceál beó, acht thug sé faoi deara go
raibh sé claoidhte, caithte, curtha, agus sgéin i n-a shúilibh,
cé nach raibh fhios aige féin go raibh sé ag breathnughadh
leath chomh dona agus bhí sé, mar tháinig a lán dá chuid
misnigh ar ais aige i leabaidh a chéile nuair d'fhág an
taise é.



“Bhfuil tú beó fós?” ars an máighistir “nó a bhfaca
tú aon phioc, acht céard a bhí ann?”



“Beó!” adeir Diarmuid, “d'eireochadh dhom nach
mbéinn beó; ní raibh aon an-shógh orm-sa, acht chonnaic
mé t'athair-se aréir, sé bhíodh ag teacht annso le fada
acht tá sé réidh leat anois ní thiocfaidh sé níos mó.”



D'innis Diarmuid ansinn dó an sgéal a fuair sé
ó'n athair, go raibh na soithighe airgid curtha ag coirnéal
na cúirte, go raibh péire aca le tabhairt ar ais do na
baintreabhachaibh, agus go raibh an ceann eile fágtha aige
féin, agus nuair bhéadh na baintreabhacha socruighthe isteach
arís nach raibh trioblóid ar bith eile ar an athair.



“Go deimhin” a deir an duine uasal, “ní bheidh
bainnt ná páirt na pléidh agamsa leó, tóg thú féin an
t-airgead, ó's leat a bhí sé ag cainnt, agus roinn iad;
agus ó thárla gur chruthuigh tú chomh maith sin, tiubhraidh mé
m'inghean le pósadh dhuit agus dúithche mar spré léithe.”



Bhí Diarmuid sásta, agus pósadh é féin agus an inghean.
D'innis sé dá mhnaoi annsin mar chaith sé a shaoghal sul
tháinig sé go caisleán a hathar, agus mar b'éigean dó
dhul agus a dhearbhrathacha fheiceál nuair bhéadh an bhliadhain
caithte. Níor cheap sé go n-eireóchadh an aimsir chomh
sonaidhe le ceachtar aca agus d'éirigh sí leisean a dhéanamh
dhóibh, ó thárla gur air-sean do thuit ar t-adh.



“Rachad-sa i n-éinfheacht leat, muna bhfuil aon
diúltadh agat dom” ars an bhean. “Badh mhaith liom
iad fheiceál is dóigh liom gur fiú togha fir na tíre
fheiceál, agus dhéanfadh an t-aisdear maith dhom.”



“Tarm agus míle fáilte,” arsa Diarmuid.



Nuair tháinig an lá a raibh an bhliadhain caithte ag
Diarmuid ó d'fhág sé a dhearbhráthracha, dubhairt sé
an cóiste agus péire capall do ghléas amach, agus thomáin
sé leis, é féin agus a bhean sa gcóiste go ndeárnadar
comhgar na ceithre bóithrí. Bhíodar ann i dtosach mar
ba dhóibh a b'fhusa, acht is gearr gur thosuigh na fir eile
ag teacht ó dhuine go duine, agus iad lom leadhbhach
nochtaighthe ó ghéar-an-shógh agus ó chruaidh chúis na bliadhna.
Níor aithnigh ceachtar aca Diarmuid, mar nach raibh
aon tsúil aca é fheiceál i n-a chóiste, agus mar nár thug
sé aon áird orra, acht é ag spaisdeóireacht síos is
suas an bóthar le na mhnaoi. Bhí imnidhe orra-san gan
é bheith ag teacht, agus chuala sé duine aca ag rádh gur
dhóigh gur bás a fuair sé, óir dá mbeadh sé beó nach
mbeadh gan a bheith annso anois. Faoi dheireadh b'fhada
leis é, agus labhair sé leo.



“Nach n-aithnigheann sibh mise, nó céard tá oraibh?”



“Ní aithnigheann,” adeir duine aca.



“Níor bh'é sin daoibh bliadhain sa lá indiu” adeir
seisean, “acht bíodh sin mar tá sé, is mise bhur
ndreabhráthair, agus so í mo bhean phósta. D'éirigh an
saoghal chomh maith liom go bhfuil dúithche agam anois, agus
siubhlaigidh abhaile liomsa, agus tiubhraidh mé feilm thalmhan
do'n duine agaibh chomh maith, agus bhí ag ár n-athair ariamh.”



Níor bh'orra-san do bhí an mhoill, chuadar leis, agus
fuair gach uile fhear aca feilm thalmhan uaidh chomh
breagh agus bhí ag a n-athair i gConndae an Chláir.



Tráthnóna fóghmhair sa mbliadhain dá chionn sin bhí
Diarmuid ar dínnéar sa gcaisleán, agus chonnaic sé fear
bocht lag, liath, ag dul thart amuigh ar an mbóthar agus
mála ar a dhruim ag iarraidh na déirce. D'aithnigh
sé ar an toirt go mb' é a athair a bhí ann, agus ghlaodh sé
ar shearbhfóghanta, agus dubhairt sé leis dul amach agus rádh
leis an sean-fhear úd gan imtheacht go cheann tamaill.
Nuair chuala an sean-fhear an teachtaireacht, sheas sé
san áit a raibh sé, agus chaith sé an mála dh'á dhruim, nó
go dtagadh duine amach aige, dar leis, le déirce.
Ba ghearr go bhfaca sé an máighistir ag teacht air, agus
chroch sé an mála air arís, shaoil sé gur gá mhealladh
bhíodar. Ghlaodh Diarmuid air, agus d'fhiafruigh sé dhe cia
'n chaoi a raibh sé. D'fhreagair an sean-fhear go raibh
go maith.



“An aithnigheann tú mise nó an bhfaca tú ariamh
mé?” arsa Diarmuid.



“Ní fhacas,” arsa Mícheál “cá bhfeiceann tú; ná
cá bhfuighinn aithne ar dhaoinibh-móra na tíre seo?”



“Maiseadh chonnaic mise thusa go minic,” adeir an
mac, “d'aithneóchainn m'athair i n-áit ar bith a bhfeicfinn
é, agus is tusa m'athair.”



Ní raibh an sean-fhear i n-ann focal a labhairt acht
thug Diarmuid isteach é, agus tar éis a ghléas, agus bhéilidh
thabhairt dó, thosuigh sé ag cainnt, ag fiafrughadh cia'n
chaoi a raibh a mháthair, agus gach uile nidh agus gach uile dhuine
ó d'fhág sé an baile. D'innis an t-athair dhó.



“Cailleadh,” adeir sé, “do mháthair le briseadh-
croidhe go gairid d'éis sibh-se imtheacht, agus an rud a bhí
mo dhroch-intinn a thuar dhom-sa fuair mé é, droch
aoide ó'n saoghal, agus an mála le dhul ag iarraidh na
déirce, mar do chonnaic tú mé indiu.”



“Bhí sin dona go leór,” adeir Diarmuid “acht


L. 645


sgaoil as do chuimhne anois é, mar nach bhfuil maith ghá
luadh, agus déanfaidh mise maith i naghaidh an oilc ort-sa.
Fan liom-sa feasta, agus chomh fada agus mhaireas mise agus
thú féin ní bheidh call ná an-shógh go deó ort. Tá do
chlann mhac eile freisin i n-acfuinn caitheamh leat chomh
maith céadna agus is tig leat cuairt a thabhairt orra
chomh minic agus thogróchas tú é, agus táim cinnte nach mbéidh
aon doichioll aca-san romhat acht an oiread liom-sa.”



Ghlac a athair a chomhairle, agus d'fhan sé aige, agus ag
cuartuigheacht anonn 's anall ag an gclann eile go
bfuais sé bás nuair bhí a sheal caithte.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services