Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Sgéalta Thairis



Leithsgéal Inghine Ghuilidhe é seo.



Rí do ghabh flaitheas na Mumhan, Feidhlimidh mac
Criomhthain do b' ainm do. Do chuaidh sé uair ar
mhórchuairt na Mumhan, go dtárla dho teacht go hÁth
Lóiche i nIarmhumhain. Is annsain do bhí baile Ghuilidhe,
an cáinte (.i. an cáinteóir) ba ghéire agus ba ghoirte agus ba
deisbhéalaighe bhí i nÉirinn lena linn. Le guirbhthin
earraigh seadh chuadar na sluaighte siar. Do thuit
oiread sneachta nár fhéadadar dul rómpa, ní nár bh'
iongnadh, agus go ndeaghaidh an sneachta go glúnaibh na
bhfear. D'fhiafruigh Feidhlimidh dá lucht eólais: “Cia
is goire dúinn annso?” “Ní fheadramair,” ars'
iadsan, “marab é Guilidhe Átha Lóiche, do chara féin.”
“Geallaim-se maise,” ar Feidhlimidh, “má 'sé sin atá
ann, gur fear gobach géar goirt faobhrach fíochda féigh-
bhriathrach féicheamhanta é. Is maith uaidh athchuingidh do
chur ar dhuine agus ní maith uaidh tabhartas do thabhairt do
dhuine. Mar sin féin,” arsa Feidhlimidh, “siúd is nach
fial le féinnidhibh é, is nach fairsing faoi thabhartas
é, agus nach fosgailteach faoi bhronntanas é, tá comaoin
againn air. Fuair sé ár n-ór agus ár n-airgead agus ár
n-easgra, fuair ar n-eachradh ár sriana, agus ár n-iallaide.
Ní mór do aoigheacht na hoidhche thabhairt dúinn.”



Chuadar na sluaighte rompa na dhiaidh sin gur bhain-
eadar faithche an dúin amach. Seinnid na cornairí a
gcorna agus na stocairí a stuic ar imeall an dúin, agus ní
raibh rompa sa bhaile acht Guilidhe féin agus a inghean.
Agus ba seanóir críon liath é Guilidhe an tráth so,
mar ba slán a sheacht bhfichid bliadhan aige.



Inneósad duit anois tréithe an Ghuilidhe seo. Ba
laoch ar laochas agus ar chalmacht é, ba fhéinnidh ar fhéinnidh-
eacht, ba ghaisgeadhach ar ghaisgeadh, ba bhrughaidh ar
bhrughamhnas, agus ba cáinte (nó cáinteóir) ar cháinteacht,
sé sin ar ghéire agus ar ghoirte agus ar dheisbhéalaighe. Is dá
bhíthin sin tugadh air Guilidhe Cáinte.



D'éirigh Guilidhe leis sin, agus do chuir a uillinn faoi,
agus do dhearc ina thimcheall, agus ní fhaca acht é féin, agus a
inghean sa tigh. “Seadh má 'seadh, a inghean,” ar
Guilidhe, “éirigh amach agus féach leat cia hiad na cornairí
seo agus na stocairí, agus cia roimhe a bhfuil siad ag seinnm.”



D'éirigh an inghean leis sin agus do chuaidh amach. D'fhill
ar ais sa teach agus dubhairt: “Sluaighte móra annso,”
ar sí. “Is dóigh liom gurab é Feidhlimidh mac Criomhthain
é agus uaisle na Mumhan ina chuideachtain.” “Seadh, a
inghean,” arsa Guilidhe, “éirigh amach fó dhéin na sluagh
agus labhair go teann leó, ag féachaint an raghaidís
seachainn anocht.” D'éirigh an inghean agus do ghléas í
féin i mbrat corcra, léine shreabhnaidhe shíoda lena
geal-chneas, agus mineasg dearg-óir ina brat.



Do chuaidh sí os comhair na sluagh agus adubhairt: “Fáilte
roimh do shluaighte go léir, a Fheidhlimidh. Acht is
maighistir gach duine ar a theaghlach féin. Óir an lá is
feárr do bhí Guilidhe riamh, níor mhór dhó fuagra trí lá
nó cúig lá nó deich lá nó míos nó ráithe nó bliadhna
romhat-sa ar mhéid do throsgáin agus ar liacht do dhaoine.
Olc an ionbhaidh tháinig sibh. Tá faobhar ar an ngaoith.
Is salach na droichid. Is mall na reachtairí. Sráid-
slighe na sluaighte annso i gcomhnaidhe. Ceardcha
ghabhann ann, lucht cáinte slíghthe. Teach pobail ar dhá
theórainn. Is geall re hÁrd Macha é an áit seo ar
thaithighe daoine. Fear bó aon mhacha, geilt aon ghéidh,
milidhe aon bheiche, is eadh fear tighe. Táid ár n-aola
ar árdughadh, táid ár loinidhe gan íslughadh. Táid ár
sean-bhiadha caithte, táid ár nua-bhiadha gan teacht.
Olc an ionbhaidh tháinic sibh, an uair roinneas an
chailleach a toirtín leis an inghin. Is árd iorball
féich againn, is íseal iorball con. Tálann sróna
ár mban. Uisge ag ár mbólacht agus gan bainne
ag ár ngamhnachaibh. Ganntanas san áit, tart sa
mhuileann. Ocras ar ár gconaibh, cíocras ar ár
gcataibh. Acht adeirim an méid seo,” ars' an inghean
“Ní mise is gnáthach ag cainnt le daoinibh uaisle annso.
Cuil agus Gaológ agus Greac trí ingheana Ghuilidhe. Geannadh
agus Slibreadh agus Lorgadh trí doirseoirí Ghuilidhe. Dá
mbadh í mo dheirbhshiúr is sine do bheith ann, do bheadh
rud aici le rádh libh-se. Acht má's mise, ní heól dom
leithsgéal do ghabháil libh.”


L. 642


“Geallaim-se dhuit,” arsa Feidhlimidh, dá mbadh í
do bheadh ann, go bhfágfainn-se an fearann ó Shléibh
Luachra siar léi. Agus ós tusa atá ann, fágaim leat a
bhfuil idir Droing agus Loch Léin.”



“Seadh, a mhic Criomhthain, arsa 'n inghean. “Chuaidh
mise oidhche ar aoigheacht agus ní ríoghdha an aoigheacht tugadh
dom.” “Cad tugadh duit?” ar Feidhlimidh. “Inneósad
sain duit,” ars' an inghean. An ceathramhadh rann ar
dhá'chid do lorgain leaghta lobhtha de'n chlé-cheathramhain
tosaigh do laogh sgamhach, lena comh-oiread de stiall
feóla de lom-asna lomartha, le méid seilice (nó
seilmide) de bhagún gan saill, le taobh tana muice
seinge, le ceithre sgríbhíní d'fhuighleach aráin choirce
sgreamh-loisgthe d'fhás sa chúinne thoir thuaidh thíos d'
ath-ghort móinfhéir nár bhain gaoth leis agus nár thaitn grian
air, do buaineadh roimh am a bhuainte, agus do meileadh
roimh am a mheilte; agus méid ceithre sgiathán féileacáin
do ghruth ghallda tar éis a sgagtha tré cruaidh-bhéal
sean-bhalláin. Meadairín caol leathan, bárr fear-
nóige sgoilte, bun íochtair dhroch-bhainne, leamhnacht úr
ina uachtar, sean-bhainne lobhtha ina íochtar, agus gan
bainne ar bith ina cheartlár. Ba chuid de'n bhainne
ghlas ghalraightheach é bhí ar fágháil thiar thíos sa chuiginn
tar éis a mhalcadh-mhaistreadh ag sglabhaidhthibh sglábh-
ghadaidhthe i mear-laetheantaibh gearra an earraigh. Ba
chuid de chéad-bhainne na céad-bhó é tháinic isteach sa
mhacha maidean mhoch an lae roimhe. Ní hé sin díbh-se,
geóbha sibh aoigheacht na hoidhche seo sa tráthnóna tháinig
sibh, sé sin, fliuch-éadaighe go bun cluas, tighthe leath-
nochttha, arán leath-thirm, soighthigh leath-lána, leapthacha
leath-loma.”



Leis sin d'éirigh an inghean agus rug ar láimh an ríogh agus
thug isteach é. Bhí Feidhlimidh ann trí lá agus trí oidhche,
agus ní bhfuair riamh lena lá nó lena fhlaitheas beatha do
b'fhearr dhó i dtaobh bán-bhidh, agus d'fhágaibh a bheannacht
ina dhiaidh. A chríoch sain.



(Míniughadh: Easgra = soighthigh óir agus airgid. Féinnidh
.i. gaisgeadhach ar an bhFéinn. Brughaidh, fear go raibh
brugh aige .i. teach mór agus tolamh dá réir, acht gan é ina
fhlaith. Sreabhnaidhe .i. sreabha nó srotha nó lonnradh
solais ar bhárr an tsíoda. Mineasg .i. dealg nó
búcla. Ionbhaidh = tráth, aimsir. Aol .i. forc mór chum
feóla do thógáil as an coire. Loinidh an t-arm do
ghníos an maistreadh. Ballán .i. soightheach cloiche
creidim. Bán-bhiadh .i. bainne, uibhe, im, cáis, arán, &c.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services