Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Sgéalta Thairis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Sgéalta Thairis



Cruinniughadh



Bhí cruinniughadh puiblidhe ag na ballaibh feise thiar
i gCuan na mara, an lá cheana, agus chuaidh Tomás Phaid
Gabha ann, agus Mícheál Bhríghid Mhóir. Bhí beagán Béarla
ag Tomás, acht dheamhan focal ar bith bhí ag Mícheál acht
focal nó dhó. Bhí na sagairt agus na baill feise ag
stealladh Béarla uatha ar feadh i bhfad, agus an bheirt seo
ar chiúmhais amuigh an chruinniughadh, ag éisteacht chomh
dlúth i nÉirinn is d'fhéadeadar. Fá dheireadh nuair a
bhí an chaint thart agus bhíodar ag imtheacht a bhaile, agus
na bosa greadaighthe go maith aca, bhíodar ag cómhrádh
le chéile.



Mícheál. — Nach diabhalta an cainteóir é Liam! Tá
sé n-a dhuine uasal amach 's amach anois mais.



Tomás. — Tá. Tá cruth mhaith air. Bhfaca tú an
geólmhach a bhí aige?



M. — Mh'anam gur b'eadh. Céard a bhí sé ag rádh?
Á, ní'l aon mhaith ann gan an Bhéarla n-a dhiaidh sin.



T. — Ní'l aon mhaith. Nach hí an teanga tá cliste
aca! An gcuala tú na carraigreacha móra?



M. — Ára! cia 'n mheabhair a bhainfeadh mo léithéid-
se asta, a dhearbhráthair? Céard a bhí sé rabh? tá an
fhoghluim ort-sa.



T. — Ní'l mé géar-chaillte ar fad maise, a bhfeiceann
tú. Bhí sé rádh, sé sin Liam, bhí sé ag rádh go dtiubh-
raidís an talamh saor dhúinn arís. Tá do ghabhaltaisín
le fághail faoi cheann naoi nó deich bhliadhanta agat
adeir sé saor gan chíos gan chabhlach.



M. — Tá sé ag déanamh na mbréag. Ní'l bliadhain
le chúig bhliadhna déag, is le fiche bliadhain, nach bhfuil
muid ag cloisteáil an sgéil sin.



T. — Ní'l fhios agam, acht deir seisean é. Is deacair
aon cheó fhághail ó na boicínibh móra úd. Deir an
sagart freisin é.



M. — Deir! Is beag an bheann aca siúd ar shagart,
ná ar bhráthair.



T. — Is beag, acht tá siad ag fághail a gcíopadh anois
amuigh sa gcogadh, agus b'fhéidir nach mbéidís chomh dána
feasta is bhíodar.



M. — Creidim gur chuma dhúinne dána nó réidh iad.
Aon mhaith amháin a thiocfas dúinn asta. Daoine móra,
a mhic ó, is cainteanna móra. Tá siad-san ag baint
beatha mhaith as an gcaint, agus is beag é a n-áird ar an
talamhaidhe bocht.



T. — Is mór an tiongnadh nach labhairfidís an Ghaedhilg
ar chuma ar bith, an rud a thuigfidh na daoine.



M. — Gaedhilg an eadh? Iad-san ghá labhairt?



T. — Seadh. Nach bhfaca mé ar phíosa páipéir a fuair
Sighle timcheall coinnle insan siopa an lá cheana, go
raibh siad ag labhairt Ghaedhilge arís thuas i mBaile Átha
Cliath.



M. — An dá ríribh? Fiafróchadh mé d'fhear an pósta
é Dia Domhnaigh.



T. — Is féidir leat. Racadh mise a bhaile an bealach
so.



M. — Tá aith-ghiorra mhór ann. Slán leat. Meas
tú an báisdeach atá air?



T. — Sioc, saoilim. Ceó seaca é seo.



AN ÓID



Tá fuagra amuigh ag lucht an Mhóir Thaisbeánadh go
dtiubhradh siad chúig phúnt mar bhronntanas do'n té a
chuirfeas an Óid is fearr agus is feileamhnaigh chuca i
nGaedhilg. Táid ar tí an Óid a rádh nuair fhosglófar
geataidhe an Mhóir-Thaisbeánadh an bhliadhain seo chug-
ainn. Ní'l siad ag iarradh óid fhada; déanfadh ceann
iad nach mbéidh thar leith-chéad líne ann, acht é bheith
oireamhnach le haghaidh na húcáide. Is mór an truaigh
nár iarradar é beith i miosúr an Deibhidhe, nó i miosúr
éigin eile níos fusa ná sin dhá dtograidís é. Go
deimhin ní hé an méid sin a dhéanfas Gaedhealach iad.
B'fhearr go mór dhóibh luach chúig phunt d'á n-aimsir a
chaitheamh ag foghluim na teangan, agus gan an méid sin féin
a labhairt nuair bheidís n-a cháll na bheith i dtuilliomaidhe
teangan ar bith eile.



TUNÁNTA AN BHAILE MHÓIR.



Béidh tunántaidhe talmhan ag caint go bhfuil an
phighinn is áirde le n-íoc aca, agus má chuireann siad


L. 578


feabhas ar an talamh nach bhfuighfidh siad lasguinidh sa
gcíos. Is minic a rinneadar clasganna leis an talamh
a thiormughadh, agus claidheacha, agus fáil do chuir an talamh i
gcoir. Chnapadar freisin, clocha, leachtaidhe, tuláin,
agus driseacha as an mbealach, agus annsin, nuair a tháinig an
measadóir harduigheadh an cíos orra. Acht tá lucht
gnó sa mbaile mór chomh dona leo, gach uile phioc,
i ngéar-chúis. Tá sé sa bpáipéar go bhfuil comhlucht
gnó i mBaile Átha Cliath a bhí ag íoc cheithre fichid punt
chíosa sa mbliadhain. Ní chaillfeadh an tighearna pighinn
ruadh le cóir a chur ar an teach agus fá dheireadh loic na
tunántaidhe dh'á bheith ag cur chaoi air. Dhá ndéanaidís
tighthe nuadha ar áit na sean-tighthe, ní raibh aon léas
aca, agus nuair bhéadh na tighthe tógtha bhí a chead ag an
tighearna siubhal isteach, agus a rádh “So, cnap leat amach
as so, so é mo theach-sa.” Bhí an áit ag dul i léig
mar sain, nó gur thuit cuid dhe fá dheireadh, agus annsin
thairig an tighearna léas bliadna is fiche dhóibh acht na
tighthe a thógbháil as a nuadh, agus dhá chéad punt a thabhairt
do as ucht na dtighthe a fhágail aca ar an sean-chíos.
I n-imtheacht na sé bliadhna so chuaidh tharainn tá punta
corra le cois céad íoctha ag na tunántaidhibh ar chaoi
a chur ar an áit, agus sin é a bhfuil dhá bhárr aca fa
dheireadh thiar.



TUITIM



Do thuit fear do bhárr cóiste an bhóthair, an trucall,
nó an train, ar maidin Dia Céadaoin seo chuaidh thart,
agus gearradh go domáisteach é. Bhí gearra trí horlaighe
ar fad i gclár a éadain, agus dar ndóigh é isteach go
cnáimh. Ní raibh an dochtúir i bhfad as láthair, an t-am
céadna, agus glaodhadh air, agus chuir sé greim-snáithaide
ins an ngearradh.



CAPALL DO GHEIT
San oidhche Dia hAoine bhí feilmeóir d'ar b'ainm
Domhnall Ua hAlacháin agus a bhean agus a chliamhain, ag
teacht a bhaile ó Mhagh Cromtha i gcár capaill. Bhíodar
bhfoigseacht cúpla céad slat do'n teach nuair a gheit
an capall, agus d'imthigh léithe n-a cosa i n-áirde. Caitheamh
amach an fear bocht as an gcár, chuaidh rótha an cháir
tarsna a chinn, agus márbhuigheadh é. Go ndéanaidh Dia
trócaire ar a anam! Caitheamh a bhean amach agus gor-
tuigheadh í, agus rug an cliamháin ar an tsrín, acht tharraing
an capall as a lámhaibh í, agus caitheamh eisean amach, acht
d'éirigh leis nach bhfuair sé acht brughadh beag in aghaidh
an bhóthair. Níor stad an capall go dtáinig sé chomh
fada leis an teach agus séidean ann, agus annsin d'iompuigh
an cár as a bhéal faoi, agus d'fhan sé ann gur thóg daoine
é. Nuair a gheiteas capaill mar sain, ní dóigh go
bhfanann splanc amhairc aige, mar bíonn siad chomh
fiadhain agus go dtiocfaidís tré chrann daraigh.



GEIT AN CHAPAILL



Bhí fear ag teacht ó'n margadh lá tar éis ualach
coirce a dhíol, agus bhí sé n-a shuidhe sa gcár go sásta, agus é
ag feadaoil dhó féin. Bhí an cár follamh aige, ag dul
a bhaile, agus sean-chapall meabhrach aige. Ag dul thar
chloigh mhór dhó a bhí i leath-taobh an bhóthair, agus bhí dubh le
teara, fhearacht súd sgannradh an capall, agus thug sé léim
leath-taoibh, agus d'imthigh leis sna fásgaibh. Iongnadh a
tháinig ar an bhfear i n-áit sgannradh, ná faitchíos, acht
níor choruigh sé do'n chár, agus níor fhéach sé leis an
gcapall a chongbháil go socair. Bhí an bóthar réidh
amach roimhe, agus níor b'fhearr leis ceird d'á raibh ar an
gcapall ná bheith ag cur an bhóthair de ar an gcuma
sain. Fá dheireadh nuair a bhí dó nó trí mhílte de'n
bhóthar thairis ag an sean-gearán badh mhian leis siubhal
go socair, agus nuair a shaoil sé imtheacht n-a shodar, chas
an fear an laisg timcheall a láimhe, agus thug sé an chos
anuas ar na heasnachaibh dhó. Fás fuinnseoige bhí sa
gcois aige, agus meádhachan deas comhthrom innti. “Rith
anois” adeir sé “má tá fonn rith ort, tá an bóthar
fada fairsing agat.” Acht ba hé an cás é, bhí sé
ag gléaradh an tsean-chapaill nó nach raibh tarraing
na gcos n-a dhiaidh ann.



SIÚIBHNÉIRIDHE LUIMNIGH
Tá aighneas ar bun le sgathadh idir na siúibhnéiridhe
i Luimneach agus a máighistiridhe. Thug na máighistiridhe
fir cheirde anall as Albain leis an obair a dhéanamh
níos saoire dhóibh ná dhéanfaidhe sa mbaile í. Thairig
na máighistiridhe dó dhéag is punt sa tseachtmhain dóibh,
acht bhí na fir-cheirde ag iarradh ceathair déag is punt,
agus lagadar anuas uaidh sin go dtí trí déag is punt é,
agus dubhradar nach dtiocfaidís pighinn níos ísle. Bhí an
maor agus cómhairle na cathrach ag iarradh an sgéal a
réidhteach eatorra, acht chinn sé orra-san, agus dhearbhuigh-
eadar annsin go rabhadar i bhfabhar na bhfear-gceirde,
ó thárla go mba cúis í idir an oibrighe agus lucht an
airgid.



MIANACH



Bhí mianach iarainn ghá thógáil fad' ó i n-Éirinn, agus ghá
leághadh. Rinneadh cuid mhaith iarainn, chomh fada is bhí
na coillte ann, le teine a dhéanamh do leághfadh an
mianach, agus díoladh i dtíoraibh eile é, acht nuair a bhí an
t-adhmad caithte, agus nach raibh ughdar níos mó teineadh
ann, agus nach raibh an gual le fághail leigeadh as a bheith
ghá thógáil, mar ba mhó an costas a thógáil agus a leághadh
ná iarainn a cheannach. Tá a lán mianaigh eile sa tír
thar iarainn freisin. Tá luaidhe, ór, airgead, gual,
copar, agus mianaigh nach iad, acht dar ndóigh is beag linn
atá ann aca.



NA hÉANLAITH



Fágh fear gunna is cuir amach é
A mharbhóchas dúinne éanlaith,
Naosg is feadóg, mias mhaith dhruideóg
Creabhan caoch is céirseach,
Cúpla colm bhéas i gcolainn
Sin is bunnán leana,
Lon dubh gealbhan crutoch ramhar
Uigeon 's maith an t-éan é.
Caithfeam patraidh-uisge d'fhághail,
'S a gcur ar sceuers suas ar chlár,
Lacha is bárdal, gé is gandal,
Coileach, Francach beidh siad santach
Ag an dream sin, nuair a bhéas siad gléasta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services