Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



D'á mbiadh cómhursa agat go rabhabhair go minic ag
cómhrac le na chéile, acht fá dheireadh go ndearnabhair
síothcháin le chéile toisg go raibh an bheirt agaibh tuir-
seach ó'n gcath, ní dóich liom go mbiadh puínn ionntaoibhe
agat as a leithéid sin de chómhursain.



Sin é díreach mar atá ag Sasana agus an Fhrainc. Gan
amhras déarfadh na Sasanaigh go rabhadar féin ró
mhaith do na Francaigh, acht déarfadh na Francaigh, ciach
oraibh, ní raibh sé n'bhúr gcumas féin riamh troid
linn-ne gan cabhair ó dhaoinibh eile, na Spáinnigh, na
Gearmánaigh, na Rúisínigh, nó cumhachtaí éigin. Ní fhuil
aon treibh aca so ar tí cabhrughadh leis na Sasanaigh
indiu, agus sin é an fáth go bhfuil faitchíos ag teacht ar
Sheaghán. Ní leigeann sé air é ámh, gidh go ndubhairt
Salisburí an lá eile nách raibh aon eagla níos 'mó ag
aon chúmhacht eile roimh Shasana, acht go bhfuil an fuath
céadna dhi do bhí i gcómhnuidhe.



Ní fhuil aon fhuath agamsa do Shasana, adeir an
tAmericánach acht ar a shon soin is uile táim ar tí an
lámh uachtair d'fhághail uirthe ar mhagadh an domhain.
D'á olcas di an Bórach is measa dhi an tAmericánach.
Tá cuideachta mhór d'á cur ar bun i nAmericá le
haghaidh an ghuail agus ceapann an chuideachta úd go mbéidh
sé 'na gcumas a gcuid guail do dhíol 'sa bhFrainc, 'sa
Ghearmáin, agus i mBealach Aoidh níos saoire ná Sasana.
Béidh a n-áthraigh féin aca leis, mar cloisim go bhfuil
siad 'gá gcúmadh chómh tiugh is do dhéanfaidh fir agus air-
gead iad, agus n-a theannta soin táid siad ag ceannach
long ó Shasana agus ó thíorthaibh eile. Nuair nách bhfuil
aon longa againn féin d'á ndéanadh is cóir dúinn
trácht thar longaibh daoine eile



Tá seacht n-áthraigh ar bun-crainn ag na hAmericá-
naigh seo ag Friscó. Nuair do bhéidh siad críochnuighthe ní
bhéidh a leithéidí eile ar sáile le méid. Longa seóil atá
ionnta, a gcabhail déanta as cruaidh i n-ionad adhmaid,
seacht gcrann seóil céad troigh go leith ar áirde ar
gach ceann aca, agus iad stiúrtha le gal guail. Cuirtear
mar asachán nó achmusán leis na hAmericánaigh sin gur
maith an sás maol do chur ar bhréig iad, acht bíodh sin
mar atá ní baoghal ná go bhfuil fuadar fútha indiu.
Tá an chruaidh agus an t-adhmad aca go fulúirseach, agus níos
feárr 'ná soin tá an misneach aca agus an mhuinighin asda
féin. Ní fhuil gnó 'ná slíghe ar thalamh an domhain seo
ag aon dream gur dóigh leó nách bhfuil ionnta acht
liathróid coise do dhream eile. Deirthear gur peacadh
an mhórdhála acht creidim féin gur maith an tréith i
ndaoinibh beagán di. Cuirfidh sí i gcuimhne dhuit go
bhfuil obair agat le déanamh ar an saoghal, agus má's
méin le maidrín laithighe amhastraigh ort ní cuirfir
suim 'na chuid sgeabhuigheala, go mór-mhór má's eól
duit go bhfuil colpa reamhar ar do shúiste, iall righin
air, buailteán trom agus bachall.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services