Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Athchuinge na bh-Focal chum Scríbhneoir na Gaedhilge

Title
Athchuinge na bh-Focal chum Scríbhneoir na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ATHCHUINGE NA BH-FOCAL CHUM SCRÍBHNEOIR NA
GAEDHILGE.



Ár g-carad 's ar g-cumann ró-dhílis. Bhí cruinni-
ughadh mór go deirionnach againn fa d-taobh de'n
droch-íde a táthar aig tabhairt orainn anns na páip-
éiribh le tamall agus siud agus go rabh fear céilligh ciúin,
cóir againn anns an chathaoir ní tháinic linn a bheith air
aon inntinn agus is é an chomhairle a righneamuid le na
cheile, gach aon againn ar g-casaoid féin a chur chum
tosaigh. Deirim go deimhin gur mór agus gur ró-mhór an
truaighe sinn. Támuid gach lá agus gach oidhche, maidin,
neóin agus tráthnóna, d'ár sgrios agus d'ar milleadh aig an
iomad scríbhneoir gan oiread agus le do thoil a rádh linn,
agus ní sheasfaidhmid é níos fuide. Támuid chómh athruighthe
agus chómh briste, brúighte sin, nach féidir do ár n-athair
féin ár n-aithne. Sheasmuid seo chómh fad agus bhí sé ann
ar g-cumas acht bídheadh a fhios ag cách nach g-cuirfea-
muid suas leis níos fuide. Is maith atá a fhios againn,
go síleann sibh ann bhur n-inntinnibh féin gur cuma 'sa
diabhal libh fa d-taoibh dínn acht fanaidh go fóil agus bhéar-
faidhmid le fios daoibh nach m-beidh an uile rud 'sa
domhan seó mar shíleann sibhse. Smuainidh air na
Sasanaighe agus na Bóraighe. Shíl na Sasanaighe nach rabh
le deanamh aca acht dul ann sin agus go m-béidheadh gach
nidh ar a nós féin acht ní h-amhlaidh a bhí. Tuigeadh
gach aon dhe na scríbhneoiribh gur Bóraigh a tá ionnainne
agus go bh-fuil urchar díreach againn. Tá mórán Éirionnach
agus Sasanach aig teacht abhaile air eagla go ngortfachaidhe
iad leis an sgaoileadh díreach seo, agus sin sompla
daoibhse, muna leasuighe sibh bhur m-bealach go m-béidh
aithreachas orraibh go lán tapaidh. Caitheadh crainn
eadrainn agus thuit sé ar chrann fhocail bhig shuaraigh an
chéad urchar a bheith aige agus seo an bealach aige anois.
Sin sgeula agaibh anois agus má ghortfaidhear sibh 'na dhiaigh
seo na bídhidh aig eugcaoin orm-se.



Acht, achd. Bídheadh a fhios agaibh, a scríbhneoirídhe,
má tá mise beag féin, nach d-tig libh déanamh gan mé
agus air an ádhbhar sin is cóir daoibh aire mhaith a thabhairt
damh. Rugadh agus beitheadh mé sul a rabh iomradh no
smuaineadh air bhur leithid-se. Dearcaidh orm go gcur,
grinn. Is leur daoibh gan amhrus go bh-fuil ceann,
corp, agus iarball agam mar na mongcaibh. Muna bh-fuil
súile maithe agaibh ní orm-sa tá an locht agus b'fhéidir nach
orraibh-se, acht air aon chaoidh roimhe seo bhí meas agus onoir
agus urram le fághail agam, rud nach bh-fuil andiu. Caid
é do bharamhail do mo charaid, Feargus Finn-Bheil na
Gaedhilge bhriathrach, bhlasda, an diaigh an iarbal a
bhuaint díom anns an Chlaidheamh Soluis deirionnach?
Caid é is cóir a dhéanamh leis? Do réir na breithe-
amhnais aithrighe bhí ann tamall ó shoin, sílim go bh-fuil
cúig deichneamhar dhéag, cúig h-uaire déag an uile lá
go ceann bliadhna, beag go leor aige agus fágaim sin
air agus is éigin do na paidreacha seo a rádh i nGaedhilc.
Muna d-tugaidh seo air an iarbhall a chur orm an uile
uair feasda a m-beidh úsaid aige liom cuirfear go
Loch Dearg é agus bhéarfas air an treas uair a bheidheas
sé cionntach an trosgadh triadhanach a dhéanamh. Ní
eisean amháin a m-beidh gairm chum dlighe air acht gach
duine a bhainfeas le mo iarball ó seo amach go deireadh
an domhain. Acht mo léin caithfidh mé anois an bealach
a fhágbháil aig focal beag suarach air ar thuit an dara
crann.



Nach. A bhíothamhnaigh bhradaigh, a d'imthigh, síleann
tú an iomad díot féin agus de do iarball nár chualaidh
aon duine ariamh iomradh air i g-canamhaint na tíre.
Caid é an bhris no'n dochar an iarball a bhaint díot mar
nach rabh úsaid air bith agat féin no duine air bith eile
leis. Ní h-é a dhalta sin liom-sa. Ní thig liom deanadh
gan mo iarbhall de bhrigh gur b'iomdha giall Sasanach a
briseadh ariamh aig iarraidh greim a fhághail orm agus níor
éirigh leó. 'Sé shílim go bh-fuil mórán de na h-Éire-
annaibh aig iarraidh a bheith 'na Sasanaibh anois, réir
mar tá siad do mo mharbhughadh-sa. Bhí mé foighideach
agus ró-fhoighideach 'san am a chuaidh thart acht tá deireadh
leis feasda. Níor ghoill dadaidh orm chomh mór ariamh
leis an fheall a righne Conán Maol orm anns an
Chlaidheamh Soluis na seachtmhaine seo tharainn. An
iarball sin a bhí chomh dílis agam le m'anam, mar gheall
air an mhéid Sasanach rámhar láidir a mharbh sé, bhuain
mo Chonán Maol díom é. Muna m-béidheadh aithne
agam air, leis na ciantaibh, ní chreidfinn nach Sasanach
é. B'fhéidir gur dearmad a d'éirigh dó acht mar sin


L. 723


féin muna g-cuiridh sé leith-sgeul láidir go tapaidh
chugam-sa béidh dlígheadh eadrainn. 'Nois, a Chonáin,
glacfadh le leith-sgeul uait an iarraidh seo, acht a
choidhche arís na bain le mo iarball. Tá m'am-sa suas
anois agus muna m-béidheadh tá tuilleadh agam le rádh le
scríbhneoiribh eile acht b'fhéidir go bh-fuighinn faill orrtha
'san am le theacht.



Dean. Sibhse a d'imthigh gan iarball níor bh'fiú bhur
m-bris a áireamh le taobh an chaill a d'éirigh damh-sa;
éisd le mo sgeul truaighmhéileach-sa. Roimhe seo bhí mé
ann mo fhear iomlain acht ní thig liom sin a rádh níos
mó. Anns an Irisleabhar na míosa seo, buaineadh an
ceann agus na cosa agus feudaim a rádh an croiceann agus na
cnámha díom agus níos measa 'ná sin a bh-fad righneadh gé
díom, air con chaoidh cuireadh ceann géidh orm (feuch
sgeul Góbha an Stoic) agus anois táim mo luighe air mo
leaba go breóite, brúighte, briste, brónach gan súil
agam le h-éirigh a choidhche no shúil agam le biseach go
lá an lúain. Muna b'é go bh-fuil mé mo luighe air mo
leaba, agus 'na choir sin, gur duine cneasda, riaghalta
a bhí ionnam ariamh, ráchfainn chomh fada le cailleach na
bpisreoig agus gheobhainn Sailm na mallacht léighte do'n
té a righne an eugcoir mhío-trócaireach seo orm.
B'fhéidir gur fearr damh foighid a bheith agam, agus guidhe go
duthrachdach, gur goirid go d-tigidh foclóir maith, saor
amach a thaisbeanas do lucht na Gaedhilge an litriughadh
ceart do chur air na foclaibh. Acht 'san am i láthair
fagaim slán agus beannacht aig mo lucht gaoil agus muin-
teardha air eagla nach bh-feicfinn go bráthach arís iad.



(Le beith air a leanamhain)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services