Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beacha Meala (VI) - Sochar an Imidil

Title
Beacha Meala (VI) - Sochar an Imidil
Author(s)
P. Ó S.,
Pen Name
P. Ó S.
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BEACHA MEALA (VI) - SOCHAR AN IMIDIL



Tráchtfamíd anois ar an t-sochar nó an d-tairbhe is
féidir do bhuaint as corcóig adhmuid. Ó phúnt go deich
sgillinge fichead - do réir an t-sóird adhmada de a
n-duentar í - is seadh luach corcóige agus na h-úirlise a
bhuineann léi. Gheobhaidh gach duine a chomhnuigheann
i g-ceanntar teanntuighthe ó'n m-Bórd-san corcóg ar
cáirde bliadhna, i g-cás ná beidh air an t-airgead a íoc
arís go m-beidh a chuid meala díolta aige. Tá aithne
againne ar fhear san áit seo do thóg ceann i bh-Fóghmhar
1899, agus bhí cheithre fichid púnt meala díolta aisti aige
nuair do tháinig glaodhach ó'n m-Bórd ar an airgiod.
Sé sin le rádh, go raibh an "Bhréidín 'sa luaich" go fíor
aige - agus roinnt mhaith airgid ós a chionn - i ndeire na
bliadhna. As so amach, sé costus bliadhantamhail ghléis
na corcóige úd sé sgillinge. Chídhfear anois, má ritheann
léi, ar foghnamh, go m-beidh suas le dhá phúnt gach
bliadhain aige mar shochar chum díol as a chuid trioblóide.



Agus go deimhin ní foláir dúinn a admháil go
m-beidh trioblóid go leor i d-tosach aige uaithi: is
minic a bheidh pus cam air, súil dhúnta, leath-phluc, no
cluas tinn aige - agus b'fhéidir nach aon ghuidhe fhóghanta
bheidh ár ndiadh na ar uairibh leis aige. Acht cuimhnighidh
ná "fachtar bainne bruithe gan iarball fliuch," agus gur
"ó scoil na fulainge do thigeann na scoláirí is fogh-
lumtha." D'éis saesúir nó dhó do thabhairt i bhfeighil na
mbeach, cuirfidh sé aithne ortha, agus iad air; deunfaid
siad múintireas le chéile, i g-cás muna m-béidh sé
tuathalach no ní-chíosach, go bhfeicfir ag snámhadh ar a
lámhaibh agus ar a aghaidh iad gan é do chealgadh.



Is gnáthach leo bheith bagarthach nó crosdáltha i d-teas
an t-saesiúir nó i ndeire na bliadhna nuair do bhímíd ar tí
na meala do bhuaint díobh. Ní misde do'n tosnóir, na
thaobh san, "biorán suain" do chur ionnta. Faghadh
sé píosa eudaigh do chlúdochaidh na frámaidhe, agus fliuchadh
sé le coimheasgar d'uisge agus de charboluic é - leath
ghoine carboluice i bpiúnt uisge - agus leathadh sé ar na
frámaidhe é d'éis ná fállainge do thógaint díobh.
Nuair raghaidh boluithe na carboluice fé shrónaibh na
mbeach, righfid siad go dian chum na meala, agus líonfaidh
siad a mbuilg di. Ó san amach beidh gach beach chómh
macánta le h-uan, óir ní chealgfuidh beach choidhche duine
an fhaid a bheidheas a bholg lán. Is féidir iad do chur
chum suain leis, le deatach do shéideadh isteach san
chorcóig, agus tá áise, ar a d-tugthar an deatachóir, chum
seo do dheunadh i measg úirlise gach corcóige. Nuair
do bhídheann mná uaisle á láimhseáil, is gnáthach leo
scáil d'eudach sgragaighthe do bheith ar an aghaidh aca, agus
phéire lámhnuidhe beith ortha.



Deunann an úirlis oibre gnó fichead corcóig chómh
maith agus dheunfadh sé gnó aon chinn amháin. Ar an
adhbhar san budh bhúntáisteamhla do dhuine roint mhaith
dhíobh do bheith aige ná uimhir bheag. 'San am cheudna
ní fheudfadh sé thar oiread áirighthe do choiméad, óir
ins an g-ceud áit, ní bheadh caoi aige ar aire cheart
do thabhairt dóibh; 'san dara h-áit, bfhéidir ná feudfadh
sé díoluigheacht d'fághail ar mhórán meala; agus ins an
treas áit is minic ná bídheann an ball farsuing go
leor, ná an sgeith meala radhaiseamhail a n-dóthain
chum mórán corcóg do líonadh cuir i g-cás go bhfeudfadh
fiche "stoc" mil na próiste do chnuasadh, is follusach
go n-deunfadh deich gcinn eile níos mó díoghbhála ná
maitheasa. Tá fios againne ar áit i n-ar dhéin trí
stoic - sin a raibh ann - an oiread meala a's do dhéin
seacht g-cinn in áit eile in a raibh mórán corcóg.



Seo anois críoch ár sgéil ar na beachaibh. Tá súil
againn nár sgríobhamar in aistear. Do thaisbeánamar
go bhfuil sé i g-cumas gach fir tighe naoi nó deich de


L. 548


phúntaibh sa mbliadhain do bhuaint asta, agus is mór an
cúmpórd do thabharfadh an t-ádhmhar so i dtigh fhir bhoicht
i rith na bliadhna. Má's mian le lín-tighe dul chum
cinn ní foláir dóibh, ar nós na m-beach, gach nóimit do
chur chum críche; mar iad, gach beagán do chur i dtaisge.
An bhfuil fonn orainn Éire bhocht do dhul ar aghaidh?
Má tá deunaimís, mar dheunaid na beacha, gach fear,
bean agus páisde dínn gan tnúth, gan tormus, an gnó
do thug Dia do gach duine dhínn le deunadh. Muna
n-deunamaid mar seo - má dheunamaid feasda, mar
bhíomar foraor! ag deunadh le fad roimhe-se - Cuid
againn ag stracadh siar, agus cuid againn ag stracadh
soir, beidh an bhreith tharcuisneamhail do thabharfaidh
náisiúin an domhain gan amhras orainn tuillte againn.



Sí sin -



"Truaigh gan taise chuca"



Pádruig Ó Séaghdha (Gleann garbh)
Seagan Ó Seághdha (Doire an chairn)



Nótaidhe



sochar an imidil, profit of the industry



Bórd na g-ceanntar teanntuighthe, Congested Dis-
tricts Board



tuathalach nó mí-chíosach, awkward or ill-tempered



ag snámhadh ar a lámhaibh, creeping over his hands



carboluic, carbolic acid



áise ar a d-tugthar an datachóir, a handy thing
called the smoker



scáil d'eudach sgraguighthe, a veil of transparent
cloth



ní bheidheadh caoi aige, he may not have opportunity
or leisure



nár sgríobhamar in aistear, that we wrote not in vain



ádhmhar, a little - generally a lucky litte



lín-tighe, a household; a family



gan tnúth, gan tormus, without envy or sulkiness



truagh gan taise, wretchedness without relief



P. Ó S.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services