Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuisgí

Title
Fuisgí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fuisgí



Is mó troid agus bruigheann a chuireann "fuisgí" air
bun agus is baoghalach go mbeidh an sgéal mar sin go
deo. Ní thaithneann "fuisgí" le Cú Uladh. Is fearr
leis biotáille. Bídheadh a rogha aige. Táimse sásta
le fuisgí. Beatha a dhuine a thoil. Deir sé nach uisge-
beatha brannda; mar b'eadh, cá an saghas uisge é? Nach
bhfuil fhios aige go maith gur ó fhuisgí a thagann an chuid
is mó de'n bhrannda tá againn 'á ól anois; agus i
dtaoibh na coda eile geóbhmaíd é ó dhríodar an fhíona.
Curtar blas gránda ar fhuisgí agus glaodhtar "gin" air.
Anois má's uisge beatha fuisgí agus iseadh, is uisge beatha
brannda agus is uisge beatha gin sé sin "eau de vie" sa
bhFrainncis. Anois mara bhfuil Cú Uladh sásta ní
horm-sa tá an locht tá mo dhícheall déanta agam agus
"is léor ó Mhóir a Dícheall." Acht bh'fhéidir go
mbeidheadh sé sásta leis seo thíos do chum buachaill a
bhí im' chuideachta aréir.



'Na bheathuisge do b'aithnidh dom ag sár-fhir é
Uisge beatha seadh do bhlaisinn-se um meadhon an lae
'S chun aisig ibhinn cnagaire 'n bhiotáille ghlé
Acht m'anam gloine 'n gheala-fuisgí d'fhágháil ó bheith.



An fear atá bodhar ag éisteacht le chómhrádh Aoidh agus
Diarmada.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services