Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuisgí

Title
Fuisgí
Author(s)
Sgríobhnóir “Beirt fear ó'n Tuaith.“,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fuisgí



Deir Cú Uladh nách bhfuil meas ar bith aige air uisge
beatha. Dá mbeidheadh sé tairéis teacht isteach go
Cíll Orglán leathta leis an bhfuacht agus 'na lipín bháidhte,
b'fhéidir gur mhaith leis braon. Agus dá mbeidheadh
an sgeul mar sin aige agus rádh leis a gcailín friothálamh
"cnagaire uisge beatha a bhreith chuige go tapaidh," ní
dóigh liom go mbeidheadh 'fhios aici i gceart cad a bhí
a tasdáil uaidh.



Tá mórán saghas uisge beatha, poitín, brannda, "gin"
agus cuid mhór eile nách bhfuil a n-ainmneacha agam i
mBeurla ná 'n Gaodhalain. B'fheárr liomsa mar
ainm "biotáille" acht tá an locht céadna le fághail
air seo. Is biotáille brannda, is biotáille poitín,
is biotáille "gin" agus is biotáille fuisgí.



Abair is go bhfuil deoch fuisgí a tasdáil uait, cad
é an mhaitheas duit bheith a rádh gur biotáille tá uait?



Mara bhfuil an focal Gaedhealach ní'l leigheas as air.
Tá sé Gaedhealach ó úsáid.



Ní dóigh liom gur focal fíor-Ghaedhealach "barbarach"
acht gur ó'n Laidin a tháinic sé chugainn.



Ní h-aon díoghbháil dúinn, is dóigh liomsa, foth-fhocail
mar seo. Sé is díoghbhálaighe dhúinn focail Ghaedhilge
agus cur Beurla ortha, díreach air nós daoine bochta gan
aca acht Beurla briste a smaoíneamh i nGaedhilge agus a'
chasadh focal air fhocal go Beurla.



Sgríobhnóir "Beirt fear ó'n Tuaith."





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services