Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuairt chum an Oireachtais

Title
Cuairt chum an Oireachtais
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuairt chum an Oireachtais



III



Mártain. - Sé mo bharamhail nach mbéidh.



Seórsa. - A! ná habair sin, a Mhártain.



M. - Déara mé é agus tá adhbhar agam a rádh.



S. - Innis dom d'adhbhar.



M. - Innseocha mé dhuit é ar an toirt. Bhí as cionn
deich bhfeara fichead ag an Oireachtas i n-uraidh as
Conndae Mhuigheó, agus ní raibh aige i mbliadhna acht triúr
nó ceathrar ó Choillte-Mach. Agus nach bhfeiceann tú
fhéin go bhfuil na Connachtaigh a' gul 'un donacht i lea-
baidh bheith a' gul i maitheas i dtaobh cúise na Gaedhilge?



S. - Má's fíor do'n sgéal sin, tá. Agus féach
annseo, a Mhártain - 'meas tú nach dtig leis na
Connachtaigh mórán maitheasa dhéanamh dár nGaedhilge
agus gan a thidheacht chum an Oireachtais?


L. 212


M. - Tá a fhios agam maith go leór go dtig leófa
(leó), 'a mbeith an bruithean ceart anntu (ionnta) leis
an obair onórach sin a chur 'un cinn. Má labhrann tú
leófa ar fud na mbailte an Ghaedhilge labhairt i láthair
na bpáisdí, sé an freagra gheobhfas tú uatha - "Thoraidh
do'n Ghaedhilge! Iomarcaidh atá againn di. Béarla
a theasduigheanns uainn." Agus a Sheórsa, 'sé cruthu-
ghadh an sgéig a ithe. Dearbhuighim duit go bhfuil mé
a' ráit (rádh) an ceirt, go bhfuair mé féin an freagra
sin go ro-mhinic, agus go mór-mhór i gconndae Mhuigeó.



S. - Sílim, a Mhártain, go bhfuil tú ro-dhian ar fad
orthu.



M. - Fear ar bith nach bhfuil a dhíol sa gcáibín, ná
caitheadh sé é.



S. - Tá faitcheas m'anama orm, a Mhártain, má
fhágaim na Connachtaigh fios cé thusa, go n-íosa siad
an fheóil do do chnámha leis an diablaidh a bhéara siad
duit.



M. - Seafóid, a Sheórsa! Ní'l aon suim agam-sa
ina ndiablaidh, ná tá mo theanga ullamh le freagra
thabhairt do bhean ná d'fhear ar lábhró's focal in
m'aghaidh-sa i dtaobh an tseanchais ghearra seo, nuair
fheicfeas siad é insa bpáipéar fíor-Ghaedhealach.



S. - Bíodh foighid agat, a Mhártain. Nach bhfuil a
fhios agat maith go leór go bhfuil Gaedhilgeóirí i nÉirinn
níos fearr ná thusa?



M. - Tá a fhios maith agam go bhfuil agus seacht n-uaire
déag agus fiche níos fearr. Acht ar a shon sin tá mé ag
iarraidh an suan codlata atá os cionn leath na
nÉireannach bréige a chrathadh dhíobh agus ndúsacht as, agus
fréamh bheag dhár nGaedhilge chur a' fás ina gcroidhe -
sútán a gcroidhe thabhairt dóibh agus an fréimhín a choin-
néal te teólaidhe. Má ghníonn siad sin, beidh ár
nGaedhilge againn faoi bhláth agus slacht mar bhí sí cheana,
agus béidh Éireannaigh againn bríoghmhar fearamhail agus tíor-
ghrádhach. Mur ndéanaidh siad an obair sin, béidh siad
ina seifidí agus ina snagairí agus ina seóiníní gan maith gan
maoin dhobhtha (dhóibh) féin ná do dhuine ar bith eile.
Anois an t-am, nuair atá an t-iarainn gortha, leis an
ordlaidhe a dhul ag orlaidheacht, agus gach Éireannach
i nÉirinn a bhfuil grádh aige dhá theangaidh buille thabhairt
ar a son, sul má bhfuaruighthear an t-iarann, agus ár
nGaedhilge choinneál beó.



S. - Ara a Mhártain, bíodh ciall agat! Ná, ní bhfuair
ar nGaedhilge bás i nÉirinn go fóill, agus go mór-mhór
insa gconndae atá tú a dhiabladh - conndae Mhuigeó
agus ní bhfuighidh sí bás go bráth ann le congnamh Dé agus
Muire.



M. - Mo léan nach raibh an sgéal sin fíor agat?



S. - Sé mo bharamhail go bhfuil sé fíor.



M. - Leig chugat an sgéal go n-innsidh mé seanchas
duit a d'innis fear dom as Conndae Mhuigheó. Dubhairt
sé liom go raibh sé ar fud na mbailte mór an taobh ó
dtuaidh do conndae Mhuigheó agus nach bhfuil aon fhocal
amháin Gaedhilge dhá labhairt ionntu.



S. - Is mór an t-iongantas é sin, acht badh mhaith liom
dá gcuirtheá ainm ar na bailte sin dom.



M. - Béal Eas ceann aca. Béal an Átha. Agus
cúrsaidhe Béil an Átha de, deir sé liom nach bhfaca sé
oiread seóiníní i Lonndain Shasana agus tá ann. Baile
beag eile a dtugann siad Cill Allaidh air, ní'l aon
Ghaedhilge dhá labhairt ann acht an uair thigeanns na
mná agus na fir isteach ón tír a' dhéanamh margaidh agus bíonn
na fámairí coirnéil agus lucht na siopaidhe a' sgig agus a'
stealladh magaidh fútha nuair bhíonn siad a' labhairt
Gaedhilge. Agus baile beag eile atá i lúib an tsléibhe
a dtugann siad Baile Chaisil air, agus ní raibh aon fhocal
Béarla ann tá fiche bliadhain ó shoin, agus ní mhuitheóchtha
aon fhocal Gaedhilge anois ar feadh sé lá na seachtmhaine
ó aonne atá 'na chomhnaidhe insa mbaile sin. Agus
cúrsaidhe Crois-mhoilíne de, is measa é ná an méid
sin bailte go léir i dtaobh na Gaedhilge. An fear
a d'innis an seanchas sin domh-sa, rugadh agus tóigeadh é
thimcheall na mbailte sin.



S. - Tá sin dona go leór, acht is giorra cabhair Dé
ná na doras. Tá dúil le Dia agam agus le Muire
go bhfuil an spiorad ceart a' tidheacht i muinntir
chonndae Mhuigheó arís, agus go mbéidh ar nGaedhilge i
mbéal gach duine chomh cliste agus bhí sí bliadhain na
bhFranncach.



Méarthóg Guill



Míniughadh - ar an toirt, immediately, in a moment;
Coillte Mach, Kiltimagh; ag dul chum donachta, going
to the bad, getting worse; i leabaidh = i n-ionad,
instead of; ag dul i maitheas (i bhfeabhas), getting
better; meas tú = an measann tú, do you think;
tidheacht = teacht; 'á = dá, if; bruithean, spirit, spunk;
cur chum cinn, to push forward; thoraidh do'n Ghaedhilg,
confound Irish!; thoraidh dhíot (th' aire riut?), confound
you!; cruthughadh an sgéig, the proof of the pudding;
dian ortha, hard on them; díol, what is sufficient
or suitable for a person; diabladh, abuse, vilification;
seafóid, nonsense; ná, for; seanchas, discourse; ar
a shon sin, nevertheless; crathadh, to shake; dúsacht,
dúiseacht, to awake; sútán, sap; téigheadh, warming;
coinneál = congbháil, to keep; teólaidhe, hot; bríogh-
mhar, energetic, courageous; mur ndéanaidh siad =
muma nd., if they do not do; seifide, a spiritless person;
snagaire, the same; gortha, heated; ordlaidhe
(pronounce orlaidhe), a person who strikes with a
sledge-hammer (ord); ordlaidheacht, striking with a
sledge; fuaraigh, grow cold; Béal Eas, Foxford;
Béal an Átha, Ballina; cúrsaidhe B. de, as for Ballina;
Cill Allaidh, Killala; fámaire coirnéil, a loafer at
a street corner; sgig, jeering; stealladh magaidh,
"squirting mockery,"; fútha, at them; lúb an tsléibhe,
the nook of the mountain; Baile Chaisil, Ballycastle,
Co. Mayo (Baile an Chaisleán, Ballycastle, Co.
Antrim); Muithigh, hear; Crois-moilíne, Crossmolina;
tóigeadh, was reared; giorra, goire, nearer; cliste,
skilful, &c.; bliadhain na bhFranncach, 1798, when the
French under Humbert landed in Mayo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services