Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuisgí

Title
Fuisgí
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fuisgí



Focal barbarach é so ar uisge beatha. Atá an
focal uisge beatha truaillighthe ar dtús ag lucht an
Ghaill-Bhéarla go "whiskey" agus truaillighthear ar ais
é go fuisgí. Chualas an focal corr-uair i measg na
dtuatach acht níor chuireas aon tsuim ann acht a hoiread
le béarlachas ar bith eile. Acht tráth cuirtear i
bhfeidhm é le sgríobhnóir "Aodha agus Diarmada" 'san
gClaidheamh atá an t-am ann le cur ina éadan.
Measann go bhfacas an focal barbarach ceudna, .i.
"fuisgí" i litir le Cónán Maol atá tamall o shoin.
Níl meas ar bith agam ar uisge beatha, acht b'fhearr
liom é na "fuisgí" - má's diabhal féin é ní thiubhrann
leas-ainm air.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services