Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Ghaedhilg sa Ghleann Gharbh

Title
An Ghaedhilg sa Ghleann Gharbh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Ghaedhilg sa Ghleann Gharbh



Is fada nár baineadh macalla as ailltibh na h-áite
seo chómh bríoghmhar is do baineadh indiu. Do fógradh
ó'n altóir seachtmhain ó shoin go mbeadh tionól poiblidhe
ann Dia Domhnaigh, agus go labharfadh "Fear na Gaedhilge
go léir" - sé sin Mac Uí Chonceannainn. Do bhailigh an
bheag 's an mhór indiu i dteannta a chéile chum a chlos.
Do líneadar an crosaire i g-cás ná raibh slíghe dá chat
a rinnce i n-aon chúinne dhe. An fhaid is do bheafá ag
dhúnadh do shúl ní raibh stáitse farsuing daingean á
chur suas ar aghaidh tighe Mhíchil Bháin amach. I n-easbaidh
an tsagairt ar a raibh dul chum aifrinn eile do
thabhairt uaidh, do tóghadh máighistir Scoile an bhaill mar
chathaoirleach, agus Domhnall Ó Séaghdha, mangadóir
"bea fithí" agus neithe eile, 'na rúnuidhe. Deirthear gur
luchd Béarla fada do labhairt na máighistrí Scoile
seo; acht gidh go raibh dáréag aca ar an stáitse níor
chualaidh aonne fiú an fhocail de uatha rith an lae, ná
ag aonne eile acht chomh beag leo. Go deimhin ó thúis
go deireadh níor labhair uasal na íseal acht teanga a
sinsear. Do tháinig an Coitearach ó'n gCaol-choill agus
budh mhaith an mhaise aige é. Níl áit i n-a d-tiocfadh
le duine buille do bhualadh ar son a thire ná mothuigh-
thear slios-bhuillí Uilliam ann. Do tháinig mórán dá
chomharsanaibh leis ann, bail ó Dhia orra. Do tháinig
Seaghán Ó Séaghdha agus a dheirbhshiúr ó Dhoire an Chairn, agus
am' bhriathar gur mhaith an díol orra é. Do chuir Seaghán
óráid as do chuir iongnadh mhór ar a gcualaidh é; agus
i dtaobh na deirbhshiúra, do sheinn sí chomh binn, blasda
sain, go d-tógfadh sí an lionn dubh ded' chroidhe.



Dála Mhic Uí Chonceannainn, is deacair cur síos ar
an sult do bhuain na daoine as. Ar uairibh do bhuain-
feadh sé gáir a fear marbh; ar uairibh eile do chuirfeadh
sé na clocha glasa ag gol.



Do labhair an cathaoirleach mar leanas: -



"Táim an-bhuidheach díbh, a dhaoine uaisle agus a cháirde, i
d-taobh mé thoghadh mar chathaoirleach ar an gcruinnughadh
so. Ní'l a fhios agam cia aco is córa dham mórdháil
do bheith orm indiu, nó náire agus ceann-síos. Nuair
d'fhéachaim ar phobul an Ghleanna Ghairbh, maille le
mórán ó'n dtaobh amuigh de teórantacht na paróiste,
bailighthe i dteannta a chéile ar an gcrosaire seo agus
nuair do smaoinighim gur chum cúis na Gaedhilge do
chur chum cinn do thug ann iad do b'olc an mhaise
d'aonne do thógfadh orm bheith mórdhálach. Acht bíonn
dhá thaobh ar an m-billeoig. Nuair do mhachtnuighim gur
b'amhlaidh do bhí teanga ár dtíre ag dul i n-éag i n-ár
measg go raibh sí a leaghadh idir ár lámhaibh, go raibh
neamh-chion agus mí-mheas agus dí-mhéid againn uirre i gcás
gur b'éigin do chuid againn gairm scoile do chur amach
chum sibh a thabhairt i n-éinfheacht, agus stróinséaraigh do
bhreith ó na ceithre hárdaibh chum méid ár g-córa do
chur i n-umhail dúinn - nuair do mhachtnuighim ar an
ndroch-shompla so do thug m'áit dhúthchais uaithe - ní
fhanann gíog ionnam tre náire agus dobrón.



"Mar, faríor, is ró-fhíor an t-acmhusán-so atá dá


L. 195


chúr d'ár leith; go bhfuil morán daoine eadrainn gur
scoirn leo focal Gaedhilge do labhairt - focal do
labhairt de'n teanga i n-ar baisdeadh a muintir, i n-ar
pósadh iad, agus ina ndubhradar tre a mbeatha a bpaid-
reacha le Dia na Glóire!



"Ní furuiste teacht ar bhunadhas na gaigeamhlachta
so. Ní furuiste fhagháil amach cad do dhallann na
dhaoine. Ní'l aonne 'nbhur measg do cheileann gur
Éireannach é, acht ceileann mórán dínn teanga na
hÉireann. Ná teasbeánann sain go bhfuil náire orainn
i dtaobh ar dtíre? Ní'l aonne 'nbhur measg admhóchadh
go bhfuil náire air i dtaobh a mhuintire; acht i nuair do
shéanann sé teanga agus nósa, agus beusa a mhuintire ná
taisbeánann sain go bhfuil sé náireach 'na dtaobh?
Ní'l aonne againn do chéileann agus dá mbeadh do
bhreagfadh stair na tíre é - ní'l aonne againn do
chéileann go raibh fir chalma, céimeamhla i nÉirinn
fad ó. Bhí feisirí againn, 'nuair do bhí feis againn
féin, naomh do scaip an creideamh críostaidhe ó
cheann ceann na hEórpa, gaisgidhigh chum laochais, agus
filidhe chum cur síos orra, má bhí an Ghaedhilg maith a
ndóthain dóibh-sean, cad fáth ná fuil sí maith ár ndóthain
dúinne? 'San teanga so do cumadh dlighthe na
hÉireann, mílte bliadhain ó shoin, 'san teanga-so
do labhair Naomh Padraig le rígh Laoghaire an páganach
ar chullach na Teamhrach; 'san teanga-so do mhúin
Caoimhghein i nGleann da Loch, Columcille i nDún na
nGall, Ciarán i gCluain-mhac-Nóis, Breandán i nÁrd-
fheart, Fáchtna i Ros Ó Cairbre, agus Fionn-Barr i nÍbh
Laoghaire. Cia hé i n-ár measg na atá chómh dána is
é féin do chur suas ná anuas leo-san? agus má bhí an
Ghaedhilg maith a ndóthain dóibh-sean, nách bhfuil sí maith
ár ndóthain dúinne? 'San teanga so do mhol Oisín
binn-ghlórach féile agus flaitheamhlacht Fhinn Mhic Cumhaill,
do chuir sé síos ar ghaisgeadh Osgair agus Dhiarmuda, agus ar
rógaireacht Chonáin Mhaoil. 'Sa teanga so do labhair
Brian leis na hÉireannaigh lá Chluana Tairbh nuair do
spriúgh sé iad chum catha do thabhairt i n-aghaidh na
Lochlannach ar son a dtíre agus a gcreidimh. Is í an
teanga so do bhí i mbéalaibh uaisle agus ísle na hÉireann
as sain anuas go dtí beagán bliadhan ó shoin; macht-
nuighidh ar so agus cuimhnighidh gur bh'í an Ghaedhilg do
cheanglann an t-am so leis an am fadó, agus do thais-
beánann do'n domhan gur ó na daoinibh treasna úd do
tángamar, agus feasda ní shaoilfidh sibh go bhfaghaidh sibh
náire ná tarcuisne, acht beidh a fhios agaibh gurab í an
cleite is aoirde 'nbhur gcaipín í.



Síleann daoine dalla go ndéanaid siad maitheas
mór dá gcloinn nuair do choisgid Gaedhilg orra,
agus chuirid d'fhiachaibh orra Béarla do labhairt. Acht
deirim-se libh gur dheacair dóibh leathchumaidh is mo
ná é do dhéanamh ar na páisdibh. Is deacair dóibh
éagcóir is mó ná é d'imirt orra. Tá sé 'nbhur gcumas-
sa Gaedhilg chóir do labhairt; acht ní'l agaibh - ní á chur
libh é - agus tá súil agam ná tógfaidh sibh orm é rádh - ní'l
agaibh acht Béarla briste. Nuair do thugann sibh fé
Bhéarla do mhúineadh dóibh, ar an adhbhar sain, loiteann
sibh iad, agus tagaid siad ar sgoil le Beurla chómh
brúidhte, briste, báidhte sin, is dá mbéadh an Máighistir
sgoile leó go "Lá Philib an Chléite" ní thiocfadh leis
é leasughadh.



Fágaidh feasda an Béarla fé chúram an Mhaighistir
sgoile; 's é a chúram dleaghthach é; beidh sé imnidheach
ann. Bídh-se cúramach i dteanga bhur d-tíre féin; is
í bhur gcúram dleaghthach í. Bíodh sí agaibh cois na teine,
ag déanadh bhur ngnótha; tugaidh libh ar an argadh í, ar
an aonach, chum an phátrúin. Bíodh sí 'nbhur mbéalaibh i
dtigh an tabhairne agus ar an gcrosaire. Labhraidh í ar an
bpósadh agus ar an dtórramh. Déanaidh seo go fonnmhar,
grádhmhar, agus beidh Gaedhilg ag bhur gcloinn agus ag clann
bhur g-cloinne in a n-diaidh; agus nuair ghlanfaidh grian
na saoirse agus na síothchána an ceo de chnocaibh glasa na
Banbha, is ins an teangaidh seo adéarfaidh a fhir
chalma, agus a mná mánla - Buidheachas le Dia.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services