Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Boicín Bréige

Title
An Boicín Bréige
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Boicín Bréige
(Gaedhilg Chonndae Mhuigheó)



Cathal (ag dul isteach i dteach Niallghuis) - Go
mbeannuighe Dia annseo!



Niallghus - Go mbeannuighe Dia agus Muire dhuit!
Buail fút agus déan do ghoradh.



C. - Ní'l aon faill suidhe agam.



N. - Cé an griopás atá ort? Nár i gcoinne aithinne
a tháinic tú?



C. - Go deimhin ní headh, acht thainic mé go bhfeicinn
a' ndéanfá-sa oibleagáid dom.



N. - Nídh ar bith a laighfheas (luighfeas) in mo líona-
sa, má's féidir liom a dhéanamh, déanfhá mé dhuit é.



C. - A dhearbhráthair mo chroidhe, léis sinn sgaradh ó
chéile aréir, d'éirigh breis bheag dhom péin.



N. - Ó bú! Dia eidir sinn agus an anachain! Goidé
d'éirigh dhuit?



C. - Nuair a fuaidh (chuaidh) mé go dtí mo theach féin
aréir, bhí an doras ó dtuaidh druidte, agus b'éigean dom a
dhul thart go dtí an doras iadhta, agus tá staighre le binn
a' tighe, agus nuair a bhí mé gul thar an staighre, sgiorr mo
chos do bharr an staighre uachtair agus thuit mé i ndiaidh
mo mhullaigh, agus leónadh cruith mo láimhe; agus tháinig mé
agad (chugat) má 'sé do thoil é, le cléithe chur léi.



N. - Agus 'meas tú, bhfuil sí leónta?



C. - Ní measadóir mé, acht sé mo bharamhail go
bhfuil.



N. - Ar tharraing duine ar bith dhuit í?



C. - Go deimhin níor tharraing. Bhí sé an-tráthach san
oidhche, agus ní raibh éin'ne amuigh an tráth sin leis na focla
leónta a rádh.



N. - Bain an stiall éadaigh sin di go bhfeicidh mé a'
bhfuil sí leónta. Dar fiadh, atá sí! Buail fút ar a'
gcathaoir go dtairringidh mé dhuit í. (Na focla leónta)
Leónadh seo!



C. - Gortughadh!



N. - An fear údaidh tá thiar a' ghoid na mónadh,
tabhair a' leónadh seo leat.



C. - Go dtugaidh Dia an uile chumhachta an tsláinte
dhuit ar a shon sin. Tá aghaidh bhisighe ar mo láimh ó
tharraing tú í.



N. - Go mba hé dhuit!



C. - Cé r'd do luach saothar anois?



N. - Ní bhainfidh mé dadaidh dhíot-sa. Badh dubh an
lá a d'fheicfinn mac d'athar i gcruadhóig gan mo
dhícheall a dhéanamh le réidh an achair a thabhairt dó.



C. - Go raibh míle maith agad! Is beag a' dochar
dhom gan a bheith buidheach dhíot.



N. - Ná haimhdigh é. Deasuigh aníos leis a' teinidh
anois go gcaitheamuid a' píop.



C. - Ní'l aon spéis agam ann an t-am tá i láthair, go
raibh maith agad, ná ní thig liom an phíop a chaitheadh
roimh mo bhriocfasta, ná dá gcaithinn, chuirfeadh sé gló
seilidh orm.



N. - Ndomhnach maise, ní bheidh sin le rádh agad. Ní
bhéidh tú i bhfad gan do bhriocfasta.



C. - Ná réitigh aon bhriocfasta dom-sa, ná ní íosaidh
mé é.



N. - God-chuige nach n-íosfá? 'Bhfuil tú 'déanamh
coimhthighis?



C. - Go deimhin fhéin ní'l. Acht seo í an tseachtmhain
dheiridh don charrghas, agus tá mé 'déanamh trosgadh
treidheanach ó Dhiardaoin go Domhnach.



N. - Ndomhnach, ní thónfaidh mise an biadh ort mar sin,
agus go dtugaidh Dia luaigheacht do throsgadh treidheanach
dhuit! 'Bhfuil do lámh nimhneach anois?



C. - Ní fhuil. Tá an t-at a' traoigh.



N. - Ó thárla go bhfuil an t-at a' traoigh, ní bhéidh sé
i bhfad go mbídh sí níos fearr aríst. Agus ó thárla
nach bhfuil tú ag ithe an bhéilín, caithfidh beagán seanchais
bheith againn.



C. - Ní misde liom. Ag mhuitigh tú aon tuaraisg faoi
MhacGhiollarna nó faoi n-a mhac ó shoin?



N. - Go deimhin chualas. Ó ghléas ' athair é fhéin mar
fear bréige le ciomachaidhe cadaís, níor fhág sé aon
Dubh-ghall thimcheall na mbailte nár tug sé cuairt
orthu, le n-a lámh-sgríobhnóireacht fhagháil uatha le na-
dtabhairt dá mhac mar asgaidhe ar a' gcaoi go bhfuigheadh
sé posta oibre insa mbannc. Agus mar gheall ar a
Ch'iollarna a bheith 'na sheóinín do bhárr a thriús éadaigh,
rinne an Dubh-ghaill seo a ndícheall báis agus beatha leis
an bposta oibre sin fhagháil dó, agus fuair siad sin.



C. - Agus a' bhfuil sé ag obair sa mbannc?



N. - Tá go deimhin, má thugann tú obair air. Acht
b'fhearr dó bheith 'sgannradh na bpréachán as an eórna
ná bheith ag obair ar a' gcuma sin.



C. - A! go bhfóiridh Dia ar do chéill! nach bhfuil saoghal
díomhaoineach aige.



N. - Tá, agus fáinne as gach uile mhéir leis, agus todóg
tobac sáithte 'na bhéal aige dhá caitheamh mar leath-
bhoicín. Agus má thigeann éinne chum an bhainnc a
labhróchas Gaedhilge cuireann sé gruaim ina mhalaigh a
sgannrócadh na luchóga ó bheith ag ithe coirce. Agus 'ch
uile thráthnóna théis a' oibre lae bheith thart, siubhlann
sé amach a' spaisdeóireacht agus a mhaide leis ar bhárr a
chuid méara agus cosa faoi mar chosa píobaire, agus páisdí
an bhaile ag gáire faoi. Agus gach uile choiscéim dhá


L. 147


dtugann sé, síleann na daoine go gcaithfhidh sé an
ceann dá cholainn lena chuid cumais.



C. - Ní'l 'fhios a'am goidé an chaoi a dtainic a' mhuc
isteach, le Mac 'Chiollarná bheith chomh cumasach sin; agus
dhá mbeith splannc fir ann, ní bheith sé chom sotalach agus tá
sé. Ní chuimhnigheann sé ar an am a bhí a mháthair mhór
ina diúgaire ag imtheacht ó theach go teach ag iarraidh
déirce; agus nuair a fuair sí bás, an t-airgead a
chruinnigh sí go bocht annróiteach uaim-se agus uait-se agus ó
n-ar leitheidí eile, bhí sé ina spaigín aici faoi n-a
muinéal, agus fuair athair é, agus sin é an t-airgead a
híocadh as-san insa gcoláisde i bhfuair sé 'oideas.



N. - Táthar ag íoc as go fóill, má tá aon phinginn
d'airgead an diúgaire le fagháil.



C. - Ar mar sin atá an sgéal?



N. - Sin é an chaoi i bhfuil sé.



C. - Shíl mé go mbeith tuarasdal maith bliadhna dhó.



N. - Tá cúig phunnt is dá fhichid dó, má thugann tú
tuarasdal maith air sin.



C. - A! is iomdha fear a thóg muirighin mhór chlainne
ar thuarasdal níos lugha.



N. - Go bhfóiridh Dia ar do chéill! Ní choinneóchadh a
dhá oiread sin éadaighe air. Ar a laighead tá ceithre
phéire bróg iage, agus chosain 'ch aon phéire acu sin cróin
is punnt agus bíodh fios agad nach gréasaidhe Gaedhealach
a rinne na bróga sin. Tá a ceathair nó a cúig do
chultacha éadaigh aige, agus léinteacha mar a gcéadna, agus
sé mo bharamhail nár cheannuigh sé aon chulaidh acu ar
níos lugha ná cheithre phunnt. Agus bain a' méid sin ar
a thuarasdal bliadhna, go bhfeicidh tú an méid a bhéas
aige le caitheadh i measg na seóiníní 'ch aon tráthnóna
ar fud na mbailte, agus ní'l aon seóinín ina measg is
measa agus is mí-náirighe ná é, ag caitheadh droch-mheais as
gach uile nídh bhaineanns do Éirinn agus a bhaineanns dá
sheacht sinnsir thainic roimhe. Acht cé bail liom bheith
ag caint? Cuir muc i gcumhlódar uasal agus ní
bhfuighe tú uaithi acht gnúasacht, agus is amhlaidh tá na
seóiníní tá againne i nÉirinn. Síleann siad, nuair
gheobhas siad iad fhéin i gcumhlódar boicíní Béarla, go
bhfuil siad ina ndaoine uaisle.



C. - Tá an ceart agad, a Niallghuis. Agus sin iad
na dailtíní atá a' dhéanamh díoghbhála don tír, agus is
measa ná sin na hÉireannaigh bhréige atá 'déanamh
aithrise orthu. Thanaic (chonnaic) mé é a' gul suas an
chúl-bhóthar tráthnóna aréir agus bhéarainn a' leabhar gur
ceannphort airm bhí ann. Bhí bláth láiste (oráiste)
i mbrollach a chóta, agus a hata ar leath-spluic air, agus ar
m'fhocal chuirfeadh sé fonn urlacain ar madadh gan
béal.



N. - Chuirfheadh go deimhin. Agus is adhbhar magaidh
do dhaoine na mbailte é; agus tá súil le Dia agus le Muire
agam nach ndéanfaidh ar nÉireannaigh mheasamhla aithris
air ná ar a leitheide. Tá sé ag imirt cárdaidhe agus ag
cur geall ar chaiple, agus ní'l a thuarasdal bliadhna a gul
leath a' bhealaigh air. Agus mar gheall ar é bheith ina
bhoicín, gléasta i n-éadaighe Shasana, faghann sé airgead
gaimbín anois agus aríst ó na fir ghaimbín tá insna bailte
móra lena chuid fiacha' íoc. Acht nuair a thiocfa sé
gearr gan chosdas, feicfhidh tú 'ainm ar a' bpáipéar
i gcionn tamaill bhig mar bhí a leitheide go minic
cheana, léis an bhainnc a chreachadh agus an t-airgead a
thabhairt leis, agus sin é an deireadh a bhéas ar gach uile
sheóinín i nÉirinn a thréigfheas a theanga, a thír, a
chreideamh, agus gach uile nídh a bhaineanns do Éirinn, do
bharr an árd-oidis fhaghann siad insna sgoltacha
Béarla.



Míniughadh: - buail fút, seat yourself; goradh, warming; faill,
occasion; griopás, haste; i gcoinne aithinne, for a live coal (to light
the fire); oibleagáid, obligation, favour; luighfeas in mo líona,
that will lie in my power; léis = tar éis; breis, accident; dom
péin = dom féin; anachain, evil; goidé, sometimes pronounced go
cé, what; druidte, shut; doras iadhta, back-door; staighre, stile;
binn, gable; sgiorr, glance, slip; cruith, wrist; cléithe, splint;
meas tú = an measann tú; león, hurt; antráthach, at an unsea-
sonable hour; na focla leónta, a kind of charm or formula; stiall,
strip; údaidh = úd; aghaidh bhisighe, appearance of improvement; go
mba hé dhuit, be it so to you; cruadhóg, straits, difficulty; réidh an
achair, relief; is beag an dochar, agus c., I have reason to be very thankful
to you; aimhdigh = admhuigh, confess; deasuigh, settle (yourself), draw
near (the fire); gló seilidh, asthma; coimhthigheas, strangeness; tros-
gadh treidheannach, the three day's fast; tón (tún), press, force (a favour
on a person); luaigheacht, reward; nimhneach, sore, painful; traoigh,
growing less; mhuitigh, heard; dubhghall, foreigner, alien, West Briton;
asga, testimonial; triús, an old-fashioned garment covering the body
to the feet, the lower part like trousers - here used to mean "suit";
todóg, cigar; boicín, snob, swell; mala, brow; spaisdeoireacht,
taking a walk; cumas, assumption of importance; cé an chaoi a
dtainic an mhuc isteach, hwo it came to happen; sotalach, conceited;
diúgaire, beggar; spaigín, money-bag; ar a laighead, at the least;
bhaineanns = bhaineas; cé bail liom, what good for me; cumhlóc-
dar = comhluadar; gnúasacht, grunting; aithris, limitation; gul =
dul. Bláth oráiste, an orange flower; ar leath-spluic, on the side
of the head; fonn urleacain, a desire to vomit; cur geall ar
chaiplibh, betting on horses; gaimbín, usury; creachadh, to plunder;
árd-oideas, high education.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services