Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Leámainn Béarlóra

Title
An Leámainn Béarlóra
Author(s)
Méarthóg Ghuill,
Pen Name
Méarthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Leámainn Béarlóra
(Gaedhilg Chonndae Mhuigheó)



Tríona - Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Chaitlín.



Caitlín - Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit, a
Thríona.



T. - Nach aoibhinn a lá é seo againn!



C. - Is aoibhinn, céad míle moladh mór agus buidheachas
agus altughadh do Dhia.



T. - Cé an sgéal é indiu?



C. - Sgéal fada ar an annró.



T. - God chuige a ndeir tu sin?



C. - Innseo' mé sin duit. Tá mo chroidhe briste le
brón agus dólas.



T. - Ó bú! caidé an t-adhbhar?



C. - Ara, a dheirbhshiúr ó, nach bhfuil aithne agat ar
Thomás Chitín?



T. - Tá, maise, aithne mhaith.



C. - Ar chuala tú faoi 'n gcliobóig d'inghin atá aige.



T. - Mhuithigh mé beagán fúithi. Acht lean leat le
do sgéal.



C. - Chuir sé a inghean bliadhain don taca so go sgoil
Bhéarla go Baile Átha Cliath, agus tá sé léis thidheacht a
bhaile agus is í an tuatóg agus an leámainn mná is mó í dá
bhfaca mé riamh. Ní'l fhios aici ar rud ar bith insa
domhan mhór a dhéanamh a bhaineanns do theach. Agus
maidir le Gaedhilge de, ní leigfidh acht meas madaidh
uirthi. Ní chamfadh sí a béal ar chéad punnta le focal
amháin Gaedhilge a chasadh. Ní leanann a heolas aici
ar an túirne lín ná ar an túirne olla. Ní'l sí i n-ann
léine a dhéanamh ná tobán éádaigh a nighe. Nuair a
labhruigheanns a máthair léithi, tá sí a' tabhairt ais-
fhreagra uirthi. Agus má labhruigheann sean-bhean nó
sean-fhear léithi i nGaedhilge, tá sí a' míthéad agus a' gall-
éigheamh orthu. Agus sin é an t-oideas a fuair an
sudóg mhná sin insan Árd-sgoil Bhéarla i mBaile Átha
Cliath.



T. - Ara a Chaitlín dhílis, ar mar sin é?



C. - Tá sé amhlaidh.



T. - A' gcuimhnigheann sí ar a' gcaoi ar tóigeadh í, agus
mur gcuimhnigheann budh chóir go gcuimhneochadh. Is
iomdha sin lá a bhí goile fann aici dh'uireasbhaidh bhídh, agus
is iomdha lá bocht annróiteach a d'oibrigh a hathair gan
bhróg ná stoca ar a chois agus a mhása nochtuighthe faoi n-a
bhríste, a seibhtiughadh agus a' soláthar, ag iarraidh béile
annróiteach bídh a chruinniughadh dhá chlainn, agus ba bhuidhe
bocht leis an óig-bhean i dtús a hóige pláta sgodalach
leite fhághail le n-ithe. Acht ó rinne sí dearmad ar a'
nGaedhilge agus ar sean-ghnása na hÉireann, déanann sí
dearmad mar a gcéadna ar a' gcaoi tóigeadh í.



C. - Go bhfóiridh Dia ar do chéill, a Thríona ó! nach
bhfuil 'fhios agad maith go leor go síleann an leámainn
Bhéarlóra sin go bhfuighidh sí compánach a phósfas í a
dtugann sinne orthu "seóiníní."



T. - Cé an cineál fir iad sin?



C. - Macsamhla na bhfear bréige a bhíonns a' sgann-
radh na bpréachán as na machairí. Fir a thréig a dtír
agus a dteanga, fir gan bláth gan slacht, fir gan maith
gan maoin, agus fir gan cuma ná ordughadh, fir a sgríobh
go Sasanaibh le haghaidh culaidh éudaigh fhagháil as, agus
tá an t-éadach sin déanta do chadás agus do dhíogha an
bharraigh.



T. - Cé an cineál éadaigh é sin?



C. - Innseó' mé sin duit gan mhoill, má thugann tú
faill dom. Éadaigh a dtugann sinne ciomachaidhe
orthu, agus nuair a bhíonns na craistíní agus na gróintíní tá
i Sasanaibh tursach a' caitheadh na n-éadach so, cruinnigh-
thear iad i n-aon chárnán amháin, agus léir mar sgríobhann
na seóiníní tá againn i nÉirinn i gcoinne culaidhe
éadaigh, curtar na ciomachaidhe seo aca (chuca), agus sin
iad na sean-chiomachaidhe atá na hÉireannaigh bhréige
a chaitheadh i n-áit ar mbréidín te teólmhair agus ar
bhflainín buan-seasmhaigh.



T. - Agus a Chaitlín na gcarad, ar as Sasanaibh atá
na sean-chiomachaidhe sin a' tidheacht?



C. - Is as.



T. - Sin é an t-adhbhar nach bhfuilmid a' fagháil trácht
ar ar n-abhras mar bhíomar roimhe seo, sul már thoisigh
na ploibistí a' cur a gclainne chum na sgoltacha
béarla. Agus dhá gcuimhneochaidh Tomás Citín ar an
arán a hitheadh, ní chuirfeadh sé a inghean go Baile
Átha Cliath; agus béidh sí mar leannán aige rith a shaoghail
mur bhfuighidh sí ceann do na seóiníní seo lena pósadh,
ná ní'l maith ná maoin innti dhi féin ná do dhuine ar


L. 82


bith eile, acht áilleacánacht ó mhaidin go faoi, mar
abhlóir gan meabhair gan arann.



C. - Agus cé air atá an locht? Nach bhfuil 'fhios
agat maith go leor gur ar na sgoltachaibh? Agus cé
aige a' bhfuil a leigheas sin? Tá trian don leigheas i
lámha na maighistrí agus na maighistreás, agus tá dhá dtrian
do'n leigheas i lámha na hEaglaise, agus cé ar bith riaghal
a chuirfeas an Eaglais ar bun, comhallóchaidh na maighis-
tirí, agus na maighistreása i, agus má sheasann an sagart
i mbearna an chatha agus a chur i n-umhail don mhaighistir agus
do na sgoláirí an Ghaedhilge fhoghlaim agus sean-ghnáis na
hÉireann a aithbheóchan aríst, cuirfimid cúl leis na
seóiníní agus le beagán don Bhéarla srón-mhúchta so atá
againn.



T. - Seadh, agus a Chaitlín, budh chóir gó gcuirfeadh
na mná riaghalta íognadh beag ar a gcnáimh agus beagán
do teangaidh na hÉireann a mhúnadh do na cailíní óga
so atá faoi n-a spraic. Acht fairíor tá an iomarcaidh
dúile aca insa mbéarla agus ins gach nídh a bhaineanns do
Shasanaibh. Acht dá mbeith ceart le fagháil, budh chóir
nach amhlaidh a bheith siad. Tá 'fhios aca maith go leór
gurab iad na Béarlóirí agus an Béarla thug an chéad
mhallacht inar dtír, agus gurab é easbhaidh ar nGaedhilge
d'fhág fir agus mná na hÉireann ina snagairí gan maith gan
maoin, agus gurab iad na sgoltacha náisiúnach i gceann
cungnamh na Sasanach a dhíbir an Ghaedhilge agus d'fhág
locáiste orainn na déidh.



C. - Go bhfóiridh Dhia ar do chéill, a Thríona. Síleann
na péacóga mná atá againn anois, dá bhfeicthí 'na
suidhe iad a' sníomh abhrais na tíre, nach bhfuigheadh siad
aon-fhear lena bpósadh.



T. - Tá dalladh mullóg orthu annsin. Nuair a bhí
mise i gcruth mo phósta, mur mbeith gach uile bhean insa
pharáisde i n-ann 'ch uile chineál abhrais a shníomh agus a
chasdáil a bhain do sheal a' tighe, ní bhfuigheadh siad aon
fhear.



C. - Acht fairíor tá an t-am agus an saoghal athruighthe
anois. Acht sé mo chomhairle-se do na buachaillí ciall-
mhara tíorghrádhach a bhfuil modh agus meas aca dhá dtír agus dhá
dteangaidh, pósadh siad na mná tá i n-ann teanga na
hÉireann a labhairt agus abhras na hÉireann a shníomh, agus ar
a mbás ná pósadh siad aon bhéarlóir mná. Pósfaidh
na seóiníní na hóinseacha Béarla, leithidí inghine Thomáis
Chitín agus annsin cuirfidh sinn an ruaig orthu as Éirinn le
sgannal is náire, agus ná pósadh aon sagart Gaedhealach
na seóiníní i nÉirinn. Téidheadh siad go Sasanaibh agus
comhnuigheadh siad annsin, i measg a mac-samhla féin,
agus annsin béidh ar dtír faoi bhláth agus slacht againn mar
bhí sí cheana i ngrádh Dé agus i ngrádh na gcomhursan.



Méarthóg Ghuill



Míniughadh - leámainn, a slut; Béarlóir, one who
speaks English; Tríona, a woman's name; altughadh,
offering of thanks or prayer; annró, misfortune;
god chuige = cad chuige, why? Tomás Chitín, Thomas
son of little Kitty; Cliobóg, an untidy girl; mhuithigh
= d'airigh, heard; bliadhain don taca so, a year ago.
léir = tar éis, after; tuatóg, an awkward woman;
bhaineanns = bhaineas, and so with all verbs in relative
present; olla, olna, genitive of olann, wool; tobán,
tub; labhruigheanns = labhras; ais-fhreagra, a "back-
answer."; míthéad, impudent language; gall-éigheamh,
mimicking a question through insolence; oideas, edu-
cation; sudóg, a dowdy woman; mur = muna, unless,
if not; annróiteach, wretched; más, thigh; seibh-
tiughadh, employing "shifts" working without method.
Ba bhuidhe bocht léi, she was heartily glad or thankful.
leite sgodalach, half-thickened porridge; orthu =
orra; macsamhla, copy, facsimile, very image; bláth,
bloom, prosperity; slacht, good appearance; díogha,
the worst of anything, opposed to rogha, the best; cadás,
cotton; barrach, tow, coarse flax; faill, opportunity;
ciomachaidhe, secondhand clothes, shoddy; craistín,
a big, self-important man; gróintín, same meaning;
tursach, tuirseach, tired; léir for réir, do réir, ac-
cording; breidín, homespun frieze; teolmhar, warm,
snug; abhras, home-made cloth of all kinds, or its
material; ploibiste, a fool; leannán, sweetheart,
metaphorically an idler, a plaything; áilleacánacht,
idling about, "fiddling"; ó mhaidin go faoi (or go
faoithean), from morning till sunset; abhlóir, a clown;
arann, feeling; comhall, fulfil; srón-mhúchta, ex-
tinguished in the nose; go gcuirfeadh na mná riagh-
alta íognadh beag ar a gcnáimh; that the nuns would
exert themselves; faoi n-a spraic, under their con-
trol; snagaire, a tattler, a useless fellow; i gceann,
along with; locáiste, want, destitution; péacóg,
peacock; dalladh mullóg, obscurity of sight, error;
bhain do sheal an tighe, pertained to the use of the
house; modh, honour.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services