Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Árd Thuaidh na Cruinne

Title
Árd Thuaidh na Cruinne
Author(s)
Mac Suibhne, Tadhg,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Árd Thuaidh na Cruinne



Oidhche dá raibh Mac Uí Laoghaire ag léigheadh an
pháipéir do ghasradh chomharsan i dtigh na ceardchan i
gCúil Aodha, do thárluigh dó trácht ar an gcrann úd tá
sáithte thuaidh i mbuaic na cruinne. Siúd é an cuaille
ar a nglaodhtar i mBéarla an "North Pole".



"Nach mór an iongnadh," ar Thadhg na Tuinne, "ná
sgiobann duine éigin anduaidh chugainn an smailcín
úd. Táim cráidhte," ar sé, "ó bheith ag éisdeachd le
gach ráiméis atá coitcheannta insa pháipéar mar gheall
air. Siúd iad Franclain, Nansain, agus an chuid eile aca
go deireadh na sgríbe, ag dul i mudha, ag fagháil bháis
sa' teip ar fad ar aon sgolb do bhuaint as an gcrann
claon úd."



"Timcheall fiche bhliadhain ó shoin," ar Séamus an
Ghleanna, "do bhíos ag aonach Neidín, 's do bhuail liom
ar an sráid sin iasgaire ó Chúig' Uladh, fear caol árd
fad-leicneach phríomh-bhuidhe sleamhain, féasóg naoi lá
air is glór an bhárdail aige."



"Féach air sin mar fhear!" arsa mac Uí Chrollaidhe.
"Nach clisde blasda atá cruth an iasgaire i gceann
Sheámuis tar éis fiche bliadhain!"



"Ní hiongnadh sain," ar Séamus, "ós aige siúd do bhí
cunntas ceart ar gach cúinne don árd thuaidh, ar
fairrge is talamh tirim, ar míola móra is muca mara,
ar bheathadhaigh allta is mactírí, ar chruacha sneachtaigh 's
ar shléibhte lic' oighre. Do thug sé a leithéid sin d'eachtra


L. 35


dhom ar sgléipeanna míorbhaileacha do thuit amach
air féin is ar 'athair insa tír úd thuaidh amach, gur
shíleas ar dtúis nár chreidte focal uaidh, achd d'fhéachas
go géar air is do thugas fé ndeara go raibh dreach
maol simplidhe na fírinne ar aghaidh an fhir mhacánta."



"Is ro-mhinic gnúis don tsórt sain", ar fhear an
éithigh," arsa Tadhg, "is dá mbefá féin glan ón éitheach,
a Shéamuis, go deimhin is go dearbhtha ní bheadh lán mo
dhuirn ionnat. Achd tiomáin leat."



"Réidh! réidh!" ar Séamus. "Ná cuir mearbhal
orm. Corp na fírinne do bh'eadh an t-iasgaire úd
dar an leabhar so. Ní raibh fear dhá cheird riamh ó
Naomh Peadar anuas ná raibh fíor-ghlan ó aithris an éithigh -
Dom dhálta féin an meadhon san leis, geallaim-se
dhuit! Achd ar aon chuma, d'aithris sé dhom go blasda
cionnas do thriall sé féin is 'athair, ar bhord curacháin
seóil, thuaidh amach ag lorg éisg, go dtan'adar i
ngiorracht céad mhíle nó mar sin d' áird thuaidh na
cruinne, nuair a dhearcadar míol mhór coimíghtheach dá
shearradh féin ar thonntraibh uaine na fairrge fuaire."



"Do shíleas", ar mac Uí Laoghaire, "nár bh'fhéidir
dul i ngoire an bhaill sin ar bhord luinge i n-aghaidh
géire an tseaca, óir léighmíd go bhfuil leac oighre agus
doircheachd thar barr ann."



"Ná cuir suim i n-aon sgríbhinn don tsórt san", ar
Séamus. "Nuair a thigeann an samhradh is féidir dul
dian air, má dheintear do phós é - mar sin féin ní
féidir dul isteach ar fad ar an Árd Thuaidh do sheól
luinge. Má thréigeann solus na gréine thú, tá lasair
agat ón réaltain agus gile ón "Áróraí Bóraí Áilis" - sin
agat lóchrann uaibhreach!"



"Fad saoghail chugat, a Shéamuis!" ar mac Uí
Chrollaidhe. "Is mairg a bhíonn gan foghlaim."



"Sin mar do bhí an sgéal ag an iasgaire," ar
Séamus. "Do dhearc sé teóra chruaidh don lic oidhre
ar an dtaobh thuaidh don mhíol mhór is dubhairt sé - 'Seo
deireadh lenár seóladh. Caithfimíd cur fúinn annso
ar feadh tamaill, acht tógamaois an t-iasg mór úd
más féidir linn é?"



"Do thóg gach fear ar bord sleagh na láimh, is do
chaitheadar leis an míol mór iad. Do thóg mac an
iasgaire sleagh mar a gcéadna, is don chéad iarrachd
d'aimsigh sé súil na péiste. Do chuir an míol mór
géim as fá ghéar-ghoin an bheara na shúil, is do léim
leoin d'fhág sé an fhairrge, do bhuail sé lena chorp an
crann seoil is do thuit sé na spadalach marbh ar bord
luinge. Do briseadh an crann seoil is d'imthigh ar
bárr na dtonn.



""Tá an crann seoil caillte", ar an t-iasgaire, "is
tá an diabhal buidhe anois ar an sgéal againn mara
bhfághmaoidh crann sheoil eile chum sinn a sheóladh thar
n-ais arís. Tamaoid tumtha i n-umhar na himléise, agus
lóisdín fad fuar as ár gcomhair amach," ar sé.



"Ná caill do mhisneach, a dhiaidh," ars' an mac leis;
"is mairg a báithtear lá na hanaithe, 's go dtagann an
ghrian i ndiaidh na fearthainne! Nach minic a chualais
trácht ar an gcrann úd thuaidh ag pinniúir na cruinne?
Cad is fiú céad míle? Fé stiúirughadh an réilt eolais
is le congnamh giolla nó dhó, ní deacair an ball d'aim-
siughadh is ní dóichighe riamh ná go ndéanfaidh an cuaille
céadna crann seóil álainn."



""Is binn liom do ghlór, a mhic mo chroidhe," ar an
t-athair. "Beidh an crann úd againn ar ball, 'pé aca
crann seoil nó crann bagair é."



"Ar maidin an lae máraigh (i mbárach) d'imthigh an
bheirt aca tuaidh amach. Do bhí mála aráin agus éisg ag
duine aca agus tuaigh ag an bhfear eile, is iad clúduighthe
go dlúth ón bhfuachd. An dara lá dhóibh ag taisdeal,
do bhuail beirt fhear don treabh Eisciomó umpa, is do
réidheadar leó chum iad do stiúrughadh go hÁrd Tuaidh
na cruinne.



"B'fhada liom áramh ar gach cruadh-chás is connta-
bhairt do thuit leó ar an dturas fada. Acht fá
dheireadh do chonnairc an fear óg crann árd díreach
gan craobh gan duilleóg ar an árdán las-tuaidh díobh.
Do thug sé léim athasach is do liúigh sé go meidhreach
ar 'athair.



"Nuair a thán'adar go dtí an crann, do thóg an
fear óg an tuagh na láimh -



""Buail-se," ars' an t-athair, "agus déarfad-sa "hút!""



""Ní thaitneann an margadh so ro-mhaith liom,"
arsa'n garsún tar éis tamaill, agus é ag cur allais de.
"Tóg féin an tuagh, agus óir is baoghal liom go bhfuil tú
cortha ó bheith ag amhastraigh, táim féin go diabhalta
chum "húth!" a rádh."



"Nuair a bhí an crann ar lár, ní misde a rádh, pé
cruas a turas ó thuaidh, gur seachd gcruaidhe an tarrach
anduaidh, ó b'éigean dóibh an crann a thabhairt leó,
achd fé dheireadh is fé dhéidheanaigh do than'adar thar
n-ais arís chum luinge slán folláin, gidh tinn tuirseach a
gcúrsa."



"They retired in perfect order!" ar mac Uí Laoghaire
ag tabhairt súil-fhéachaint ar chunntas an chogaidh insa
pháipéar, is grainc-gháiridhe air.



"Achd do bhíodar sásta go leór," ar Séamus, "ó
tháinig leó an crann seóil do chur i bhfeidhm arís. Nidh
nach iongnadh mar sin, a bhuachaillí, go dteipeann ar
gach cuartóir an cuaille úd d'fhagháil amach ón uair
sin."



"Caidé do mheas ar an sgéal so, a Thaidhg?" ar
mac Uí Laoghaire.



"Ní bheidh críoch cheart air mar sgéal," ar Tadhg,
"go gcrochfar Séamus agus an t-iasgaire ar an gcrann
úd. Sin deireadh le hairgead is le héitheach, mar
dubhairt an fhear nuair a chaill sé a chúis insa chúirt."
Do lean Tadhg ag crónán -



"Sgéal guirt ó iasgaire
Sgéal ó bhord luinge
Ná raibh riamh níos sia thuaidh
Ná árd thuaidh na Boinne."



Tadhg Mac Suibhne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services