Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mion Chaint Búird

Title
Mion Chaint Búird
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mion Chaint Búird



1. Raibh codladh maith agat aréir?



2. Bhí, go raibh maith agat, acht i dtosach na h-oidhche
bhí tinneas fiacal orm.



1. Mo thruagh thú! Is 'mó (= iomdha) oidhche a chaith
mise gan chodladh gan suan le m'fhiaclaibh. An fearr
leat té nó caifi?



2. Is cuma liom cé 'ca, acht ní réidhtigheann té
láidir liom, agus ní maith liom an iomad siúcra ann.



1. Tá tú mar mé féin. Tá an-dúil agam i leamh-
nacht, acht is fearr liom uachtar i m' chuid té.



2. Is an-mhilis an té é seo? Cá bhfaghann tú é?



1. I nDoire ó Mhuinntir Mhaoláin, Gealbháin agus
Cloiginn. Ní thugaim acht trí réalacha an púnt,
agus taithneann sé go maith linn.



2. Nidh nach iongnadh. Cé an sórt uisge atá 'sa
bhaile seo?



1. Fíor-uisge, thagann as tobar i dtaoibh an chnuic
sin thuas. Cia 'chaoi bhfuil na prátaí nua i d' thír-se?



2. Tá siad an-fhliuch fós, agus ní fiú iad a bhaint, tá
siad chomh beag sin.



1. Támaoid-ne a' tabhairt dhá theisdiún a' chloch ar
chríochnaibh go mb'fhéidir leat feádaigheal a dhéanamh
agus dosaon aca i d'bheul.



2. Cá gceannuigheann sibh bhur gcuid ime?



1. Cuireann m'athair chugainn busga beag ime gach
seachtmhain. Bíonn sé úr, milis. Tá im úr ró-daor
sa chathair seo. Caidé do dhóchas as an lá?



2. Ní fheadar. Bhí an mhaidean an-bhreágh acht tá
sgamail a teacht anois agus do dhruid an ghaoth ó dheas,
agus ní'l aon ionntaoibh agam as gaoith i ndeas, is ro-
annamh bhíonn sí tirim.



1. Tá faitchíos orm go bhfuil mórán cainnte againn
agus beagán cogaint. Ith greim beag eile aráin. Tá
turas fada fuar romhat.



2. Go raibh maith agat, táim a' déanamh go h-an-mhaith.
Ní'l mé'nán an méid sin té d'ól.



1. Éist, ní'l ólta 'gat acht aon chupán bheag amháin -
oiread agus ólfadh páisde.



2. Go deimhin tá dearmad ort, 'sé seo an dara
cupa, agus aig baile ní leigeann mo bhean dom d'ól
acht amháin cupa agus ní bhfaighim aon t-siúcre uaithi.



1. Ní bheir go deo gan do chuid magaidh. D'réir do
sgéil féin tá an saoghal go cruaidh ort, acht bíonn dhá
innsint air sguel agus dá m-beadh do bhean láithreach
bheadh malairt sgéil aici-se.



2. Leig dom fhéin anois agus t'r'om (tabhair dhom)
blúire beag ime, ní maith liom arán tur tirim. D'imthigh
mo ghoile ó phósas, acht foraor, ní'l neart air anois.
Is mithid dom bheith ar siubhal, beidh Nóra a feitheamh
orm agus faobhar uirthi.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services